Agus na chéad toghcháin Eorpacha eile thart ar dhá mhí uainn, tá méadú ar a thábhachtaí atá an bhréagaisnéis i saol polaitiúil na hEorpa mar gheall ar an tionchar tromchúiseach a d’fhéadfadh a bheith aici ar thorthaí na dtoghchán.

Le blianta beaga anuas, tá iarmhairtí díobhálacha na bréagaisnéise ina n-ábhar imní don phobal i gcoitinne, agus do pholaiteoirí go háirithe. Tá amhras á chaitheamh ar an tsochaí dhaonlathach agus ar an modh maireachtála ilchultúrtha atá againn. Tá comhghuaillíochtaí á gcruthú ag antoisceachas na heite deise, fórsaí antoisceacha eile na hEorpa agus réimis uathlathacha eile i dtríú tíortha chun feachtais bhréagaisnéise a chur i gcrích a bhaineann an bonn den fhiontar Eorpach, agus tá na meáin shóisialta agus algartaim á n-úsáid acu chuige sin. An teicneolaíocht is ea príomhuirlis an fheachtais mhailísigh sin.

Tá gá le straitéis ilghnéitheach chun an daonlathas a chosaint agus chun fadhb na bréagaisnéise a shárú, agus is leis an teicneolaíocht atá ann cheana is féidir linn sin a dhéanamh. Tá sé ríthábhachtach comhordú éifeachtach a bheith ann idir na trí réimse den chomhrac digiteach, is iad sin an bhréagaisnéis, bagairtí hibrideacha agus an chibearshlándáil d’fhonn sineirgí a chruthú agus an tslándáil a fheabhsú, agus an smacht reachta á urramú san am céanna.

Ar an gcuma chéanna, tá sé ríthábhachtach cruthú agus oibriú algartam a rialáil ionas gur féidir le daoine cinneadh a dhéanamh glacadh le gnéithe algartamacha áirithe nó diúltú dóibh, agus an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir cearta bunúsacha daoine ar thaobh amháin, agus cearta maoine intleachtúla cuideachtaí ar an taobh eile. Níl sé inghlactha, áfach, do chuideachtaí teicneolaíochta tairbhe a bhaint dóibh féin as an ionramháil agus an fhuathchaint. Ní féidir le leasanna príobháideacha an lámh in uachtar a fháil ar leas an phobail.

Maidir le faisnéis phoiblí, iolraíoch agus neamhspleách i dteangacha uile an Aontais, tá sé ríthábhachtach go gcuirfear fíricí doshéanta in iúl a bhaineann le faisnéis náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil a scaipeadh sna Ballstáit.

Ar an gclár oibre tá sé i gceist rochtain a éascú d’Eorpaigh ar fhaisnéis a theastaíonn uathu chun roghanna eolasacha a dhéanamh trí chainéal nuachta Eorpach a chur ar bun, cainéal a bheidh ar fáil ar ardáin éagsúla agus a mbeidh neamhspleáchas eagarthóireachta mar bhonn taca leis. Ní mór an iriseoireacht a aicmiú mar leas poiblí Eorpach, de réir mholadh UNESCO, agus bealaí a fhorbairt chun iriseoirí a chosaint.

Maidir le cúrsaí litearthachta agus cumhacht a thabhairt don phobal i gcoitinne, tá sé ríthábhachtach dea-shampla na Fionlainne a leanúint maidir le smaointeoireacht chruthaitheach an duine a chur chun cinn. Chuige sin, tá gá le bearta lena gcuirtear uirlisí ar fáil chun litearthacht sna meáin, litearthacht chultúrtha agus litearthacht dhaonlathach a chur chun cinn ar gach leibhéal oideachais agus do gach aoisghrúpa agus do mhionlaigh.

Is é rialtas an phobail arna eagrú ag an bpobal atá i gceist leis an daonlathas, agus is é an bealach is fearr chun é a chosaint toil láidir na ndaoine a chur in iúl go dteastaíonn uathu maireachtáil i gcóras daonlathach!

Is é an múnla sóisialta Eorpach – leis an gcuimsiú sóisialta agus réigiúnach mar aon leis an gcomhtháthú, an comhionannas agus an dlúthpháirtíocht – an bealach is éifeachtaí (agus is réasúnaí) chun a chur ina luí ar dhaoine go bhfuil a bhfolláine i gcoitinne fite fuaite leis an daonlathas, chun go mbeidh fonn orthu, dá bhrí sin, an bhréagaisnéis a chomhrac.

D’fhonn an daonlathas a chosaint, tá géarghá le cur chuige níos doimhne, le straitéis iomlánaíoch agus le rialáil Eorpach níos fearr i dtaca leis an iliomad gnéithe den fheiniméan seo. Déantar plé ar an méid sin ar fad i dtuairim TEN/830.

Carlos Trindade, comhalta de CESE