Cur i gcoinne na bréagaisnéise

This page is also available in

Is bagairt dháiríre don Eoraip é an méadú ar chleachtais bhréagaisnéise, méadú atá ar scála nach bhfacthas riamh cheana. Is bagairt don daonlathas an bhréagaisnéis.

Hanna Liubakova, iriseoir neamhspleách ón mBealarúis, ag áitiú orthu siúd a bhíonn i mbun na bréagaisnéise deireadh a chur leis an gcogadh faisnéise i gcoinne luachanna Eorpacha agus i gcoinne an daonlathais. Sheol sí a teachtaireacht chuig muintir na Bealarúise, na Rúise agus na hEorpa trí chéile: ‘Bímis aontaithe sa troid i gcoinne na comhcheilge agus na bolscaireachta contúirtí is cúis le foréigean agus bás.’