Eolas faoi CESE

‘Beidh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta (...) a fheidhmeoidh feidhmeanna comhairliúcháin de chúnamh ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún.’

1957, Airteagal 13 den Chonradh ar an Aontas Eorpach

329 gComhalta

ag a bhfuil téarma oifige 5 bliana



  •  
     


  •  
     


  •  
     


  •  
     


  •  
     


  •  
     


  •  
     


  •  
     


  •  
     


  •  
     


  •  
     


  •  
     


  •  
     


  •  
     


  •  
     


  •  
     


  •  
     


  •  
     


  •  
     


  •  
     


  •  
     


  •  
     


  •  
     


  •  
     


  •  
     


  •  
     


  •  
     

Cé hiad na comhaltaí?

Fostóirí, ceardchumannaithe agus ionadaithe eagraíochtaí sóisialta, gairmeacha, eacnamaíocha agus cultúrtha. Is í an Chomhairle a cheapann na comhaltaí le haghaidh téarma in athnuaite cúig bliana ar thogra ó na Ballstáit.

3 Ghrúpa

  • Fostóirí Grúpa 1
  • Oibrithe Grúpa 2
  • Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta Grúpa 3
Uachtarán 2 Leas Uachtarán Téarma oifige: dhá bhliain go leith

An obair a dhéanaimid: tuairimí

An Coimisiún Eorpach, An Pharlaimint nó an Chomhairle > TUAIRIMÍ ARNA nIARRAIDH
CESE > TUAIRIMÍ FÉINTIONSCNAIMH
Biúró > ÚDARÚ
Rapóirtéir agus grúpa staidéir Comhaltaí arna gceapadh ag na grúpaí
Rapóirtéir > DRÉACHT‑TUAIRIM (le cúnamh ón ngrúpa staidéir)
Rannóga> PLÉ > COMHDHEARCADH
  • Fostóirí Grúpa 1
  • Oibrithe Grúpa 2
  • Eagraíochtaí na
    Sochaí Sibhialta
    Grúpa 3
SEISIÚN IOMLÁNACH > VÓTÁIL AR THUAIRIMÍ
Seoltar an TUAIRIM ARNA GLACADH chuig institiúidí an Aontais agus poiblítear í de réir mar is iomchuí

Comhlachtaí oibre

  • ECO
  • INT DSMO
  • TEN
  • SOC LMO
  • NAT SDO
  • REX
  • CCMI
  • ESG
  • LG
  • FFRL

6 Rannóg

ECO
Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta
INT
Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas
TEN
Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise
SOC
Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht
NAT
Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol
REX
Caidreamh Seachtrach

1 Choimisiún

CCMI
An Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha

3 Fhaireachlann

DSMO
Faireachlann um an Aistriú Digiteach agus an Margadh Aonair
SDO
An Fhaireachlann um Fhorbairt Inbhuanaithe
LMO
An Fhaireachlann um Margadh an tSaothair

3 chomhlacht eile

ESG
An Grúpa ad hoc um an Seimeastar Eorpach
LG
An Grúpa Idirchaidrimh
FRRL
An Grúpa ad hoc um Chearta Bunúsacha agus an Smacht Reachta

Ráiteas misin CESE

Agus é tiomanta do lánpháirtiú na hEorpa, déanann CESE a chion féin chun cur le dlisteanacht dhaonlathach agus éifeachtacht an Aontais Eorpaigh trí dheis a thabhairt d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta sna Ballstáit a mbarúlacha a chur in iúl ar leibhéal an Aontais.

Tá trí phríomh‑mhisean ag an gCoiste:

  • cuidiú le beartais agus reachtaíocht na hEorpa a chur in oiriúint do na dálaí eacnamaíocha, sóisialta agus sibhialta ar an láthair trí chúnamh a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún Eorpach agus trí leas a bhaint as taithí agus ionadaíochas chomhaltaí CESE, as an idirphlé agus as iarrachtaí chun comhdhearcadh a ráthú ar mhaithe leis an leas ginearálta;
  • tacú le hAontas Eorpach níos rannpháirtí a chothú, ar Aontas é atá níos eolaí ar bharúlacha an phobail, trí ghníomhú mar fhóram institiúideach a dhéanann ionadaíocht ar an tsochaí shibhialta eagraithe, a chuireann eolas ar fáil di, a chuireann a barúlacha in iúl agus a chinntíonn idirphlé léi;
  • na luachanna ar a bhfuil lánpháirtiú na hEorpa bunaithe, cúis an daonlathais agus an daonlathais rannpháirtigh agus ról eagraíochtaí na sochaí sibhialta a chur chun cinn san Eoraip agus ar fud an domhain.

Obair CESE

Is comhlacht comhairleach é CESE a thugann deis fhoirmiúil d’ionadaithe ó ghrúpaí sainleasa sochghairmiúla san Eoraip agus do ghrúpaí eile a ndearcthaí ar shaincheisteanna AE a chur in iúl. Cuirtear tuairimí ón gCoiste faoi bhráid na Comhairle, an Choimisiúin Eorpaigh agus Pharlaimint na hEorpa. Dá bhrí sin, tá ról lárnach aige i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais Eorpaigh.

Uachtaránacht

Bunús an Choiste

Bunaíodh CESE le Conarthaí na Róimhe in 1957 chun go mbeadh grúpaí leasmhara eacnamaíocha agus sóisialta páirteach i mbunú an chómhargaidh agus chun struchtúr institiúideach a chur ar fáil trínar féidir an Coimisiún Eorpach agus Comhairle na nAirí a chur ar an eolas faoi shaincheisteanna sa Chomhphobal Eorpach.

A bhuí leis an Ionstraim Eorpach Aonair (1986), le Conradh Maastricht (1992), le Conradh Amstardam (1997) agus le Conradh Nice (2000) cuireadh le ról CESE.

Comhaltas

Tá 329 gcomhalta in CESE a thagann ó ghrúpaí leasmhara eacnamaíocha agus sóisialta san Eoraip.

Is iad na rialtais náisiúnta a ainmníonn na comhaltaí agus is í Comhairle an Aontais Eorpaigh a cheapann iad le haghaidh téarma in‑athnuaite cúig bliana. Rinneadh an t‑athnuachan is déanaí i mí Dheireadh Fómhair 2020 don téarma oifige 2020‑2025.

Baineann siad le ceann amháin de na trí ghrúpa:

Seo a leanas líon na gcomhaltaí in aghaidh an Bhallstáit:

  • An Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil: 24 chomhalta
  • An Pholainn, an Spáinn: 21 chomhalta
  • An Rómáin 15 chomhalta
  • An Bheilg, an Bhulgáir, an Ghréig, an Ísiltír, an Ostair, an Phortaingéil, Poblacht na Seice, an tSualainn agus an Ungáir: 12 chomhalta
  • An Chróit, an Danmhairg, Éire, an Fhionlainn, an Liotuáin agus an tSlóvaic: 9 gcomhalta
  • An Laitvia, an tSlóivéin, an Eastóin: 7 gcomhalta
  • An Chipir, Lucsamburg: 6 chomhalta
  • Málta: 5 chomhalta

Sainordú na gcomhaltaí

Is é cúram na gcomhaltaí tuairimí ar ábhair a bhaineann le leas na hEorpa a chur faoi bhráid na Comhairle, an Choimisiúin agus Pharlaimint na hEorpa.

Ról comhairleach an Choiste

I gcásanna áirithe tá sé de cheangal ar an gCoimisiún nó ar an gComhairle dul i gcomhairle le CESE, i gcásanna eile tá an comhairliúchán sin roghnach. Féadfaidh CESE tuairimí a ghlacadh ar a thionscnamh féin, áfach. Leis an Ionstraim Eorpach Aonair (17.2.1986) agus le Conradh Maastricht (7.2.1992), cuireadh leis an raon ábhar nach mór a chur faoi bhráid an Choiste. Le Conradh Amstardam, leathnaíodh a thuilleadh na hábhair nach mór a tharchur chuig an gCoiste agus ceadaíodh go rachadh an Pharlaimint i gcomhairle leis. Ar an meán, eisíonn CESE 170 doiciméad chomhairleacha agus tuairim in aghaidh na bliana (is tuairimí féintionscnaimh iad 15 % díobh sin). Cuirtear gach tuairim ar aghaidh chuig comhlachtaí cinnteoireachta an Aontais Eorpaigh agus foilsítear iad in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ina dhiaidh sin.

Ról faisnéiseach agus comhtháiteach an Choiste

Le blianta beaga anuas, tá CESE tar éis cur lena ról san Aontas Eorpach, ag dul níos faide ná an ról bunúsach a shanntar dó sna Conarthaí. Feidhmíonn sé mar fhóram don mhargadh aonair agus, le tacaíocht ó chomhlachtaí eile an Aontais, d’óstáil sé sraith imeachtaí atá dírithe ar an Aontas a thabhairt níos gaire do na saoránaigh.

Eagraíocht

1. An Uachtaránacht agus an Biúró

Gach dhá bhliain go leith toghann CESE Biúró ar a bhfuil Uachtarán amháin agus dhá Leas‑Uachtarán a roghnaítear as gach ceann de na trí ghrúpa ar bhonn rothlach.

Tá an tUachtarán freagrach as stiúradh réidh ghnó an Choiste. Faigheann sé cúnamh ón dá Leas-Uachtarán, duine amháin atá freagrach as an gcumarsáid agus duine eile atá freagrach as an mbuiséad.

Déanann an tUachtarán ionadaíocht do CESE i gcaidreamh le comhlachtaí seachtracha.

a

Tagann faisnéisiú comhpháirteach (caidreamh le Stáit CSTE, tíortha na hEorpa Láir agus Thoir (CEECanna), Aontas na Magraibe Arabaí (AMU), tíortha san Afraic, sa Mhuir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC), Meiriceá Laidineach agus tríú tíortha eile, agus Eoraip na saoránach) faoi shainchúram Bhiúró CESE agus an Uachtaráin.

Is é príomhchúram an Bhiúró obair chomhlachtaí CESE a eagrú agus a chomhordú agus treoirlínte beartais a leagan síos le haghaidh na hoibre sin.

2. Rannóga

Tá sé rannóg sa Choiste:

  • Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta (ECO)
  • An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas (INT)
  • Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise (TEN)
  • Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht (SOC)
  • Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol (NAT)
  • Caidreamh Seachtrach (REX)

Tháinig ann don Choiste Comhairleach um Athrú Tionsclaíoch (CCMI) in CESE nuair a chuaigh Conradh CEGC in éag i mí Iúil 2002.

3. Grúpaí staidéir

Is iad na grúpaí staidéir a dhréachtaíonn na tuairimí ó na rannóga. Is iondúil go mbíonn 12 chomhalta sna grúpaí sin, rapóirtéir san áireamh. Féadfaidh comhaltaí grúpa staidéir cúnamh a fháil ó chomhairleoirí.

4. Fochoistí

Tá sé de cheart ag CESE fochoistí sealadacha a bhunú maidir le hábhair shonracha. Oibríonn na fochoistí sin ar an dóigh chéanna leis na rannóga.

5. Seisiún iomlánach

De ghnáth, tagann an Coiste iomlán i gceann a chéile i seisiúin iomlánacha naoi n‑uaire sa bhliain. Sna seisiúin iomlánacha sin glactar tuairimí trí thromlach simplí ar bhonn na dtuairimí ó na rannóga. Cuirtear ar aghaidh chuig na hinstitiúidí iad agus foilsítear iad in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

6. An Ardrúnaíocht

Faigheann an Coiste tacaíocht ó Ardrúnaíocht, a bhfuil Ardrúnaí i gceannas uirthi a thuairiscíonn don Uachtarán a dhéanann ionadaíocht thar ceann an Bhiúró.

Tá thart ar 700 duine ag obair in CESE. Ón 1 Eanáir 1995 i leith, tá seirbhísí áirithe á roinnt ag CESE agus ag Coiste Eorpach na Réigiún, amhail seirbhísí lóistíochta, teicneolaíochta faisnéise agus aistriúcháin.

 

Downloads

Discover what the EESC can do for you - 2023 Edition
2022 – A Year in Review
The PowerPoint presentation of the Committee 2021
The EESC in the interinstitutional framework
EESC meetings calendar 2023
Annual activity report 2022
Annual activity report 2021
Annual activity report 2020
Annual activity report 2019
Annual Activity Report 2018
Annual Activity Report 2017