I dtuairim féintionscnaimh a glacadh ag seisiún iomlánach mhí Dheireadh Fómhair, leag CESE amach bearta chun an fhógraíocht a chur in oiriúint do na dúshláin a bhaineann leis an athrú aeráide agus leis an téarnamh iarphaindéimeach agus, ag an am céanna, chun ról tábhachtach na fógraíochta i ngeilleagar agus i gcultúr na hEorpa a chur chun cinn.

Molann Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa creat le haghaidh tionscal fógraíochta nua-aimseartha a mbeadh ról ríthábhachtach aige i ndáil le fás eacnamaíoch, poist a chruthú agus tacú le cultúr na hEorpa, agus a bheadh ina uirlis iontaofa maidir le tomhaltas freagrach.

De réir staidéir éagsúla, dá mhéad a chaitear ar an bhfógraíocht is ea is mó an borradh a chuirfear faoi gheilleagar na hEorpa. D’fhéadfadh borradh idir cúig agus seacht n-oiread a bheith i gceist. Scaiptear táirgí agus seirbhísí nua, méadaítear an iomaíocht agus maoinítear rochtain phoiblí ar na meáin, ar ealaín agus ar spórt. Ag an am céanna, áfach, is minic a cháintear tionscal na fógraíochta as an ró-thomhaltas a chur chun cinn agus as tionchair dhiúltacha a bheith aige ar an tsochaí agus ar an gcomhshaol.

Táimid ag iarraidh bealaí a fhiosrú maidir le conas ba cheart don tionscal sin forbairt, ionas go leanfaidh sé de bheith éifeachtúil agus chun a áirithiú, ag an am céanna, nach dtiocfaidh a fhorbairt salach ar an bhforbairt inbhuanaithe’, a mhínigh Thierry Libaert, rapóirtéir na tuairime sin.

Iarrann CESE ar ghnólachtaí agus ar ghníomhaireachtaí plé a bheith acu maidir le conas is féidir leo a gcuid astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % faoi 2030 agus conas is féidir leo an neodracht ó thaobh carbóin de a bhaint amach faoi 2050.

Ba cheart an inbhuanaitheacht a ionchorprú i ngach feachtas fógraíochta. I dtéarmaí praiticiúla, d’fhéadfaí oibreoirí fógraíochta a spreagadh chun ídiú fuinnimh clár fógraí digiteach a laghdú agus iad a dhéanamh níos in‑athchúrsáilte. D’fhonn na tionchair a bhíonn ag an bhfógraíocht chlóite ar an gcomhshaol a theorannú, d’fhéadfadh gnólachtaí bogadh i dtreo úsáid a bhaint as páipéar a bhfuil lipéid PEFC agus FSC air agus a tháirgtear ó fhoraoisí atá á mbainistiú go hinbhuanaithe agus as dúigh a bhfuil leibhéal tocsaineachta íseal acu. Chomhlíonfadh an méid sin caighdeáin REACH EU agus GreenGuard.

D’fhéadfadh cleachtais fógraíochta tomhaltóirí a spreagadh chun a lorg comhshaoil comhchoiteann a laghdú. Mar shampla, d’fhéadfadh fógraí comhroinnt carranna a spreagadh trí níos lú tiománaithe a thaispeáint ina gcarranna ina n-aonar. Ba cheart dea-chleachtais a threisiú trí bhéim níos láidre a chur ar shaincheisteanna comhshaoil i gcúrsaí ollscoile atá dírithe ar ghairmeacha cumarsáide.

Tá sé thar am léirithe míthreoracha a phlé, amhail táirgí aon úsáide díobhálacha a chur i láthair mar tháirgí ‘inbhuanaithe’. Fuarthas amach i staidéar a rinne údaráis náisiúnta tomhaltóirí agus an Coimisiún Eorpach go bhfuil 42 % de mhaímh faoi tháirgí ‘glasa’ a bhíonn ar shuíomh gréasáin comhlachtaí bréagach nó áibhéalach.

Áitíonn CESE go dtabharfaí cumhacht do níos mó tomhaltóirí táirgí a shainaithint a bhfuil fíorlaghdú déanta ar a dtionchar ar an gcomhshaol, dá mbeadh comhaontú níos forleithne i measc lucht na fógraíochta maidir le faisnéis fhíorasach agus chruinn a chur ar fáil. I ndáil leis an méid sin, tá ról ag an gCoimisiún Eorpach oibriú i dtreo rialáil uile-Aontais a thacaíonn le tionscal na fógraíochta an bhréagaisnéis a chomhrac.

Leis an gcur chuige sin, ba cheart dreasachtaí a sholáthar d’fhógróirí cloí leis na caighdeáin sin. Dá gcuirfí tacaíocht ar fáil chuige sin, laghdófaí an baol go ndéanfadh fógróirí aistriú i dtreo cuideachtaí teicneolaíochta eachtracha a rialaíonn cuid mhór de na córais fógraíochta digiteacha agus neartófaí tionscal a bhfanfadh i gcroílár aistriú na hEorpa chuig tomhaltas níos inbhuanaithe. (dm)