Is díol sásaimh do CESE an tionscnamh ón gCoimisiún maidir le bearta ceangailteacha trédhearcachta pá. Measann sé, áfach, gur cheart an treoir atá beartaithe a neartú i roinnt réimsí agus bearta breise a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna atá leis an mbearna phá idir na hinscní.

Sa tuairim uaidh a glacadh an 9 Meitheamh, chuir CESE in iúl gur díol sásaimh dó an togra ón gCoimisiún le haghaidh treoir maidir le bearta ceangailteacha trédhearcachta pá, lena gcuideofar le hoibrithe a gceart chun pá comhionainn a fhorfheidhmiú i gcásanna ina mbíonn siad thíos le hidirdhealú pá.

Os a choinne sin, measann CESE nach mór an treoir atá beartaithe a neartú i roinnt réimsí, lena n-áirítear na critéir a úsáidtear chun luach na hoibre, raon feidhme roinnt bearta trédhearcachta agus ról na gcomhpháirtithe sóisialta agus na cómhargála a chinneadh.

Pá comhionann agus obair ar comhionann a luach

Tá feidhm ag prionsabal “an phá chomhionainn as obair ar comhionann a luach” maidir le “catagóirí oibrithe”, ar catagóirí iad a bheidh sonraithe ag an bhfostóir faoin togra ón gCoimisiún. Tá CESE den tuairim go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeidh sásraí ann chun a chinntiú go ndéantar catagóirí oibrithe a eagrú ar bhealach atá inscne-neodrach agus a mbeidh ionadaithe na n-oibrithe agus na gceardchumann rannpháirteach iontu, i gcomhréir leis an dlí agus an cleachtas náisiúnta.

Le bearta breise arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna struchtúracha is cúis leis an mbearna phá idir na hinscní, ba cheart na nithe seo a leanas a chur san áireamh: cúram leanaí leordhóthanach agus inrochtana, tionscnaimh múscailte feasachta, ionadaíocht níos fearr do mhná i bpoist chinnteoireachta a chinntiú agus deireadh a chur le dídhreasachtaí cánach maidir le fostaíocht na mban. Tá an tuarascáil le fáil ina hiomláine anseo. (na)