I gcomórtas leis an gcaidreamh atá ag an Aontas Eorpach le tíortha eile sa réigiún, ní furasta an caidreamh idir é agus an tSile a shárú i dtaca le dlúithe. Léiriú is ea an Comhaontú Comhlachais, a síníodh in 2002, ar cheann de na comhlachais is faide dá bhfuil ag an Aontas agus leis an uasdátú atá beartaithe ina leith is dócha go neartófar na naisc idir an dá thaobh. In imeacht na mblianta bhí teagmháil shaoráideach ag CESE le sochaí shibhialta na Sile, a bhuí sin, den chuid is mó, le cruinnithe débhliantúla le hionadaithe ón tsochaí shibhialta eagraithe san Eoraip agus i Meiriceá Laidineach.
Ó mhí Dheireadh Fómhair 2016 i leith, is i bhfoirm Comhchoiste Comhairleach atá an caidreamh seo agus is léiriú é ar phlé níos dlúithe agus níos struchtúrtha idir an tsochaí shibhialta sa dá réigiún agus i gcomhar lena n-údaráis pholaitiúla féin sa dá chás. Is é CESE i gcomhar le comhpháirtithe agus eagraíochtaí ón tsochaí shibhialta sa tSile a chuir an Comhchoiste Comhairleach ar bun. Tá an Comhchoiste comhdhéanta d'ionadaithe ó eagraíochtaí fostóirí, eagraíochtaí oibrithe agus ó ghrúpaí sainleasa eile. Tagann an Comhchoiste Comhairleach i gceann a chéile uair sa bhliain chun gur féidir le heagraíochtaí na sochaí sibhialta ar an dá thaobh díospóireacht a dhéanamh ar ábhair is leas dóibh araon agus chun obair leantach a dhéanamh maidir le nuachóiriú an Chomhaontaithe Comhlachais.