Cruinniú Comhchéime AE-na Síne

This page is also available in

Ó bunaíodh Comhairle Eacnamaíoch agus Shóisialta na Síne (CESC) in 2001 tá CESE i mbun caidreamh a bhunú agus a chothú léi. Sa Dearbhú Comhpháirteach ó na hUachtaráin, a formheasadh i mí Iúil 2002 i mBéising, comhaontaíodh go rachadh an dá thaobh i mbun comhairliúcháin, idirphlé agus taighde i dtaca le saincheisteanna eacnamaíocha agus sóisialta ar den leas coiteann iad, chomh maith le saincheisteanna a bhaineann le cearta an duine agus an smacht reachta d'fhonn an fhorbairt eacnamaíoch agus dul chun cinn sóisialta a chur chun cinn sa tSín agus san Aontas Eorpach araon.

An Cruinniú Comhchéime

Ag an 9ú Cruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an tSín, a reáchtáladh an 9 Meán Fómhair 2006, aithníodh gur chuid lárnach den chaidreamh idir an tAontas Eorpach agus an tSín ba ea an caidreamh agus an comhar idir CESE agus Comhairle Eacnamaíoch agus Shóisialta na Síne agus moladh Cruinniú Comhchéime rialta a chur ar bun chun an chomhpháirtíocht straitéiseach idir an tAontas Eorpach agus an tSín a shaibhriú agus a fhorbairt. I mí an Mheithimh 2007, tháinig an Cruinniú Comhchéime le chéile den chéad uair i mBéising. Tá sé ag feidhmiú ó shin i leith mar ardán don idirphlé idir an tAontas agus an tSín.

Tá an Cruinniú Comhchéime sin comhdhéanta de bhaill ó gach taobh agus bíonn Uachtarán CESE agus Uachtarán Chomhairle Eacnamaíoch agus Shóisialta na Síne ina gcomhchathaoirligh air. Tagann siad i gceann a chéile go rialta, ar a laghad uair amháin sa bhliain, sa tSín agus san Aontas gach re seal. Is ar bhonn aighneachtaí i scríbhinn maidir le hábhair a roghnaíodh go comhpháirteach a fheidhmíonn sé, arna gcur i láthair ag rapóirtéirí le linn na gCruinnithe Comhchéime. Ag deireadh gach Cruinnithe Comhchéime glactar dearbhú comhpháirteach ina bhfuil achoimre ar thorthaí na gcainteanna agus cuirtear é ina dhiaidh sin faoi bhráid na n-údarás polaitiúil san Aontas agus sa tSín.

Grúpa Teagmhála na Síne

Tagann grúpa teagmhála, ag gníomhú dó mar choiste stiúrtha le haghaidh an Chruinnithe Comhchéime, i gceann a chéile go rialta chun seisiún an Chruinnithe Comhchéime a ullmhú agus chun teagmháil a chothú le hinstitiúidí eile an Aontais.