Ag tús mhí Mheán Fómhair 2021, chuir mé féin agus reachtairí na gcúig ollscoil bhunaitheacha eile de chuid an líonra Eorpaigh Eutopia fáilte chun na Bruiséile roimh reachtairí trí ollscoil nua atá le bheith ina mbaill dár líonra. Bhí an-tábhacht ag baint leis an teacht le chéile sin ar chúiseanna éagsúla.
Thar aon ní eile, is dócha gurbh amhlaidh sin toisc an deis a bhí againn bualadh le chéile go fisiciúil den chéad uair le roinnt mhaith míonna anuas. Nuair a bhí orainn cinneadh a dhéanamh faoi dhithneas i mí an Mhárta 2020 leanúint ar aghaidh le hobair na hollscoile ar líne, is dócha go rabhamar go léir ag súil leis gur socrú gearrthréimhseach a bheadh ann, de dheasca nárbh fhéidir le haon duine againn a shamhlú conas ó thalamh an domhain a d'fhéadfaí córas ollscoile a choimeád ar siúl ar líne. Ach ar chaoi éigin d’éirigh linn. Cuireadh oiliúint ar mhúinteoirí ar an toirt maidir le modhanna nua a úsáid chun a gcuid teagaisc a eagrú ar líne, dréachtaíodh prótacail chun gurbh fhéidir leanúint den obair riachtanach sna saotharlanna, agus cruthaíodh comhlachtaí rialaithe sealadacha nua chun an ollscoil a threorú le linn na tréimhse urghnáiche seo. D’éirigh linn toisc gur léirigh an oiread sin daoine dúthracht agus buanseasmhacht dhaingean.
Is féidir neart ceachtanna a fhoghlaim ón tréimhse atá díreach imithe tharainn, ach ba mhaith liomsa aird a tharraingt ar thrí chinn díobh sin.
Ar an gcéad dul síos, is ann don éagothromaíocht. Is léir ó ghéarchéim COVID-19 gur fíor sin. Tá éagsúlacht mhór sa tsochaí maidir leis an mbaol atá ann go mbuailfear duine ar leith breoite nó go bhfaighidh an duine sin bás. Is iad siúd atá bocht, atá ar bheagán oideachais, ar de chine daite iad nó a bhfuil cúlra imirce acu, is iad is mó a bhí thíos leis an ngéarchéim seo. Tá an méid sin feicthe againn freisin i measc ár mac léinn féin. Conas is féidir páirt a ghlacadh sa ríomhoideachas agus gan ríomhaire agat ná spás chun dul i mbun stáidéir, nó nuair is gá duit na rudaí sin a roinnt le do shiblíní. Conas is féidir coinneáil suas le do chúrsaí nuair nach bhfuil sé d’acmhainn agat do bhillí a íoc, toisc nach bhfuil aon phoist ar fáil do mhic léinn. Is ann don éagothromaíocht agus is in olcas atá sí ag dul. Ar an dara dul síos, is glúin láidir acmhainneach í an ghlúin mac léinn seo.
Le bliain go leith anuas, tá éacht déanta acu, agus é sin faoi chúinsí fíordhúshlánacha uaireanta. Is ag smaoineamh ar ionadaithe na mac léinn go háirithe atáim. Ní háibhéil a rá go bhfuil comhbhainistiú déanta acu ar an ollscoil le bliain go leith anuas. Táim thar a bheith buíoch díobh as a ndearcadh úr, as an iliomad moltaí spreagúla atá déanta acu agus as an gcáineadh a rinne siad, a bhí géar ó am go chéile ach cóir agus fiúntach i gcónaí.
Ar an tríú dul síos, cé go bhfuil áthas orainn a bheith in ann filleadh ar an gcampas athuair, ba cheart dúinn seans níos fearr agus níos cothroime a thabhairt don fhoghlaim chumaisc, is é sin le rá, go dtarlódh an fhoghlaim sa seomra ranga, ar líne agus taobh amuigh den champas. Le fada an lá, tá ár gcur chuige oideolaíoch á bhunú againn ar an múinteoireacht údarásach ex cathedra. Ba cheart dúinn níos mó ama agus spáis a chur ar fáil don fhoghlaim neamhfhoirmiúil agus idirghníomhach. Is féidir leas a bhaint as an bhfoghlaim chumaisc chun an t-aistriú sin a chumasú.
Fiú roimh ghéarchéim COVID-19, bhí ár n-ollscoil ag gluaiseacht cheana i dtreo cineálacha foghlama níos measctha. Tríd an tionscadal weKONEKT.brussels, chruthaíomar nasc idir ár mic léinn, ar thaobh amháin, agus cathair na Bruiséile, an réimse gairmiúil agus cleachtóirí, ar an taobh eile. Ní hamháin gur éirigh linn oideachas níos saibhre a chur ar fáil do na mic léinn, ach d’éirigh linn léargas níos réadúla a thabhairt dóibh ar an margadh saothair chomh maith, trí ranganna a reáchtáil i suíomhanna a bhí cosúil le hionaid oibre na mac léinn mar a bheidh amach anseo agus trí ról a thabhairt do chleachtóirí san oideachas.
Tá an tsamhail seo á roinnt againn anois lenár gcomhpháirtithe Eutopia. Táimid den tuairim gurb é seo an bealach chun cinn chun a chinntiú go mbeidh ár mic léinn réidh don todhchaí nuair a bhainfidh siad céim amach agus go mbeidh na scileanna agus na hinniúlachtaí is gá acu chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bheidh rompu amach anseo.
Caroline Pauwels