Skip to main content
Newsletter Info

EESC info

European Economic and Social Committee A bridge between Europe and organised civil society

OCTOBER 2021 | GA

GENERATE NEWSLETTER PDF

Available Languages:

  • BG
  • CS
  • DA
  • DE
  • EL
  • EN
  • ES
  • ET
  • FI
  • FR
  • GA
  • HR
  • HU
  • IT
  • LT
  • LV
  • MT
  • NL
  • PL
  • PT
  • RO
  • SK
  • SL
  • SV
Editorial

Aon bhliain amháin ó thosaigh CESE an téarma oifige nua: an chéad deis chun breithniú a dhéanamh

Aon bhliain amháin ó thosaigh CESE an téarma oifige nua: an chéad deis chun breithniú a dhéanamh

Is cuimhin linn ar fad an lá a sheolamar an téarma nua: ba é an 28 Deireadh Fómhair 2020 a bhí ann. Bhí an phaindéim faoi lán seoil agus bhí an seisiún iomlánach le reáchtáil ar líne. Ba thréimhse fhíorait í; bhí cuma éiginnte ar an todhchaí; ní raibh fhios ag duine ar bith cén uair nó cén chaoi a gcuirfí vacsaín ar fáil, ach d’éirigh linn tús a chur lenár gcuid oibre.

Read more in all languages

Aon bhliain amháin ó thosaigh CESE an téarma oifige nua: an chéad deis chun breithniú a dhéanamh

Is cuimhin linn ar fad an lá a sheolamar an téarma nua: ba é an 28 Deireadh Fómhair 2020 a bhí ann. Bhí an phaindéim faoi lán seoil agus bhí an seisiún iomlánach le reáchtáil ar líne. Ba thréimhse fhíorait í; bhí cuma éiginnte ar an todhchaí; ní raibh fhios ag duine ar bith cén uair nó cén chaoi a gcuirfí vacsaín ar fáil, ach d’éirigh linn tús a chur lenár gcuid oibre.

Bhí géarchéim dhomhanda sláinte ann de dheasca na paindéime, cailleadh na milliúin daoine, agus tháinig géarchéim dhomhanda eacnamaíoch chun cinn a bhfuilimid fós ag iarraidh í a shárú. Ag an bpointe criticiúil seo, bhí neart agus diongbháilteacht ag an Aontas Eorpach chun bearta nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe a ghlacadh go pras. Ó thaobh na sláinte de, thacaigh soláthar soláthairtí leighis agus trealaimh cosanta agus na bearta a rinneadh maidir le vacsaíní lenár seirbhísí sláinte náisiúnta. Ó thaobh an gheilleagair agus an airgeadais de, tá bearta éigeandála agus maoiniú nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe curtha i bhfeidhm ag an Aontas, lena n-áirítear SURE chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú, NextGenerationEU agus an Plean Téarnaimh don Eoraip.

Anuas air sin, tá borradh tagtha ar eachtraí a bhaineann leis an athrú aeráide le bliain anuas: tinte sa Fhrainc, san Iodáil agus sa Ghréig, tuilte sa Bheilg, san Ísiltír agus sa Ghearmáin, agus leá oighearshruthanna sa Ghraonlainn. Cosúil le corp an duine, tá comharthaí soiléire faoi staid a shláinte á gcur amach ag an gcomhshaol. Tá an tsochaí dírithe anois ar na saincheisteanna sin agus tá daoine níos feasaí ná riamh. Is príomhghníomhaithe iad daoine óga sna cathanna sin, leis an ngluaiseacht ‘an Aoine don Todhchaí’ lena n-iarrtar ar pholaiteoirí bearta inláimhsithe agus tráthúla a dhéanamh chun todhchaí an phlainéid a chinntiú. Tá an Coimisiún Eorpach tar éis spreagadh nua a thabhairt dá bheartas comhshaoil leis an gComhaontú Glas: táimid ar an mbóthar ceart.

Le roinnt míonna anuas, rinneadh an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa a sheoladh: is deis iontach é seo do shaoránaigh a dtuairimí a nochtadh maidir le múnlú an Aontais Eorpaigh.

Bhí dlúthbhaint ag CESE leis an dá shaincheist sin. Rinneadh tuairimí agus ráitis maidir leis an Aontas Sláinte, NextGenerationEU, an Comhaontú Glas agus maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a tharraingt suas agus a chur chuig na hinstitiúidí. Tá guth ag saoránaigh, oibrithe, fiontraithe agus an tsochaí shibhialta eagraithe ina n-iomláine, agus ní mór éisteacht leo.

I mí Mheán Fómhair, thug an tUachtarán von der Leyen cuireadh do churadh Para-Oilimpeach na hIodáile, Bebe Vio teacht chuig a haitheasc ar Staid an Aontais: bean óg a throid i gcoinne, agus a sháraigh, gach cineál deacrachta ó bhí sí óg. Ba cheart dúinn ar fad, na glúnta óga go háirithe, spreagadh a fháil ón méid a bhí le rá aici, agus Aontas Eorpach á fhorbairt againn a mbeidh an dlúthpháirtíocht agus an éagsúlacht lárnach ann: ‘Más cosúil nach féidir é a dhéanamh, is amhlaidh is féidir é a dhéanamh.’

Giulia Barbucci, Leas-Uachtarán CESE

 

Diary Dates

27-28 Deireadh Fómhair 2021, an Bhruiséil

Fóram Eorpach um Imirce – an 6ú cruinniú

31 Deireadh Fómhair – 12 Samhain 2021, Glaschú

COP 26 – Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide

18-19 Samhain 2021, Liospóin

Seimineár ‘An tAontas Eorpach a nascadh le chéile’

8-9 Nollaig 2021, an Bhruiséil

Seisiún iomlánach de chuid CESE

Duais na Sochaí Sibhialta – searmanas bronnta CESE 2021

Straight to the point!

Díreach go dtí an pointe!

Fáilte chuig ár gcolún nua ‘Díreach go dtí an pointe’, ina gcuirimid ceist ar chomhaltaí CESE faoi ábhair, tuairimí nó imeachtaí tábhachtacha de chuid an Aontais Eorpaigh a mbíonn tionchar acu ar an ngnáthshaol san Aontas. This time we give the floor to Andrej Zorko, rapporteur of the exploratory opinion "Key components of sustainable quality work during and after recovery", requested by the Slovenian Presidency of the EU and adopted at the EESC's September plenary session.

 

Read more in all languages

Welcome to our new column "Straight to the point", in which we ask EESC members about important EU topics, opinions or events that have an impact on everyday life in the EU. This time we give the floor to Andrej Zorko, rapporteur of the exploratory opinion "Key components of sustainable quality work during and after recovery", requested by the Slovenian Presidency of the EU and adopted at the EESC's September plenary session.

Andrej Zorko goes straight to the point and explains why the principle of quality of work for quality of life must be upheld at all stages during and after recovery from the COVID-19 crisis. Cén fáth a leagann CESE an-bhéim ar an smaoineamh seo agus cén fáth a gceapann sé gur cheart aird ar leith a thabhairt air i mbeartais an an Aontais Eorpaigh?

Ní mór seasamh leis an bprionsabal ‘cáilíocht na oibre ar mhaithe leis an gcáilíocht saoil’

Le Andrej Zorko (Grúpa na nOibrithe) rapóirtéir na tústuairime Príomhghnéithe d’obair inbhuanaithe ardcháilíochta le linn an téarnaimh agus ina dhiaidh

 

Read more in all languages

Le Andrej Zorko (Grúpa na nOibrithe) rapóirtéir na tústuairime Príomhghnéithe d’obair inbhuanaithe ardcháilíochta le linn an téarnaimh agus ina dhiaidh

Tá cáilíocht na hoibre ar na bunghnéithe de cháilíocht saoil. Caithfear cloí leis an bprionsabal ‘cáilíocht na oibre ar mhaithe leis an gcáilíocht saoil’ ag gach uile céim, ó tá sé ina réamhriachtanas don fhorbairt inbhuanaithe shóisialta.

Creideann CESE go láidir gur cheart aird ar leith a thabhairt air sin i mbeartais AE, mar go gcaithfidh sé na rioscaí a bhaineann leis an neamhionannas, leis an mbochtaineacht, leis an eisiamh sóisialta agus leis an iomaíocht éagórach a chosc. Dar le CESE, ní mór an téarnamh eacnamaíoch agus an téarnamh sóisialta a bheith fite fuaite le chéile.

Ba cheart aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna agus na dúshláin atá ann i gcomhréir le prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe Chlár Oibre 2030. Ba chóir caighdeáin idirnáisiúnta EIS maidir le hobair chuibhiúil a bhreithniú chomh maith, mar aon leis an gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

Aithníonn CESE ilchineálacht an choincheapa d’obair inbhuanaithe ardcháilíochta agus a ilghnéithí atá sé, agus tugann sé le fios go mbíonn comhchodanna éagsúla in obair den sórt sin a théann i bhfeidhm, go díreach nó go hindíreach, ar cháilíocht saoil daoine, ar chearta oibrithe agus ar shlándáil shóisialta oibrithe.

Ba cheart dálaí oibre córa iomaíocha a áirithiú do gheilleagar na hEorpa, infheistíocht a dhéanamh sa nuáil agus san fhorbairt, bac a chur ar an dumpáil shóisialta, cruthú post a spreagadh agus dálaí oibre córa agus dreasachtaí iomchuí a chur chun cinn. Ba cheart na nithe sin uile a bheith ar na príomhghnéithe de straitéisí an Aontais Eorpaigh agus na mBallstát agus d’fheadfadh siad cion suntasach a dhéanamh chun cur le cáilíocht na hoibre.

I dtaca leis sin de, tá idirphlé sóisialta éifeachtach (idir idirphlé dépháirteach agus idirphlé trípháirteach) ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta ríthábhachtach. Molann CESE leas a bhaint as ábhar traidisiúnta an idirphlé shóisialta chun ábhar eile níos straitéisí atá dírithe ar an inbhuanaitheacht agus ar réitigh a chur san áireamh. D’fhéadfaí a áireamh leis sin, mar shampla, riachtanais thodhchaí cuideachtaí agus oibrithe a mbeadh inniúlachtaí agus scileanna áirithe acu a thuar, gníomhaíochtaí comhpháirteacha chun oiliúint a chur ar oibrithe, agus aistriú cóir chuig an ngeilleagar glas agus an geilleagar digiteach a áirithiú, agus réitigh chothromaithe le haghaidh obair na n-ardán a rialú agus a fhorbairt, mar aon le saincheisteanna tábhachtacha forbartha eile den sórt céanna.

Tugann CESE dá aire nach ndíríonn an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta go díreach ar phríomhghnéithe na hoibre ardcháilíochta, agus iarrann sé ar an gCoimisiún ar an ábhar sin cur leis an gcuid sin den tsaoráid. Níor cheart neamhaird a thabhairt ar ghrúpaí leochaileacha, amhail oibrithe forbhásacha agus oibrithe óga, óir is iad is measa a buaileadh leis an bpaindéim.

Ar deireadh, is féidir tátal a bhaint as gur ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit agus ar na comhpháirtithe sóisialta Eorpacha agus náisiúnta atá an fhreagracht aird bhreise a thabhairt ar an obair chuibhiúil agus ardcháilíochta agus bearta a phleanáil agus a chur chun feidhme ar mhaithe le hobair inbhuanaithe ardcháilíochta a chinntiú, agus an méid sin a dhéanamh i gcomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha uile eile.

“Ceist amháin do...”

Ceist amháin ar...

Inár roinn ‘Ceist amháin ar...’ iarraimid ar chomhaltaí CESE a bhfreagra a thabhairt ar cheist atá i mbéal an phobail agus a shíleann muid a bheith thar a bheith tábhachtach
D’eagrán mhí Dheireadh Fómhair, d’iarramar ar Ionuţ Sibian, Leas-Uachtarán ar an Rannóg um Chaidreamh Seachtrach agus Uachtarán Choiste Leantach an AE-na mBalcán Thiar trácht a dhéanamh ar aontachas thíortha na mBalcán Thiar amach anseo.

 

Read more in all languages

Inár roinn ‘Ceist amháin ar...’ iarraimid ar chomhaltaí CESE a bhfreagra a thabhairt ar cheist atá i mbéal an phobail agus a shíleann muid a bheith thar a bheith tábhachtach
D’eagrán mhí Dheireadh Fómhair, d’iarramar ar Ionuţ Sibian, Leas-Uachtarán ar an Rannóg um Chaidreamh Seachtrach agus Uachtarán Choiste Leantach an AE-na mBalcán Thiar trácht a dhéanamh ar aontachas thíortha na mBalcán Thiar amach anseo.

 

Is éard is ról don tsochaí shibhialta an bhearna idir saol na polaitíochta agus an pobal a dhúnadh

CESE info: Conas is féidir leis an tsochaí shibhialta cuidiú le próiseas na caibidlíochta agus le próiseas aontachais thíortha na mBalcán Thiar? Cén ról a bheidh ag Fóram na Sochaí Sibhialta um na Balcáin Thiar ina leith, ar fóram é a bhunaigh CESE?

 

 

Read more in all languages

CESE info: Conas is féidir leis an tsochaí shibhialta cuidiú le próiseas na caibidlíochta agus le próiseas aontachais thíortha na mBalcán Thiar?

Ionut Sibian: Tá CESE go mór den tuairim go bhfuil ról gníomhach ag an tsochaí shibhialta i bpróiseas an mhéadaithe, mar atá, an bhearna idir saol na polaitíochta agus an pobal a dhúnadh, agus is cuidiú í le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na bprionsabal bunúsach, amhail an tsaoirse cainte, an smacht reachta, neamhspleáchas na meán, an comhrac i gcoinne an éillithe agus cosc coinbhleachtaí leasa, lena chinntiú go bhfuil siad á gcur chun feidhme i ndáiríre.

Thug an Coiste seo againne a thacaíocht i gcónaí do rannpháirtíocht chórasach eagraíochtaí na sochaí sibhialta (ESSanna) sna próisis phleanála, chlársceidealúcháin, chur chun feidhme agus faireacháin a bhaineann le hathchóirithe aontachais. Ba cheart sin a bheith ina phrionsabal ab infheidhme ní hamháin maidir le rialtais na mBalcán Thiar agus a iarrfar orthu a chomhlíonadh, ach ba cheart d’institiúidí an Aontais féin é a chleachtadh freisin.

Sa tuairim ó CESE a réitíomar, An próiseas Aontachais a fheabhsú – Peirspictíocht Eorpach Inchreidte do na Balcáin Thiar, a glacadh i Márta 2021, molaimid don Choimisiún Eorpach aitheantas níos fearr a thabhairt don tsochaí shibhialta i gcomhthéacs na modheolaíochta nua agus ról níos mó a thabhairt di i bpróiseas an mhéadaithe. Ba chabhair é sin chun aghaidh a thabhairt ní hamháin ar dhúshláin pholaitiúla ach ar dhúshláin eacnamaíocha agus shóisialta freisin. Ar an ábhar sin, ba cheart na nithe seo a leanas, inter alia, a choinneáil mar thosaíochtaí maidir le cistiú ón Aontas: acmhainní na gcomhpháirtithe sóisialta agus ESSanna eile a fhorbairt ar an leibhéal náisiúnta, comhar réigiúnach a éascú agus saineolas a mhalartú.

Ar a mhuin sin, d’fhonn súil a choinneáil ar a thrédhearcaí agus a chuntasaí atá an scothaicme pholaitiúil sna Balcáin Thiar, ba cheart don Aontas Eorpacha tuarascálacha ‘comhthreomhara’ rialta a choimisiúnú ó na heagraíochtaí sochaí sibhialta sa réigiún maidir le staid an daonlathais. D’iarramar ar an gCoimisiún freisin múnla soiléir a leanúint sna tuarascálacha tírshonracha ina ‘Phacáiste um Méadú’ ar mhaithe le monatóireacht a dhéanamh ar an gcaoi a gcaitheann rialtais na mBalcán Thiar leis an tsochaí shibhialta, i gcomhréir le Treoirlínte agus Treoracha Straitéiseacha DG NEAR maidir le Tacaíocht AE don tSochaí Shibhialta sa Réigiún um Méadú don tréimhse 2021-2027. Dá thoradh sin, chuirfí bonn faoin bpróiseas lena bhféadfaí freagairt a thabhairt i bhfoirm gníomhaíochtaí polaitiúla i gcás ina sleamhnófaí siar, agus b’inbhraite na tairbhí a bheadh ann do na tíortha atá ag dul faoi phróiseas an mhéadaithe dá ndéanfaí dul chun cinn.

Cén ról a bheidh ag Fóram na Sochaí Sibhialta um na Balcáin Thiar ina leith, ar fóram é a bhunaigh CESE?

Is cuid den obair atá ar siúl ag CESE sna Balcáin Thiar é Fóram na Sochaí Sibhialta um na Balcáin Thiar. Is comhlánú é ar an obair dhéthaobhach atá ar bun aige cheana féin le tíortha atá i mbun idirbheartaíocht maidir lena n-aontachas leis an Aontas trí Chomhchoistí Comhairliúcháin na Sochaí Sibhialta, a bunaíodh ar an mbunús dlí dá bhforáiltear faoi na Comhaontuithe Cobhsaíochta agus Comhlachais.

Tá an Fóram Sochaí Sibhialta seo á reáchtáil uair sa dá bhliain ó 2006 i leith agus deis atá inti tuairimí a mhalartú maidir le staid reatha na sochaí sibhialta sa réigiún, na riachtanais atá aici agus an fhorbairt atá le déanamh uirthi amach anseo. Tugtar le chéile faoina scáth ESSanna ó thíortha na mBalcán Thiar, comhaltaí de chuid CESE, ionadaithe ó na Comhairlí Náisiúnta Eacnamaíocha agus Sóisialta agus institiúidí comhchosúla agus ionadaithe ó institiúidí AE agus eagraíochtaí idirnáisiúnta. Glacann rannpháirtithe an Fhóraim moltaí atá dírithe ar na húdaráis náisiúnta agus ar na hinstitiúidí Eorpacha. Reáchtáladh Fóram na bliana seo i Scóipé (an 30 Meán Fómhair agus an 1 Deireadh Fómhair) díreach sular tionóladh an Cruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus na Balcáin Thiar in Brdo na Slóivéine an 6 Deireadh Fómhair agus dáileadh dearbhú deiridh an Fhóraim ar na geallsealbhóirí uile roimh an gCruinniú Mullaigh. Cuirtear treoirlínte ar fáil sna moltaí freisin maidir leis an obair a dhéanfaidh CESE amach anseo i gcomhar leis an réigiún.

Ionut Sibian, Cathaoirleach an Choiste Leantaigh idir an tAontas Eorpach agus na Balcáin Thiar

Tugaigí buille faoi thuairim cén t-aoi atá againn...

An t-aoi speisialta

Uair sa mhí, cuirimid pearsa phoiblí ar leith i láthair, ar foinse inspioráide í a cuid oibre agus an tiomantas atá léirithe aici, dar le mórán. Is díol sásaimh dúinn aird a tharraingt ar dhaoine mór le rá ó shaol an chultúir, na polaitíochta agus na heolaíochta a bhféadfadh an méid atá déanta acu daoine eile a spreagadh chun gnímh. Is daoine iad seo a imríonn tionchar ar an saol mar atá agus a chabhraíonn lena athrú. In eagrán mhí Dheireadh Fómhair de nuachtlitir CESE info, labhraíomar leis an Ollamh Caroline Pauwels, Uachtarán Vrije Universiteit Brussel. Tharraing sí aird ar dhrochthionchar na paindéime ar an aos óg agus ar shaol na hollscoile. Lena chois sin, roinn sí trí phointe thábhachtacha maidir leis an saol i ndiaidh na paindéime agus maidir lena bhfuil i ndan do na mic léinn amach anseo.

Read more in all languages

Uair sa mhí, cuirimid pearsa phoiblí ar leith i láthair, ar foinse inspioráide í a cuid oibre agus an tiomantas atá léirithe aici, dar le mórán. Is díol sásaimh dúinn aird a tharraingt ar dhaoine mór le rá ó shaol an chultúir, na polaitíochta agus na heolaíochta a bhféadfadh an méid atá déanta acu daoine eile a spreagadh chun gnímh. Is daoine iad seo a imríonn tionchar ar an saol mar atá agus a chabhraíonn lena athrú.

In eagrán mhí Dheireadh Fómhair de nuachtlitir CESE info, labhraíomar leis an Ollamh Caroline Pauwels, Uachtarán Vrije Universiteit Brussel. Tharraing sí aird ar dhrochthionchar na paindéime ar an aos óg agus ar shaol na hollscoile. Lena chois sin, roinn sí trí phointe thábhachtacha maidir leis an saol i ndiaidh an paindéime agus maidir lena bhfuil i ndan do na mic léinn amach anseo.

Chuir an tOll. Caroline Pauwels tús lena dara téarma mar Uachtarán Vrije Universiteit Brussel i Meán Fómhair 2020. Rinne sí staidéar ar an bhfealsúnacht agus ar eolaíochtaí na cumarsáide, tá sí ag obair i Roinn na nEolaíochtaí Cumarsáide ó 1989, agus tá sí ina ceann roinne ann le cúpla bliain anuas. Bhain sí dochtúireacht amach in 1995 ach ar scríobh sí tráchtas ar bheartas closamhairc an Aontais Eorpaigh. Bhí sí ar an stiúir ar lárionad taighde SMIT ó 2000 go 2016, áit a ndéantar sainchúram de theicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide. Thosaigh sí ag obair leis an eagraíocht iMinds (IMEC anois) in 2004. Bhí sí ina ceann ar an Rannóg um an tSochaí Dhigiteach san eagraíocht sin, áit a dtugtar le chéile grúpaí taighde ó ollscoileanna i nGent, i Lovain agus sa Bhruiséil. Bhronn Ollscoil Ghent Ollúnacht Francqui uirthi ó 2012 go 2014. Tá seal caite aici ar bhoird stiúrthóirí éagsúla, ina coimisinéir rialtais leis an gcraoltóir VRT, agus is comhalta í d’Acadamh Ríoga Pléimeannach na Beilge um Eolaíocht agus um Ealaíon. (ehp)

Caroline Pauwels: An ollscoil mar a bhí tráth na paindéime agus mar atá anois bliain ina dhiaidh sin

Ag tús mhí Mheán Fómhair 2021, chuir mé féin agus reachtairí na gcúig ollscoil bhunaitheacha eile de chuid an líonra Eorpaigh Eutopia fáilte chun na Bruiséile roimh reachtairí trí ollscoil nua atá le bheith ina mbaill dár líonra. Bhí an-tábhacht ag baint leis an teacht le chéile sin ar chúiseanna éagsúla.
 

Read more in all languages

Ag tús mhí Mheán Fómhair 2021, chuir mé féin agus reachtairí na gcúig ollscoil bhunaitheacha eile de chuid an líonra Eorpaigh Eutopia fáilte chun na Bruiséile roimh reachtairí trí ollscoil nua atá le bheith ina mbaill dár líonra. Bhí an-tábhacht ag baint leis an teacht le chéile sin ar chúiseanna éagsúla.

Thar aon ní eile, is dócha gurbh amhlaidh sin toisc an deis a bhí againn bualadh le chéile go fisiciúil den chéad uair le roinnt mhaith míonna anuas. Nuair a bhí orainn cinneadh a dhéanamh faoi dhithneas i mí an Mhárta 2020 leanúint ar aghaidh le hobair na hollscoile ar líne, is dócha go rabhamar go léir ag súil leis gur socrú gearrthréimhseach a bheadh ann, de dheasca nárbh fhéidir le haon duine againn a shamhlú conas ó thalamh an domhain a d'fhéadfaí córas ollscoile a choimeád ar siúl ar líne. Ach ar chaoi éigin d’éirigh linn. Cuireadh oiliúint ar mhúinteoirí ar an toirt maidir le modhanna nua a úsáid chun a gcuid teagaisc a eagrú ar líne, dréachtaíodh prótacail chun gurbh fhéidir leanúint den obair riachtanach sna saotharlanna, agus cruthaíodh comhlachtaí rialaithe sealadacha nua chun an ollscoil a threorú le linn na tréimhse urghnáiche seo. D’éirigh linn toisc gur léirigh an oiread sin daoine dúthracht agus buanseasmhacht dhaingean. 

Is féidir neart ceachtanna a fhoghlaim ón tréimhse atá díreach imithe tharainn, ach ba mhaith liomsa aird a tharraingt ar thrí chinn díobh sin.

Ar an gcéad dul síos, is ann don éagothromaíocht. Is léir ó ghéarchéim COVID-19 gur fíor sin. Tá éagsúlacht mhór sa tsochaí maidir leis an mbaol atá ann go mbuailfear duine ar leith breoite nó go bhfaighidh an duine sin bás. Is iad siúd atá bocht, atá ar bheagán oideachais, ar de chine daite iad nó a bhfuil cúlra imirce acu, is iad is mó a bhí thíos leis an ngéarchéim seo. Tá an méid sin feicthe againn freisin i measc ár mac léinn féin. Conas is féidir páirt a ghlacadh sa ríomhoideachas agus gan ríomhaire agat ná spás chun dul i mbun stáidéir, nó nuair is gá duit na rudaí sin a roinnt le do shiblíní. Conas is féidir coinneáil suas le do chúrsaí nuair nach bhfuil sé d’acmhainn agat do bhillí a íoc, toisc nach bhfuil aon phoist ar fáil do mhic léinn. Is ann don éagothromaíocht agus is in olcas atá sí ag dul. Ar an dara dul síos, is glúin láidir acmhainneach í an ghlúin mac léinn seo.

Le bliain go leith anuas, tá éacht déanta acu, agus é sin faoi chúinsí fíordhúshlánacha uaireanta. Is ag smaoineamh ar ionadaithe na mac léinn go háirithe atáim. Ní háibhéil a rá go bhfuil comhbhainistiú déanta acu ar an ollscoil le bliain go leith anuas. Táim thar a bheith buíoch díobh as a ndearcadh úr, as an iliomad moltaí spreagúla atá déanta acu agus as an gcáineadh a rinne siad, a bhí géar ó am go chéile ach cóir agus fiúntach i gcónaí.

Ar an tríú dul síos, cé go bhfuil áthas orainn a bheith in ann filleadh ar an gcampas athuair, ba cheart dúinn seans níos fearr agus níos cothroime a thabhairt don fhoghlaim chumaisc, is é sin le rá, go dtarlódh an fhoghlaim sa seomra ranga, ar líne agus taobh amuigh den champas. Le fada an lá, tá ár gcur chuige oideolaíoch á bhunú againn ar an múinteoireacht údarásach ex cathedra. Ba cheart dúinn níos mó ama agus spáis a chur ar fáil don fhoghlaim neamhfhoirmiúil agus idirghníomhach. Is féidir leas a bhaint as an bhfoghlaim chumaisc chun an t-aistriú sin a chumasú.  
Fiú roimh ghéarchéim COVID-19, bhí ár n-ollscoil ag gluaiseacht cheana i dtreo cineálacha foghlama níos measctha. Tríd an tionscadal weKONEKT.brussels, chruthaíomar nasc idir ár mic léinn, ar thaobh amháin, agus cathair na Bruiséile, an réimse gairmiúil agus cleachtóirí, ar an taobh eile. Ní hamháin gur éirigh linn oideachas níos saibhre a chur ar fáil do na mic léinn, ach d’éirigh linn léargas níos réadúla a thabhairt dóibh ar an margadh saothair chomh maith, trí ranganna a reáchtáil i suíomhanna a bhí cosúil le hionaid oibre na mac léinn mar a bheidh amach anseo agus trí ról a thabhairt do chleachtóirí san oideachas. 

Tá an tsamhail seo á roinnt againn anois lenár gcomhpháirtithe Eutopia. Táimid den tuairim gurb é seo an bealach chun cinn chun a chinntiú go mbeidh ár mic léinn réidh don todhchaí nuair a bhainfidh siad céim amach agus go mbeidh na scileanna agus na hinniúlachtaí is gá acu chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bheidh rompu amach anseo. 

Caroline Pauwels
 

Herman van Rompuy: The old poet speaks gently

We are pleased to continue the publication of the series of haikus, under the common title "The old poet speaks gently", offered to us by their author, Herman van Rompuy, former president of the European Council.

Original version of haikus is in French.

Read more in all languages

We are pleased to continue the publication of the series of haikus, under the common title "The old poet speaks gently", offered to us by their author, Herman van Rompuy, former president of the European Council.

Original version of haikus is in French.
            ***
Summer slowly slips away
To the colours of autumn
The eternal charm

            ***
Butterflies fly
Without even knowing
In which countries they are

          ***
The light is still bright
The leaf hanging on the branch
Time slips away slowly

Herman van Rompuy : Le vieux poète parle doucement

Nous sommes heureux de poursuivre la publication de la série de haïkus, sous le titre commun "Le vieux poète parle doucement", que nous a offerts leur auteur, Herman van Rompuy, ancien président du Conseil européen.

 

Read more in all languages

Nous sommes heureux de poursuivre la publication de la série de haïkus, sous le titre commun "Le vieux poète parle doucement", que nous a offerts leur auteur, Herman van Rompuy, ancien président du Conseil européen.

            ***
L'été glisse lentement
Aux couleurs de l'automne
Le charme éternel

            ***
Les papillons volent
Sans même savoir
Dans quels pays ils sont

          ***
La lumière est encore vive
Le feuille suspendue à la branche
Le temps glisse lentement

 

EESC News

Dar leis an gCoimisinéir Elisa Ferreira agus le hUachtarán CESE, Christa Schweng, is gá an comhtháthú a bheith i gcroílár na hEorpa tar éis na paindéime

Tá an beartas comhtháthaithe ríthábhachtach chun fís nua a fhorbairt don Aontas Eorpach sa ré iar-COVID-19, fís a bheidh bunaithe ar rathúnas, ar chuimsiú agus ar an inbhuanaitheacht comhshaoil agus lena gcuirfear an tsochaí shibhialta eagraithe san áireamh go hiomlán. Ba é sin teachtaireacht Christa Schweng, Uachtarán CESE, agus Elisa Ferreira, an Coimisinéir Eorpach um Chomhtháthú agus um Athchóiriúcháin, ag seisiún iomlánaíoch CESE i mí Mheán Fómhair.

Read more in all languages

Tá an beartas comhtháthaithe ríthábhachtach chun fís nua a fhorbairt don Aontas Eorpach sa ré iar‑COVID‑19, fís a bheidh bunaithe ar rathúnas, ar chuimsiú agus ar an inbhuanaitheacht comhshaoil agus lena gcuirfear an tsochaí shibhialta eagraithe san áireamh go hiomlán. Ba é sin teachtaireacht Christa Schweng, Uachtarán CESE, agus Elisa Ferreira, an Coimisinéir Eorpach um Chomhtháthú agus um Athchóiriúcháin, ag seisiún iomlánaíoch CESE i mí Mheán Fómhair.

Ó thús ghéarchéim COVID-19, tá ról tábhachtach ag an mbeartas comhtháthaithe maidir le teacht ar réitigh le linn na tréimhse éigeandála. Ba cheart leanúint d’úsáid a bhaint as sa chlárthréimhse 2021-2027 chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin agus ar na héagothromaíochtaí laistigh de na Ballstáit, na réigiúin, na cathracha agus eatarthu, chomh maith le hidir daoine, ar measa a staid le linn na paindéime.

‘Tá ról lárnach ag an mbeartas comhtháthaithe maidir le téarnamh cothrom a áirithiú, téarnamh nach bhfágfar aon duine ar lár. Is cuid de dhlúth agus d’inneach an bheartais comhtháthaithe é prionsabal na comhpháirtíochta. Ba mhaith linn go gcuirfí an prionsabal sin i bhfeidhm maidir leis an ionstraim téarnaimh Next Generation EU agus maidir le cur chun feidhme na bPleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta. Ba cheart níos lú maorlathais a bheith i gceist leis an mbeartas comhtháthaithe agus ba cheart é a dhéanamh níos digitithe agus níos éifeachtaí’, arsa Christa Schweng.

Luaigh Elisa Ferreira go ndeachaigh na héagothromaíochtaí a bhí ann cheana in olcas agus gur cruthaíodh éagothromaíochtaí nua de dheasca ghéarchéim COVID-19. Dúirt sí go raibh tionchar aige sin go háirithe ar oibrithe ar an túslíne agus ar dhaoine leochaileacha, amhail daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas, daoine ar lú an rochtain atá acu ar sheirbhísí, agus na daoine ba mhó a bhí thíos le tionchair na dianghlasála, amhail mná agus daoine óga: ‘Ní bheidh an tAontas ach chomh láidir lena nasc is laige’. Ní mór aghaidh a thabhairt ar an méid sin agus éagothromaíochtaí a laghdú d’fhonn Aontas láidir agus rathúil a bhaint amach. Ní mór an chothroime shóisialta agus an chuimsitheacht a bheith i gcroílár an téarnaimh. Ní féidir linn saincheisteanna sóisialta a réiteach gan éagothromaíochtaí spásúla agus réigiúnacha a réiteach. ‘Ní mór dúinn na háiteanna ina bhfuil cónaí ar dhaoine a chur san áireamh’, a dúirt sí. (mp)

Ní mór saoirse na meán a choinneáil ag barr ár gcláir oibre

Tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) ag glacadh páirt in iarrachtaí an Aontais dul i ngleic leis an droch-chlaonadh atá ann saoirsí na meán a bheith ag dul i laghad agus srianta ar neamhspleáchas iriseoireachta a bheith ag dul i méid. Is ábhar mór imní an claonadh sin agus is é is cúis leis ná brú níos mó agus níos mó ó struchtúir éagsúla chumhachta agus ghnó, drochphá, comhchruinniú na húinéireachta ar na meáin agus borradh mór ar bhréagnuacht ar na meáin shóisialta agus ar mheáin eile.

Read more in all languages

Tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) ag glacadh páirt in iarrachtaí an Aontais dul i ngleic leis an droch-chlaonadh atá ann saoirsí na meán a bheith ag dul i laghad agus srianta ar neamhspleáchas iriseoireachta a bheith ag dul i méid. Is ábhar mór imní an claonadh sin agus is é is cúis leis ná brú níos mó agus níos mó ó struchtúir éagsúla chumhachta agus ghnó, drochphá, comhchruinniú na húinéireachta ar na meáin agus borradh mór ar bhréagnuacht ar na meáin shóisialta agus ar mheáin eile.

Bhí Julie Majerczak, ceann oifige Tuairisceoirí gan Teorainneacha sa Bhruiséil, agus Ricardo Gutiérrez, Ard-Rúnaí na Cónaidhme Eorpaí Iriseoirí, páirteach i ndíospóireacht a reáchtáladh le linn sheisiún iomlánach CESE i mí Mheán Fómhair. Chuir CESE in iúl lena linn gur údar imní iad na hionsaithe ó bhéal agus na hionsaithe coirp a dhírítear níos mó agus níos mó ar iriseoirí – dúnmharaíodh 16 dhuine acu ó 2015.

‘Ní féidir glacadh leis an treo a bhfuil cúrsaí ag dul san Eoraip. Is iad saoirse agus éagsúlacht na meán réamhchoinníollacha an daonlathais dhea-fheidhmiúil. Dá thoradh sin, is cúis imní dúinn go léir an scéal seo. Ní fhéadfaí ról na hiriseoireachta gairmiúla a chomhlíonadh riamh le halgartaim, le comhbhailiúchán nuachta nó le líonraí de chuid na meán sóisialta’ a dúirt Uachtarán CESE, Christa Schweng.

D'aontaigh CESE leis na tionscnaimh is déanaí ón gCoimisiún Eorpach, an Moladh maidir le Sábháilteacht Iriseoirí ina measc, a chuir an Coimisinéir Věra Jourová i láthair an tseachtain seo caite. Ba dhíol sásaimh dó an t-aitheasc ar Staid an Aontais Eorpaigh ó Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, inar fhógair sí a bhfuil beartaithe maidir leis an nGníomh Eorpach um Shaoirse na Meán.

Mar sin féin, sa tuairim Saoirse agus éagsúlacht na meán a ráthú san Eoraip, a glacadh sa seisiún iomlánach, d’iarr CESE ar an gCoimisiún rialacha coinníollachta ginearálta a chur i bhfeidhm agus smachtbhannaí buiséadacha a fhorchur gan mhoill ar na tíortha siúd a bhfuil saoirse agus iolrachas na meán i mbaol mór iontu.

Thug rapóirtéir na tuairime, Christian Moos, an rabhadh seo a leanas: ‘Ní leor moltaí maidir le cosaint agus sábháilteacht iriseoirí. Ní tráth faillí é seo. Caithfear na Ballstáit a chuireann bac le saoirse na meán a choinneáil amach as ionstraim théarnaimh an Aontais, Next Generation EU. Ní mór an rialachán maidir le coinníollacht a chur i bhfeidhm. Tá saoirse na meán á scriosadh d’aon ghnó ag an Ungáir agus ag an bPolainn, nó tá sí scriosta cheana féin acu. Tá ar rialtais na dtíortha sin an daonlathas agus an smacht reachta a chur i bhfeidhm arís. Mura ndéanfar amhlaidh, ní féidir leo leanúint de bheith ina mBallstáit den Aontas Eorpach. Ráthaítear i ndlí an Aontais an daonlathas agus an smacht reachta, agus is réamhchoinníoll riachtanach don dá rud í saoirse na meán.’

Chuir Julie Majerczak agus Ricardo Gutiérrez in iúl go dtacaíonn siad beirt leis an tuairim ó CESE agus le gníomhaíocht ón Aontas chun saoirse agus iolrachas na meán a chinntiú. Mar sin féin, chuir siad i bhfáth a thábhachtaí atá sé a áirithiú nach caint gan aird a bheidh i moltaí an Choimisiúin agus sa phlean atá beartaithe aige. (ll)

Tá an tsochaí shibhialta ríthábhachtach ó thaobh beart a dhéanamh de réir briathair - is díol sásaimh do Christa Schweng, Uachtarán CESE, na tosaíochtaí agus na huaillmhianta a leagadh amach san aitheasc ar Staid an Aontais

Is díol sásaimh do CESE na gnéithe seo a leanas d’aitheasc na bliana seo ar Staid an Aontais atá i dtiúin lena thosaíochtaí féin; an bhéim láidir ar théarnamh an Aontais, ar an Aontas Sláinte agus ar an digiteáil, an seasamh daingean maidir leis an smacht reachta a chosaint agus an bhéim ar thodhchaí na hEorpa.

Read more in all languages

Is díol sásaimh do CESE na gnéithe seo a leanas d’aitheasc na bliana seo ar Staid an Aontais atá i dtiúin lena thosaíochtaí féin; an bhéim láidir ar théarnamh an Aontais, ar an Aontas Sláinte agus ar an digiteáil, an seasamh daingean maidir leis an smacht reachta a chosaint agus an bhéim ar thodhchaí na hEorpa.

Tá sé mar thosaíocht ag CESE i gcónaí go gcuirfear na hathchóirithe a leagtar amach sna pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta i bhfeidhm, agus riachtanais na bhfostaithe, na n-oibreoirí agus na sochaí sibhialta go ginearálta á gcur san áireamh.

“Ní dhéanfar athchóirithe den sórt sin a iompú ina ngníomhaíochtaí ach amháin le rannpháirtíocht iomlán na sochaí sibhialta eagraithe,” a dúirt Christa Schweng, Uachtarán CESE.

Léiríodh leis an taighde tapa, an infhaighteacht agus an leathadh amach a bhain le vacsaíní COVID-19 go bhfuil ag éirí leis an Eoraip ina leith sin. Ceann de na príomhthosaíochtaí do théarma oifige reatha CESE is ea Aontas Sláinte dílis a chur ar bun mar a léirigh Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen.

Maidir le hinfheistíochtaí i dteicneolaíochtaí a bheidh ann amach anseo, cuireann CESE i dtábhacht nach mór don Aontas a fhís agus a straitéis féin a fhorbairt maidir le ceannasacht dhigiteach agus fanacht oscailte don tsaorthrádáil agus tacú leis an gcóras iltaobhach san am céanna.

Is díol sasaimh do Christa Schweng freisin seasamh daingean an Choimisiúin Eorpaigh maidir leis an smacht reachta. Ní mór dúinn luachanna na hEorpa a chosaint.

Don CESE, beidh rath mhúnla eacnamaíoch agus sóisialta na hEorpa amach anseo ag brath go mór ar ár gcumas dul i mbun comhpháirtíochta agus nasc a chruthú leis an gcuid eile den domhan, bíodh sin ár ndlúthchomharsana sna Balcáin Thiar nó comhpháirtithe straitéiseacha geopholaitiúla eile. (at)

Caithfidh torthaí follasacha a bheith ar thiomantas athnuaite an Aontais chun an gháinneáil ar dhaoine a chomhrac

Tacaíonn CESE, ar an iomlán, le straitéis nua 2021-2025 an Aontais in aghaidh na gáinneála ar dhaoine. Mar sin féin, tarraingíonn sé aird ar an ngá atá leis an ngné shóisialta a chur san áireamh inti.

Read more in all languages

Tacaíonn CESE, ar an iomlán, le straitéis nua 2021-2025 an Aontais in aghaidh na gáinneála ar dhaoine. Mar sin féin, tarraingíonn sé aird ar an ngá atá leis an ngné shóisialta a chur san áireamh inti.

Ó thaobh chearta na n-íospartach agus na gné sóisialta de, ní leor an méid atá i straitéis nua an Aontais maidir le cur i gcoinne na gáinneála. Dar le CESE, ní láimhseáiltear cás na n-íospartach ar bhealach atá daonnachtúil i gcónaí inti.

Ar an ábhar sin, bhí an méid seo a leanas le rá ag rapóirtéir CESE, Carlos Manuel Trindade:‘Is uafásach an méid a fhulaingíonn siadsan a ndéantar gáinneáil orthu: ionsaí ar an dínit atá ann. Mar gheall air sin, is gá an ghné shóisialta a chur san áireamh sa chomhrac seo.’

Tá an méid airgid a dhéantar ar an ngáinneáil agus an líon daoine atá thíos léi araon ag dul i méid. Dá bharr sin, is díol sásaimh do CESE go dteastaíonn ón gCoimisiún go gcuirfí an Treoir maidir le Frithgháinneáil chun feidhme sna Ballstáit go léir agus go ndéanfaí athbhreithniú uirthi de réir measúnú críochnúil ar na lochtanna atá uirthi agus ar na hathruithe a thagann ar réimse na gáinneála ar dhaoine.

Lena chois sin, cuireann CESE i bhfios an gá atá leis na smachtbhannaí a fheabhsú. Tá sé i bhfabhar freisin caighdeáin íosta a chur ar bun ar leibhéal an Aontais chun líonraí a choiriúlú a bhfuil baint acu le cuid ar bith de phróiseas na gáinneála agus an teacht i dtír ar dhaoine.

An ghné shóisialta a chur san áireamh i gcur chun feidhme na straitéise

Teip ghlan atá sa straitéis ó thaobh foráil a dhéanamh maidir le cearta na n-íospartach a aithint agus a fhorfheidhmiú, ar gnéithe ríthábhachtacha den scéal iad agus an fód á sheasamh ar son dhínit agus chearta an duine. Níor mhór an ceart a dheonú do na híospartaigh a bheith lánpháirtithe sa tsochaí óstach trí mhearphróiseas lánpháirtíochta iomchuí.

Cuirtear i bhfios sa tuairim freisin an gá atá le dálaí eacnamaíocha agus sóisialta fiúntacha fónta a chruthú don phobal sna tíortha tionscnaimh, óir is amhlaidh is fearr a chuirfear srian nó cosc le gabháil na n-íospartach gáinneála.

Ar deireadh, ba cheart aitheantas a thabhairt sa straitéis nua don tacaíocht shuntasach a chuireann líonraí dlúthpháirtíochta an phobail ar fáil chun íospartaigh a chosaint, chun fáilte a chur rompu agus chun iad a thabhairt isteach sa tsochaí. Ba cheart aitheantas a thabhairt freisin do dhea-obair eagraíochtaí na sochaí sibhialta. (at)

D’fhéadfadh filleadh deonach a bheith ina shofhriotal chun tagairt don díbirt

Ba dhíol sásaimh do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) iarrachtaí an Choimisiúin comhchuibhiú a dhéanamh ar na bearta lena rialaítear filleadh deonach imirceach agus a n-ath-lánpháirtiú ina dtír thionscnaimh, ach dúirt sé go raibh amhras air faoi roinnt de na tograí a cuireadh chun cinn agus chuir sé imní in iúl go bhféadfadh sé gurbh ionann filleadh deonach agus díbirt imirceach ón Aontas Eorpach.

Read more in all languages

Ba dhíol sásaimh do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) iarrachtaí an Choimisiúin comhchuibhiú a dhéanamh ar na bearta lena rialaítear filleadh deonach imirceach agus a n-ath-lánpháirtiú ina dtír thionscnaimh, ach dúirt sé go raibh amhras air faoi roinnt de na tograí a cuireadh chun cinn agus chuir sé imní in iúl go bhféadfadh sé gurbh ionann filleadh deonach agus díbirt imirceach ón Aontas Eorpach.

Chuir CESE i bhfáth nach raibh an filleadh deonach éifeachtach den chuid is mó toisc nach raibh na tíortha tionscnaimh rannpháirteach go leordhóthanach agus toisc drogall a bheith ar imircigh i staid neamhrialta filleadh abhaile.

Cuireadh seasamh CESE in iúl sa tuairim Straitéis maidir le filleadh deonach agus ath-lánpháirtiú a glacadh ag seisiún iomlánach mhí Mheán Fómhair, ina ndearna an Coiste mionscrúdú ar an straitéis arb í ceann de phríomhchuspóirí an Chomhshocraithe Nua maidir le hImirce agus Tearmann.

D’athdhearbhaigh CESE an cáineadh a rinne siad cheana ar an gComhshocrú inar díríodh go huile is go hiomlán, geall leis, ar staideanna neamhrialta a chomhrac ag an teorainn trí bhíthin filleadh deonach agus éigeantach, agus nach gcuirtear cur chuige cuimsitheach ar fáil chun imirce a bhainistiú trí shoghluaisteacht dhlíthiúil agus shábháilte a chur chun cinn. Measann CESE gur laige straitéiseach i mbeartas imirce agus tearmainn an Aontais atá sa mhéid sin.

‘Ní mór dúinn dul i ngleic leis an neamhrialtacht sula dtarlaíonn an neamhrialtacht. Ciallaíonn sé sin go bhfuil orainn bealaí sábháilte agus éifeachtacha a chinntiú le dul isteach san Aontas Eorpach. Ach an méid sin a dhéanamh, d’fhéadfadh sé go dtiocfadh laghdú ar líon na n-imirceach neamhrialta’ arsa an rapóirtéar don tuairim, José Antonio Moreno Díaz.

Tá roinnt laigí sa chóras reatha atá treallach go maith.

Fágann na dreasachtaí arna dtabhairt do thíortha tionscnaimh faoi láthair go bhféadfaí aon iarracht a dhéanfaidís chun an sreabha sin a laghdú a dhíspreagadh toisc na dreasachtaí sin a bheith á gcur ar fáil trí chláir a bhfuil sé intuigthe leo go bhfuil daoine i staid neamhrialta.
Dúirt CESE gur chúis mhór imní dó cuspóir an chomhshocraithe maidir le filleadh deonach tapa na n-imirceach ó theorainneacha seachtracha an Aontais a mhéadú.

‘An bhfuil filleadh brostaithe na n-imirceach sin deonach i ndáiríre nó an amhlaidh gur díbirt atá i gceist ? Is cúis imní dúinn go bhféadfadh ‘filleadh deonach’ a bheith ina shofhriotal chun tagairt don díbirt nó do chúiteamh airgeadais a íoctar do thíortha cinn scríbe a ghlacann le fillithe, gan a mianta nó – cúis níos mó imní fós – a gcearta a chur san áireamh in aon chor' arsa an tUasal Moreno Díaz.

Ba é conclúid CESE nach mór an comhar le tríú tíortha i dtaca le ceist ar bith a bheith bunaithe ar a n-urraim don dlí poiblí idirnáisiúnta, chomh maith le cosaint chearta an duine agus saoirsí bunúsacha.

 

An intleacht shaorga san Eoraip: ní féidir gach cinneadh a bhunú ar an gcóras dénártha

In dhá thuarascáil ar dhréachtreachtaíocht AE faoin intleacht shaorga (IS), iarrann CESE go gcuirfí cosc iomlán ar scóráil shóisialta agus go mbeadh sásra gearán agus sásaimh ann do dhaoine a d’fhulaing dochar de dheasca córas IS.

Read more in all languages

In dhá thuarascáil ar dhréachtreachtaíocht AE faoin intleacht shaorga (IS), iarrann CESE go gcuirfí cosc iomlán ar scóráil shóisialta agus go mbeadh sásra gearán agus sásaimh ann do dhaoine a d’fhulaing dochar de dheasca córas IS.

Ag an seisiún iomlánach a bhí aige i mí Mheán Fómhair, ba dhíol sásaimh do CESE an Gníomh um an Intleacht Shaorga (AIA) agus an Plean Comhordaithe um an Intleacht Shaorga atá beartaithe.

Measann CESE go gcuirtear an tsláinte, an tsábháilteacht agus cearta bunúsacha i gcroílár na reachtaíochta nua, agus go mbeidh sí ábhartha ar fud an domhain toisc sraith ceanglas a leagan síos inti a mbeidh ar fhorbróirí laistigh agus lasmuigh den Eoraip iad a chomhlíonadh más mian leo a gcuid táirgí a dhíol san Aontas Eorpach.

Dar le CESE, tá roinnt laigí sna tograí lena n-áirítear i réimse na ‘scórála sóisialta’. Tugann CESE le fios go bhfuil an baol ann go dtiocfaidh an cleachtas sin i réim san Eoraip de réir mar a tharla sa tSín, áit ar féidir leis an rialtas rochtain ar sheirbhísí poiblí a dhiúltú do dhaoine fiú amháin.

Áirítear leis an dréacht-AIA cosc ar na húdaráis phoiblí san Eoraip scóráil shóisialta a dhéanamh, ach ba mhaith le CESE go leathnófaí chuig eagraíochtaí príobháideacha agus leathphríobháideacha é ionas nach bhféadfar incháilitheacht duine aonair d’iasacht nó do mhorgáiste a shuíomh agus nithe eile dá leithéid sin.

Cuireann CESE in iúl freisin na contúirtí a bhaineann le córais intleachta saorga ‘ardriosca’ a liostú, agus tugann sé rabhadh gur féidir leis an gcur chuige liostaithe sin roinnt cleachtas intleachta saorga atá fós á gcáineadh go mór a normalú agus a phríomhshruthú. Cheadófaí aitheantas bithmhéadrach, lena n-áirítear aitheantas mothúcháin nó mothachtála, ina ndéanfaí anailís ar dhreach, tuin ghutha, staidiúir agus ar chomharthaí duine chun iompar daoine amach anseo a thuar, chun bréaga a bhrath nó fiú chun a fheiceáil an dócha go n-éireodh le duine i bpost. Cheadófaí freisin measúnú agus scóráil a dhéanamh ar oibrithe nó iad a chur chun bóthair fiú bunaithe ar IS, nó measúnú a dhéanamh ar mhic léinn i scrúduithe.

Ina theannta sin, ní féidir leis na ceanglais atá beartaithe le haghaidh IS ardriosca an dochar don tsláinte, don tsábháilteacht agus do na cearta bunúsacha a bhaineann leis na cleachtais sin a mhaolú i gcónaí. Ní mór, dá bhrí sin, sásra gearán agus sásaimh a thabhairt isteach lena dtabharfar an ceart do dhaoine a d’fhulaing dochar de dheasca na gcóras IS, agóid a dhéanamh i gcoinne cinntí a dhéantar le halgartam, agus sin amháin.

Ar bhonn níos ginearálta, dar le CESE, feidhmíonn an Gníomh um an Intleacht Shaorga ar an mbonn gur féidir IS a chur in ionad chinnteoireacht an duine ar bhealach suntasach nuair a chomhlíontar na ceanglais maidir le IS meánriosca agus ardriosca.

‘Tá an cur chuige ‘duine i gceannas’ á mholadh le fada ag CESE i leith IS toisc nach féidir gach cinneadh a bhunú ar an gcóras dénártha,’ a dúirt Cateljine Muller, rapóirtéir na tuairime ó CESE maidir le AIA. ‘Tá gné mhorálta, impleachtaí tromchúiseacha dlíthiúla agus mórthionchair shochaíocha ag cuid mhaith acu, mar shampla ar fhorfheidhmiú an dlí agus ar an mbreithiúnacht, ar sheirbhísí sóisialta, ar thithíocht, ar sheirbhísí airgeadais, ar an oideachas agus ar rialacháin saothair. An bhfuilimid réidh, i ndáiríre, le ligean do IS teacht in ionad chinnteoireacht an duine, fiú amháin i bpróisis chriticiúla amhail forfheidhmiú an dlí agus an bhreithiúnacht?’ (dm)

Organic Food

Ar an gcéad ‘lá orgánach’ de chuid an Aontais, tá sé curtha i bhfáth ag CESE an tábhacht a bhaineann le córais bhia atá níos inbhuanaithe, níos cothroime agus níos cuimsithí a bheith ann

Agus an Eoraip á cur ar bhóthar a leasa de réir a chéile tar éis ghéarchéim COVID-19, is mithid di beart a dhéanamh de réir a briathair agus an straitéis ‘ón bhFeirm go dtí an Forc’ a chur chun feidhme. Molann CESE go láidir tacú le córais bhia na hEorpa a athrú ó bhonn ionas go mbeidh siad níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil, an gheilleagair agus na sochaí de. Cuireann sé i dtábhacht freisin go bhfuil comhar, seachas iomaíocht, iomlán riachtanach i measc oibreoirí sa bhiashlabhra d’fhonn córas bia níos athléimní agus níos cuimsithí a chothú agus cion cothrom a áirithiú do chách.

Read more in all languages

Agus an Eoraip á cur ar bhóthar a leasa de réir a chéile tar éis ghéarchéim COVID-19, is mithid di beart a dhéanamh de réir a briathair agus an straitéis ‘ón bhFeirm go dtí an Forc’ a chur chun feidhme. Molann CESE go láidir tacú le córais bhia na hEorpa a athrú ó bhonn ionas go mbeidh siad níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil, an gheilleagair agus na sochaí de. Cuireann sé i dtábhacht freisin go bhfuil comhar, seachas iomaíocht, iomlán riachtanach i measc oibreoirí sa bhiashlabhra d’fhonn córas bia níos athléimní agus níos cuimsithí a chothú agus cion cothrom a áirithiú do chách.

Rinne an tAontas Eorpach ceiliúradh ar a chéad ‘lá organach’, an 23 Meán Fómhair 2021 agus tá tuairimí díreach glactha ag CESE i dtaca leis an bPlean Gníomhaíochta maidir leis an táirgeadh orgánach a fhorbairt san Aontas Eorpach agus I dtreo Slabhra Soláthair Bia Cothrom.

Beidh deiseanna iontacha ag teacht chun cinn lenar féidir le cinnteoirí na hathruithe atá de dhíth a chur i gcrích. Tá uair na cinniúna sroichte againn maidir le beartas cuimsitheach bia a chur chun feidhme.

Sprioc uaillmhianach: méadú ó 8.5 % go 25 % ar an talamh talmhaíochta a úsáidfear le haghaidh feirmeoireacht orgánach san Aontas a bhaint amach

Mar chuid den Chomhaontú Glas don Eoraip, tá sprioc leagtha amach ag an gCoimisiún Eorpach maidir le táirgeadh orgánach san Aontas Eorpach mar chuid den Straitéis ‘ón bhFeirm go dtí an Forc’ agus den Straitéis Bhithéagsúlachta: beidh 25 % ar a laghad den talamh talmhaíochta in úsáid le haghaidh feirmeoireacht orgánach faoi 2030.

‘Tá ról ag an bhfeirmeoireacht orgánach maidir le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach. Beidh cur chuige atá dírithe ar an margadh ríthábhachtach maidir le héileamh tomhaltóirí a mhéadú agus an mhuinín as táirgí orgánacha a fheabhsú,’ a dúirt Andreas Thurner, rapóirtéir na tuairime ó CESE maidir le táirgeadh orgánach.

Mar sin féin, cuireann CESE i dtábhacht gur gá acmhainní airgeadais leordhóthanacha a bheith ann chun a áirithiú go mbainfidh saoránaigh uile an Aontais tairbhe as an móraistriú seo chuig an bhfeirmeoireacht orgánach. (mr)

An tacsanomaíocht airgeadais inbhuanaithe: uirlis ríthábhachtach chun tacú le hinfheistíocht ghlas agus chun an t-athrú aeráide a chosc

Tá bearta éifeachtúla ag teastáil go práinneach ón Aontas chun astaíochtaí a laghdú agus chun dul i ngleic leis an athrú aeráide. Chuige sin, leis an bpacáiste um maoiniú inbhuanaithe ón gCoimisiún Eorpach, d’fhéadfaí creat soiléir cuimsitheach a bhunú ina bhféadfaí geilleagar ní ba ghlaise a fhorbairt agus éifeachtaí glasála á seachaint.

Read more in all languages

Tá bearta éifeachtúla ag teastáil go práinneach ón Aontas chun astaíochtaí a laghdú agus chun dul i ngleic leis an athrú aeráide. Chuige sin, leis an bpacáiste um maoiniú inbhuanaithe ón gCoimisiún Eorpach, d’fhéadfaí creat soiléir cuimsitheach a bhunú ina bhféadfaí geilleagar ní ba ghlaise a fhorbairt agus éifeachtaí glasála á seachaint.

Sa tuairim a glacadh i seisiún iomlánach mhí Mheán Fómhair, ceann a dhréachtaigh Stefan Back, tugann CESE a lánthacaíocht do na bearta ón gCoimisiún a dhíríonn ar chaighdeáin a leagan síos i gcomhair an tsainmhínithe ar ‘ghníomhaíochtaí eacnamaíocha inbhuanaithe’. Mar sin féin, tugann sé le fios go bhféadfadh cuid de na gnéithe lena mbaineann dúshlán casta costasach a thabhairt, go háirithe i gcás FBManna.

Dar le CESE, tá sé tábhachtach sainmhíniú soiléir a thabhairt ar na critéir theicniúla a bhaineann leis na hinfheistíochtaí glasa a rannchuidíonn go díreach le spriocanna aeráide na hEorpa agus ar critéir iad ar gá do chleachtais na n-earnálacha gnó agus airgeadais a bheith i gcomhréir leo. D’fhéadfaí mearbhall a chur ar dhaoine agus caighdeáin á leagan síos a imíonn ó uascheanglais reachtaíocht an Aontais. Dá bhrí sin, molann CESE na ceanglais sin a neartú.

‘Is é is aidhm leis na bearta ón gCoimisiún a chur ar chumas na n-infheisteoirí a gcuid infheistíochtaí a chur in oiriúint do theicneolaíochtaí agus réimsí gnó atá níos inbhuanaithe. Is é an rud atá ag teastáil uainn ná uirlisí éifeachtúla nuálacha fiúntacha atá éasca le cur i bhfheidm agus a mbíonn torthaí tapa soléire orthu. Is leis an tuiscint sin ba cheart an measúnú a dhéanamh ar an Rialachán tarmligthe maidir le tacsanomaíocht airgeadais inbhuanaithe’, a dúirt an tUasal Back. (mp)

Cuireadh in iúl go soiléir le linn an 8ú Fóram de chuid na Sochaí Sibhialta um na Balcáin Thiar gurb é an tAontas Eorpach an áit is dual do na Balcáin Thiar

Tarraingíodh aird faoi leith le linn an Fhóraim de chuid na Sochaí Sibhialta um na Balcáin Thiar a d’eagraigh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) i Scóipé an 30 Meán Fómhair agus an 1 Deireadh Fómhair ar staid na himeartha maidir le hionchais shoiléire an réigiúin i dtaobh aontachas leis an Aontas agus ar rannpháirtíocht ghníomhach na sochaí sibhialta i ndáil leis sin.

 

Read more in all languages

Tarraingíodh aird faoi leith le linn an Fhóraim de chuid na Sochaí Sibhialta um na Balcáin Thiar a d’eagraigh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) i Scóipé an 30 Meán Fómhair agus an 1 Deireadh Fómhair ar staid na himeartha maidir le hionchais shoiléire an réigiúin i dtaobh aontachas leis an Aontas agus ar rannpháirtíocht ghníomhach na sochaí sibhialta i ndáil leis sin.

Tráthúil go leor, thionóil CESE an fóram, i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach agus an Chomhairle um Chomhar Réigiúnach, sna laethanta roimh an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus na Balcáin Thiar in Brdo faoi Uachtaránacht na Slóivéine.

Seo an méid a bhí le rá ag Príomh-Aire Phoblacht na Macadóine Thuaidh, Zoran Zaev: Tá neartú an phróisis aontachais – ar ionchas inchreidte AE do na Balcáin Thiar é – thar a bheith ábhartha i bhfianaise an bhaic atá ar an méadú.

Dheimhnigh Uachtarán CESE, Christa Schweng, go raibh CESE go mór i bhfách le méadú an Aontais a fhad le tíortha na mBalcán Thiar.
‘Creidim go láidir gurb é an tAontas Eorpach an áit is dual do na Balcáin Thiar. Ní mór dúinn cuimhneamh air gur plé ar thodhchaí na hEorpa atá in aon phlé ar an méadú agus ba cheart an tsochaí shibhialta, ón réigiún agus ón Aontas araon, a bheith rannpháirteach go hiomlán sa phróiseas.’

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Olivér Várhelyi, an Coimisinéir um an gComharsanacht agus um Méadú: Is próiseas fada casta é an próiseas aontachais agus is iomaí dúshlán atá ag baint leis. Bíonn rath orthu siúd atá fíorthiomanta dó. Dar liom féin, níl amhras ar bith ann ach go mbeidh na Balcáin Thiar ina gcuid den Aontas Eorpach.’

Bhí Gašper Dovžan, státrúnaí in Aireacht Gnóthaí Eachtracha na Slóivéine ar aon intinn leis sin. Dúirt sé gur céim loighciúil atá sa phróiseas a rachaidh chun tairbhe don dá thaobh agus a bhfuil uaillmhian agus athléimneacht ag teastáil ina leith.

Tá rannpháirtíocht na sochaí sibhialta ina gné bhunriachtanach den phróiseas aontachais

Chuir Biljana Spasovska, ó Líonra na mBalcán Thiar um Fhorbairt na Sochaí Sibhialta (BCSDN), in iúl gur cúis bhuartha di an cúngú atá ag teacht ar an spás don tsochaí shibhialta agus a laghad cistithe atá ar fáil di. Dúirt sí gur cuireadh isteach ar shaoirsí bunúsacha, go háirithe le linn na paindéime.

Chuir rannpháirtithe san fhóram i bhfáth a thábhachtaí atá sé saoirse comhlachais a ráthú agus spás sibhialta cumasúcháin a chinntiú.

Pléadh freisin na treoracha le haghaidh chur chun feidhme an Chláir Oibre Ghlais agus an Phlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta. Má tá rath le bheith orthu siúd, áfach, is gá páirt ghníomhach a thabhairt don tsochaí shibhialta sa phróiseas ceaptha beartais agus í a chuimsiú ann ar dhóigh fhóinteach.

Ní mór an cistiú poiblí d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta a athmhúnlú i ngach tír sa réigiún agus an tsochaí shibhialta a bheith neamhspléach agus saor ó thionchar polaitiúil.

Gheofar an dearbhú deiridh ón 8ú Fóram de chuid na Sochaí Sibhialta um na Balcáin Thiar anseo. (at)

 

CESE ina chuid de Chomhghuailíocht Amhábhar na hEorpa

An 1 Deireadh Fómhair 2021, chuir Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) tús oifigiúil lena rannpháirtíocht i gComhghuaillíocht Amhábhar na hEorpa (ERMA). An 29 Meán Fómhair 2020, sheol an Coimisiún Eorpach ERMA chun athléimneacht agus neamhspleáchas straitéiseach a chothú i soláthar amhábhar criticiúil do thionscal agus do shochaí an Aontais. Tá os cionn 500 comhalta ón Aontas Eorpach agus ó áiteanna níos faide i gcéin sa chomhghuaillíocht faoi láthair.

Read more in all languages

An 1 Deireadh Fómhair 2021, chuir Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) tús oifigiúil lena rannpháirtíocht i gComhghuaillíocht Amhábhar na hEorpa (ERMA). An 29 Meán Fómhair 2020, sheol an Coimisiún Eorpach ERMA chun athléimneacht agus neamhspleáchas straitéiseach a chothú i soláthar amhábhar criticiúil do thionscal agus do shochaí an Aontais. Tá os cionn 500 comhalta ón Aontas Eorpach agus ó áiteanna níos faide i gcéin sa chomhghuaillíocht faoi láthair.

I bhfianaise na hoibre a rinne CESE le tuairim CCMI 177, d’iarr ERMA air páirt a ghlacadh ann ar bhonn oifigiúil i bhfoirm breathnóra. Cheap Biúró CESE an tUas. Andrés Barceló Delgado (ES-GR I) ina bhreathnóir thar ceann CESE in ERMA, á cur san áireamh an obair a rinne sé roimhe sin ar roinnt tuairimí ó CESE maidir le cúrsaí amhábhair. Tacóidh an tUas. Norbert Kluge (DE-GR II) agus an tUas. Kestutis Kupsys (LT-GR III) leis an Uas. Delgado san obair a bheidh idir lámha aige.

 

Rith le chéile ar mhaithe le hEoraip níos fearr a bhaint amach

I mbliana, bhí rás 20 km na Bruiséile, an 41ú ceann, ar siúl ar an 12 Meán Fómhair. Bhí an rás tiomnaithe do dhá fheachtas: an chéad cheann, an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa a chur chun cinn lena mana: ‘Is tusa an todhchaí’, agus an dara ceann, tacú le bearta in aghaidh na hailse agus EUR 10 000 a thiomsú chun an ailse a chomhrac agus chun tacú le taighde. Don fheachtas seo, chuaigh EUR 10 ó gach táille chlárúcháin go díreach go TELEVIE, imeacht carthanachta arna eagrú i mBeilg na Fraincise agus i Lucsamburg ag RTL-TVI ó 1989 ar mhaithe le taighde eolaíoch in aghaidh ailse ar leanaí agus ar dhaoine fásta.

 

Read more in all languages

I mbliana, bhí rás 20 km na Bruiséile, an 41ú ceann, ar siúl ar an 12 Meán Fómhair. Bhí an rás tiomnaithe do dhá fheachtas: an chéad cheann, an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa a chur chun cinn lena mana: ‘Is tusa an todhchaí’, agus an dara ceann, tacú le bearta in aghaidh na hailse agus EUR 10 000 a thiomsú chun an ailse a chomhrac agus chun tacú le taighde. Don fheachtas seo, chuaigh EUR 10 ó gach táille chlárúcháin go díreach go TELEVIE, imeacht carthanachta arna eagrú i mBeilg na Fraincise agus i Lucsamburg ag RTL-TVI ó 1989 ar mhaithe le taighde eolaíoch in aghaidh ailse ar leanaí agus ar dhaoine fásta.

Tháinig os cionn 22 000 reathaí de bhreis is 100 náisiúntacht, chomh maith le siúlóirí, rothaithe láimhe agus úsáideoirí cathaoireacha rothaí le chéile chun siúl nó rith trí shráideanna na Bruiséile. Ghlac breis is 800 comhghleacaí ó institiúidí an Aontais Eorpaigh páirt sa rás agus an geansaí foirne leis an mana ‘Ag rith ar son na hEorpa’ á chaitheamh acu.

Ba é Amaury Paquet as Liège a bhuaigh an rás i mbliana, rud a rinne sé i 59.31 nóiméad, an tríú ham is tapa i stair an imeachta. I rás na mban, ba í Florence De Cock, as Liège chomh maith, a tháinig sa chéad áit, rud a rinne sí in 1:09:50 uair.

Rinne Cillian Lohan Leas-Uachtarán ar CESE ionadaíocht air, agus ba eisean, in éineacht le Stefaan De Rynck, ceann Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh sa Bheilg a thug an comhartha chun an rás a thosú. Chuir Jaume Duch, Ardstiúrthóir um Chumarsáid i bParlaimint na hEorpa agus Banríon Mathilda na Beilge a ghlac páirt sa rás freisin, fáilte roimh na reathaithe.

Beidh an chéad rás 20k eile sa Bhruiséil ar siúl ar an 29 Bealtaine 2022. (ehp)

News from the Groups

Amhras ar fhostóirí na hEorpa faoi ghnéithe praiticiúla den phacáiste 'Oiriúnach do 55'

Le Arnold Puech d’Alissac, Grúpa na bhFostóirí in CESE

Tá cúpla seachtain caite anois ó cuireadh i láthair na tograí reachtacha maidir leis an bpacáiste 'Oiriúnach do 55'. Pacáiste beart atá ann a bhaineann leis an gCiste Téarnaimh, ciste a bhfuil sé molta ag an gCoimisiún Eorpach leas a bhaint as chun an sprioc maidir le hastaíochtaí CO2 a bhaint amach. Is é sin astaíochtaí CO2 a laghdú 55 % faoi 2030. Tá fostóirí na hEorpa go mór i bhfabhar bhunaidhm na hiarrachta seo. Mar sin féin, tá anailís á déanamh acu faoi láthair ar na bearta a fógraíodh agus tá siad in amhras faoi roinnt mhaith de na gnéithe praiticiúla a bhaineann leo.

Read more in all languages

Le Arnold Puech d’Alissac, Grúpa na bhFostóirí in CESE

Tá cúpla seachtain caite anois ó cuireadh i láthair na tograí reachtacha maidir leis an bpacáiste 'Oiriúnach do 55'. Pacáiste beart atá ann a bhaineann leis an gCiste Téarnaimh, ciste a bhfuil sé molta ag an gCoimisiún Eorpach leas a bhaint as chun an sprioc maidir le hastaíochtaí CO2 a bhaint amach. Is é sin astaíochtaí CO2 a laghdú 55 % faoi 2030. Tá fostóirí na hEorpa go mór i bhfabhar bhunaidhm na hiarrachta seo. Mar sin féin, tá anailís á déanamh acu faoi láthair ar na bearta a fógraíodh agus tá siad in amhras faoi roinnt mhaith de na gnéithe praiticiúla a bhaineann leo.

Tá tionscail na hEorpa ar thús cadhnaíochta cheana féin a mhéid a bhaineann le hinfheistíochtaí san éifeachtúlacht fuinnimh, san fhuinneamh inathnuaite, sa hidrigin agus i ngabháil agus stóráil CO2. Mar gheall air sin, tá sé ríthábhachtach cur chuige idé-eolaíoch a sheachaint ar ais nó ar éigean. Is minic an idé-eolaíocht a bheith i réim, ar gach taobh den scéal, sa phlé ar shaincheisteanna aeráide agus fuinnimh a bhaineann leis an gComhaontú Glas don Eoraip. Fágann a leithéid de chur chuige go bhfuil baol ann go ndéanfaí damáiste do-athraithe do na hearnálacha táirgeachta ina n-iomláine, go gcuirfí an fhostaíocht agus an tsochaí i gcontúirt agus go mbainfí an bonn ón téarnamh eacnamaíoch.

Thar aon rud eile, ba cheart a thabhairt faoi deara go léirítear i roinnt meastachán go bhfhéadfadh infheistíochtaí ar fiú níos mó ná EUR 3.5 trilliún iad a bheith ag teastáil faoi 2030 chun an sprioc a bhaint amach maidir le laghdú 55 %. Ní fiú ach EUR 1 trilliún na hacmhainní poiblí atá ar fáil faoi láthair – níos lú ná aon trian den mhéid airgid is gá.

Tá sé tábhachtach a thuiscint nach constaic atá in earnáil tionsclaíochta na hEorpa. Is í an réiteach atá ag teastáil chun na spriocanna dícharbónaithe a bhaint amach í, toisc go gcuireann sí nuálaíocht theicneolaíoch chun cinn i dtáirgí agus i bpróisis táirgeachta. Níl go leor cistí ann do chlaochlú glas na hearnála tionsclaíche sna cláir athchóirithe náisiúnta.

Mar sin, tá sé ríthábhachtach gníomhaíocht a dhéanamh trí chreat rialála comhchuibhithe agus solúbtha a leagan amach chun margadh fuinnimh fíor-chomhtháite a bhaint amach. Chuige sin, caithfear cothrom na Féinne a áirithiú maidir le tíortha nach bhfuil na spriocanna aeráide céanna acu agus atá ag an gCoimisiún, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na hearnálacha atá dian ar astaíochtaí. Caithfear beartais infheistíochta agus nuálaíochta a chur chun feidhme freisin, lena ndéanfaí éiceachórais thionsclaíocha na hEorpa níos athléimní agus níos dinimiciúla ó thaobh na teicneolaíochta de.

Is féidir an t-alt iomlán a léamh ag an nasc seo a leanas: europa.eu/!QC7Fpd

Dearcadh na n-oibrithe ar aitheasc 2021 ar Staid an Aontais

Le Grúpa na nOibrithe in CESE

Ainneoin gur luadh in aitheasc 2021 ar Staid an Aontais na príomhdhúshláin go léir atá ag bagairt ar an Eoraip, tá roinnt easnamh ann ó thaobh uaillmhéine agus soiléireachta de.

Read more in all languages

Le Grúpa na nOibrithe in CESE

Ainneoin gur luadh in aitheasc 2021 ar Staid an Aontais na príomhdhúshláin go léir atá ag bagairt ar an Eoraip, tá roinnt easnamh ann ó thaobh uaillmhéine agus soiléireachta de.

Níl aon amhras go bhfuil tábhacht le hathchóirithe struchtúracha ach ba cheart díriú sa phlean téarnaimh agus athléimneachta, arna gcur chun tosaigh sa pháipéar seasaimh ó Ghrúpa na nOibrithe agus in ionchur CESE i gclár oibre an Choimisiúin Eorpaigh 2022, ar an éagothroime agus an bhochtaineacht a chomhrac agus ar phoist a thabhairt ar ais dóibh siúd a chaill a bpost, agus aird faoi leith á tabhairt ar ghrúpaí leochaileacha agus ar bhochtaineacht lucht oibre atá ag dul i méid.

Ní dhearnadh trácht san aitheasc ar fhorbairt phróiseas cur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta maidir leis an gColún Sóisialta ná ar chosaint d'oibrithe ardáin a neartú. Déantar an tagairt thearc chéanna don cheartas sóisialta agus don chothroime shóisialta sa litir intinne a ghabhann leis. Is beag eile a mholann na tograí a dhéantar inti seachas comhaontuithe OECD maidir leis an gcánachas a chur chun feidhme.

Bíodh is gur díol sásaimh iad na comhaontuithe sin, ba cheart don Aontas Eorpach a bheith ina cheann feadhna i ndáil leis sin. Tá a fhios ag an saol go ndéanfaidh roinnt Ballstát iarracht cur in éadan na seachanta cánach. Mura bhfuil misneach polaitiúil i dtaca leis sin ag an bhfeidhmeannas, is beag is féidir a bhaint amach.

Is díol molta é go bhfuil toirmeasc curtha ar an saothar éignithe. Ba cheart é sin a bheith nasctha leis an dícheall cuí agus le cearta an duine a ráthú ar fud an domhain, agus ba cheart tograí breise a dhéanamh freisin d’fhonn dul i ngleic le hobair fhorbhásach agus le tréimhsí oiliúna gan íocaíocht. Tá an phráinn chéanna le bearta maidir leis an athrú aeráide agus atá leis na bearta sóisialta nach mór a bheith ag gabháil leo. Más uainn cásanna dála cás na gilets jaunes a sheachaint ar fud an Aontais, is gá dul i ngleic go cinntitheach leis an mbochtaineacht fuinnimh agus ní mór cistí agus gníomhaíocht rialála a bheith éifeachtach agus leordhóthanach.

Is fada an bóthar amach romhainn agus ní féidir na maidí a ligean le sruth tráth atá na milliúin Eorpach nach bhfuil in acmhainn an teas a chur ar siúl agus na córais chómhargála lagaithe. San am céanna, seachnaíonn roinnt mórchuideachtaí cáin agus tá breoslaí iontaise fós a bhfóirdheonú. Ní féidir linn a bheith díomhaoin fad nach bhfuil breis agus leath den domhan vacsaínithe. Ní mór an dlúthpháirtíocht a bheith ina prionsabal treorach chun todhchaí níos cothroime a chinntiú do chách. (pr)

Níl aon dul as: ní mór gníomhú go práinneach in aghaidh an athraithe aeráide

Ráiteas ón nGrúpa ‘Éagsúlacht Eoraip’

‘Níl aon amhras gurb é tionchar an chine daonna is cúis le téamh an atmaisféir, na n-aigéan agus an talaimh. Tá an t-athrú aeráide ag cur isteach cheana féin ar gach réigiún ar fud an domhain ina bhfuil daoine ina gcónaí agus tá tionchar an duine ag cur le roinnt mhaith de na hathruithe tromchúiseacha ar an aimsir agus ar an aeráid’ (An séú tuarascáil mheasúnachta ó IPCC, Lúnasa, 2021).

Read more in all languages

Ráiteas ón nGrúpa ‘Éagsúlacht Eoraip’

‘Níl aon amhras gurb é tionchar an chine daonna is cúis le téamh an atmaisféir, na n-aigéan agus an talaimh. Tá an t-athrú aeráide ag cur isteach cheana féin ar gach réigiún ar fud an domhain ina bhfuil daoine ina gcónaí agus tá tionchar an duine ag cur le roinnt mhaith de na hathruithe tromchúiseacha ar an aimsir agus ar an aeráid’ (An séú tuarascáil mheasúnachta ó IPCC, Lúnasa, 2021).

Braitear éifeachtaí an athraithe aeráide cheana féin, éifeachtaí nach féidir linn neamhaird a dhéanamh díobh a thuilleadh. Bheadh tuilte, tinte, triomaigh agus hairicíní rialta, tromchuiseacha i ndán dúinn dá dtiocfadh méadú de 1.1° go 1.3° Celsius ar theocht an domhain, i gcomparáid le teocht na tréimhse inar ceapadh an t-inneall gaile. Sa lá atá inniu ann, ní féidir neamhaird a dhéanamh de thionchar an athraithe aeráide ar ár saol laethúil. Fiú má bhainimid amach sprioc Chomhaontú Pháras an téamh domhanda a theorannú go 1.5° Celsius, ní féidir linn an tionchar a bheadh ag an athrú aeráide ar an domhan a shamhlú. Níl aon amhras ach go bhfuil todhchaí ár bpláinéid i mbaol agus nach bhfuil sé de rogha againn ach gníomhú chun beart a dhéanamh de réir ár mbriathair.

Ní leor astaíochtaí a laghdú, fiú má dhéanfar é sin ag ráta níos tapúla. Ní mór dúinn infheistíocht mhór a dhéanamh chun pleananna éigeandála a ullmhú agus chun oiriúnú don aeráid atá ag athrú. Chuige sin, tá gá lenár ndearcadh a athrú: cruthófar le hinfheistíochtaí an lae inniu buntáistí don chéad ghlúin eile. Go deimhin, ní mór dúinn infheistíocht a dhéanamh, trí acmhainní airgeadais inbhuanaithe méadaithe agus le tacaíocht ó ghealltanais láidre na n-údarás poiblí, na ngnólachtaí, na sochaí sibhialta agus na saoránach. Is gnéithe riachtanacha agus práinneacha iad an Comhaontú Glas don Eoraip agus an pacáiste ‘Fit for 55’. Ina theannta sin, ní mór don Aontas...

Ráiteas ón nGrúpa ‘Éagsúlacht Eoraip’

Soon in the EESC/Cultural events

Is tusa an todhchaí – cén fhís atá agatsa don Eoraip amach anseo?

Tionólfaidh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) Seimineár Connecting EU an 18-19 Samhain. Tugtar le chéile lucht cumarsáide na n-eagraíochtaí sochaí sibhialta a bhfuil nasc acu le CESE gach bliain le linn an imeachta seo, rud ar ar tugadh an Seimineár do na Meáin sa tSochaí Shibhialta roimhe seo. Reáchtálfar an ócáid i lárionad Fhondúireacht Gulbenkian i Liospóin.

Read more in all languages

Tionólfaidh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) Seimineár Connecting EU an 18-19 Samhain. Tugtar le chéile lucht cumarsáide na n-eagraíochtaí sochaí sibhialta a bhfuil nasc acu le CESE gach bliain le linn an imeachta seo, rud ar ar tugadh an Seimineár do na Meáin sa tSochaí Shibhialta roimhe seo. Reáchtálfar an ócáid i lárionad Fhondúireacht Gulbenkian i Liospóin.
Is é an teideal a bheidh ar sheimineár na bliana seo ná ‘Cén fhís atá agatsa don Eoraip amach anseo? An tSochaí Shibhialta agus an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa (CoFoE)’. Pléifear trí ábhar ann, ar trí cinn de na naoi n-ábhar iad a bheidh le plé le linn dhíospóireachtaí na saoránach ag CoFoE. Is iad sin:

  • an tsláinte;
  • geilleagar níos láidre, ceartas sóisialta agus poist;
  • daonlathas na hEorpa.

Creideann CESE gurb iad sin na hábhair is mó tábhacht agus is mó imní do mhuintir na hEorpa. Beidh painéal ar leith ann do gach ceann de na trí ábhar a phléifear. I measc na gcainteoirí, beidh daoine ón saol acadúil, taighdeoirí, iriseoirí agus ionadaithe ó eagraíochtaí neamhrialtasacha.
Leis an seiminéar seo, teastaíonn ó CESE a mhéid a chreideann sé in CoFoE a chur in iúl óir creideann sé gur céim ríthábhachtach é ó thaobh muinín an phobail as an Aontas, agus a chuid tacaíochta dó, a mhúscailt athuair. Tá súil aige, idir an dream a bheidh i Liospóin féin agus an dream a bheidh i láthair ar líne, go gcuirfidh na rannpháirtithe a gcuid comhghleacaithe thiar sa bhaile ar an eolas faoi thorthaí an tseimineáir. Ar an gcaoi sin, d’fhéadfaí níos mó daoine a thabhairt isteach sa díospóireacht faoi thodhchaí na hEorpa, agus cabhair ar fáil dóibh lena gcuid smaointe, mianta, agus ábhar imní a chur in iúl maidir leis an bhfís atá acu don Eoraip amach anseo.

Tá tuilleadh eolais le fáil faoi sheimineár Connecting EU 2021 ar: https://www.eesc.europa.eu/en/node/93131 (ii).

 

Acmhainní airgeadais a threorú chuig infheistíochtaí glasa agus sóisialta

Beidh dúshláin mhóra roimh earnáil an tionscail mar thoradh ar bhearta AE chun deireadh a chur leis an ngéarchéim aeráide. Conas is féidir maoiniú inbhuanaithe a fhorbairt chun spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach agus ag an am céanna chun a áirithiú go bhfanfaidh tionscal na hEorpa iomaíoch? Pléifear an cheist chigilteach seo ag seimineár gréasáin CESE ar an 18 Deireadh Fómhair.

Read more in all languages

Beidh dúshláin mhóra roimh earnáil an tionscail mar thoradh ar bhearta AE chun deireadh a chur leis an ngéarchéim aeráide. Conas is féidir maoiniú inbhuanaithe a fhorbairt chun spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach agus ag an am céanna chun a áirithiú go bhfanfaidh tionscal na hEorpa iomaíoch? Pléifear an cheist chigilteach seo ag seimineár gréasáin CESE ar an 18 Deireadh Fómhair.

Ba cheart go dtacódh maoiniú inbhuanaithe le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach trí infheistíocht phríobháideach a threorú chuig cuideachtaí agus tionscadail a thacaíonn leis an aistriú chuig geilleagar atá aeráidneodrach, atá athléimneach ó thaobh aeráide de, tíosach ar acmhainní agus cóir – dúshlán nach mór don earnáil airgeadais, do ghnólachtaí, d’údaráis rialála agus do shaoránaigh aghaidh a thabhairt air go comhpháirteach.

Péifidh painéalaithe agus páirtithe leasmhara seachtracha a bheidh páirteach trí fhíschomhdháil sa seimineár gréasáin dar teideal Acmhainní airgeadais a threorú chuig infheistíochtaí a chomhlíonann critéir chomhshaoil, shóisialta agus rialachais, an bealach is fearr chun na sineirgí sin a bhaint amach agus maoiniú inbhuanaithe den sórt sin a fhorbairt.

Is é an seimineár gréasáin an tríú hócáid i sraith imeachtaí maidir le straitéis tionsclaíochta nua de chuid an Aontais, atá á heagrú ag CESE chun cuidiú le beartas tionsclaíochta an Aontais a mhúnlú don todhchaí i ndiaidh ghéarchéim COVID-19. I mí an Mhárta 2022, críochnóidh an tsraith le comhdháil mhór ina bpléifidh CESE a chuid torthaí le hUachtaránacht na Fraince ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus leis an gCoimisiún Eorpach.

Faigh tuilleadh eolais agus/nó cláraigh don seimineár gréasáin: nasc
Tuilleadh eolais faoin tsraith seimineár gréasáin ‘The path to our industrial future’  (dm)

Geopholaitíocht an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip

Beidh tionchar dosheachanta ag an gComhaontú Glas don Eoraip ar ár gcaidreamh seachtrach. Ag comhdháil hibrideach a chomheagraigh CESE agus Líonra na Náisiún Aontaithe um Réitigh Forbartha Inbhuanaithe (SDSN) sa Bhruiséil an 6 Nollaig, breathnófar ar mhéid an tionchair sin.

Read more in all languages

Beidh tionchar dosheachanta ag an gComhaontú Glas don Eoraip ar ár gcaidreamh seachtrach. Ag comhdháil hibrideach a chomheagraigh CESE agus Líonra na Náisiún Aontaithe um Réitigh Forbartha Inbhuanaithe (SDSN) sa Bhruiséil an 6 Nollaig, breathnófar ar mhéid an tionchair sin.

Tá sé mar aidhm leis an gComhaontú Glas don Eoraip geilleagar na hEorpa a dhícharbónú agus an nasc idir an fás eacnamaíoch agus úsáid acmhainní a bhriseadh, agus ag an am céanna á áirithiú nach bhfágfar aon duine ná aon áit ar gcúl. Trí chlaochlú tionsclaíoch a margaidh féin, tá sé d’aidhm ag an Eoraip a bheith ina samhail do ghníomhaithe domhanda eile.

Is cinnte go mbeidh tionchar ag úsáid foinsí fuinnimh ghlais ar chaidrimh an Aontais leis an gcuid eile den domhan, lena n-áirítear an Sásra Coigeartaithe Teorann Carbóin a thabhairt isteach agus trí comhaontuithe trádála nuaghlúine níos glaise, réabhlóid atá ag teacht chun cinn san earnáil iompair, agus dúshláin agus deiseanna nua fostaíochta.

Pléifidh cainteoirí ón Aontas Eorpach, Líonra Réitigh na Náisiún Aontaithe um Fhorbairt Inbhuanaithe (SDSN), IPCC (Painéal Idir-Rialtasach na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide) agus ó eagraíochtaí rialtasacha agus neamhrialtasacha éagsúla eile na forbairtí ceannródaíocha seo i bpróiseas ceaptha beartas an Aontais Eorpaigh.

Críochnóidh an chomhdháil le ráiteas clabhsúir ó Uachtarán CESC Christa Schweng, ó Dimitris Dimitriadis, Cathaoirleach Rannóg CESC um Chaidreamh Seachtrach, agus ó chomhaltaí lárnacha CESE.

Faigh tuilleadh eolais faoin imeacht agus/nó cláraigh: https://www.eesc.europa.eu/ga/agenda/our-events/events/geopolitics-european-green-deal (dv/dm)

Editors

Ewa Haczyk-Plumley (editor-in-chief)
Daniela Marangoni (dm)
 

Contributors to this issue

Amalia Tsoumani (at)
Daniela Marangoni (dm)
Daniela Vincenti (dv)
Ewa Haczyk-Plumley (ehp)
Katerina Serifi (ks)
Jasmin Kloetzing (jk)
Laura Lui (ll)
Marco Pezzani (mp)
Pablo Ribera Paya (prp)

Coordination

Agata Berdys (ab)
Katerina Serifi (ks)

Technical support
Bernhard Knoblach (bk)

Address

European Economic and Social Committee
Jacques Delors Building,
99 Rue Belliard,
B-1040 Brussels, Belgium
Tel. (+32 2) 546.94.76
Email: eescinfo@eesc.europa.eu

EESC info is published nine times a year during EESC plenary sessions. EESC info is available in 23 languages
EESC info is not an official record of the EESC’s proceedings; for this, please refer to the Official Journal of the European Union or to the Committee’s other publications.
Reproduction permitted if EESC info is mentioned as the source and a link  is sent to the editor.
 

October 2021
09/2021

Follow us

  • Facebook
  • Twitter
  • LinkedIn
  • Instagram