Grúpa Comhairleach Baile AE-Mheiriceá Láir

This page is also available in

Is le Comhaontú Comhlachais a síníodh i Mí an Mheithimh 2012 a chinntear an caidreamh trádála atá idir an tAontas Eorpach agus réigiún Mheiriceá Láir. Cumhdaíonn an comhaontú seo an trádáil, an t-idirphlé polaitiúil agus an comhar i measc réimsí eile. Is iad na tíortha i Meiriceá Láir lena mbaineann an comhaontú ná Panama, Guatamala, Cósta Ríce, an tSalvadóir, Hondúras agus Nicearagua.

Tháinig colún trádála Chomhaontú Comhlachais AE-Mheiriceá Láir i bhfeidhm in 2013 agus áirítear ann Teideal maidir le "Trádáil agus Forbairt Inbhuanaithe" ina bhfuil gealltanais na bPáirtithe i dtaca le saothar agus le hábhair a bhaineann leis an gcomhshaol a bhfuil tábhacht leo i dtaca lena gcaidreamh trádála agus leis an gcuspóir foriomlán tacú leis an bhforbairt inbhuanaithe. I measc na ngealltanas sin tá, inter alia, cur chun feidhme na nithe seo a leanas: coinbhinsiúin bhunúsacha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS), comhaontuithe iltaobhacha comhshaoil amhail an Coinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch, Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide agus an Coinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (CITES).

Anuas air sin, ghabh an tAontas Eorpach agus na tíortha i Meiriceá Láir orthu féin ardleibhéal cosanta saothair agus cosanta comhshaoil a chinntiú ina reachtaíocht náisiúnta ionas gur féidir leo a ndícheall a dhéanamh chun dlíthe agus beartais a fheabhsú sna réimsí sin, agus gan na leibhéil sin a ísliú d’fhonn trádáil nó infheistíocht a mhealladh. Tá sé curtha in iúl acu freisin go bhfuil siad toilteanach comhoibriú i réimsí a bhaineann leis an trádáil agus a bhaineann le saothar, an comhshaol agus forbairt inbhuanaithe faoi seach. Áirítear leis sin an trádáil agus an infheistíocht i dteicneolaíochtaí comhshaoil agus i seirbhísí comhshaoil a éascú, táirgí fuinnimh in-athnuaite agus táirgí atá tíosach ar fhuinneamh a chur chun cinn, an fhreagracht shóisialta chorparáideach (FSC) a chur chun cinn agus trádáil táirgí faoi réir scéimeanna trádála eiticiúla nó cóirthrádála a chur chun cinn. Féadfaidh gnéithe de bhainistiú inbhuanaithe acmhainní foraoise, ar gnéithe iad a bhaineann leis an trádáil, a bheith i gceist leis an gcomhar sin freisin chomh maith le cur chun cinn na hiascaireachta inbhuanaithe agus réimsí ábhartha eile.

Ina theannta sin, ghabh na Páirtithe orthu féin monatóireacht a dhéanamh ar thionchar an Chomhaontaithe.

Grúpa Comhairleach Baile an Aontais Eorpaigh

Beartaítear leis an Teideal "Trádáil agus Forbairt Inbhuanaithe" den Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas agus Meiriceá Láir go mbunóidh gach Páirtí Grúpa Comhairleach nua um thrádáil agus forbairt inbhuanaithe (an comhshaol agus saothar) nó go rachaidh sé i gcomhairle le Grúpa den chineál sin atá ann cheana. Beidh sé de chúram ar an nGrúpa sin a thuairimí a chur in iúl agus moltaí a dhéanamh maidir le gnéithe den fhorbairt inbhuanaithe a bhaineann leis an trádáil agus comhairle a chur ar na Páirtithe faoin gcaoi is fearr le cuspóirí an Teidil a bhaint amach. Is éard a bheidh sa Ghrúpa Comhairleach sin eagraíochtaí na sochaí sibhialta atá neamhspleách agus ionadaíoch, is é sin le rá déanfar ionadaíocht chothrom sa ghrúpa ar gheallsealbhóirí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil, lena n-áirítear, inter alia, eagraíochtaí fostóirí agus eagraíochtaí oibrithe, comhlachais ghnó, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus údaráis áitiúla.

Cruinnithe comhpháirteacha

Tá sé mar choinníoll sa Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus Meiriceá Láir go n-eagróidh agus go n-éascóidh na Páirtithe Fóram Idirphlé dé-réigiúnach leis an tSochaí Shibhialta, ar a mbeidh ionadaíocht chothrom ar na geallsealbhóirí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil. Is éard is cuspóir dó creat a sholáthar chun idirphlé oscailte a chothú maidir le gnéithe den chaidreamh idir na Páirtithe a bhaineann le trádáil agus forbairt inbhuanaithe, agus maidir le plé a dhéanamh ar an gcaoi a mbeadh an comhar ina chuidiú chun cuspóirí an Teidil seo a bhaint amach. Tiocfaidh an Fóram Idirphlé sin i gceann a chéile uair sa bhliain, mura rud é go gcinnfidh na Páirtithe a mhalairt. Mar chuid de gach cruinniú den Bhord idir-rialtasach um Thrádáil agus Forbairt Inbhuanaithe, reáchtálfar seisiún i gcomhar le hionadaithe ón tsochaí shibhialta chun cur chun feidhme an Teidil a phlé.

Ina cheann sin, chomhaontaigh Grúpaí Comhairleacha an Aontais Eorpaigh agus Mheiriceá Láir cruinnithe comhpháirteacha bliantúla a reáchtáil in éineacht le cruinnithe Fhóram Idirphlé na Sochaí Sibhialta, ceann i ndiaidh a chéile. Soláthraíonn na cruinnithe comhpháirteacha sin creat iomchuí le haghaidh plé struchtúrtha, mionsonraithe faoi raon leathan gnéithe de chur chun feidhme an Teidil maidir le "Trádáil agus Forbairt Inbhuanaithe". Is féidir faisnéis agus dea-chleachtas a mhalartú i réimsí gaolmhara dá mbarr freisin mar aon le moltaí comhpháirteacha a ullmhú a thíolacfar do na Páirtithe agus d'Fhóram Idirphlé na Sochaí Sibhialta.

Downloads

Rules of procedure of the EU Advisory Group created pursuant to Title VIII (Article 294) of the EU-Central America Association Agreement

Decent work and compliance with ILO standards

Business opportunities and challenges

Corporate social responsibility