Grúpa Staidéir Téamach um Iompar

This page is also available in

Feidhmíonn an Grúpa Staidéir Téamach um Iompar mar mheitheal mhachnaimh inmheánach de chuid Rannóg TEN trí bheith ag plé le saincheisteanna iompair. Comhlacht is ea é a cuireadh ar bun go háirithe chun dúshláin nua a thuar agus chun smaointe agus coincheapa nua a fhorbairt agus a athbhreithniú. Fágann sin gurb é is aidhm don Ghrúpa Staidéir Téamach seo machnamh a dhéanamh ar pheirspictíochtaí agus smaointe agus ar an ról foriomlán a bheidh ag CESE, mar ionadaí ar shochaí shibhialta na hEorpa, i dtaca le córais iompair na hEorpa sa todhchaí a mhúnlú.

Seo a leanas an obair atá ar siúl ag an nGrúpa Staidéir Téamach um Iompar:

Idirphlé rannpháirteach ar bheartas an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair (GTE-I)

Bíonn an Grúpa Staidéir seo ar a dhícheall ag iarraidh idirphlé a chothú idir na húdaráis, na geallsealbhóirí agus an tsochaí shibhialta faoi chonairí chroíghréasán GTE-I. Tionscnaíodh an coincheap le linn na comhdhála dar téama Todhchaí Chonairí an Chroíghréasáin a mhúnlú a bhí ar siúl in Malmö agus rinneadh athdhearbhú air le linn na comhdhála in Milano dar téama Idirphlé feabhsaithe le haghaidh iompar cliste inbhuanaithe.

Rinneadh an t-ardán ar líne Talking transport a sheoladh chun tacú leis an idirphlé rannpháirteach dhá threo seo.

Iompar inbhuanaithe

Le Comhaontú Pháras COP21 cuirtear ceangal ar na tíortha uile a shínigh é dlús a chur lena n-iarrachtaí chun astaíochtaí gáis ceaptha teasa a laghdú, rud a bhraitheann, cuid mhaith, ar earnáil an iompair, arb í an dara hearnáil is mó is cúis le hastaíochtaí í. Chuige sin, scrúdaigh an Grúpa Staidéir Tionchar chonclúidí COP21 ar bheartas iompair na hEorpa (TEN/582), agus cuireadh amach tuairim eile dar teideal Dícharbónú earnáil an iompair (TEN/609) ina dhiaidh sin.

Pacáiste Soghluaisteachta

Comhpháirtí lárnach is ea an Grúpa Staidéir Téamach um Iompar do rapóirtéirí an Phacáiste Soghluaisteachta agus déanann an Grúpa monatóireacht ghrinn ar théamaí phacáiste soghluaisteachta 2017 an Choimisiúin Eorpaigh, cuir i gcás bearta maidir le rochtain ar an margadh, reachtaíocht shóisialta a fhorfheidhmiú agus muirearú bóithre.

Downloads

Presentation of the PSG