European Economic
and Social Committee
Athléimneacht eacnamaíoch: ó bhainistiú géarchéime go cosaint na saoránach
Le Elena Calistru
Tá tástáil struis déanta ag géarchéimeanna a tharla le déanaí ar struchtúr eacnamaíoch na hEorpa, agus is troime an t-ualach ar an ngnáthdhuine. Sa tuairim uainn Na géarchéimeanna a chur dínn, tá treoirphlean ar fáil le haghaidh geilleagar a chosnaíonn daoine aonair agus gnólachtaí, seachas iad a chur faoi shuaitheadh eacnamaíoch.
Tá tábhacht ar leith le trí riachtanas eacnamaíocha:
Ar an gcéad dul síos, ní mór an réamhaisnéis eacnamaíoch a fhorbairt chun gur idirghabháil thuarthach a bheidh i gceist léi seachas anailís chúlghabhálach. Nuair is ann don bhoilsciú, is iad na gnáthdhaoine a thugann faoi deara ar dtús é sula mbíonn sé le feiceáil sna príomhshonraí eacnamaíocha. Tá córais luathbhraite shofaisticiúla de dhíth orainn lena bhféadfaí scrogaill soláthair agus aimhrialtachtaí tarchurtha praghsanna a aithint sula n-ardaíonn billí téimh agus grósaera go leibhéal neamh-inacmhainne. Is iad na teaghlaigh is leochailí i leith suaití eacnamaíocha na teaghlaigh is lú cumais chun tionchar na suaití sin a ionsú. Dá bhrí sin, tá géarghá le mapáil leochaileachta ghráinneach chun cosaint spriocdhírithe a áirithiú.
Ar an dara dul síos, ní mór an acmhainneacht fhioscach a aistriú ó fhreagairt éigeandála go cobhsú ionsuite. Ba shuntasach an rud é Next Generation EU ach ba bheart seiftithe é san am céanna. Le buansásraí cobhsaíochta fioscacha a ndéanann an tsochaí shibhialta maoirseacht orthu, d’áiritheofaí go gcosnófaí na daoine is mó atá i mbaol leis na freagairtí ar ghéarchéimeanna. Nuair nach gcuirtear éifeachtaí dáileacháin san áireamh sa rialachas eacnamaíoch, bíonn brú sóisialta ann, rud a bhaineann an bonn den athléimneacht chéanna a theastaíonn uainn a chothú. Níor cheart smaoineamh ar choinníollachtaí sóisialta i gcistiú an Aontais mar chonstaicí maorlathacha; tá seans ann go n-áiritheofaí leo go mbeadh caighdeán maireachtála níos fearr ann do chách mar thoradh ar an bhfás eacnamaíoch.
Ar an tríú dul síos, ní mór dlús a chur le comhtháthú margaidh sna réimsí is tábhachtaí do thomhaltóirí. Na costais fuinnimh sin atá i bhfad Éireann níos mó ná costais na n-iomaitheoirí, ní táscairí maicreacnamaíocha amháin atá iontu ach is billí míosúla iad a chuireann brú ar bhuiséid teaghlaigh ar fud na hEorpa. Ní hé gur cuspóirí eacnamaíocha teibí amháin atá sna hinfheistíochtaí straitéiseacha i mbonneagar trasteorann agus i gcomhtháthú an mhargaidh fuinnimh ach is faoiseamh nithiúil iad freisin do theaghlaigh agus do ghnólachtaí a bhfuil brú orthu ó thaobh costas maireachtála de.
Is féidir beartas eacnamaíoch a cheapadh gan ionchur ón tsochaí shibhialta, rud a bheadh cosúil le loingseoireacht a dhéanamh ar an bhfarraige anaithnid; bheadh sé indéanta ach níor mhaith an smaoineamh é. Nuair a cheaptar beartais le rannpháirtíocht iomlán na ndaoine sin a mbeidh tionchar ag na beartais orthu, bíonn torthaí níos fearr orthu i gcónaí. Tá níos mó i gceist leis seo ná an chomhairliúchán a chur ar bhonn foirmiúil; baineann sé le leas a bhaint as intleacht chomhchoiteann na sochaí sibhialta eagraithe le linn an timthrialla beartais.
Ní mór geilleagar sóisialta margaidh na hEorpa a nuachóiriú seachas deireadh iomlán a chur leis. Tá easpa samhlaíochta le sonrú sa bheartas eacnamaíoch ina dtugtar rogha idir an iomaíochas agus cosaint saoránach. Más uainn aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá romhainn, ní mór dár n-institiúidí bealaí cruthaitheacha a aimsiú chun athléimneacht eacnamaíoch agus folláine daoine araon a chur i gcroílár rialachas eacnamaíoch na hEorpa.