Skip to main content
Newsletter Info

EESC info

European Economic and Social Committee A bridge between Europe and organised civil society

OCTOBER 2020 | GA

GENERATE NEWSLETTER PDF

Available Languages:

  • BG
  • CS
  • DA
  • DE
  • EL
  • EN
  • ES
  • ET
  • FI
  • FR
  • GA
  • HR
  • HU
  • IT
  • LT
  • LV
  • MT
  • NL
  • PL
  • PT
  • RO
  • SK
  • SL
  • SV
Editorial

Eagarfhocal

A léitheoirí dile,

Tá tús á chur i mí Dheireadh Fómhair le ré nua do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE), agus níos mó ná 40% de chomhaltaí nua chugainn sa Choiste.
Tá na comhaltaí nua sin ceaptha anois agus cuirfear tús go luath le téarma oifige cúig bliana eile in CESE. Is ábhar inspioráide don Choiste i gcónaí teacht na gcomhaltaí nua chuige, gona saineolas uathúil agus gona ndíograis úr.

Agus tús á chur leis an téarma oifige polaitiúil nua seo tá dúshláin ollmhór le sárú ag an Eoraip agus ag an Aontas Eorpach nach bhfacthas a leithéid riamh cheana i dtaca le méid. Tá paindéim an choróinvíris fós ag déanamh eirligh ar fud na mór-roinne, agus is í faoi deara géarchéimeanna sláinte, sóisialta agus eacnamaíocha. Anuas air sin, tá an tAontas ag feidhmiú i dtimpeallacht gheopholaitiúil thar a bheith dúshlánach.

Read more in all languages

A léitheoirí dile,

Tá tús á chur i mí Dheireadh Fómhair le ré nua do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE), agus níos mó ná 40% de chomhaltaí nua chugainn sa Choiste.
Tá na comhaltaí nua sin ceaptha anois agus cuirfear tús go luath le téarma oifige cúig bliana eile in CESE. Is ábhar inspioráide don Choiste i gcónaí teacht na gcomhaltaí nua chuige, gona saineolas uathúil agus gona ndíograis úr.

Agus tús á chur leis an téarma oifige polaitiúil nua seo tá dúshláin ollmhór le sárú ag an Eoraip agus ag an Aontas Eorpach nach bhfacthas a leithéid riamh cheana i dtaca le méid. Tá paindéim an choróinvíris fós ag déanamh eirligh ar fud na mór-roinne, agus is í faoi deara géarchéimeanna sláinte, sóisialta agus eacnamaíocha. Anuas air sin, tá an tAontas ag feidhmiú i dtimpeallacht gheopholaitiúil thar a bheith dúshlánach.

Cuidíonn an Coiste go mór le tosaíochtaí an Aontais Eorpaigh a bhaint amach trí bhéim an-láidir a leagan ar na saoránaigh i dtuairimí agus gníomhaíochtaí an Choiste. Inniu, murab ionann is riamh, ní mór dúinn a chinntiú go gcloisfear guth na sochaí sibhialta ar an leibhéal Eorpach nuair a bheidh beartais agus tionscnaimh nua á ndréachtú. Oibreoidh an Coiste ar na príomhréimsí beartais is tábhachtaí le daoine i ndáiríre, ina measc Aontas Sláinte Eorpach níos láidre, an Comhaontú Glas don Eoraip, cearta an duine agus an smacht reachta, an comhaontú nua maidir le himirce, an claochlú digiteach agus iarmhairtí Brexit. Pléifimid roinnt tograí beartais a léiríonn go soiléir gur gá do ghníomhaithe ar gach leibhéal rialachais cur go dlúth le chéile ina gcuid oibre.

Ní dhéanfaidh CESE dhá leath dá dhícheall agus a ról á chomhlíonadh aige: oibreoidh sé sna Ballstáit, coinneoidh sé an líonra teagmhálaithe atá aige le heagraíochtaí náisiúnta agus le heagraíochtaí Eorpacha na sochaí sibhialta ar bun agus cuirfidh sé leo, agus leagfaidh sé béim ar a thábhachtaí atá sé aird a thabhairt ar fhíor-thaithí agus ardmhianta an phobail agus na ngnólachtaí.

Beifear in ann an méid sin a dhéanamh a bhuí leis an saineolas a bhfuil tarraingt againn air cheana, agus a bhuí libhse freisin! Is iad bhur dtiomantas, bhur rannpháirtíocht sheasta agus an obair a dhéanann sibh in bhur gcáil mar ambasadóirí a chuireann fíordhearcadh ar fáil dúinn agus a chuireann fíor-bhreisluach le gníomhaíochtaí an Choiste. I ndlúthchomhar le hinstitiúidí eile, is féidir linn gníomhú le chéile chun teacht ar chomhréitigh chomhpháirteacha chomhsheasmhacha.

Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun fáilte a fhearadh roimh ár gcomhaltaí nua atá tagtha chugainn ó gach cearn den Eoraip. Guím gach rath oraibh sna cúig bliana amach romhainn, ar tréimhse chinniúnach í do thodhchaí an Aontais Eorpaigh agus do thodhchaí ár gCoiste féin. 

Gianluca Brunetti

Ardrúnaí CESE

Diary Dates

3-4 Samhain 2020, an Bhruiséil, an Bheilg
Comhdháil gheallsealbhóirí an gheilleagair chiorclaigh (ar líne)

2-3 Nollaig 2020, an Bhruiséil, an Bheilg
Seisiún iomlánach CESE

Téanam ort & tabhair cuairt ... fhíorúil ... orainn!

Tá EESC Online Talks (cainteanna ar líne) lainseáilte ag CESE mar mhalairt ar chuairteanna ar an láthair

Gach bliain, déanann seirbhís cuairteoirí CESE fáilte a chur roimh na mílte cuairteoirí ó gach cearn den Eoraip agus ón gcuid eile den domhan, chomh maith le gníomhaíochtaí an Choiste agus feidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i láthair lucht féachana an-éagsúil.

Mar gheall ar ráig COVID-19, áfach, b’éigean do CESE a dhoirse a dhúnadh go sealadach ar chuairteoirí seachtracha.

Dá thoradh sin, tá EESC Online Talks (cainteanna ar líne) lainseáilte ag CESE mar mhalairt ar chuairteanna ar an láthair.

Le linn na gcruinnithe fíorúla sin, beidh deis ag cuairteoirí eolas a fháil faoi fheidhmiú agus ról CESE i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais.

Más mian leat caint ar líne a chur in áirithe do bhaill de d’eagraíocht féin nó do pháirtithe leasmhara ábhartha eile, cuir ríomhphost chugainn ag an seoladh seo a leanas: visitEESC@eesc.europa.eu

Táimid ag tnúth go mór le scéala a fháil uait! (cl)

Read more in all languages

Tá EESC Online Talks (cainteanna ar líne) lainseáilte ag CESE mar mhalairt ar chuairteanna ar an láthair

Gach bliain, déanann seirbhís cuairteoirí CESE fáilte a chur roimh na mílte cuairteoirí ó gach cearn den Eoraip agus ón gcuid eile den domhan, chomh maith le gníomhaíochtaí an Choiste agus feidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i láthair lucht féachana an-éagsúil.

Mar gheall ar ráig COVID-19, áfach, b’éigean do CESE a dhoirse a dhúnadh go sealadach ar chuairteoirí seachtracha.

Dá thoradh sin, tá EESC Online Talks (cainteanna ar líne) lainseáilte ag CESE mar mhalairt ar chuairteanna ar an láthair.

Le linn na gcruinnithe fíorúla sin, beidh deis ag cuairteoirí eolas a fháil faoi fheidhmiú agus ról CESE i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais.

Más mian leat caint ar líne a chur in áirithe do bhaill de d’eagraíocht féin nó do pháirtithe leasmhara ábhartha eile, cuir ríomhphost chugainn ag an seoladh seo a leanas: visitEESC@eesc.europa.eu

Táimid ag tnúth go mór le scéala a fháil uait! (cl)

An tAontas Eorpach agus an Afraic: céim i dtreo comhpháirtíocht níos cothroime

I mí an Mhárta 2020 chuir Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, an straitéis nua maidir leis an Afraic i láthair, lena bhfuil sé d’aidhm an caidreamh idir an tAontas agus tíortha na hAfraice a athmhúnlú. Roimh an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas agus an Afraic, a rabhthas ag dúil go mór leis, thóg CESE céim chun cinn trí chomhpháirtíocht inbhuanaithe idir an tAontas agus an Afraic a mholadh bunaithe ar chearta uilíocha an duine, ar struchtúir dhaonlathacha, ar infheistíochtaí fadtéarmacha i mbonneagar agus ar chuimsiú iomlán na sochaí sibhialta eagraithe.

Read more in all languages

I mí an Mhárta 2020 chuir Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, an straitéis nua maidir leis an Afraic i láthair, lena bhfuil sé d’aidhm an caidreamh idir an tAontas agus tíortha na hAfraice a athmhúnlú. Roimh an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas agus an Afraic, a rabhthas ag dúil go mór leis, thóg CESE céim chun cinn trí chomhpháirtíocht inbhuanaithe idir an tAontas agus an Afraic a mholadh bunaithe ar chearta uilíocha an duine, ar struchtúir dhaonlathacha, ar infheistíochtaí fadtéarmacha i mbonneagar agus ar chuimsiú iomlán na sochaí sibhialta eagraithe. Ní féidir an caidreamh nua atá beartaithe idir an tAontas agus an Afraic a chothú bunaithe ar an gcur chuige as dáta a bhaineann le beartas tionsclaíochta agus an fás, rud atá díobhálach don phláinéad agus a bhfuil iarmhairtí sóisialta diúltacha aige. Dar le CESE, ní mór díriú ar dháileadh cóir an rachmais agus ar struchtúir le haghaidh stát leasa a chur ar bun.

Go praiticiúil, tugann CESE le fios nach mór do chomhpháirtíocht forbartha an Aontais tacaíocht níos láidre a thabhairt do chórais oideachais phoiblí áitiúla a chur ar bun ar gach leibhéal, maille le clár Erasmus+ a leathnú. Is é an sprioc dheiridh atá ann go seachnófaí imirce daoine oilte ón Afraic chuig an Aontas agus go gcuirfí an imirce ar mhalairt treo.

Thug Uachtarán CESE atá ag dul as oifig, Luca Jahier, le fios go raibh an Afraic ar cheann de na príomhthosaíochtaí a bhí aige dá théarma oifige agus leag sé béim air go gcruthódh an tionscadal reatha, maidir le Limistéar Saorthrádála Mór-roinne na hAfraice a chur ar bun, sineirgí le margadh inmheánach an Aontais. Labhair Luca Jahier faoin imirce agus faoin ngá atá le sochaí sibhialta na hAfraice a bheith rannpháirteach i gcomhpháirtíocht AE-ACC agus dúirt sé mar fhocal scoir “go bhfuil an Afraic fós ina cuid thábhachtach de chlár oibre CESE, in ainneoin phaindéim COVID-19”. (dgf)

Rabhadh tugtha ag CESE faoin mbaol go mbeadh cogadh trádála “glas” ann

Ón am a síníodh Prótacal Kyoto i leith, tá Córais Trádála Astaíochtaí (ETSanna) curtha chun feidhme i ndlínsí éagsúla ar fud an domhain. Is é EU ETS (Scéim AE i ndáil le Trádáil Astaíochtaí) an córas trádála astaíochtaí is mó agus is seanbhunaithe dá bhfuil ann, agus déanfar é a leasú ó bhonn i gcomhréir le Creat Beartais 2030 an Aontais don Aeráid agus don Fhuinneamh. I dtuairim a glacadh ag an seisiún iomlánach a bhí aige i mí Mheán Fómhair, tugann CESE forléargas ar EU ETS agus ar ETSanna eile ar fud an domhain, agus leagann sé amach cur chuige chun an trádáil a rialáil sa chomhaontú nua seo le haghaidh margaí carbóin.

Read more in all languages

Ón am a síníodh Prótacal Kyoto i leith, tá Córais Trádála Astaíochtaí (ETSanna) curtha chun feidhme i ndlínsí éagsúla ar fud an domhain. Is é EU ETS (Scéim AE i ndáil le Trádáil Astaíochtaí) an córas trádála astaíochtaí is mó agus is seanbhunaithe dá bhfuil ann, agus déanfar é a leasú ó bhonn i gcomhréir le Creat Beartais 2030 an Aontais don Aeráid agus don Fhuinneamh. I dtuairim a glacadh ag an seisiún iomlánach a bhí aige i mí Mheán Fómhair, tugann CESE forléargas ar EU ETS agus ar ETSanna eile ar fud an domhain, agus leagann sé amach cur chuige chun an trádáil a rialáil sa chomhaontú nua seo le haghaidh margaí carbóin.

Sa tuairim sin, athdhearbhaíonn CESE go dtacaíonn sé leis an gComhaontú Glas don Eoraip, iarrann sé ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar na margaí carbóin áitiúla ar fud an domhain chun na dea-chleachtais a shainaithint a d’fhéadfadh a bheith úsáideach chun athbhreithniú a dhéanamh ar ETS, agus measann sé tábhacht na mbuntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le sásra coigeartaithe carbóin de chuid an Aontais a chur chun feidhme, a fhad a bhaineann leis an gcomhshaol agus an trádáil araon.

Ceann de na príomhphointí a chuirtear chun cinn sa tuairim, agus arb ábhar imní ag CESE é, is ea go bhfuil leibhéil na bpraghsanna carbóin neamhshiméadrach ó dhlínse go chéile agus ó mhargadh go chéile. Is féidir, ar ndóigh, go mbainfí an bonn den chothrom iomaíochta atá ann idir tionscail san Aontas agus ar an gcoigríoch mar gheall ar chórais trádála astaíochtaí éagsúla a bheith á bhforbairt ach freisin mar gheall ar iomaíocht ó thríú margaí i dtíortha nach bhfuil beartais uaillmhianacha aeráide acu. Dá thoradh sin, tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún, sna míonna amach romhainn, Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha a mholadh a dhéanfadh cuideachtaí dianfhuinnimh AE a chosaint ar allmhairí níos saoire ó thríú tíortha nach bhfuil beartais aeráide acu nó neachtar acu a bhfuil beartais aeráide níos laige acu. Molann CESE coigeartuithe carbóin ar theorainneacha a chur chun feidhme i gcomhréir le rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála, d’fhonn cogadh trádála a chosc. (dgf)

New publications

Tá “Dessine-moi...” ar fáil ANOIS ar líne!

Is éard atá sa bhróisiúr “Dessine-moi...” ná 43 chuntas a bailíodh ó chomhaltaí de chuid CESE ó 27 mBallstát an Aontais idir mí Aibreáin agus mí Mheán Fómhair 2020. Faoin teideal “Dessine-moi”, a tógadh ón leabhar a scríobh Antoine de Saint-Exupéry, “Le Petit Prince” (An Prionsa Beag), d’iarramar ar na comhaltaí a insint dúinn faoi “na rudaí is bunúsaí amuigh” nach féidir leis na súile a fheiceáil. Trína scéalta, thóg na comhaltaí muid isteach ina saol príobháideach, ag cur meascán de thírdhreacha, d’iomhánna, de dhathanna agus d’fhuaimeanna in iúl dúinn. Molaimid na fíorscéalta seo a léamh, ar scéalta iad atá níos tábhachtaí fós toisc iad a bheith lán le heachtraí.

Gabhaimid buíochas leis na comhaltaí seo a leanas a bhí páirteach i gcur le chéile an bhróisiúir seo:

Isabel Caño Aguilar, Milena Angelova, Giuseppe Guerini, Adam Rogalewski, Helena de Felipe Lehtonen, Gonçalo Lobo Xavier, Anne Demelenne, Cillian Lohan, Christa Schweng, Georges Dassis, Baiba Miltoviča, Maurizio Reale, Lucie Studničná, Carlos Trias Pintó, Martina Širhalová, Judith Vorbach, Lidija Pavić-Rogošić, Arnold Puech d'Alissac, José María Zufiaur Narvaiza, Yves Somville, Evangelia Kekeleki, Tellervo Kylä-Harakka-Ruonala, Sofia Björnsson, Irini Pari, Tatjana Babrauskienė, Reet Teder, Peter Schmidt, Kinga Joó, Philip von Brockdorff, Michalis Antoniou, Gunta Anča, Cristian Pîrvulescu, Claudine Otto, Giulia Barbucci, Laure Batut, Bente Sorgenfrey, Karolina Dreszer-Smalec, Dilyana Slavova, Renate Heinisch, Janusz Pietkiewicz, Jože Smole, Martin Siecker and Arnaud Schwartz.

Read more in all languages

Is éard atá sa bhróisiúr “Dessine-moi...” ná 43 chuntas a bailíodh ó chomhaltaí de chuid CESE ó 27 mBallstát an Aontais idir mí Aibreáin agus mí Mheán Fómhair 2020. Faoin teideal “Dessine-moi”, a tógadh ón leabhar a scríobh Antoine de Saint-Exupéry, “Le Petit Prince” (An Prionsa Beag), d’iarramar ar na comhaltaí a insint dúinn faoi “na rudaí is bunúsaí amuigh” nach féidir leis na súile a fheiceáil. Trína scéalta, thóg na comhaltaí muid isteach ina saol príobháideach, ag cur meascán de thírdhreacha, d’iomhánna, de dhathanna agus d’fhuaimeanna in iúl dúinn. Molaimid na fíorscéalta seo a léamh, ar scéalta iad atá níos tábhachtaí fós toisc iad a bheith lán le heachtraí.

Gabhaimid buíochas leis na comhaltaí seo a leanas a bhí páirteach i gcur le chéile an bhróisiúir seo:

Isabel Caño Aguilar, Milena Angelova, Giuseppe Guerini, Adam Rogalewski, Helena de Felipe Lehtonen, Gonçalo Lobo Xavier, Anne Demelenne, Cillian Lohan, Christa Schweng, Georges Dassis, Baiba Miltoviča, Maurizio Reale, Lucie Studničná, Carlos Trias Pintó, Martina Širhalová, Judith Vorbach, Lidija Pavić-Rogošić, Arnold Puech d'Alissac, José María Zufiaur Narvaiza, Yves Somville, Evangelia Kekeleki, Tellervo Kylä-Harakka-Ruonala, Sofia Björnsson, Irini Pari, Tatjana Babrauskienė, Reet Teder, Peter Schmidt, Kinga Joó, Philip von Brockdorff, Michalis Antoniou, Gunta Anča, Cristian Pîrvulescu, Claudine Otto, Giulia Barbucci, Laure Batut, Bente Sorgenfrey, Karolina Dreszer-Smalec, Dilyana Slavova, Renate Heinisch, Janusz Pietkiewicz, Jože Smole, Martin Siecker and Arnaud Schwartz.

EESC News

Cuireadh tús le téarma oifige CESE le breis is 40 % de chomhaltaí nua

Is comhaltaí nua in CESE iad 137 as na 329 gcomhalta de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus é ag cur tús le téarma oifige 2020-2025 i mí Dheireadh Fómhair.

Beidh na comhaltaí nua ag cur tús lena dtéarma faoi shrianta COVID-19, toisc go bhfuil scaradh sóisialta agus cruinnithe hibrideacha fós i bhfeidhm sa Bhruiséil agus méadú ollmhór ag teacht ar rátaí ionfhabhtaithe ar fud na hEorpa.

Read more in all languages

Is comhaltaí nua in CESE iad 137 as na 329 gcomhalta de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus é ag cur tús le téarma oifige 2020-2025 i mí Dheireadh Fómhair.

Beidh na comhaltaí nua ag cur tús lena dtéarma faoi shrianta COVID-19, toisc go bhfuil scaradh sóisialta agus cruinnithe hibrideacha fós i bhfeidhm sa Bhruiséil agus méadú ollmhór tagtha ar na rátaí ionfhabhtaithe ar fud na hEorpa.

Deantar 329 gcomhalta CESE a nuacheapadh gach cúig bliana. An uair seo is comhaltaí nua breis is 40 % díobh, rud a fhágann go dtabharfaidh siad leo dearcadh úr, smaointe nua agus fuinneamh nua agus iad i mbun na hoibre in éineacht leis na comhaltaí atá ag filleadh.

Is mná iad 33 % de na comhaltaí sa téarma nua, méadú ó 27.30 % an uair dheireanach agus ó 24.70 % in 2010-2015. Is iad an Eastóin, le 85.71 %, agus Poblacht na Seice agus an Chróit le 66.67 % na tíortha a bhfuil an líon is mó comhaltaí ban acu. Ag an taobh eile den scála, níl aon chomhaltaí ban ag an bPortaingéil ná ag an gCipir. Tá an chothromaíocht inscne thar barr sa tSualainn.

Tá 27 mbliana d’aois ag an gcomhalta is óige, agus tá an duine is sinsearaí, a bheidh ina chathaoirleach ar an seisiún iomlánach a roghnóidh ceannairí nua CESE, 76 bliana d’aois.

Is í an Chomhairle a cheapann na comhaltaí ar feadh tréimhse cúig bliana, ar bhonn ainmniúcháin ó na Ballstát. Beidh liosta iomlán na gcomhaltaí don téarma nua – a rithfidh ó 2020 go 2025 – ar fáil gan mhoill ar shuíomh gréasáin CESE.

Tá sé beartaithe go dtiocfaidh na 329 gcomhalta nuacheaptha nó athdhearbhaithe le chéile den chéad uair sa Bhruiséil ar an 27 Deireadh Fómhair. An 28 Deireadh Fómhair, toghfaidh siad Uachtarán nua agus beirt Leas-Uachtarán (beidh na Leas-Uachtaráin freagrach as an gCumarsáide agus as an mBuiséad faoi seach) ar feadh téarma dhá bhliain go leith. 

Déantar uainíocht ar phost an Uachtaráin idir trí ghrúpa an Choiste (Fostóirí, Oibrithe agus Éagsúlacht Eoraip). Toghadh an dá Uachtarán roimhe seo ó Ghrúpa na nOibrithe agus ón nGrúpa “Éagsúlacht Eoraip”.

Beidh gach comhalta ina bhall de cheann amháin de na trí Ghrúpa, agus toghfaidh an Grúpa sin a nUachtarán féin ar feadh téarma dhá bhliain go leith ar féidir é a athnuachan.

Is é príomhról CESE comhairle a thabhairt do reachtóirí an Aontais (an Coimisiún Eorpach, Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle) maidir le dréachtreachtaíocht agus dréachtbheartais trí obair na sé rannóg agus an choimisiúin chomhairligh amháin, lena gcumhdaítear raon leathan de réimsí beartais, amhail saincheisteanna sóisialta, eacnamaíocha, talmhaíochta, comhshaoil agus iompair. (dm)

 

Ag deireadh a théarma oifige, tá breithniú déanta ag CESE ar a rannchudiú leis an tionscadal Eorpach

An 17 Meán Fómhair, reáchtáil Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) a shearmanas deireadh téarma le linn an tseisiúin iomlánaigh dheireanaigh roimh an gcéad téarma eile i mí Dheireadh Fómhair. Ghabh Luca Jahier, uachtarán CESE ó mhí Aibreáin 2018 i leith, buíochas leis na comhaltaí go léir agus leag sé béim ar rannchuidiú tábhachtach eagraíochtaí na sochaí sibhialta, a ndéantar ionadaíocht orthu ag CESE, leis an tionscadal Eorpach.

Read more in all languages

An 17 Meán Fómhair, reáchtáil Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) a shearmanas deireadh téarma le linn an tseisiúin iomlánaigh dheireanaigh roimh an gcéad téarma eile i mí Dheireadh Fómhair. Ghabh Luca Jahier, Uachtarán CESE ó mhí Aibreáin 2018 i leith, buíochas leis na comhaltaí go léir agus leag sé béim ar rannchuidiú tábhachtach eagraíochtaí na sochaí sibhialta a ndéantar ionadaíocht orthu ag CESE leis an tionscadal Eorpach.

San óráid deiridh uaidh mar Uachtarán, labhair Luca Jahier faoi phríomhthosaíochtaí a théarma, eadhon, forbairt inbhuanaithe, treisiú chaidreamh AE-na hAfraice, méadú an Aontais Eorpaigh, agus cultúr mar ghné aontach san Eoraip. Leag sé béim freisin ar rannchuidiú CESE le blianta beaga anuas chun dul i ngleic leis na dúshláin atá roimh an Aontas: mar shampla, ba é CESE an chéad institiúid Eorpach a mhol Aontas Eorpach um an tSláinte. Chuir sé in iúl go bhfuil súil aige go bhféadfadh CESE páirt ghníomhach a ghlacadh sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa arna mholadh ag an gCoimisiún Eorpach agus ag Parlaimint na hEorpa.

Sheol Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, teachtaireacht físeáin inar mhol sí an sárobair a rinne CESE le cúig bliana anuas agus a rannchuidiú tábhachtach le nós imeachta reachtach an Aontais. Sheol David Sassoli, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, teachtaireacht fiseáin freisin inar léirigh sé a thoilteanas oibriú níos dlúithe le CESE chun idirphlé struchtúrtha a chruthú leis an tsochaí shibhialta eagraithe. Labhair Klara Dobrev, Leas-Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, ag seisiún iomlánach CESE chun a chur i bhfáth “nach féidir aon rud a athrú ar domhan mura bhfuil na daoine taobh thiar dínn, agus gurb é ról CESE dul i dteagmháil leis an tsochaí shibhialta eagraithe, leis na daoine féin, iad uile ó chúlraí éagsúla agus riachtanais éagsúla acu”. (dgf)

Is fadhb ollmhór dhosheachanta é COVID-19 do thionscal turasóireachta na hEorpa

Tá earnáil turasóireachta na hEorpa á cur ó rath ag paindéim an choróinvíris. Faoi cheann sé mhí, seans go mbeidh leath na ngnólachtaí san Eoraip tite chun féimheachta mura ndéanfaidh an tAontas bearta láithreach chun cur ina choinne, dar le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa i dtuairim nua dá chuid.

Read more in all languages

Tá earnáil turasóireachta na hEorpa á cur ó rath ag paindéim an choróinvíris. Faoi cheann sé mhí, seans go mbeidh leath na ngnólachtaí san Eoraip tite chun féimheachta mura ndéanfaidh an tAontas bearta láithreach chun cur ina choinne, dar le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa i dtuairim nua dá chuid.

I dtuarascáil le Panagiotis Gkofas a ghlac CESE i mí Mheán Fómhair, áitíonn CESE go bhfuil gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais chun gur féidir gnólachtaí turasóireachta a choinneáil i mbun gnó agus fostaíocht a thabhairt dá gcuid oibrithe i ngeall ar iarmhairtí ghéarchéim COVID-19. Ní tráth faillí é: má fhantar sé mhí eile gan beart a dhéanamh beidh ar leath na ngnólachtaí sin a ndoirse a dhúnadh go buan.

Mar thaca lena raibh á mhaíomh aige, reáchtáil CESE suirbhé ar líne i rith an tsamhraidh a raibh 175 eagraíocht páirteach ann, ar eagraíochtaí iad a dhéanann ionadaíocht ar na mílte gnólachtaí turasóireachta a fhostaíonn na céadta míle oibrithe ar fud an Aontais.

Is léir ar na freagraí a thug na rannpháirtithe ar cheistneoir CESE gur dóigh leo go bhfuil tubaiste mhór chucu.

Dúirt 88.2 % de na rannpháirtithe go raibh tionchar “an-diúltach” ag géarchéim COVID-19 orthu, bhí 80.6 % díobh den tuairim go mbuailfí buille an-trom orthu san fhadtéarma de dheasca iarmhairtí na paindéime agus ní raibh ach 45 % díobh den tuairim go mbeidís fós i mbun gnó in 2021.

Rinneadh an tuarascáil a dhréachtú mar fhreagairt ar Theachtaireacht an Choimisiúin Eorpaigh maidir le Turasóireacht agus Iompar in 2020 agus ina dhiaidh sin.

Meastar go bhfuil thart ar EUR 1 bhilliún in aghaidh na míosa á chailleadh ag earnáil na turasóireachta san Aontas de thoradh ghéarchéim COVID-19 agus go bhféadfadh sé go gcuirfí deireadh le 6.4 milliún post in 2020.

Chun borradh a chur faoin tionscal, dar le CESE nach foláir don Aontas, thar aon ní eile, bearta a dhéanamh chun muinín an phobail as sábháilteacht an taistil a chothú athuair.

Go dtí go ndéanfar vacsaín a tháirgeadh agus a chur ar fáil, tá CESE i bhfách pas sláinte AE a bheith in úsáid, a mbeadh Foirm chomhchuibhithe Aimsithe Paisinéirí agus cóid QR mar aon le hArdán ilteangach um Chúnamh Sláinte ag gabháil leis.

D’fhéadfadh daoine an cód QR a úsáid chun rochtain a fháil ar fhaisnéis agus ar sheirbhísí sláinte sa tír ar a bhfuil cuairt á tabhairt acu agus chun rochtain a fháil ar chórais sláinte agus slándála sóisialta na tíre sin i gcás éigeandála.

Príomhthosaíocht eile is ea leachtacht a chur ar fáil do ghnólachtaí turasóireachta agus dá bhfostaithe chomh luath agus is féidir, mar nach féidir leo teacht slán gan sreabhadh airgid leordhóthanach.

Dar le CESE, gur cheart, le clár SURE atá dírithe ar an dífhostaíocht a mhaolú, go dtabharfaí faoiseamh d’oibrithe san earnáil turasóireachta atá dífhostaithe maille le cúiteamh pá d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide go dtí an 30 Meitheamh 2021 ar a laghad.

Creideann an Coiste freisin gur cheart don Aontas sásra a chur ar bun chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeart tacaíochta, ós rud é gur ghearán go leor de na rannpháirtithe sa suirbhé nach raibh teacht acu ar aon chabhair airgeadais tar éis don Aontas a fhógairt go raibh sé ag cur cistí ar fáil. (dm)

Tá a bharúil tugtha ag CESE maidir leis an ngá atá le hionstraim AE maidir le pá íosta

Ghlac Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) tuairim dar teideal Pá Íosta Cuibhiúil ar fud na hEorpa inar thug sé a ionchur don díospóireacht uile-Aontais leanúnach ar an ábhar.

D’iarr Parlaimint na hEorpa an tústuairim sin, tar éis don Choimisiún a fhógairt go raibh breithniú á dhéanamh aige i dtaobh iomstraim dhlíthiúil a mholadh chun a chinntiú go mbeadh gach oibrí AE i dteideal pá íosta lena gcinnteofaí caighdeán sásúil maireachtála.

Read more in all languages

Ghlac Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) tuairim dar teideal Pá Íosta Cuibhiúil ar fud na hEorpa inar thug sé a ionchur don díospóireacht leanúnach uile-Aontais ar an ábhar.

D’iarr Parlaimint na hEorpa an tústuairim sin, tar éis don Choimisiún a fhógairt go raibh breithniú á dhéanamh aige i dtaobh ionstraim dhlíthiúil a mholadh chun a chinntiú go mbeadh gach oibrí AE i dteideal pá íosta lena gcinnteofaí caighdeán sásúil maireachtála.

Sa tuairim uaidh, d’áitigh CESE go gcuideodh pá íosta cothrom leis an mbochtaineacht a laghdú i measc daoine bochta, ach beartais um chuimsiú a bheadh daonlárnach, comhtháthaithe agus gníomhach a bheith in éineacht leis.

Mar sin féin, chuir sé i bhfáth nach mór aon tionscnamh AE dá leithéid a mhúnlú ar bhonn anailís bheacht ar an staid sna Ballstáit, agus nach mór ról agus neamhspleáchas na bpáirtithe sóisialta a urramú go hiomlán, chomh maith leis na samhlacha éagsúla caidrimh thionsclaíoch.

Maidir leis an mbealach chun cinn, tá barúlacha éagsúla curtha in iúl ag na trí ghrúpa laistigh de CESE, a dhéanann ionadaíocht d’fhostóirí, do cheardchumainn agus d’eagraíochtaí sochaí sibhialta an Aontais Eorpaigh.

Dúirt an rapóirtéir Stefano Mallia, thar ceann Ghrúpa na bhFostóirí in CESE: “Creideann Grúpa na bhfostóirí nach bhfuil aon inniúlacht ag an Aontas maidir le pá, agus leibhéil phá go háirithe, agus gur ceist náisiúnta é pá íosta a shocrú, le déanamh i gcomhréir le gnéithe sonracha na gcóras náisiúnta faoi seach. Ní mór aon ghníomhaíocht iomrallach ó thaobh an Aontais de a sheachaint, go háirithe ag an tráth áirithe seo. I gcás ina bhfuil tacaíocht de dhíth ar na páirtithe sóisialta, ba cheart dúinn díriú ar riachtanais shonracha a shásamh trí mhalartú dea-chleachtais agus fothú acmhainneachta a chur chun cinn agus gan géilleadh don mheon gur leor an t-aon chur chuige amháin do chách, rud a bhféadfadh iarmhairtí diúltacha tromchúiseacha a bheith aige.”

Dúirt an rapóirtéir Oliver Röpke, a bhí ag déanamh ionadaíocht do Ghrúpa na nOibrithe in CESE: “Ní mór é a bheith ina chuid bhunriachtanach de straitéis téarmaimh an Aontais, a chinntiú go dtairbheoidh oibrithe ar fud an Aontais de phá íosta cuibhiúil. Maidir le Grúpa na nOibrithe, níl aon amhras ann gur cheart go gcosnófaí gach oibrí le pá íosta cothrom lena gcinnteofar caighdeán sásúil maireachtála pé áit ina n-oibríonn siad. Is í an chómhargáil fós an bealach is éifeachtaí chun pá cothrom a ráthú agus ní mór í a neartú agus a chur chun cinn sna Ballstáit uile. Is díol sásaimh dúinn, dá bhrí sin, go n-aithníonn an Coimisiún go bhfuil deis ann don Aontas ghníomhaíocht a dhéanamh chun ról na cómhargála a chur chun cinn maidir le tacaíocht a thabhairt do leordhóthanacht pá íostaagus do chumhdach pá íosta." (ll)

Is mithid cumhacht chinnteoireachta níos mó a thabhairt don aos óg i bhfianaise a gcuid stailceanna ar son na haeráide

Spreagadh na milliúin daoine óga ar fud an domhain chun gnímh mar thoradh ar an éigeandáil aeráide atá romhainn, éigeandáil a chuireann todhchaí go leor de na daoine óga sin i mbaol go mór. Anuas air sin, is iad na daoine óga a léirigh arís agus arís eile an fuinneamh, an chruthaitheacht agus an spreagadh atá iontu dul i gcoinne na samhlacha neamh-inbhuanaithe reatha agus an lucht ceaptha beartas a spreagadh beartais uaillmhianacha a ghlacadh. Mar sin féin, tá bearna leathan fós idir an éisteacht a thugtar don mhéid atá le rá acu agus an beart a dhéantar de réir an bhriathair sin.

Read more in all languages

Spreagadh na milliúin daoine óga ar fud an domhain chun gnímh mar thoradh ar an éigeandáil aeráide atá romhainn, éigeandáil a chuireann todhchaí go leor de na daoine óga sin i mbaol go mór. Anuas air sin, is iad na daoine óga a léirigh arís agus arís eile an fuinneamh, an chruthaitheacht agus an spreagadh atá iontu dul i gcoinne na samhlacha neamh-inbhuanaithe reatha agus an lucht ceaptha beartas a spreagadh beartais uaillmhianacha a ghlacadh. Mar sin féin, tá bearna leathan fós idir an éisteacht a thugtar don mhéid atá le rá acu agus an beart a dhéantar de réir an bhriathair sin.

Tá CESE den tuairim go bhfuil rannpháirtíocht strúchtúrtha agus foirmiúil na n-óg ríthábhachtach ag gach céim de phróiseas cinnteoireachta an Aontais. Sa tuairim seo, mar sin, tá iarracht á déanamh aige an bhearna sin a laghdú.

“Tá uaillmhian, ceannaireacht agus gníomhaíocht de dhíth ar an Eoraip, agus ar an domhan fiú. Tá ár gcórais ag tarraingt as acmhainní na todhchaí agus is mithid tosú ar infheistíocht a dhéanamh sa todhchaí chéanna sin”, a dúirt Cillian Lohan, rapóirtéir na tuairime.

Sa chomhthéacs sin, molann CESE Cruinnithe Comhchéime a chur ar bun leis an aos óg i réimse na haeráide agus i réimse na hinbhuanaitheachta. Is é CESE a thionólfadh na cruinnithe sin i gcomhar leis an gCoimisiún agus leis an bParlaimint. Molann sé freisin toscaire de chuid an aosa óig a bheith páirteach i dtoscaireacht oifigiúil an Aontais a ghlacfaidh páirt i gcruinnithe UNFCCC-COP.

Uair sna naoi n-airde a fhaightear deis mar seo míchothromaíochtaí córasacha a leigheas agus céimeanna a ghlacadh i dtreo todhchaí níos fearr. (mr)

Lá Domhanda an Bhia: ní foláir don Aontas bearta fónta tráthúla a dhéanamh ag tarraingt dó ón straitéis “ón bhFeirm go dtí an Forc”, dar le CESE

Tá an Coiste ar thús cadhnaíochta le blianta fada maidir le beartas cuimsitheach bia AE a chur chun cinn, a bhfuil sé d’aidhmeanna aige aistí bia sláintiúla a chur ar fáil ó chórais bhia inbhuanaithe, an talmhaíocht a nascadh le seirbhísí cothúcháin agus éiceachórais, agus slabhraí soláthair a chinntiú lena gcosnaítear an tsláinte phoiblí do shochaí na hEorpa ar fad.

Read more in all languages

Tá an Coiste ar thús cadhnaíochta le blianta fada maidir le beartas cuimsitheach bia AE a chur chun cinn, a bhfuil sé d’aidhmeanna aige aistí bia sláintiúla a chur ar fáil ó chórais bhia inbhuanaithe, an talmhaíocht a nascadh le seirbhísí cothúcháin agus éiceachórais, agus slabhraí soláthair a chinntiú lena gcosnaítear an tsláinte phoiblí do shochaí na hEorpa ar fad.

Is é tuairim an Choiste nach bhfuil na cuspóirí sin le sonrú ar dhóigh shásúil sa straitéis “ón bhFeirm go dtí an Forc” atá beartaithe.

Is uirlis ríthábhachtach é buiséad an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT) chun an straitéis a chur i gcrích, ós rud é go bhfuil thart ar 40% de chaiteachas iomlán an Aontais i gceist leis. Dá bhrí sin, ba cheart buiséad CBT a mhéadú i gcomhréir leis na cuspóirí sin.

Ina theannta sin, ní thugtar aghaidh sa straitéis ar cheist na bainistíochta inbhuanaithe talún agus na rochtana ar thalamh, ar ceann de na príomhchonstaicí í a chuireann bac ar athnuachan a dhéanamh ar an bpobal feirmeoireachta. San am céanna, an fheidhm tacaíochta ioncaim atá le híocaíochtaí CBT, is mór an tábhacht atá léi agus leanfaidh sin de bheith amhlaidh ar feadh na mblianta amach romhainn, fiú amháin má dhéantar bearta lena áirithiú gur léiriú ceart na praghsanna bia ar na fíorchostais táirgthe.

Ábhar mór imní eile d’fheirmeoirí an Aontais is ea go mbeidh orthu dul san iomaíocht le táirgí allmhairithe nach gcomhlíonann na spriocanna inbhuanaitheachta. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh ar an Aontas a áirithiú go mbeidh caighdeáin fhíor-chómhalartacha le sonrú sna comhaontuithe trádála fabhracha.

Is fada an bealach atá le cur díobh ag an Eoraip agus ag an domhan sula mbeidh siad inbhuanaithe go huile agus go hiomlán. Tá na huirlisí agus an fios gnó ag an Eoraip d’fhonn an sprioc sin a bhaint amach. Is mithid a thaispeáint go bhfuil an toil pholaitiúil agus an tiomantas is gá againn freisin agus taispeánaimis don saol an bealach atá romhainn. (mr)

Is fearr a bheifear ábalta obair chóir a áirithiú i ngeilleagar na n-ardán ach soiléireacht a bheith ann faoi stádas oibrithe

D’áitigh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ar an Aontas Eorpach agus ar na Ballstáit cur le chéile chun na téarmaí fostaíochta i ngeilleagar na n-ardán a shoiléiriú, toisc go bhféadfadh cur i bhfeidhm na reachtaíochta saothair agus go leor ceart cosanta saothair a bheith níos casta mura mbeidh sainmhínithe caighdeánaithe ar stádas oibrithe agus fostóirí araon ann.

Read more in all languages

D’áitigh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ar an Aontas Eorpach agus ar na Ballstáit cur le chéile chun na téarmaí fostaíochta i ngeilleagar na n-ardán a shoiléiriú, toisc go bhféadfadh cur i bhfeidhm na reachtaíochta saothair agus go leor ceart cosanta saothair a bheith níos casta mura mbeidh sainmhínithe caighdeánaithe ar stádas oibrithe agus fostóirí araon ann.

Is iad na príomhchoincheapa is gá a shoiléiriú ná na cinn sin trína sainmhínítear ardáin mar “idirghabhálaithe soláthair agus éilimh” seachas mar “fostóirí”. Dá thoradh sin, meastar go mbíonn stádas “féinfhostaithe” ag oibrithe seachas stádas “fostaithe”, rud a bhaineann díobh an chosaint dhlíthiúil agus shóisialta a bhí acu faoin stádas eile, lena n-áirítear cinnteacht maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair nó cosaint fostaíochta. Is léire ná riamh de dheasca na paindéime reatha a thábhachtaí atá cosaint fostaíochta d’fhostaithe.

Is éard a mhol CESE mar shlat tomhais lena gcinnfí cibé acu stádas fostaithe nó stádas féinfhostaithe atá ag oibrithe ná gur cheart don Aontas Eorpach agus do na Ballstáit coincheap an spleáchais eacnamaíoch agus an fho-ordaithe a ghlacadh chucu féin. Dúirt sé, ina theannta sin, gur cheart don Aontas agus do na Ballstáit cuimhneamh go láidir déanamh de réir an phrionsabail go bhféachtar ar oibrí mar fhostaí mura mbeidh cruthúnas ar a mhalairt ann. Mar sin féin, ba cheart deis a bheith ag oibrithe atá féinfhostaithe i ndáiríre an stádas sin a choimeád más mian leo.

I measc na sochar a dhéanann geilleagar na n-ardán don tsochaí, d’aithin CESE na nithe seo a leanas: solúbthacht agus neamhspleáchas ó thaobh na hoibre de, ioncam breise d’oibrithe agus teacht níos éasca do dhaoine leochaileacha ar an bhfostaíocht, ach thug sé rabhadh uaidh san am céanna faoi na rioscaí a ghabhann leis, rioscaí nach ceart a mheas faoi bhun an chirt.

Cé is moite d’oibrithe a bhfuil an baol ann go ndiúltófar a gcearta bunúsacha dóibh, ina measc a gcearta chun iad féin a eagrú agus cómhargáil a dhéanamh, tá bagairtí eile ann don tsochaí ina hiomláine freisin, de dheasca an riosca mhéadaithe iomaíochta a bheadh ann dá mbainfí an bonn ó chaighdeáin shóisialta. Bíonn iarmhairtí díobhálacha aige sin freisin ar fhostóirí, a mbíonn brú iomaíochta orthu nach féidir a fhulaingt de shíor, agus ar na Ballstáit, a chailleann ioncam cánach agus ranníocaíochtaí slándála sóisialta dá dhroim.

Chuir CESE a argóintí in iúl sa tuairim maidir le hObair chóir i ngeilleagar na n-ardán, a glacadh ag an seisiún iomlánach a bhí aige i mí Mheán Fómhair agus a dréachtaíodh arna iarraidh sin d’Uachtaránacht na Gearmáine ar an Aontas Eorpach. Ba é Carlos Manuel Trindade, comhalta ón bPortaingéil, rapóirtéir na tuairime. (ll)

Is í an bhithéagsúlacht an píosa atá ar iarraidh i bpuzal casta straitéisí an Aontais

Ó 1992 i leith, tá an tAontas Eorpach ag féachaint le straitéisí bithéagsúlachta a chur chun feidhme gan aon torthaí suntasacha. Tharla sé sin go príomha de dheasca droch-chur chun feidhme an chreata dlí ar an leibhéal náisiúnta, agus cistiú neamhleor do na bearta is gá.

Is díol sásaimh do CESE tiomantas agus iarrachtaí athnuaite an Choimisiúin chun Straitéis Bhithéagsúlacht a fhorbairt ina leagtar amach na spriocanna atá le baint amach faoi 2030, mar cheann de na bealaí chun an Comhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach. 

Read more in all languages

Ó 1992 i leith, tá an tAontas Eorpach ag féachaint le straitéisí bithéagsúlachta a chur chun feidhme gan aon torthaí suntasacha. Tharla sé sin go príomha de dheasca droch-chur chun feidhme an chreata dlí ar an leibhéal náisiúnta, agus cistiú neamhleor do na bearta is gá.

Is díol sásaimh do CESE tiomantas agus iarrachtaí athnuaite an Choimisiúin chun Straitéis Bithéagsúlacht a fhorbairt ina leagtar amach na spriocanna atá le baint amach faoi 2030, mar cheann de na bealaí chun an Comhaontú Glas a bhaint amach. 

De réir an rapóirtéara Antonello Pezzini agus an comhrapóirtéir Lutz Ribbe, is tríd an straitéis sin a chuirfear bithéagsúlacht na hEorpa i gcroílár an téarnaimh iar-COVID-19 ar mhaithe le daoine, an aeráid agus an pláinéad, rud a thabharfadh an dúlra ar ais inár saol.

Ní mór don Aontas dlús suntasach a chur lena iarrachtaí chun na hacmhainní nádúrtha atá fágtha againn a chosaint, trí fheachtais múscailte feasachta agus trí fheachtais chumarsáide. Measann CESE freisin gur gá achar na limistéar faoi chosaint a mhéadú, go háirithe i limistéir atá faoi dhianchosaint, gnáthóga a athbhunú agus laghdú ar speicis a chomhrac.

Tá CESE ag cur i bhfáth freisin nach féidir a bheith ag súil go mbeidh na feirmeoirí agus uinéirí foraoise freagrach as an gcostas a bhaineann le cosaint na bithéagsúlachta. Ina áit sin, ba cheart soláthar “an earra agus luacha phoiblí” seo a bheith ina fhoinse úsáideach ioncaim dóibh.

Ar an mbealach go dtí an chéad chruinniú eile den Choinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch a reáchtálfar sa tSín in 2021, ní mór i bhfad níos mó a dhéanamh chun an bhithéagsúlacht dhomhanda a chosaint. Is mithid don Eoraip anois a ról ceannaireachta a ghlacadh agus a chur ina luí ar na páirtithe eile gur fiú cloí leis na straitéisí a ghlactar. (mr)

Tá CESE ag iarraidh Plean Gníomhaíochta AE chun slabhraí soláthair domhanda atá cothrom agus inbhuanaithe a chinntiú

Léirigh géarchéim leanúnach COVID-19 leochaileacht na slabhraí soláthair domhanda. Ina theannta sin, nocht sé leochaileacht na n-oibrithe agus na drochthionchair a bhíonn ag oibríochtaí gnó i slabhraí soláthair an lae inniu ó ghné shóisialta, shláinte agus shábháilteachta. Ag tráth ríthábhachtach le haghaidh gníomhaíocht nithiúil beartais agus cinnteoireachta, d’iarr Uachtaránacht na Gearmáine ar an Aontas Eorpach agus Parlaimint na hEorpa ar CESE a mholtaí a thabhairt. In dhá thuairim a glacadh ag an seisiún iomlánach a bhí aige i mí Mheán Fómhair, d’iarr CESE ar an gCoimisiún Eorpach Plean Gníomhaíochta Eorpach a fhorbairt agus oibleagáidí éigeantacha díchill chuí a thabhairt chun cinn i slabhraí soláthair domhanda.

Read more in all languages

Léirigh géarchéim leanúnach COVID-19 leochaileacht na slabhraí soláthair domhanda. Ina theannta sin, nocht sé leochaileacht na n-oibrithe agus na drochthionchair a bhíonn ag oibríochtaí gnó i slabhraí soláthair an lae inniu ó ghné shóisialta, shláinte agus shábháilteachta. Ag tráth ríthábhachtach le haghaidh gníomhaíocht nithiúil beartais agus cinnteoireachta, d’iarr Uachtaránacht na Gearmáine ar an Aontas Eorpach agus Parlaimint na hEorpa ar CESE a mholtaí a thabhairt. In dhá thuairim a glacadh ag an seisiún iomlánach a bhí aige i mí Mheán Fómhair, d’iarr CESE ar an gCoimisiún Eorpach Plean Gníomhaíochta Eorpach a fhorbairt agus oibleagáidí éigeantacha díchill chuí a thabhairt chun cinn i slabhraí soláthair domhanda.

I dtústuairim, d’iarr CESE Plean Gníomhaíochta Eorpach i ndáil le cearta an duine, obair chuibhiúil agus inbhuanaitheacht i slabhraí soláthair domhanda, le reachtaíocht AE trasearnála cheangailteach i dtaca le dícheall chuí maidir le cearta an duine agus iompar freagrach gnó mar phríomhthosaíochtaí. Ba cheart sainmhíniú leathan a bheith ann do chearta an duine, lena n-áirítear cearta oibrithe agus ceardchumann, agus cur le réimse ionstraimí idirnáisiúnta.

I gcomhthreo lena obair ar an bPlean Gníomhaíochta, tá comhairle curtha ar fáil CESE do Pharlaimint na hEorpa maidir le tionscnamh dlíthiúil Eorpach lena dtugtar isteach díchill chuí éigeantach maidir le cearta an duine agus tionchair chomhshaoil i gcleachtais ghnó. Leis an tionscnamh, a d’fhógair an Coimisinéir Eorpach Didier Reynders in Aibreán 2020 agus a bhfuiltear ag súil leis in 2021, beidh sé ceangailteach go dlíthiúil ar chuideachtaí atá ag feidhmiú san Aontas tionchair dhiúltacha a ngníomhaíochtaí ar chearta an duine agus ar chearta oibrithe agus ar an gcomhshaol a shainaithint, a chosc, a mhaolú agus cuntas a thabhairt orthu. (dgf)

Earnáil na n-amhábhar: CESE ag iarraidh go ndéanfaí an mhianadóireacht a dhigitiú

Tá sé an-tábhachtach do gheilleagar na hEorpa go mbeadh amhábhair, lena n-áirítear miotail, mianraí tionsclaíocha agus amhábhair foirgníochta, agus go háirithe amhábhair chriticiúla, ar fáil go hinbhuanaithe sábháilte toisc go bhfuil ar a laghad 30 milliún post ag brath ar na hamhábhair sin a bheith ar fáil. Tá sé léirithe ag paindéim COVID-19 go bhfuil ríthábhacht leis an gclaochlú digiteach. 

Read more in all languages

Tá sé an-tábhachtach do gheilleagar na hEorpa go mbeadh amhábhair, lena n-áirítear miotail, mianraí tionsclaíocha agus amhábhair foirgníochta, agus go háirithe amhábhair chriticiúla, ar fáil go hinbhuanaithe sábháilte toisc go bhfuil ar a laghad 30 milliún post ag brath ar na hamhábhair sin a bheith ar fáil. Tá sé léirithe ag paindéim COVID-19 go bhfuil ríthábhacht leis an gclaochlú digiteach. 

Ag seisiún iomlánach Mheán Fómhair, i dtréimhse a bhfuil tábhacht le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais agus an phlean téarnaimh don Eoraip, ghlac CESE tuairim féintionscnaimh dar teideal An Mhianadóireacht Dhigiteach san Eoraip: Réitigh nua do tháirgeadh inbhuanaithe amhábhar.

Tá sé á mholadh ag CESE sa tuairim sin earnáil na n-amhábhar san Eoraip a dhigitiú toisc gur deis a bheadh ann cur leis an seasmhacht atá i slabhraí soláthair thionscail na hEorpa, feidhmíocht chomhshaoil earnáil na mianraí a fheabhsú agus cur leis an trédhearcacht agus leis an bplé le saoránaigh agus pobail a mbíonn tionchar ag gníomhaíochtaí mianadóireachta orthu.

Bhí an méid seo le rá ag Marian Krzaklewski, rapóirtéir na tuairime: “Chun claochlú digiteach earnáil na mianadóireachta a bhaint amach, teastóidh iarracht mhór a dhéanamh chun na hathruithe dlí agus rialála a chur i bhfeidhm, agus ba cheart an iarracht sin a dhéanamh faoi scáth eagraíochtaí fornáisiúnta agus ar leibhéal an dlí idirnáisiúnta”.

Tá sé tugtha le fios ag CESE go bhfuil tábhacht le líonra cuimsitheach domhanda faisnéise mianraí a chuirfeadh bonn faoin gclaochlú digiteach agus faoin gcinnteoireacht eolach ar leibhéal na hEorpa. Tá córas faisnéise amhábhar á fhorbairt agus á chothabháil ag an Airmheán Comhpháirteach Taighde (JRC) agus aithníonn CESE an méid sin.

Creideann CESE gur cheart don Aontas agus do na Ballstáit tacú go gníomhach le claochlú digiteach earnáil na mianadóireachta san Eoraip. Is céim ríthábhachtach sin chun cur le seasmhacht thionscail an Aontais agus le slabhra luacha na n-amhábhar. Bíonn mianaigh ina n-úsáidtear teicneolaíochtaí digiteacha, e.g. uathoibriú comhtháite, líonraí cognaíocha agus anailísíocht fíor-ama, níos éifeachtúla, níos glaine agus níos sábháilte. Bíonn sé níos éasca lorg comhshaoil laghdaithe agus timpeallachtaí níos sábháilte a bhaint amach i “mianaigh chliste”, agus tá an méid sin ina bhunriachtanas le gur féidir an “cead sóisialta” a fháil chun dul i mbun gnó san Eoraip. (ks)

Eitlíocht – Tá CESE ag áitiú ar an gCoimisiún plean cuimsitheach téarnaimh a ghlacadh

Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach treochlár cuimsitheach a chur le chéile chun earnáil eitlíochta na hEorpa ina hiomláine a athshlánú, treochlár ina mbeidh acmhainní sonracha chun tacú le gach fo-earnáil agus lena lucht saothair.

Read more in all languages

Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach treochlár cuimsitheach a chur le chéile chun earnáil eitlíochta na hEorpa ina hiomláine a athshlánú, treochlár ina mbeidh acmhainní sonracha chun tacú le gach fo-earnáil agus lena lucht saothair. Sa tuairim a chuir Thomas Kropp le chéile a glacadh ag an seisiún iomlánach i mí Mheán Fómhair, áitíonn CESE go bhfuil freagairt bheartais ag teastáil atá uaillmhianach agus comhordaithe, lena ndéantar idirdhealú soiléir idir an chead chéim den téarnamh sa ghearrthéarma, agus an gá atá ann iomaíochas idirnáisiúnta na hearnála agus cothrom iomaíochta a áirithiú sa mheántéarma agus san fhadtéarma.

Agus é ag thabhairt a bharúla agus an seisiún iomlánach ar siúl, dúirt Thomas Kropp an méid seo a leanas: “Bíodh is go raibh earnáil na heitlíochta thíos le géarchéimeanna eile san am a chuaigh thart, ní fhacthas a leithéid de ghéarchéim riamh roimhe seo. De réir na meastachán is déanaí, ní thiocfaidh an earnáil ar ais chuici féin arís roimh 2024. Níl comhordú déanta ag na hinstitiúidí Eorpacha agus ag comhlachtaí idirnáisiúnta eile go fóill ar bhearta rialála chun caighdeáin idirnáisiúnta a bhunú. Ní le haerlínte amháin a bhaineann an eitlíocht, baineann sí freisin le gníomhaithe tábhachtacha eile, mar shampla, aerfoirt, soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta, an lucht láimhseála agus soláthraithe seirbhísí eile agus is gá iad uile a chur san áireamh agus iarracht á déanamh teacht ar réiteach.”

Ar an mórchóir, ní mór don Choimisiún féachaint le cothromaíocht cheart a bhaint amach idir na bearta téarnaimh agus na ceanglais airgeadais a eascraíonn ón gComhaontú Glas don Eoraip agus ualaí rialála breise a sheachaint, go háirithe le linn na céime téarnaimh, ó tharla go bhfuil an earnáil ina hiomláine an-leochaileach ó thaobh airgeadais de.

 

Ní éireoidh leis an aistriú go fuinneamh glan mura mbeidh fís shoiléir againn don am amach romhainn

Teastaíonn fís shoiléir pholaitiúil má táimid chun aistriú go fuinneamh glan ós rud é nach ceist theicneolaíoch amháin atá ann ach gur dúshlán mór sóisialta atá ann freisin.

Read more in all languages

Teastaíonn fís shoiléir pholaitiúil má táimid chun aistriú go fuinneamh glan ós rud é nach ceist theicneolaíoch amháin atá ann ach gur dúshlán mór sóisialta atá ann freisin. Sa tuairim a dhréachtaigh Lutz Ribbe agus Thomas Kattnig agus a glacadh le linn sheisiún iomlánach an Choiste i mí Mheán Fómhair, chuir CESE i bhfios go dteastódh gnéithe láraithe agus gnéithe díláraithe araon i gcóras fuinnimh na todhchaí, ach nach féidir eagrú an chórais sin a fhágáil faoin gcinniúint.

Seo mar a labhair Lutz Ribbe le linn na díospóireachta: “Teastaíonn fís shoiléir maidir lenar cheart tús áite a thabhairt don dílárú nó don lárú. Tar éis an tsaoil, is é a theastaíonn ar an gcéad dul síos cinnteacht maidir le hinfheistíocht don earnáil phoiblí agus don earnáil phríobháideach araon agus ní fhéadfar sin a dhéanamh mura mbeidh cinntí soiléire á ndéanamh.”

Bhí Thomas Kattnig ar aon fhocal leis: “Ní mór páirt a bheith ag oibrithe, ceardchumainn agus tomhaltóirí san aistriú go fuinneamh glan, rud a gheall lucht ceaptha beartais agus a ndearna CESE achainí láidir ar a shon. Mar sin féin, sa chás sin freisin, tá níos mó ceisteanna ann nár fhreagair an Coimisiún ná na Ballstáit seachas ceisteanna a d’fhreagair siad. Lena chois sin, is é an toradh a bheidh ar na tionscnaimh atá ann faoi láthair maidir leis an mbeartas fuinnimh go gcuirfear cosc ar rannpháirtíocht ghinearálta an phobail, seachas an rannpháirtíocht sin a spreagadh.”

Tá idir bhuntáistí agus mhíbhuntáistí i gceist leis an gcóras láraithe agus leis an gcóras díláraithe. I gcás an chórais láraithe, is iondúil gur líon beag gníomhaithe a chuireann le fiúntas an chórais. I gcás an chórais díláraithe, áfach, is féidir le tomhaltóirí cur leis an gcóras mar chustaiméirí gníomhacha, mar phobail fuinnimh saoránach, mar fheirmeoirí, mar fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus mar chomhlachtaí bardasacha. (mp)

Ní mór rialachas eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh amach anseo a bheith ina “chor cinniúnach”, seachas “filleadh ar an ngnáthstaid”

Is tráthúil go ndearna an Coimisiún Eorpach athbhreithniú ar an rialachas eacnamaíoch in 2020, rud a réiteoidh an bealach is dóichí d’athchóiriú cuimsitheach. In ionad filleadh ar an ngnáthstaid, is éard a thiocfaidh de sin ná “go mbogfar i dtreo” creat athbhreithnithe agus athchothromaithe.

Read more in all languages

Is tráthúil go ndearna an Coimisiún Eorpach athbhreithniú ar an rialachas eacnamaíoch in 2020, rud a réiteoidh an bealach is dóichí d’athchóiriú cuimsitheach. In ionad filleadh ar an ngnáthstaid, is éard a thiocfaidh de sin ná “go mbogfar i dtreo” creat athbhreithnithe agus athchothromaithe. I dtuairim a dhréachtaigh Judith Vorbach agus Tommaso Di Fazio agus a glacadh ag seisiún iomlánach mhí Mheán Fómhair, áitíonn CESE go bhfuil gá le beartas eacnamaíoch nua ar leibhéal an Aontais Eorpaigh – beartas lena ndírítear ar rathúnas a chuirfidh folláine daoine chun cinn agus ar raon príomhchuspóirí beartais, amhail an fás inbhuanaithe agus cuimsitheach, lánfhostaíocht agus obair chuibhiúil, dáileadh cothrom rachmais ábhartha, sláinte phoiblí agus cáilíocht saoil, inbhuanaitheacht chomhshaoil, cobhsaíocht na margaí airgeadais agus praghsanna, caidreamh trádála dea-chothromaithe, geilleagar sóisialta margaidh iomaíoch agus airgeadas poiblí cobhsaí.

Agus í ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit leanúint den mhachnamh ar luachanna reatha an Aontais i bhfianaise phaindéim COVID-19, dúirt Judith Vorbach, Uasal, “tá géarghá leis an gcreat rialachais eacnamaíoch a athbhreithniú agus a athchóiriú. Ba cheart é a bheith níos cothroime agus rathúnas a bheith ina chroílár, rud a chuirfeadh folláine mhuintir na hEorpa chun cinn. Níor cheart aon duine a fhágáil ar gcúl. Bealach amháin chun é sin a dhéanamh is ea “riail órga” a chur i bhfeidhm maidir le hinfheistíocht phoiblí chun táirgiúlacht agus an bonn sóisialta agus éiceolaíoch a choimirciú ar mhaithe le folláine na nglúnta atá le teacht. Tá sé tábhachtach freisin a áirithiú go mbeidh ioncam poiblí leordhóthanach ann, beartas cánachais cóir agus go maolófar an tionchair atá ag táscairí amhrasacha ó thaobh an gheilleagair de ar cheapadh beartas. Is den tábhacht é freisin go mbeidh rannpháirtíocht níos dlúithe ag Parlaimint na hEorpa, ag na páirtithe sóisialta agus ag an tsochaí shibhialta ina hiomláine.

Ag tacú lena raibh ráite aici, dúirt an tUasal Di Fazio: “Bhain suaitheadh ceart le géarchéim COVID-19, rud a éilíonn acmhainní airgeadais a shlógadh ar an mbealach is iomláine is féidir. Ní mór a bheith ar aon intinn ó thaobh cuspóra de chun iarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta na paindéime sin a shrianadh agus chun ualach an damáiste a thagann as a roinnt go cothrom laistigh de na Ballstáit agus eatarthu. Bunaíodh bearta tábhachtacha gearrthéarmacha cheana féin, amhail gníomhachtú chlásal ginearálta éalaithe an chreata fhioscaigh. Mar sin féin, in ionad "filleadh ar an ngnáthstaid" róthapa, ní mór dúinn céim mhór chun cinn a dhéanamh agus “bogadh i dtreo" fís eacnamaíoch athbhreithnithe, fís a chuireann dlús le hinfheistíocht in oiliúint, taighde agus forbairt, agus gníomhaíochtaí táirgiúla straitéiseacha." (mp)

Clár oibre críochach an Aontais Eorpaigh – Ní mór iarmhairtí ghéarchéim an choróinvíris a chur san áireamh i mbeartais nua

Sa leagan nua, athbhreithnithe de chlár oibre uirbeach agus críochach an Aontais Eorpaigh, ní mór aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí na géarchéime a thionscain paindéim COVID-19, agus d’fhéadfadh sé gurb é an beartas comhtháthaithe an uirlis ab fhearr chun siúl a chur faoi théarnamh eacnamaíoch na hEorpa. In dhá thuairim a glacadh ag an seisiún iomlánach i mí Mheán Fómhair, déanann CESE beartais chríochacha an Aontais a mheas agus leagann sé amach bealach amháin chun cinn.

Read more in all languages

Sa leagan nua, athbhreithnithe de chlár oibre uirbeach agus críochach an Aontais Eorpaigh, ní mór aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí na géarchéime a thionscain paindéim COVID-19, agus d’fhéadfadh sé gurb é an beartas comhtháthaithe an uirlis ab fhearr chun siúl a chur faoi théarnamh eacnamaíoch na hEorpa. In dhá thuairim a glacadh ag an seisiún iomlánach i mí Mheán Fómhair, déanann CESE beartais chríochacha an Aontais a mheas agus leagann sé amach bealach amháin chun cinn.

Sa chéad tuairim díobh sin, díríonn Petr Zahradník agus Roman Haken ar an athbhreithniú ar Chairt Leipzig um Chathracha Eorpacha Inbhuanaithe agus tacaíonn siad lenar iarradh sa Chlár Oibre Críochach nua do 2030, mar atá Eoraip chóir ghlas a chothú agus gné chríochach níos láidre a áireamh i ngach beartas agus ar na leibhéil rialachais uile.

Ar an leibhéal áitiúil, ní foláir san am atá amach romhainn béim a leagan go háirithe ar an gcomhtháthú, ar an inbhuanaitheacht agus ar athléimneacht na gcathracha agus na réigiún. Ag labhairt dó ag an seisiún iomlánach, bhí an méid seo a leanas le rá ag Petr Zahradník: "Tá scóip ollmhór ann chun tionscadail chomhtháite a chur i bhfeidhm i réimse na forbartha críochaí agus uirbí agus gabhann buntáistí ollmhóra leis an gcur chuige seo sa mhéid is gur féidir éifeachtaí a shineirgiú, costais a shábháil agus naisc fheidhmiúla a dhéanamh dá réir."

Ag caint dó ar an ábhar céanna, dúirt Roman Haken: "I bhfianaise éifeachtaí an athraithe aeráide, na húsáide a bhaintear as acmhainní agus an ghá atá ann rioscaí comhshaoil a laghdú, ní féidir aghaidh a thabhairt ar an inbhuanaitheacht agus ar athléimneacht na gcathracha agus na réigiún amhail is dá mba dhá rud ar leithligh iad. Ar an ábhar sin, ba cheart an Clár Oibre Uirbeach a chomhordú chomh dlúth agus is féidir leis an mbeartas comhtháthaithe críochach."

Mar sin, tá tábhacht thar meán leis an gcomhtháthú; tá sé de dhlúth agus d’inneach na tuairime a dhréachtaigh Gonçalo Lobo Xavier freisin, áit a n-áitíonn CESE gurbh é an uirlis ab fhearr é chun déileáil leis an iliomad dúshlán a eascraíonn as paindéim an choróinvíris agus tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún beart a dhéanamh ina leith. "Ní mór dúinn cur chun gnímh go práinneach agus aghaidh a thabhairt ar na dúshláin seo go gasta; caithfear leas a bhaint as na modhanna airgeadais atá ann chun cabhrú agus tacú leis na Ballstáit de réir na gcritéar ábhartha, ach freisin le teann misnigh", a dúirt Gonçalo Lobo Xavier. “Murab ionann is riamh, is cur chuige difreálach atá de dhíth ar an Eoraip fiú amháin más é an dúshlán céanna atá romhainne uile.” (mp)

News from the Groups

Freagraí ardleibhéil ar an litir ó Ghrúpa na bhFostóirí maidir le buiséad téarnaimh an Aontais

Le Grúpa na bhFostóirí in CESE

Fuair Grúpa na bhFostóirí in CESE freagraí ón leibhéal polaitiúil is airde i ndiaidh dó iarraidh go ndéanfaí comhaontú go gasta maidir le buiséad téarnaimh uaillmhianach. I mí an Mheithimh 2020, chuir Grúpa na bhFostóirí litir faoin ábhar seo chuig comhaltaí na Comhairle Eorpaí agus chuig Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Charles Michel, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen agus Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, David Sassoli.

Read more in all languages

Le Grúpa na bhFostóirí in CESE

Fuair Grúpa na bhFostóirí in CESE freagraí ón leibhéal polaitiúil is airde i ndiaidh dó iarraidh go ndéanfaí comhaontú go gasta maidir le buiséad téarnaimh uaillmhianach. I mí an Mheithimh 2020, chuir Grúpa na bhFostóirí litir faoin ábhar seo chuig comhaltaí na Comhairle Eorpaí agus chuig Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Charles Michel, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen agus Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, David Sassoli.

Is é ceann de na príomhtheachtairechtaí ó Ghrúpa na bhFostóirí go bhfuil gnólachtaí rathúla athléimneacha ríthábhachtach chun téarnamh gheilleagar iomlán an Aontais a chinntiú. Dá bhrí sin, is gá díriú go diongbháilte ar dhálaí gnó agus muid ag ullmhú don tréimhse i ndiaidh na géarchéime. Sa fhreagra a thug sé an 3 Iúil, chuir Frédéric Bernard, ceann oifig Charles Michel, i bhfáth go mbeadh an creat airgeadais ilbhliantúil atá ar na bacáin ríthábhachtach chun téarnamh cobhsaí a chinntiú agus go dtacódh sé le “margadh aonair lánfheidhmiúil nuachóirithe”.

Ar an gcaoi chéanna, thug David Sassoli dá aire sa fhreagra uaidh chuig Grúpa na bhFostóirí an 17 Iúil go bhfuil “gá le bearta eacnamaíocha urghnácha nach bhfacthas a leithéidí riamh agus fíoraontacht neamhchoinníollach san Eoraip”. Ba dhíol sásaimh dó an chomhthuiscint le Grúpa na bhFostóirí maidir leis an ngá atá le freagairt aontaithe ó leibhéal an Aontais. Má táthar chun cuidiú le saoránaigh agus gnólachtaí Eorpacha teacht slán as an ngéarchéim, tá creat airgeadais ilbhliantúil uaillmhianach de dhíth.

Chuir Ursula von der Leyen a buíochas in iúl freisin as an litir agus as an bpáipéar seasaimh dar teideal Tá na gnólachtaí ríthábhachtach má tá an tAontas Eorpach chun téarnamh ó ghéarchéim an choróinvíris. Cuireadh an dá dhoiciméad chuig Maroš Šefčovič, Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh um Chaidreamh Idirinstitiúideach agus um Fhadbhreathnaitheacht. Thar ceann an Uachtaráin Macron, dheimhnigh a cheann foirne, Patrick Strzoda, a thábhachtaí atá sé an geilleagar a athsheoladh go gasta. Seoladh an litir freisin chuig Bruno le Maire, Aire Geilleagair agus Airgeadais na Fraince, agus chuig Clément Beaune, Aire Stáit na Fraince do Ghnóthaí Eorpacha.

An Lá Domhanda um Obair Chuibhiúil

Le Grúpa na nOibrithe in CESE

I mbliana, bhí an ceiliúradh a rinneadh ar an Lá Domhanda um Obair Chuibhiúil níos ábhartha ná riamh. Is in olcas a chuaigh na fadhbanna atá ann cheana inár sochaí, go háirithe maidir le hobair chuibhiúil agus pá cothrom, agus sin de dheasca phaindéim COVID-19.

Read more in all languages

Le Grúpa na nOibrithe in CESE

I mbliana, bhí an ceiliúradh a rinneadh ar an Lá Domhanda um Obair Chuibhiúil níos ábhartha ná riamh. Is in olcas a chuaigh na fadhbanna atá ann cheana inár sochaí, go háirithe maidir le hobair chuibhiúil agus pá cothrom, agus sin de dheasca phaindéim COVID-19. Fós féin, rinneadh dochar díréireach do dhaoine áirithe, daoine a bhí ar na daoine is leochailí fiú roimh an bpaindéim: daoine óga i bpoist neamhbhuana, an líon níos mó ban sna hearnálacha is measa a buaileadh nó a raibh orthu fanacht sa bhaile chun oideachas scoile a chur ar a gclann nó aire a thabhairt do dhuine den teaghlach, daoine féinfhostaithe nó a oibríonn ar na hardáin dhigiteacha, oibrithe ar phá íseal, imircigh, agus na hoibrithe sin nach bhfuil cláraithe go dleathach.

Ar an Lá Domhanda um Obair Chuibhiúil sheas Grúpa na nOibrithe le Cónaidhm Idirnáisiúnta na gCeardchumann agus le Cónaidhm Eorpach na gCeardchumann agus iad i mbun achainí ar son Conradh Sóisialta Nua um an Téarnamh agus an Athléimneacht d’fhonn éifeachtaí ghéarchéim COVID-19 a mhaolú go hinbhuanaithe trí dhul i ngleic faoi dheireadh le riachtanais an phobail. Le gur féidir athnuachan dáiríre a dhéanamh ar an tionscadal Eorpach, teastaíonn infheistíocht shóisialta fhónta a chomhlánóidh na beartais eacnamaíocha agus a dhíreoidh ar phoist ardcháilíochta agus pá cothrom a chaomhnú agus a chruthú agus deireadh a chur le fostaíocht fhorbhásach.

Ní mór don Choimisiún dul chun cinn práinneach a dhéanamh ar chur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus go háirithe trí thionscnaimh a chur chun cinn maidir le pá íosta cothrom, íosleibhéal ioncaim, trédhearcacht maidir le pá, agus neartú na rialachán sláinte agus sábháilteachta ag an obair. I ndáil leis sin, ní mór an chómhargáil agus leasanna oibrithe neamhbhuana agus leochaileacha a ráthú. Tá sé ríthábhachtach freisin cothroime a chinntiú in earnáil na n-ardán digiteach, earnáil a ghineann brabús ollmhór do chuideachtaí ach earnáil ina mbíonn a lán de na hoibrithe faoi mhórfhorbhás maidir lena gcearta saothair, pá agus dálaí oibre.

Céard iad na tosaíochtaí do bheartais an Aontais amach anseo?

Leis an nGrúpa “Éagsúlacht Eoraip” in CESE

Le Simo Tiainen, comhalta den Ghrúpa “Éagsúlacht Eoraip” agus ionadaí ar Cheardchumann Lárnach na dTáirgeoirí Talmhaíochta agus na nÚinéirí Foraoise (MTK) san Fhionlainn.

Ní mór cothromaíocht eacnamaíoch, shóisialta agus réigiúnach níos fearr san Eoraip agus iomaíochas thionscail agus ghnólachtaí an Aontais, lena n-áirítear an fheirmeoireacht, a bheith ina dtosaíochtaí do bheartais an Aontais i gcónaí. Ba cheart ár n-iomaíochas a bhunú ar an táirgeadh inbhuanaithe, ar an bhfostaíocht agus ar an bhfás eacnamaíoch.

Read more in all languages

Leis an nGrúpa “Éagsúlacht Eoraip” in CESE

Le Simo Tiainen, comhalta den Ghrúpa “Éagsúlacht Eoraip” agus ionadaí ar Cheardchumann Lárnach na dTáirgeoirí Talmhaíochta agus na nÚinéirí Foraoise (MTK) san Fhionlainn.

Ní mór cothromaíocht eacnamaíoch, shóisialta agus réigiúnach níos fearr san Eoraip agus iomaíochas thionscail agus ghnólachtaí an Aontais, lena n-áirítear an fheirmeoireacht, a bheith ina dtosaíochtaí do bheartais an Aontais i gcónaí. Ba cheart ár n-iomaíochas a bhunú ar an táirgeadh inbhuanaithe, ar an bhfostaíocht agus ar an bhfás eacnamaíoch. Ní féidir ach le hEoraip a bhfuil geilleagar láidir aici róil cheannaireachta agus freagrachta a ghlacadh uirthi féin. Le linn caibidlíochtaí trádála, níor cheart riamh géilleadh ar phrionsabail an táirgthe bia san Eoraip, amhail an inbhuanaitheacht, ardchaighdeáin agus an tslándáil bia.

Is den ríthábhacht í an fheirmeoireacht agus aghaidh á tabhairt ar na dúshláin straitéiseacha, eacnamaíocha, chomhshaoil agus shóisialta a bheidh ann amach anseo. Is mian le muintir na hEorpa leanúint de bhia inbhuanaithe agus sábháilte a ithe. Is ar an gcúis sin nach mór don Chomhbheartas Talmhaíochta (CBT) soláthar bia sláintiúil agus sábháilte a ráthú, mar aon le cosaint an chomhshaoil agus na tuaithe, leas ainmhithe, maolú an athraithe aeráide agus bearta oiriúnaithe, slite beatha na bhfeirmeoirí agus inmharthanacht na gceantar tuaithe. Ní mór don Aontas samhail talmhaíochta na hEorpa a chosaint bunaithe ar phrionsabail na ceannasachta bia agus na hinbhuanaitheachta. Ba cheart CBT a shimpliú chun go mbeidh níos lú maorlathais agus níos mó coimhdeachta ag baint leis.

Ar deireadh, ba cheart do bheartais an Aontais feabhas a chur ar an mbainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí. Tá straitéis láidir foraoiseachta ag teastáil ón Aontas lena gcuirtear san áireamh gach gné den inbhuanaitheacht. A bhuí le straitéis den chineál sin, féadfar tuilleadh adhmaid agus táirgí eile a fhás san Eoraip agus féadfar cur go mór le cineál nua de bhithgheilleagar a fhorbairt, leis an aeráidneodracht agus le poist agus fás. Tá an bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí, na linnte carbóin is gá agus an gá leis an mbithéagsúlacht a chaomhnú go hiomlán comhoiriúnach dá chéile.

Soon in the EESC/Cultural events

An saothar grianghrafadóireachta “Habitat” le Tom Hegen ar taispeáint in CESE

An gaol idir an duine agus an dúlra faoi scrúdú i saothar grianghrafadóireachta ón aer.

Cuirfidh CESE an saothar grianghrafadóireachta Habitat le Tom Hegen ar taispeáint i bhfoirgnimh an Choiste. Tá duaiseanna go leor buaite ag Tom Hegen, grianghrafadóir agus dearthóir as München na Gearmáine.

Grianghrafadóireacht ón aer atá i saothar Tom Hegen, saothar a thaispeánann an tionchar a bhíonn ag gníomhaíochtaí an duine ar an domhan agus a léiríonn go minic an gaol idir an duine agus an dúlra. Spreagann an tionscadal Habitat dearcadh nua ar an domhan, tuiscint ar an tionchar a bhíonn ag gníomhaíochtaí an duine ar an domhan agus, níos tábhachtaí fós, freagracht as na gníomhaíochtaí sin. 31 íomhá atá sa taispeántas ina dtugtar léargas ar thírdhreacha éagsúla atá athraithe ag gníomhaíochtaí an duine.

I gcomhar le hUachtaránacht na Gearmáine ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh a chuirfear an saothar grianghrafadóireachta ar taispeáint in CESE idir an 26 Deireadh Fómhair agus an 30 Samhain 2020. (ck)

Read more in all languages

An gaol idir an duine agus an dúlra faoi scrúdú i saothar grianghrafadóireachta ón aer.

Cuirfidh CESE an saothar grianghrafadóireachta Habitat le Tom Hegen ar taispeáint i bhfoirgnimh an Choiste. Tá duaiseanna go leor buaite ag Tom Hegen, grianghrafadóir agus dearthóir as München na Gearmáine.

Grianghrafadóireacht ón aer atá i saothar Tom Hegen, saothar a thaispeánann an tionchar a bhíonn ag gníomhaíochtaí an duine ar an domhan agus a léiríonn go minic an gaol idir an duine agus an dúlra. Spreagann an tionscadal Habitat dearcadh nua ar an domhan, tuiscint ar an tionchar a bhíonn ag gníomhaíochtaí an duine ar an domhan agus, níos tábhachtaí fós, freagracht as na gníomhaíochtaí sin. 31 íomhá atá sa taispeántas ina dtugtar léargas ar thírdhreacha éagsúla atá athraithe ag gníomhaíochtaí an duine.

I gcomhar le hUachtaránacht na Gearmáine ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh a chuirfear an saothar grianghrafadóireachta ar taispeáint in CESE idir an 26 Deireadh Fómhair agus an 30 Samhain 2020. (ck)

Editors

Ewa Haczyk-Plumley (editor-in-chief)
Daniela Marangoni (dm)
 

Contributors to this issue

Daniela Marangoni (dm)
David Gippini Fournier (dgf)
Jasmin Kloetzing  (jk)
Katharina Radler (kr)
Katerina Serifi (ks)
Laura Lui (ll)
Marco Pezzani (mp)
Margarida Reis (mr)
Margarita Gavanas (mg)

Coordination

Agata Berdys (ab)
Katerina Serifi (ks)

Address

European Economic and Social Committee
Jacques Delors Building,
99 Rue Belliard,
B-1040 Brussels, Belgium
Tel. (+32 2) 546.94.76
Email: eescinfo@eesc.europa.eu

EESC info is published nine times a year during EESC plenary sessions. EESC info is available in 23 languages
EESC info is not an official record of the EESC’s proceedings; for this, please refer to the Official Journal of the European Union or to the Committee’s other publications.
Reproduction permitted if EESC info is mentioned as the source and a link  is sent to the editor.
 

October 2020
10/2020

Follow us

  • Facebook
  • Twitter
  • LinkedIn
  • Instagram