Grúpa Comhairleach Baile AE-na Seapáine

Tháinig an Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas agus an tSeapáin i bhfeidhm an 1 Feabhra 2019. Áirítear sa Chomhaontú caibidil a bhaineann le Trádáil agus Forbairt Inbhuanaithe (caibidil 16) agus is éard atá sa chaibidil sin gealltanais an Aontais agus na Seapáine chun cearta saothair, cosaint an chomhshaoil agus forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn, mar atá sainithe in ionstraimí idirnáisiúnta amhail Coinbhinsiúin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) agus comhaontuithe comhshaoil iltaobhacha, lena n-áirítear Comhaontú Pháras. Cumhdaítear inti freisin réimsí amhail freagracht shóisialta chorparáideach, éagsúlacht bhitheolaíoch, an fhoraoiseacht inbhuanaithe agus úsáid inbhuanaithe na n-acmhainní iascaigh agus an dobharshaothraithe.

Sa chaibidil a bhaineann le Trádáil agus Forbairt Inbhuanaithe, déantar foráil freisin go mbunóidh gach Páirtí Grúpaí Comhairleacha Baile ar a mbeidh ionadaithe ó eagraíochtaí sochaí sibhialta.

Is éard atá i nGrúpa Comhairleach Baile an Aontais faoin gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas agus an tSeapáin ná comhaltaí ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus ó eagraíochtaí sochaí sibhialta eile san Eoraip, rud a chinntíonn go mbeidh ionadaíocht chothrom ar gheallsealbhóirí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil atá neamhspleách ann, lena n-áirítear, inter alia, eagraíochtaí fostóirí agus oibrithe agus grúpaí comhshaoil.

Is é an príomhchuspóir atá ag Grúpa Comhairleach Baile an Aontais ná a thuairimí a chur isteach agus moltaí a dhéanamh maidir le cur chun feidhme na Caibidle a bhaineann le Trádáil agus Forbairt Inbhuanaithe laistigh den Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas agus an tSeapáin.

Downloads

Rules of procedures EU-Japan Domestic Advisory Group (Word version)
Rules of procedures EU-Japan Domestic Advisory Group (pdf version)