Grúpa Comhairleach Baile AE-Cheanada

This page is also available in

Tá an Comhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála (CETA) idir an tAontas agus Ceanada á chur i bhfeidhm go sealadach ón 21 Meán Fómhair 2017 i leith. Áirítear sa Chomhaontú caibidlí maidir le "Trádáil agus Forbairt Inbhuanaithe", le "Trádáil agus Saothar" agus le "Trádáil agus an Comhshaol" (caibidlí 22 go 24).

Áirítear sna caibidlí seo gealltanais an Aontais Eorpaigh agus Cheanada chun cearta saothair, cosaint an chomhshaoil agus an fhorbairt inbhuanaithe a chur chun cinn, mar atá sainithe in ionstraimí idirnáisiúnta amhail Coinbhinsiúin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair agus comhaontuithe comhshaoil iltaobhacha, lena n-áirítear trí ghníomhaíochtaí i réimsí amhail an fhoraoiseacht inbhuanaithe, an t-iascach nó an fhreagracht shóisialta chorparáideach.

Déantar foráil iontu freisin go mbunóidh gach Páirtí grúpaí comhairleacha baile ar a mbeidh ionadaithe ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta.

Is éard atá i ngrúpa comhairleach baile an Aontais faoi CETA ná comhaltaí ó CESE agus ó eagraíochtaí eile de chuid na sochaí sibhialta san Eoraip, rud a chinntíonn go mbeidh ionadaíocht chothrom ar gheallsealbhóirí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil ann, lena n-áirítear eagraíochtaí fostóirí agus oibrithe agus geallsealbhóirí ábhartha eile.

Is é an príomhchuspóir atá ag grúpa comhairleach baile an Aontais ná a thuairimí a chur isteach agus moltaí a dhéanamh maidir le hábhar ar bith a bhaineann le cur chun feidhme na caibidle maidir le "Trádáil agus Forbairt Inbhuanaithe" laistigh den Chomhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála idir an tAontas agus Ceanada.