Claudine Otto: Ní mór smaoineamh ar níos mó neamhspleáchais ó thaobh domhandú a bheith ann ar an leibhéal Eorpach.

Ón uair a fógraíodh an dianghlasáil, ní raibh duine ná deoraí le feiceáil ar na sráideanna. Is é an ciúnas an rud is mó a thugtar suntas dó. Bhí deireadh leis an sciuird reatha chun na hoibre, leis an taisteal thar lear le haghaidh cruinniú dhá uair an chloig, le glór na mbonnán sa chathair, le feitheamh ar bhus nach dtagann... Dála go leor eile, ghlacamar leis an ngaibhniú éigeantach sin, agus rinneamar iarracht dul in oiriúint don mhodh maireachtála nua seo ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile. Más rud é go raibh an teilea-obair éasca i mo chás féin, ní raibh sé iomchuí do m’fhear céile toisc nárbh fhéidir (agus nach féidir fós) a ghairm agus an bonneagar a ghabhann léi a chur in oiriúint don teilea-obair. Mar sin féin, tháinig an easpa inoiriúnaitheachta sin idir é agus codladh na hoíche ar feadh tamaill de dheasca ráta neamhláithreachta as cuimse a chuid fostaithe. Bhí an eagla ag scaipeadh ar a laghad chomh tapa leis an víreas féin.

Anois go bhfuil an chéad ráig den víreas curtha dínn, ba nádúrtha an rud é an cheist a chur: cén staid shíceach, shóisialta agus eacnamíoch ina mbeimid nuair a bheidh an ngéarchéim seo curtha taobh thiar dínn? Más rud é gur fhág an phaindéim gur féidir na riachtanais is tábhachtaí a chur in ord tosaíochta agus gur tharla múscailt feasachta ar an gcomhshaol, chonacthas iompraíocht indibhidiúlach ar scála náisiúnta agus domhanda freisin. Níor rith sé le haon duine i Lucsamburg go bhfeicfeadh sé nó sí dúnadh na dteorainneacha arís. Tá an obair trasteorann ríthábhacht don Ard-Diúcacht agus d’fhág an srian ar shaorghluaiseacht daoine go raibh eagla orainn go mbeadh easnaimh oibrithe cúraim ann, inter alia.

D’fhág an ghéarchéim seo go bhfuilimid ag machnamh ar a leochailí is atáimid féin i dáiríre. Tuigimid anois, go bhfuilid ag brath, ní hé amháin ar na hoibrithe cúraimn, ach ar iompraíocht daoine eile.

Má táthar chun téarnamh eacnamaíoch a bhaint amach, is le chéile a dhéanfaimid é. Seachnóimid an náisiúnachas agus na geilleagair a bheith ag cúbadh chucu féin, tráth atá roinnt tíortha, ar mhaithe leis an athléimneacht, ag moladh na slabhraí luacha a náisiúnú. Ní mór smaoineamh ar níos mó neamhspleáchais ó thaobh domhandú a bheith ann ar an leibhéal Eorpach. Is deis í an ghéarchéim seo, mar a déarfá, chun stopadh agus smaoineamh ar feadh bomaite, rud ar cheart go gcuideodh sé linn machnamh a dhéanamh orainn féin.