An 8 Márta 2024, reáchtáil Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach comhdháil maidir le Galair neamhchoitianta san Aontas: gníomhaíocht chomhpháirteach a mhúnlóidh todhchaí na líonraí tagartha Eorpacha (cruinniú tosaigh den ghníomhaíocht chomhpháirteach JARDIN) sa Bhruiséil. Is é an sprioc a bhí léi tionscnamh comhpháirteach Eorpach maidir le galair neamhchoitianta a sheoladh d’fhonn na líonraí tagartha Eorpacha a chomhtháthú sna córais sláinte náisiúnta, sin agus institiúidí an Aontais, tíortha na hEorpa, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, comhlachais othar, eolaithe, cleachtóirí agus bainisteoirí ospidéil a thabhairt le chéile san am céanna.

Is minic córais sláinte an Aontais ar a lándícheall ag iarraidh (agus gan ag éirí leo i gcónaí) cúram ardcháilíochta cost-éifeachtach a chur ar fáil in éadan galair chasta neamhchoitianta nó íseal-leitheadúlachta a chuireann isteach ar shaol laethúil na saoránach Eorpach, is é sin thart ar 30 milliún duine san iomlán. Sin é an fáth a bhfuil sé tábhachtach leas a bhaint as acmhainneacht na líonraí tagartha Eorpacha, ós líonraí fíorúla de sholáthraithe cúraim sláinte ar fud na hEorpa iad a éascaíonn an plé ar ghalair chasta nó neamhchoitianta agus ar riochtaí a bhfuil cóireáil an-speisialaithe maille le comhroinnt eolais agus acmhainní ag teastáil ina gcomhair.

Is tionscadal é an ghníomhaíocht chomhpháirteach JARDIN lena ndéanfar na líonraí tagartha Eorpacha a chomhtháthú sna córais sláinte náisiúnta agus trína ndéanfar líonraí inbhuanaithe díobh. Faoi scáth an tionscadail seo, déanfar conairí náisiúnta othar atá nasctha leis na líonraí tagartha Eorpacha agus struchtúir le haghaidh othair neamhdhiagnóisithe a fhorbairt maille le líonraí tagartha náisiúnta a fhreagraíonn do na líonraí tagartha Eorpacha agus a chomhlánaíonn iad.

Tá na 27 mBallstát páirteach sa tionscadal chomh maith leis an Iorua agus an Úcráin. Is í an Ostair comhordaitheoir an tionscadail agus tá maoiniú iomlán EUR 18.75 milliún curtha ar fáil ina chomhair (EUR 15 mhilliún ón Aontas agus EUR 3.75 milliún ó na Ballstáit), maoiniú a mhairfidh go ceann trí bliana. Ar bhonn na dtorthaí a bhfuiltear ag súil leo ó JARDIN, ina measc moltaí, treoirphleananna agus tuarascálacha ó threoirthionscadail nithiúla, ba cheart go bhféadfaí pleananna náisiúnta ní b’fhearr a chur i ngníomh d’fhonn troid in aghaidh galair neamhchoitianta i mBallstáit an Aontais. (mp)