Coiste Leantach ACC-AE

Tá Coiste Leantach ACC-AE comhdhéanta de chomhaltaí CESE agus ionadaithe ó ghrúpaí sainleasa eacnamaíocha agus sóisialta de chuid tíortha ACC, agus ainmníonn eagraíochtaí idirnáisiúnta fostóirí, eagraíochtaí idirnáisiúnta oibrithe, eagraíochtaí idirnáisiúnta feirmeoirí agus eagraíochtaí idirnáisiúnta comharchumann na hionadaithe sin.

Tá sé de chúram ar an gcoiste leantach seo, a thagann le chéile ar bhonn rialta, gníomhaíochtaí éagsúla a reáchtáil i gcomhar le grúpaí sainleasa eacnamaíocha agus sóisialta de chuid thíortha ACC. Déanann an coiste leantach CESE a stiúradh maidir le comhlíonadh an tsainordaithe a tugadh dó faoi Airteagal 4 de Phrótacal 1 de Chomhaontú Comhpháirtíochta Cotonou, mar atá: "Is é Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta an Aontais Eorpaigh a eagróidh na cruinnithe comhairliúcháin agus cruinnithe d'oibreoirí eacnamaíocha agus sóisialta ACC-AE."

Is faoi fhreagracht Choiste Leantach ACC-AE atá sé freisin caidreamh agus gníomhaíochtaí ar an leibhéal Pan-Afracach a stiúradh (cruinnithe de ghrúpaí sainleasa eacnamaíocha agus sóisialta an Aontais Eorpaigh agus na hAfraice agus caidreamh le Coiste Eacnamaíoch, Sóisialta agus Cultúir an Aontais Afracaigh).

Downloads

Programme 2020-2023