Tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) ag glacadh páirt in iarrachtaí an Aontais dul i ngleic leis an droch-chlaonadh atá ann saoirsí na meán a bheith ag dul i laghad agus srianta ar neamhspleáchas iriseoireachta a bheith ag dul i méid. Is ábhar mór imní an claonadh sin agus is é is cúis leis ná brú níos mó agus níos mó ó struchtúir éagsúla chumhachta agus ghnó, drochphá, comhchruinniú na húinéireachta ar na meáin agus borradh mór ar bhréagnuacht ar na meáin shóisialta agus ar mheáin eile.
Bhí Julie Majerczak, ceann oifige Tuairisceoirí gan Teorainneacha sa Bhruiséil, agus Ricardo Gutiérrez, Ard-Rúnaí na Cónaidhme Eorpaí Iriseoirí, páirteach i ndíospóireacht a reáchtáladh le linn sheisiún iomlánach CESE i mí Mheán Fómhair. Chuir CESE in iúl lena linn gur údar imní iad na hionsaithe ó bhéal agus na hionsaithe coirp a dhírítear níos mó agus níos mó ar iriseoirí – dúnmharaíodh 16 dhuine acu ó 2015.
‘Ní féidir glacadh leis an treo a bhfuil cúrsaí ag dul san Eoraip. Is iad saoirse agus éagsúlacht na meán réamhchoinníollacha an daonlathais dhea-fheidhmiúil. Dá thoradh sin, is cúis imní dúinn go léir an scéal seo. Ní fhéadfaí ról na hiriseoireachta gairmiúla a chomhlíonadh riamh le halgartaim, le comhbhailiúchán nuachta nó le líonraí de chuid na meán sóisialta’ a dúirt Uachtarán CESE, Christa Schweng.
D'aontaigh CESE leis na tionscnaimh is déanaí ón gCoimisiún Eorpach, an Moladh maidir le Sábháilteacht Iriseoirí ina measc, a chuir an Coimisinéir Věra Jourová i láthair an tseachtain seo caite. Ba dhíol sásaimh dó an t-aitheasc ar Staid an Aontais Eorpaigh ó Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, inar fhógair sí a bhfuil beartaithe maidir leis an nGníomh Eorpach um Shaoirse na Meán.
Mar sin féin, sa tuairim Saoirse agus éagsúlacht na meán a ráthú san Eoraip, a glacadh sa seisiún iomlánach, d’iarr CESE ar an gCoimisiún rialacha coinníollachta ginearálta a chur i bhfeidhm agus smachtbhannaí buiséadacha a fhorchur gan mhoill ar na tíortha siúd a bhfuil saoirse agus iolrachas na meán i mbaol mór iontu.
Thug rapóirtéir na tuairime, Christian Moos, an rabhadh seo a leanas: ‘Ní leor moltaí maidir le cosaint agus sábháilteacht iriseoirí. Ní tráth faillí é seo. Caithfear na Ballstáit a chuireann bac le saoirse na meán a choinneáil amach as ionstraim théarnaimh an Aontais, Next Generation EU. Ní mór an rialachán maidir le coinníollacht a chur i bhfeidhm. Tá saoirse na meán á scriosadh d’aon ghnó ag an Ungáir agus ag an bPolainn, nó tá sí scriosta cheana féin acu. Tá ar rialtais na dtíortha sin an daonlathas agus an smacht reachta a chur i bhfeidhm arís. Mura ndéanfar amhlaidh, ní féidir leo leanúint de bheith ina mBallstáit den Aontas Eorpach. Ráthaítear i ndlí an Aontais an daonlathas agus an smacht reachta, agus is réamhchoinníoll riachtanach don dá rud í saoirse na meán.’
Chuir Julie Majerczak agus Ricardo Gutiérrez in iúl go dtacaíonn siad beirt leis an tuairim ó CESE agus le gníomhaíocht ón Aontas chun saoirse agus iolrachas na meán a chinntiú. Mar sin féin, chuir siad i bhfáth a thábhachtaí atá sé a áirithiú nach caint gan aird a bheidh i moltaí an Choimisiúin agus sa phlean atá beartaithe aige. (ll)