Grúpa Staidéar Téamach um Fhuinneamh

This page is also available in

Tá sé d'aidhm ag an nGrúpa Staidéir Téamach um Fhuinneamh clár oibre CESE maidir le saincheisteanna fuinnimh a nascadh le comhthéacs leathan na mbeartas fuinnimh san Aontas; is éard is aidhm dó freisin áitiú ar son ról láidir a bheith ag an tsochaí shibhialta chun a chinntiú go n-éireoidh leis an aistriú fuinnimh.

De bharr rannpháirtíocht an phobail i gceapadh agus cur chun feidhme beartas is mó an fhreagracht a bhíonn ar an bpobal, cuirtear feabhas ar an bpróiseas agus is fearr is féidir cuspóirí beartais an Aontais i dtaca le cúrsaí fuinnimh a bhaint amach Chun idirphlé den sórt sin a chur chun cinn, eagraíonn comhaltaí an Ghrúpa Staidéir Théamaigh éisteachtaí agus comhdhálacha agus glacann siad páirt ghníomhach in imeachtaí a reáchtálann eagraíochtaí seachtracha.

Ba dhíol sásaimh do CESE creat an Choimisiúin Eorpaigh don Aontas Fuinnimh agus chuir an Coiste bonn eolais faoi a bhuí sin leis na tuairimí earnáilsonracha agus tras-earnálacha a eisíonn sé maille leis na himeachtaí agus na héisteachtaí poiblí a reáchtálann sé.

Bhí ról lárnach ag an nGrúpa Staidéir Téamach um Fhuinneamh maidir le tionscadail féintionscnaimh i réimse an fhuinnimh a ullmhú agus a phlé agus maidir le líonraí a bhunú le saineolaithe fuinnimh agus lucht ceaptha beartas sa Bhruiséil agus níos faide i gcéin. Anuas air sin, chuir an Grúpa go mór leis an teist atá ar CESE mar ghuth láidir a thacaíonn le córais fuinnimh atá dírithe ar na saoránaigh.