An Grúpa ad hoc um an Tionscnamh ó na Saoránaigh (ECI

Bunaíodh an Grúpa ad hoc um an Tionscnamh ó na Saoránaigh trí chinneadh ón mBiúró an 17 Meán Fómhair 2013.

Tá sé de chúram air beartas CESE maidir leis an Tionscnamh ó na Saoránaigh a stiúradh, lena chinntiú go bhfuil páirt thrédhearcach agus éifeachtach ag CESE sa phróiseas idirinstitiúideach seo, agus moltaí a dhéanamh le haghaidh gníomhaíochtaí institiúideacha chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an uirlis rannpháirtíochta daonlathais nua seo.

D'fhág an méid sin gur ghlac CESE ról mór le rá chuige féin:

  • mar éascaitheoir le haghaidh tionscnaimh atá ag teacht chun cinn, mar ardán idirphlé agus faisnéise, a thugann eagraithe leasmhara i gceann a chéile nó mar óstach le haghaidh cruinnithe, ina ról mar chroílár na sochaí sibhialta;
  • mar mheantóir institiúideach, ag tabhairt cúnamh don Choimisiún i gcéim meastóireachta an Tionscnaimh ó na Saoránaigh, trí éisteacht phoiblí a chomheagrú, agus/nó trí thuairim maidir leis an Tionscnamh rathúil ó na Saoránaigh a dhréachtú in am trátha le haghaidh mheastóireacht an Choimisiúin, mar chuid dá ghnáthfheidhm chomhairleach.

Downloads

AHG ECI recommendation on ECI