Bearta trédhearcachta

Rinne Biúró CESE cinneadh i bprionsabal an 25 Deireadh Fómhair 2022 go nglacfadh CESE páirt i gClár Trédhearcachta an Aontais Eorpaigh a bunaíodh faoi Chomhaontú Idirinstitiúideach an 20 Bealtaine 2021 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach

Ghlac Biúró CESE cinneadh an 21 Márta maidir le comhlíonadh an Chláir Trédhearcachta lena gcuimsítear trí bheart, eadhon:

  1. moladh nach mbuailfeadh comhaltaí CESE i seilbh oifige ach le geallsealbhóirí cláraithe amháin;
  2. oibleagáid ar chomhaltaí CESE i seilbh oifige liostaí dá gcruinnithe a fhoilsiú;
  3. féidearthacht do rapóirtéirí CESE ‘lorg reachtach’ a chur lena dtuairimí.

Is féidir a mheas go bhfuil na bearta trédhearcachta a leagtar amach thuas i gcomhréir le spiorad an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh. Dá bhrí sin, is féidir neartú a dhéanamh ar íomhá CESE maidir le bheith tiomanta do phrionsabail eiticiúla na sláine, na hoscailteachta, an díchill, na macántachta agus na cuntasachta, i gcomhréir le hAirteagal 1 dá Chód Iompair.

Tiocfaidh an cinneadh seo i bhfeidhm an 1 Meitheamh.

Downloads

Transparency Measures
DECISION on the direct public access of EESC meeting minutes and attendance lists
Privacy statement - Office-holding members meetings
Privacy statement - Legislative footprint