Le Andrej Zorko (Grúpa na nOibrithe) rapóirtéir na tústuairime Príomhghnéithe d’obair inbhuanaithe ardcháilíochta le linn an téarnaimh agus ina dhiaidh
Tá cáilíocht na hoibre ar na bunghnéithe de cháilíocht saoil. Caithfear cloí leis an bprionsabal ‘cáilíocht na oibre ar mhaithe leis an gcáilíocht saoil’ ag gach uile céim, ó tá sé ina réamhriachtanas don fhorbairt inbhuanaithe shóisialta.
Creideann CESE go láidir gur cheart aird ar leith a thabhairt air sin i mbeartais AE, mar go gcaithfidh sé na rioscaí a bhaineann leis an neamhionannas, leis an mbochtaineacht, leis an eisiamh sóisialta agus leis an iomaíocht éagórach a chosc. Dar le CESE, ní mór an téarnamh eacnamaíoch agus an téarnamh sóisialta a bheith fite fuaite le chéile.
Ba cheart aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna agus na dúshláin atá ann i gcomhréir le prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe Chlár Oibre 2030. Ba chóir caighdeáin idirnáisiúnta EIS maidir le hobair chuibhiúil a bhreithniú chomh maith, mar aon leis an gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
Aithníonn CESE ilchineálacht an choincheapa d’obair inbhuanaithe ardcháilíochta agus a ilghnéithí atá sé, agus tugann sé le fios go mbíonn comhchodanna éagsúla in obair den sórt sin a théann i bhfeidhm, go díreach nó go hindíreach, ar cháilíocht saoil daoine, ar chearta oibrithe agus ar shlándáil shóisialta oibrithe.
Ba cheart dálaí oibre córa iomaíocha a áirithiú do gheilleagar na hEorpa, infheistíocht a dhéanamh sa nuáil agus san fhorbairt, bac a chur ar an dumpáil shóisialta, cruthú post a spreagadh agus dálaí oibre córa agus dreasachtaí iomchuí a chur chun cinn. Ba cheart na nithe sin uile a bheith ar na príomhghnéithe de straitéisí an Aontais Eorpaigh agus na mBallstát agus d’fheadfadh siad cion suntasach a dhéanamh chun cur le cáilíocht na hoibre.
I dtaca leis sin de, tá idirphlé sóisialta éifeachtach (idir idirphlé dépháirteach agus idirphlé trípháirteach) ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta ríthábhachtach. Molann CESE leas a bhaint as ábhar traidisiúnta an idirphlé shóisialta chun ábhar eile níos straitéisí atá dírithe ar an inbhuanaitheacht agus ar réitigh a chur san áireamh. D’fhéadfaí a áireamh leis sin, mar shampla, riachtanais thodhchaí cuideachtaí agus oibrithe a mbeadh inniúlachtaí agus scileanna áirithe acu a thuar, gníomhaíochtaí comhpháirteacha chun oiliúint a chur ar oibrithe, agus aistriú cóir chuig an ngeilleagar glas agus an geilleagar digiteach a áirithiú, agus réitigh chothromaithe le haghaidh obair na n-ardán a rialú agus a fhorbairt, mar aon le saincheisteanna tábhachtacha forbartha eile den sórt céanna.
Tugann CESE dá aire nach ndíríonn an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta go díreach ar phríomhghnéithe na hoibre ardcháilíochta, agus iarrann sé ar an gCoimisiún ar an ábhar sin cur leis an gcuid sin den tsaoráid. Níor cheart neamhaird a thabhairt ar ghrúpaí leochaileacha, amhail oibrithe forbhásacha agus oibrithe óga, óir is iad is measa a buaileadh leis an bpaindéim.
Ar deireadh, is féidir tátal a bhaint as gur ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit agus ar na comhpháirtithe sóisialta Eorpacha agus náisiúnta atá an fhreagracht aird bhreise a thabhairt ar an obair chuibhiúil agus ardcháilíochta agus bearta a phleanáil agus a chur chun feidhme ar mhaithe le hobair inbhuanaithe ardcháilíochta a chinntiú, agus an méid sin a dhéanamh i gcomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha uile eile.