Rinne Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa a chlár oibre agus a sceideal cruinnithe a leasú i bhfianaise an chogaidh atá ag titim amach san Úcráin. Tá díospóireachtaí á dtionól ag Rannóga CESE le hionadaithe ón tsochaí shibhialta san Úcráin agus le saineolaithe sa réimse chun cásanna a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, chomh maith leis na hiarmhairtí eacnamaíocha, sóisialta,