Podchraoladh – Dearcadh na cosmhuintire - Séasúr 2, Clár 3: Insint nua ar an Eoraip

Léirigh géarchéim COVID-19 a thábhachtaí atá an dlúthpháirtíocht idir Ballstáit, institiúidí agus saoránaigh an Aontais Eorpaigh. Ina fhianaise sin, pléifimid cad ina thaobh ar céim nua thábhachtach í an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, ar cuireadh tús léi le déanaí, a chuideoidh linn machnamh a dhéanamh le chéile faoinár dtodhchaí Eorpach choiteann.