Is fearr a bheifear ábalta obair chóir a áirithiú i ngeilleagar na n-ardán ach soiléireacht a bheith ann faoi stádas oibrithe

D’áitigh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ar an Aontas Eorpach agus ar na Ballstáit cur le chéile chun na téarmaí fostaíochta i ngeilleagar na n-ardán a shoiléiriú, toisc go bhféadfadh cur i bhfeidhm na reachtaíochta saothair agus go leor ceart cosanta saothair a bheith níos casta mura mbeidh sainmhínithe caighdeánaithe ar stádas oibrithe agus fostóirí araon ann.

Is iad na príomhchoincheapa is gá a shoiléiriú ná na cinn sin trína sainmhínítear ardáin mar “idirghabhálaithe soláthair agus éilimh” seachas mar “fostóirí”. Dá thoradh sin, meastar go mbíonn stádas “féinfhostaithe” ag oibrithe seachas stádas “fostaithe”, rud a bhaineann díobh an chosaint dhlíthiúil agus shóisialta a bhí acu faoin stádas eile, lena n-áirítear cinnteacht maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair nó cosaint fostaíochta. Is léire ná riamh de dheasca na paindéime reatha a thábhachtaí atá cosaint fostaíochta d’fhostaithe.

Is éard a mhol CESE mar shlat tomhais lena gcinnfí cibé acu stádas fostaithe nó stádas féinfhostaithe atá ag oibrithe ná gur cheart don Aontas Eorpach agus do na Ballstáit coincheap an spleáchais eacnamaíoch agus an fho-ordaithe a ghlacadh chucu féin. Dúirt sé, ina theannta sin, gur cheart don Aontas agus do na Ballstáit cuimhneamh go láidir déanamh de réir an phrionsabail go bhféachtar ar oibrí mar fhostaí mura mbeidh cruthúnas ar a mhalairt ann. Mar sin féin, ba cheart deis a bheith ag oibrithe atá féinfhostaithe i ndáiríre an stádas sin a choimeád más mian leo.

I measc na sochar a dhéanann geilleagar na n-ardán don tsochaí, d’aithin CESE na nithe seo a leanas: solúbthacht agus neamhspleáchas ó thaobh na hoibre de, ioncam breise d’oibrithe agus teacht níos éasca do dhaoine leochaileacha ar an bhfostaíocht, ach thug sé rabhadh uaidh san am céanna faoi na rioscaí a ghabhann leis, rioscaí nach ceart a mheas faoi bhun an chirt.

Cé is moite d’oibrithe a bhfuil an baol ann go ndiúltófar a gcearta bunúsacha dóibh, ina measc a gcearta chun iad féin a eagrú agus cómhargáil a dhéanamh, tá bagairtí eile ann don tsochaí ina hiomláine freisin, de dheasca an riosca mhéadaithe iomaíochta a bheadh ann dá mbainfí an bonn ó chaighdeáin shóisialta. Bíonn iarmhairtí díobhálacha aige sin freisin ar fhostóirí, a mbíonn brú iomaíochta orthu nach féidir a fhulaingt de shíor, agus ar na Ballstáit, a chailleann ioncam cánach agus ranníocaíochtaí slándála sóisialta dá dhroim.

Chuir CESE a argóintí in iúl sa tuairim maidir le hObair chóir i ngeilleagar na n-ardán, a glacadh ag an seisiún iomlánach a bhí aige i mí Mheán Fómhair agus a dréachtaíodh arna iarraidh sin d’Uachtaránacht na Gearmáine ar an Aontas Eorpach. Ba é Carlos Manuel Trindade, comhalta ón bPortaingéil, rapóirtéir na tuairime. (ll)