Dearcthaí na rannóg

Tá rabhadh á thabhairt ag Rannóg ECO nach mbeidh an tionchar céanna le sonrú sna Ballstáit go léir agus tá sí ag iarraidh, dá bhrí sin, go mbeadh dlúthpRead more

Tá rabhadh á thabhairt ag Rannóg ECO nach mbeidh an tionchar céanna le sonrú sna Ballstáit go léir agus tá sí ag iarraidh, dá bhrí sin, go mbeadh dlúthpháirtíocht agus freagairt choiteann Eorpach ann le go bhféadfar an cruatan eacnamaíoch agus sóisialta a mhaolú agus cothroime a áirithiú do shaoránaigh agus do chuideachtaí na hEorpa.
Cé gur deacair iarmhairtí an chogaidh san Úcráin agus na smachtbhannaí a tugadh isteach mar fhreagairt ar ionsaí na Rúise a mheas, ní dhéanfaidh na hathruithe sin aon difear do chóras eacnamaíoch agus airgeadais na hEorpa. Ina theannta sin, ós rud é go mbeidh éifeachtaí éagsúla acu ar Bhallstáit éagsúla, beidh sé ríthábhachtach dlúthpháirtíocht a bheith ann mar aon le freagairt choiteann Eorpach chun an cruatan eacnamaíoch agus sóisialta a mhaolú. An tosaíocht is airde ba cheart a bheith i mbeartas eacnamaíoch an Aontais sna blianta amach romhainn ná an fás, an fhostaíocht, an comhtháthú agus an cóineasú leanúnach a chur chun cinn arís sa gheilleagar Eorpach, agus an rathúnas agus an chothroime a thabhairt do shaoránaigh agus do chuideachtaí na hEorpa.

Read less

Dar le Rannóg INT léiríonn géarchéim na hÚcráine an gá bacainní áirithe a bhaint agus an margadh inmheánach agus feidhmiú an mhargaidh sin a neartú. Ní mór dúinn dlús a cRead more

Dar le Rannóg INT léiríonn géarchéim na hÚcráine an gá bacainní áirithe a bhaint agus an margadh inmheánach agus feidhmiú an mhargaidh sin a neartú. Ní mór dúinn dlús a chur le neamhspleáchas straitéiseach a fhorbairt don Eoraip. Ní mór don Eoraip a haontacht agus a diongbháilteacht a dheimhniú agus a bheith ina cumhacht níos ceannasaí agus níos neamhspleáiche i dtéarmaí eacnamaíocha agus fuinnimh. Sa chomhthéacs sin, ní mór dúinn margaí nua soláthair a lorg le bheith neamhspleách ar an Rúis, an tSín agus na Stáit Aontaithe. Ní mór dúinn freisin na foinsí fuinnimh a úsáideann na Ballstáit a éagsúlú.

Tá sé á áitiú ag Rannóg INT gur gá dúinn caillteanais arna dtabhú ag fiontair Eorpacha a bhfuil tionchar ag na smachtbhannaí orthu a fhritháireamh. Ní mór dúinn ár bhfiontair a chosaint: tá formhór na bhfiontar leochaileach mar thoradh ar an bpaindéim, agus tá laghdú ar a láimhdeachas, tá deacrachtaí airgid acu agus méadú ar fhiacha. Tá fadhbanna soláthair acu anois de thoradh an chogaidh agus na smachtbhannaí.

Ní mór dúinn freisin poist a chosaint agus lánpháirtiú dídeanaithe i margadh an tsaothair a éascú. I ndáil leis sin, tá acmhainn iontach sa gheilleagar sóisialta agus is féidir leis cuidiú le lánpháirtiú na ndídeanaithe ós rud é go bhfuil sé léirithe go mbíonn an-teacht aniar sa tsamhail eacnamaíoch sin in aimsir ghéarchéime. Tuigtear freisin go gcabhraíonn an geilleagar sóisialta le poist ar ardchaighdeán a chruthú agus gan aon duine a fhágáil ar lár leo mar chuspóir.

Read less

Tá sé á áitiú ag Rannóg TEN go dtabharfaí faoi gach gníomhaíocht taidhleoireachta agus dhaonnúil lenar féidir tacaíocht a thabhairt do mhuintir na hÚcráine chun rochtain a chinntRead more

Tá sé á áitiú ag Rannóg TEN go dtabharfaí faoi gach gníomhaíocht taidhleoireachta agus dhaonnúil lenar féidir tacaíocht a thabhairt do mhuintir na hÚcráine chun rochtain a chinntiú ar sheirbhísí bunriachtanacha, lena n áirítear uisce agus leictreachas. Tá sí imníoch faoin tsábháilteacht núicléach, tá aird á tarraingt aici ar an éigeandáil atá ann i gcodanna móra den earnáil iompair agus tá sí ag iarraidh go mbeadh plean inoibrithe ann chun na foinsí fuinnimh a éagsúlú agus slándáil agus inbhuanaitheacht an tsoláthair fuinnimh san Aontas a áirithiú.

An 10 Márta 2022, thionóil Rannóg TEN díospóireacht maidir leis an gcogadh san Úcráin agus na himpleachtaí a bheadh aige sin d’obair Rannóg TEN. Ghlac beirt chainteoirí páirt sa díospóireacht:

•    Rinne an Dr Zsolt Hetesi, Comhalta Sinsearach Taighde, Ollscoil Riaracháin Phoiblí na hUngáire agus saineolaí ar shaincheisteanna fuinnimh, cur i láthair ar impleachtaí chogadh na hÚcráine i réimse na slándála fuinnimh agus praghsanna fuinnimh.
•    Tá an staid thubaisteach sa tír feicthe ag Serhii Prokopenko, Speisialtóir sa Nuálaíocht agus san Fhiontraíocht san Úcráin, comhairleoir, taighdeoir eacnamaíochta de bhunadh Kharkhiv, agus thug sé fianaise ar na hionsaithe a rinneadh ar an gcathair.

Cuireadh na príomhghnéithe seo a leanas chun suntais sa díospóireacht:

Tá sé á áitiú ag Rannóg TEN go dtabharfaí faoi gach gníomhaíocht taidhleoireachta agus dhaonnúil lenar féidir tacaíocht a sholáthar do mhuintir na hÚcráine chun rochtain a chinntiú ar sheirbhísí bunriachtanacha, lena n-áirítear go háirithe uisce agus leictreachas. Ní mór tacaíocht chuí a thabhairt do dhídeanaithe atá ag teitheadh chun na hEorpa agus ní mór gach beart is gá a dhéanamh d’fhonn tithíocht agus bonneagar leordhóthanach a chur ar fáil do dhídeanaithe sna tíortha óstacha.

Tá forghabháil na stáisiún cumhachta núicléiche ina hábhar mór imní i dtaobh na sábháilteachta núicléiche don phobal áitiúil agus don Eoraip ina hiomláine. Tá Rannóg TEN ag iarraidh go mbeadh comhar iomlán ann leis na gníomhaithe bainteacha uile agus leis an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach chun faireachán a dhéanamh ar chúrsaí agus chun teacht roimh aon sceitheadh radaighníomhaíochta.

Tá tionchar ag an gcás san Úcráin ar an ngéarchéim fuinnimh, rud a bhí ina hábhar imní fiú sular ionsaíodh an Úcráin. Chun tionchair dhiúltacha na géarchéime seo ar gheilleagair na mBallstát a shárú, is gá bearta nithiúla a dhéanamh chun dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an neamhspleáchas straitéiseach le go bhféadfar an spleáchas fuinnimh a laghdú. Tá Rannóg TEN ag iarraidh, dá bhrí sin, go mbeadh plean inmharthana ann chun na foinsí fuinnimh atá i meascán fuinnimh na mBallstát a éagsúlú.

Ní féidir slándáil agus inbhuanaitheacht an tsoláthair fuinnimh a bhaint amach go hiomlán san fhadtéarma mura gcuirfear borradh faoin úsáid a bhaintear as foinsí fuinnimh ísealcharbóin nó saor ó charbón. Chun todhchaí athléimneach agus inbhuanaithe chóras fuinnimh an Aontais a chinntiú, tá sé á mholadh ag Rannóg TEN dlús a chur le hinfheistíochtaí taighde chun teicneolaíochtaí glana nua a fhorbairt.

Is cúis imní do Rannóg TEN an staid éigeandála ina bhfuil codanna móra den earnáil iompair i ngeall ar an gcostas ard ar bhreosla agus leictreachas, rud a bhí ann fiú sular thosaigh an cogadh san Úcráin agus a bhfuil leibhéil nach bhfacthas riamh roimhe seo bainte amach aige ó thús an chogaidh, rud a d’fhág go raibh baol féimheachta ann do roinnt mhaith cuideachtaí.

 

Tá sé á áitiú ar an gCoimisiún ag Rannóg TEN, dá bhrí sin, aird chuí a thabhairt ar ghéarchéim na hearnála iompair agus an Creat um Ghéarchéim Shealadach a luaitear sa teachtaireacht REPower EU: Gníomhaíocht Chomhpháirteach Eorpach le haghaidh fuinneamh atá níos inacmhainne, níos sláine agus níos inbhuanaithe á cheapadh aige.

Read less

Tá gealltanas á thabhairt ag Rannóg SOC lántacaíocht fhadtéarmach a thabhairt do na dídeanaithe ón Úcráin agus tá sé á chur in iúl aici gur mór aici an dlúthpháirtíocht atá léirithe ag eagraíochtaíRead more

Tá gealltanas á thabhairt ag Rannóg SOC lántacaíocht fhadtéarmach a thabhairt do na dídeanaithe ón Úcráin agus tá sé á chur in iúl aici gur mór aici an dlúthpháirtíocht atá léirithe ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na gníomhaíochtaí gan staonadh atá á ndéanamh acu ó thosaigh ionsaí na Rúise.

Tá sé á áitiú aici go gcaithfidh gach dídeanaí atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin, beag beann ar a náisiúntacht, cosaint agus rochtain a fháil ar bhonneagar leordhóthanach agus nach mór aghaidh a thabhairt go leormhaith ar riachtanais grúpaí leochaileacha, go háirithe mná, leanaí, daoine scothaosta agus daoine faoi mhíchumas. Ina lán tíortha, tá an tsochaí shibhialta tar éis teacht le chéile thar oíche agus iad ag comhoibriú leis na húdaráis chun cúnamh a thabhairt d’Úcránaigh a theith ón gcogadh.

Ní mór don Aontas tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do thíortha comharsanacha na hÚcráine chun cabhrú leo déileáil le sreabhadh mór dídeanaithe, rud nach bhfacthas a leithéid cheana, agus don tsochaí shibhialta lena áirithiú go mbeidh ról ríthábhachtach aici mar sholáthraí de chabhair dhaonnúil agus de bhearta lánpháirtíochta.

Read less

Rannóg NAT agus an cogadh san Úcráin agus an gá atá le cúnamh daonnúil, eacnamaíoch, teicniúil agus comhshaoil a chur ar fáil.

Read more

Rannóg NAT agus an cogadh san Úcráin agus an gá atá le cúnamh daonnúil, eacnamaíoch, teicniúil agus comhshaoil a chur ar fáil.

Cúnamh (eacnamaíoch, teicniúil, daonnúil, fuinnimh, slándála, etc.) don Úcráin

  • Ní mór do rialtais gach ní atá ar a gcumas a dhéanamh chun soláthar bia agus sábháilteacht bia a áirithiú do phobal na hÚcráine, trí bhia agus uisce glan a chur ar fáil i limistéir chogaidh agus trí dhlús a chur leis an gcosaint shóisialta chun daoine leochaileacha a chosaint ar phraghsanna bia atá ag ardú.
  • Is díol sásaimh do CESE gur ghníomhachtaigh an tAontas an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta cheana féin agus gur chruthaigh sé moil lóistíochta sna tíortha comharsanacha chun cúnamh a thabhairt don Úcráin.
  • Tá eagraíochtaí na sochaí sibhialta, lena n áirítear comhlachais feirmeoirí, ag teacht le chéile freisin ar fud na hEorpa chun bia a dheonú do mhuintir na hÚcráine. Tá ról tábhachtach ag bainc bhia sa chomhthéacs sin.

Na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag an gcogadh don Aontas agus ag bearta an Aontais sna réimsí sin

  • Thar aon ní eile, clár oibre síochána agus slándála is ea Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe maidir leis an bhforbairt inbhuanaithe. Trí aghaidh a thabhairt ar thionchar an chogaidh, níor cheart dochar a dhéanamh don ghníomhú ar son na haeráide ná don inbhuanaitheacht. Ní mór dúinn dul chun cinn a dhéanamh i dtreo chur chun feidhme an Chláir Oibre sin trí Chomhaontú Glas uaillmhianach don Eoraip, go háirithe tar éis rabhadh a bheith tugtha sa tuarascáil ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) maidir le hiarmhairtí uafásacha na héigeandála aeráide. Ní féidir na bearta is gá a dhéanamh le go mbeimid inbhuanaithe agus aeráidneodrach a chur ar athlá; ní fhéadfar ach maolú eisceachtúil a dheonú ar feadh tréimhse theoranta.
  • Tá an tAontas ag brath go mór ar an dá thír atá i mbun cogaidh i gcás allmhairiú gránach agus leasachán agus onnmhairíonn an tAontas lear mór éineola agus muiceola chuig an Úcráin, agus tá an Rúis fós ar an séú comhpháirtí trádála is mó atá ag an Aontas. Is cinnte, dá bhrí sin, go mbeidh iarmhairtí tromchúiseacha ag an gcoinbhleacht d’earnáil agraibhia an Aontais. Ní thiocfaidh feabhas ar an gcás atá ina ábhar imní ag feirmeoirí le roinnt míonna anuas, is é sin an méadú ollmhór ar phraghsanna leasachán, fuinnimh agus beatha ainmhithe, agus beidh gá le tacaíocht bhreise.
  • Ainneoin nach ábhar imní don Aontas í slándáil an tsoláthair bia faoi láthair, tá CESE den tuairim nach mór don Aontas Eorpach, i bhfianaise an sciar mór d’allmhairí gránach, beatha ainmhithe agus leasachán ón Úcráin agus ón Rúis, a thiomantas a neartú maidir le córais bhia inbhuanaithe a chur chun feidhme agus praghas réasúnta ar bhia a ráthú do chách freisin.
  • Ba cheart leas a bhaint as an ngéarchéim chun laghdú a dhéanamh ar spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise, amhábhair agus leasachán, sócmhainní straitéiseacha bia an Aontais a chosaint agus soláthar bia atá cóir, sláintiúil, inbhuanaithe agus athléimneach a chinntiú. Is de thoradh teipeanna beartais agus easpa gnímh le blianta beaga anuas an spleáchas sin. Ní mór don Aontas oibriú anois i dtreo neamhspleáchas straitéiseach oscailte chórais bhia an Aontais agus dlús a chur leis an aistriú go fuinneamh inathnuaite agus le feabhsú na héifeachtúlachta fuinnimh.
  • Tá CESE den tuairim gur cúis mhór imní do phobal na hÚcráine agus don Aontas an tionchar ar an gcomhshaol de thoradh na coinbhleachta (buamálacha, go háirithe i gcomhthéacs sceitheanna ola/gáis, monarchana ceimiceán nó gléasraí núicléacha). Ní mór don Aontas cabhrú chun srian a chur leis an damáiste don chomhshaol de dheasca an chogaidh agus an comhshaol a athbhunú. Ní mór dó freisin pionós a fhorchur i leith coireanna comhshaoil toisc impleachtaí fadtéarmacha a bheith i gceist leo, ar ndóigh.

 

 

Read less

Thiomnaigh Rannóg REX an seisiún a bhí aici san iarnóin an 9 Márta do dhíospóireacht maidir leis an Úcráin agus ghlac triúr ionadaithe Úcránacha ó Ardán Sochaí Sibhialta AE-na hÚcráine páirt sa díoRead more

Thiomnaigh Rannóg REX an seisiún a bhí aici san iarnóin an 9 Márta do dhíospóireacht maidir leis an Úcráin agus ghlac triúr ionadaithe Úcránacha ó Ardán Sochaí Sibhialta AE-na hÚcráine páirt sa díospóireacht:

  1. Alexander Shubin, Cónaidhm Cheardchumainn na hÚcráine
  2. Olena Pavlenko, Grúpa DiXi, sínitheoir de Dhearbhú Chív
  3. Vasyl Andreyev, Ceardchumann Oibrithe an Tionscail Tógála agus Ábhair Tógála san Úcráin

Rinne na hionadaithe sin ceithre phríomhachainí:

  1. Tacaíocht agus cúnamh leanúnach d’Úcránaigh laistigh agus lasmuigh den Úcráin
  2. Tacaíocht do phróiseas aontachais na hÚcráine leis an Aontas Eorpach
  3. Limistéar faoi chosc eitilte os cionn na hÚcráine
  4. Laghdú suntasach ar spleáchas fuinnimh an Aontais ar réimeas forlámhach na Rúise

Le linn na díospóireachta, tháinig comhaltaí Rannóg REX ar chomhaontú maidir leis an tábhacht a bhaineann le gníomhaíochtaí sonracha sna réimsí seo a leanas:

1) Tacaíocht agus dlúthpháirtíocht leis an Úcráin agus le muintir na hÚcráine

  • Cabhair dhaonnúil a eagrú trí eagraíochtaí na gcomhaltaí i gcomhréir leis na riachtanais is práinní atá ag muintir na hÚcráine
  • Comhar leanúnach le sochaí shibhialta na hÚcráine trí bhealaí seanbhunaithe amhail Ardán Sochaí Sibhialta AE-na hÚcráine agus trí theagmhálacha déthaobhacha chun freastal níos fearr ar riachtanais reatha shochaí na hÚcráine

2) Smachtbhannaí agus leithlisiú na Rúise

  • An comhar le Comhlachas Sibhialta Chónaidhm na Rúise a chur ar fionraí
  • Tacú le ballraíocht eagraíochtaí sochaí sibhialta na Rúise a bhfuil nasc acu leis an réimeas i líonraí idirnáisiúnta a chur ar fionraí
  • Togra a ullmhú le haghaidh tionscnamh domhanda maidir leis an mbréagaisnéis, togra a chuirfí i bhfeidhm chun cur i gcoinne bholscaireacht na Creimile

3) Uathriail straitéiseach agus an chosaint

  • Féachaint an athuair ar an gComhaontú Glas agus na foinsí fuinnimh a éagsúlú laistigh de na Ballstáit
  • Tacú le straitéis choiteann agus éifeachtach a chur chun feidhme maidir leis an gcosaint
  • An chomhghuaillíocht thrasatlantach a neartú
Read less

CCMI agus iarmhairtí ionradh na Rúise ar an Úcráin do roinnt tionscail straitéiseacha lena n áirítear an chosaint agus táirgeadh micrishliseanna.
Beidh tionchar an mhór ar a lán earnálacha tRead more

CCMI agus iarmhairtí ionradh na Rúise ar an Úcráin do roinnt tionscail straitéiseacha lena n áirítear an chosaint agus táirgeadh micrishliseanna.
Beidh tionchar an mhór ar a lán earnálacha tionsclaíochta ag ionradh na Rúise agus ag na smachtbhannaí atá á bhforchur ar an Rúis agus ar an mBealarúis. Tá tábhacht shuntasach leis an Rúis agus an Úcráin i dtaca le hallmhairí chuig an Aontas, ní hamháin fuinneamh ach miotail freisin, amhail nicil, copar agus iarann agus amhábhair bhunriachtanacha amhail neon, pallaidiam, tíotáiniam agus platanam. Tá ríthábhacht leis na hallmhairí sin do roinnt tionscail straitéiseacha, lena n-áirítear an chosaint agus táirgeadh micrishliseanna.
Creideann CCMI gur cheart don Aontas leanúint de bheith ag obair ar an dá chuspóir, mar atá, aistriú glas agus aistriú digiteach éiceachórais thionsclaíocha an Aontais. Cabhróidh sin chun spleáchas an Aontais ar allmhairí fuinnimh agus amhábhar, chomh maith le leochaileachtaí sa spás digiteach, a laghdú. Chomh maith leis sin, creideann CCMI gur cheart don Aontas dlús a chur lena iarrachtaí maidir le huathriail straitéiseach oscailte a bhaint amach. Cabhróidh sé sin leis an Aontas a bheith níos láidre ó thaobh an gheilleagair agus na geopholaitíochta de.

Read less