Cumarsáid le linn na géarchéime
Sa chuid dheireanach seo den tsraith, a léiríodh an babhta seo i bhFraincis, is í Isabel Caño Aguilar, Leas-Uachtarán ar CESE atá freagrach as an gCumarsáid, a labhraíonn faoi iarmhairtí COVID. Déanann sí cur síos ar an gcaoi ar athraigh an phaindéim obair chumarsáide CESE sa mhéid is gur leagadh béim ar an dlúthpháirtíocht agus ar an tiomantas (mar a bheadh eochairfhocail ann) i ngach cuid d’obair an Choiste agus i ngach ceann dá dtionscnaimh, ag tosú le Duais na Dlúthpháirtíochta Sibhialta 2020. Dar leis an Leas-Uachtarán, "ní bheidh aon ghné den saol mar a bhí roimh an bpaindéim seo. Ar a shon sin, tá sé de fhreagracht orainn gníomhú chun an Eoraip a dhéanamh níos láidre. Sin é atá á éileamh ag saoránaigh na hEorpa orainn".