Uachtaránacht CESE agus Cathaoirleach Rannóg REX

Tá ionsaí á dhéanamh gan údar i gcoinne na saoirse, i gcoinne an daonlathais, i gcoinne luachanna agus i gcoinne bhunsraith an Aontais Eorpaigh atá bunaithe ar chumhacht an dlí seachas ar dhlí na cRead more

Tá ionsaí á dhéanamh gan údar i gcoinne na saoirse, i gcoinne an daonlathais, i gcoinne luachanna agus i gcoinne bhunsraith an Aontais Eorpaigh atá bunaithe ar chumhacht an dlí seachas ar dhlí na cumhachta. Is tábhachtaí anois ná riamh an chúis lenar tógadh an tAontas Eorpach – is é sin an tsíocháin. Mar Eorpaigh, ní mór dúinn seasamh le chéile i ndlúthpháirtíocht le muintir na hÚcráine.
 

Read less

Nuair nach raibh fiú seachtain imithe thart ó cuireadh tús le hionradh na Rúise ar an Úcráin, ghlac an tAontas bearta nach bhféadfaí a shamhlú mí amháin ó shin. Leis an gcogadh san Úcráin, léiríteaRead more

Nuair nach raibh fiú seachtain imithe thart ó cuireadh tús le hionradh na Rúise ar an Úcráin, ghlac an tAontas bearta nach bhféadfaí a shamhlú mí amháin ó shin. Leis an gcogadh san Úcráin, léirítear daonnacht an Aontais agus a shaoránach. Tá tús áite á thabhairt acu don tsaoirse agus don tsíocháin ar a gcuid leasanna féin agus ar an trádáil. Tá múscailt na hEorpa le tabhairt faoi deara ar fud an speictrim beartais. Más mian leis an Eoraip leanúint de bheith ag maireachtáil faoi shíocháin, ní mór di beartas eachtrach agus comhbheartas cosanta láidir a fhorbairt.
Oscailt súl dúinn is ea an cogadh seo ar ár mor roinn. Tá méadú ag teacht ar an móiminteam sin i dtreo an tsíocháin agus an dlúthpháirtíocht a chosaint, rud a thugann lóchrann nua don Eoraip chun muintir na hEorpa agus daoine eile nach iad a shlógadh.
Chun leanúint de bheith ag cur leis an bhfís atá aici, bhí sé de dhíth ar an Eoraip a mian go mbeadh síocháin ann a athaimsiú.
In ionad deighilt a chruthú san Eoraip, is éard atá déanta ag Putin ná muid a thabhairt le chéile chun an fhís sin a bhaint amach. Ba chóir a chur i gcuimhne do Putin, mar a scríobh Tolstoj, agus an ceart aige, gurb iad ‘na ríthe sclábhaithe na staire’.

Read less

Is bagairt dhíreach don Aontas Eorpach é ionsaí na Rúise. Ní mór dúinn a bheith aontaithe agus seasamh gualainn ar ghualainn agus i ndlúthpháirtíocht iomlán le muintir na hÚcráine, leis na daoinRead more

Is bagairt dhíreach don Aontas Eorpach é ionsaí na Rúise. Ní mór dúinn a bheith aontaithe agus seasamh gualainn ar ghualainn agus i ndlúthpháirtíocht iomlán le muintir na hÚcráine, leis na daoine sin atá ar a dteitheadh mar dhídeanaithe na laethanta seo, agus le muintir na hÚcráine atá ag fanacht sa tír chun an cogadh a throid. Meabhraíonn na ceardchumainn gurb í fuil na n-oibrithe a bheathaíonn an meaisín cogaidh, agus éilíonn siad go dtarraingeofaí siar trúpaí na Rúise agus go dtabharfaí tacaíocht don tsochaí shibhialta san Úcráin agus sa Rúis araon.

Read less

Tá uair na cinniúna buailte linn agus ní mór dúinn an lámh a shíneadh chuig eagraíochtaí sochaí sibhialta na hÚcráine. Tá ár luachanna agus ár bprionsabail Eorpacha i mbaol agus ní mór dúinn labRead more

Tá uair na cinniúna buailte linn agus ní mór dúinn an lámh a shíneadh chuig eagraíochtaí sochaí sibhialta na hÚcráine. Tá ár luachanna agus ár bprionsabail Eorpacha i mbaol agus ní mór dúinn labhairt amach go hard i gcoinne na n ionsaithe agus i bhfabhar na luachanna lena seasann an Eoraip ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann. Tá a fhios againn ón stair gur furasta an tsíocháin a bhriseadh. Tá ár n aird ar fad agus ár dtiomantas ag teastáil chuige sin. Nuair a dhéantar an tsíocháin a mhilleadh, tá an cumas sa chine daonna an saol seo agus gach a bhfuil ann a scriosadh. Tá sé ríthábhachtach don Aontas Eorpach agus, go deimhin, don mhórtheaghlach Eorpach, a bheith aontaithe agus i ndlúthpháirtíocht lenár gcomharsana.

Read less

Déanfaidh CESE a dhícheall leanúint de thacaíocht a thabhairt do shochaí shibhialta na hÚcráine trí na bealaí seanbhunaithe atá againn, amhail Ardán na Sochaí Sibhialta idir an tAontas Eorpach aRead more

Déanfaidh CESE a dhícheall leanúint de thacaíocht a thabhairt do shochaí shibhialta na hÚcráine trí na bealaí seanbhunaithe atá againn, amhail Ardán na Sochaí Sibhialta idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin agus trínár dteagmhálacha déthaobhacha.

Read less