Coiste Leantach AE-na Seapáine

Tá a ról féin le himirt ag CESE sa chaidreamh foriomlán idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin óir tugann sé aghaidh ar shaincheisteanna a bhaineann le ról na sochaí sibhialta agus cuireann sé idirphlé socheacnamaíoch agus daonlathas rannpháirtíochta chun cinn. Bunaíodh Coiste Leantach AE-na Seapáine chun an obair sin a chur i gcrích agus chun caidreamh a chothú leis an tsochaí shibhialta sa tSeapáin. Ós rud é nach bhfuil macasamhail Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa sa tSeapáin ar leibhéal institiúideach, is iad seo a leanas na comhpháirtithe atá ag CESE sa tír sin: comhpháirtithe sóisialta, geallsealbhóirí socheacnamaíocha eile, eagraíochtaí comhshaoil, eagraíochtaí sóisialta agus eagraíochtaí don óige, ollscoileanna Seapánacha, institiúidí acadúla agus comhpháirtithe eile.

Déantar misin chuig an tSeapáin agus seimineáir a reáchtáil ar bhonn rialta sa Bhruiséil agus sa tSeapáin gach re seal.