Grúpa Comhairleach Baile an Aontais Eorpaigh faoin gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas agus Singeapór

Tháinig an Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas agus Singeapór i bhfeidhm an 21 Samhain 2019. Áirítear sa Chomhaontú caibidil a bhaineann le Trádáil agus Forbairt Inbhuanaithe (caibidil 12) agus is éard atá sa chaibidil sin gealltanais an Aontais agus Shingeapór chun cearta saothair, cosaint an chomhshaoil agus an fhorbairt inbhuanaithe a chur chun cinn, mar atá sainithe in ionstraimí idirnáisiúnta amhail Coinbhinsiúin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) agus comhaontuithe comhshaoil iltaobhacha, lena n-áirítear Comhaontú Pháras. Cumhdaítear inti freisin réimsí amhail freagracht shóisialta chorparáideach, bithéagsúlacht, an fhoraoiseacht inbhuanaithe agus úsáid inbhuanaithe na n-acmhainní iascaigh agus an dobharshaothraithe.

Sa chaibidil a bhaineann le Trádáil agus Forbairt Inbhuanaithe, déantar foráil go mbunóidh gach Páirtí Grúpaí Comhairleacha Baile ar a mbeidh ionadaithe ó eagraíochtaí sochaí sibhialta.

Is éard atá i nGrúpa Comhairleach Baile an Aontais faoin gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas agus Singeapór ná comhaltaí ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus ó eagraíochtaí sochaí sibhialta eile san Eoraip, rud a chinntíonn go mbeidh ionadaíocht chothrom ar gheallsealbhóirí eacnamaíocha, sóisialta agus neamhrialtasacha eile atá neamhspleách ann, lena n-áirítear, inter alia, eagraíochtaí fostóirí agus oibrithe agus eagraíochtaí comhshaoil.

Is é an príomhchuspóir atá ag Grúpa Comhairleach Baile an Aontais ná faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na Caibidle a bhaineann le Trádáil agus Forbairt Inbhuanaithe faoin gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas agus Singeapór.