Dearcadh na Cosmhuintire – S3 Podchraoladh 17 – An tsochaí shibhialta gualainn ar ghualainn i gcoinne ionsaithe na Rúise

Ón 24 Feabhra 2022 i leith, tá an Úcráin ag déileáil leis an ionradh a rinne an Rúis uirthi. Chomh maith leis an gcabhair mhíleata agus airgeadais a thagann ó gach cearn den domhan, tá sochaithe sibhialta na hEorpa agus na hÚcráine ag obair as lámha a chéile chun cabhrú le pobail atá i ngátar. Sa phodchraoladh seo de Dhearcadh na Cosmhuintire, thugamar cuireadh d’ionadaithe ó shochaithe sibhialta na hEorpa agus na hÚcráine a gcuid scéalta a insint dúinn.