Skip to main content
Newsletter Info

EESC info

European Economic and Social Committee A bridge between Europe and organised civil society

APRIL 2025 | GA

GENERATE NEWSLETTER PDF

Available Languages:

  • BG
  • CS
  • DA
  • DE
  • EL
  • EN
  • ES
  • ET
  • FI
  • FR
  • GA
  • HR
  • HU
  • IT
  • LT
  • LV
  • MT
  • NL
  • PL
  • PT
  • RO
  • SK
  • SL
  • SV
Editorial

Eagarfhocal

Deighilt na sochaí (an polarú) ina dúshlán don tsochaí shibhialta

Tá mí Aibreáin linn agus táimid fós ag machnamh ar an bhfuinneamh agus ar na tuiscintí a d’éirigh as ár n-imeachtaí suaitheanta i mí an Mhárta, tráth a léiríodh uair amháin eile an chumhacht atá sa tsochaí shibhialta agus a dhiongbháilte atá sí.

Read more in all languages

Deighilt na sochaí (an polarú) ina dúshlán don tsochaí shibhialta

Tá mí Aibreáin linn agus táimid fós ag machnamh ar an bhfuinneamh agus na tuiscintí a d’éirigh as ár n-imeachtaí suaitheanta i mí an Mhárta, tráth a léiríodh uair amháin eile an chumhacht atá sa tsochaí shibhialta agus a dhiongbháilte atá sí.

Is cinnte gur mí dhian spreagúil a bhí i mí an Mhárta i gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Thionólamar ár n-imeacht bliantúil don óige, Leatsa an Eoraip, Abair Leat!, agus thugamar an t-ardán uair amháin eile dár dtodhchaí, aos óg na hEorpa, ar dhaltaí meánscoile a lán díobh, as gach cearn den Eoraip, an Ríocht Aontaithe agus tíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas Eorpach san áireamh.

Lena chois sin, reáchtálamar an dara heagrán de Sheachtain na Sochaí Sibhialta inar tugadh le chéile os cionn 800 ionadaí ón tsochaí shibhialta as gach cearn den Eoraip chun páirt a ghlacadh i bplé bríomhar, chun dea-chleachtais a mhalartú agus teacht ar réitigh le chéile atá dírithe ar an rannpháirtíocht dhaonlathach a neartú. An Comhtháthú agus an Rannpháirtíocht a threisiú sa tSochaí a bhfuil an tEasaontas i réim inti an mana a bhí againn i mbliana.

I ré chorrach na haimsire seo, níl aon easpa saincheisteanna práinneacha ann. Cén fáth díriú ar an bpolarú, mar sin?

Is féidir leis an bpolarú – is é sin dul i ndéine dearcthaí contrártha – a bheith ina ghnáthchuid den dioscúrsa daonlathach, agus é fréamhaithe san idé-eolaíocht go minic. Go deimhin, tá díospóireacht bhríomhar agus cur in iúl tuairimí éagsúla, fiú tuairimí a thagann salach ar a chéile, thar a bheith tábhachtach do gach aon sochaí oscailte iolraíoch ar nós na sochaí seo againne. Is minic a chuir CESE i bhfáth gur díospóireacht oscailte, gan srian de chineál ar bith, an bhunchloch atá le sochaí rannpháirtíoch agus nach féidir le daonlathas feidhmiú mar is ceart dá huireasa.

Mar sin féin, an polarú atá ag teacht chun cinn faoi láthair, is rud éagsúil é ón taithí a bhí againn go dtí seo ar an bpolarú. Tá méadú ag teacht ar an bpolarú diúltach agus ar an bpobalachas, gluaiseachtaí a dhiúltaíonn don idirphlé, a ídíonn an mhuinín agus a bhaineann an bonn de luachanna an daonlathais. Sa pholaitíocht agus sa saol poiblí, tá an spás atá ar fáil don chomhréiteach ag crapadh. Nuair a bhíonn naimhdeas sa pholarú, nuair a chothaíonn sé an fuath nó an t-olc, cuirtear isteach ar an gcomhtháthú sóisialta, méadaítear ar an deighilt agus, sna cásanna is measa, is foréigean an toradh a bhíonn air.

Trí dhíriú go sonrach ar an bpolarú le linn an imeachta atáimid a eagrú, theastaigh uainn aird a tharraingt ar an méadú as cuimse atá tagtha ar na tréithe tocsaineacha atá i gceist leis agus atá ag sleamhnú isteach go mall i ngach uile ghné de shochaithe na hEorpa.

Tá an claonadh imníoch sin ag méadú de bharr bagairtí éagsúla atá ann: tionchar ón gcoigríoch ar phróisis dhaonlathacha, scaipeadh na bréagaisnéise, agus cúbláil na meán sóisialta chun guthanna contrártha a chur ina dtost agus tuairimí míchuibheasacha a bhrú chun cinn. Feicimid freisin go bhfuil an brú ar shaoirse na meán ag méadú – bíodh sin tríd an monaplú, trí chur isteach ón rialtas nó trí ionsaithe ar iriseoirí – tráth atá meáin chumarsáide shaora iolraíocha níos riachtanaí ná riamh.

In CESE, is cúis mhór imní dúinn an méadú atá tagtha ar choireanna fuathbhunaithe ar fud na hEorpa, lena n-áirítear coireanna atá dírithe ar reiligiún, ar ghnéas agus ar inscne. Baineann an fuath an bonn den daonlathas, lagaíonn sé ár n-institiúidí, agus cothaíonn sé easpa muiníne i measc na saoránach.

Is é sin an áit a bhfuil ról thar a bheith tábhachtach ag an tsochaí shibhialta. Tá an dúthracht agus an misneach le sonrú i measc eagraíochtaí na sochaí sibhialta chun spásanna daonlathacha a chosaint, cearta bunúsacha a chaomhnú, agus creatlach an phobail a neartú. Ar chuid de sin tá an brú atá ar éifeachtaí tocsaineacha an pholaraithe dhiúltaigh cúlú.

Ba í Seachtain na Sochaí Sibhialta an chaoi ina rabhamarna in ann tacú leis an iarracht sin. Cuireadh spás ar fáil le haghaidh idirphlé fóinteach, smaointe úra agus réiteach comhoibríoch fadhbanna arbh é b’aidhm dóibh an rannpháirtíocht agus an comhtháthú sóisialta a chothú. D’eagraíomar painéil den Ghrúpa Idirchaidrimh inar pléadh ábhair éagsúla, mar aon le lá ar leith a tiomnaíodh don Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh – an uirlis thábhachtach atá ag an Aontas ar mhaithe leis an daonlathas díreach.

Mar chuid den tseachtain, bhronn CESE an 15ú heagrán de Dhuais na Sochaí Sibhialta ar thrí thionscnamh den scoth atá dírithe ar an bpolarú a chomhrac fud fad na hEorpa. Roghnaíodh na tionscadail sin as níos mó ná 50 iontráil ó 15 Bhallstát, agus léiríonn na tionscadail sin scála an dúshláin agus an tiomantas láidir atá ann i measc ghníomhaithe na sochaí sibhialta an dúshlán sin a fhreagairt.

Tá súil agam go spreagfaidh eagrán na bliana seo de Sheachtain na Sochaí Sibhialta agus buaiteoirí na Duaise dóchas athnuaite as an ról is féidir leis an tsochaí shibhialta a imirt chun luachanna daonlathacha na hEorpa a chosaint agus a chur chun cinn.

Ós rud é go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh againn fós ar na smaointe, na tograí agus an tátal ó imeachtaí mhí an Mhárta, chinneamar cead cainte a thabhairt in eagrán seo mhí Aibreáin do roinnt guthanna ó Sheachtain na Sochaí Sibhialta agus ó YEYS. Tá súil agam go mbainfidh sibh taitneamh as an ábhar léitheoireachta.

Laurenţiu Plosceanu

Leas-Uachtarán um an gCumarsáid

Diary Dates

08/05/2025

Imeacht maidir le himircigh leochaileacha a chumhachtú

10/05/2025

Lá na hEorpa 2025

22/05/2025

Is féidir le saoránaigh an ceann is fearr a fháil ar an mbréagaisnéis – Comhdháil maidir leis an mbréagaisnéis i Liospóin na Portaingéile

11/06/2025

Comhdháil maidir le fuinneamh inacmhainne a chur ar fáil san Eoraip

18-19 Meitheamh 2025

Seisiún iomlánach CESE

Ceist amháin ar...

Tá ilroinnt an mhargaidh aonair ag cur isteach go díreach ar an gcostas maireachtála san Aontas, rud a fhágann go bhfuil cuid nach beag de mhuintir na hEorpa i mbaol na bochtaineachta. D’iarramar ar Emilie Prouzet, rapóirtéir na tuairime ar an ábhar seo, a mhíniú dúinn cad iad na moltaí atá déanta ag CESE chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin agus margadh aonair atá cothrom agus iomaíoch a chruthú. 

Read more in all languages

Tá ilroinnt an mhargaidh aonair ag cur isteach go díreach ar an gcostas maireachtála san Aontas, rud a fhágann go bhfuil cuid nach beag de mhuintir na hEorpa i mbaol na bochtaineachta. D’iarramar ar Emilie Prouzet, rapóirtéir na tuairime ar an ábhar seo, a mhíniú dúinn cad iad na moltaí atá déanta ag CESE chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin agus margadh aonair atá cothrom agus iomaíoch a chruthú. 

Bheadh praghas ró-ard le híoc dá dteipfeadh ar an margadh aonair

Le Emilie Prouzet

Tá tionchar díreach ag mífheidhmiú an mhargaidh aonair ar an gcostas maireachtála agus is oth le CESE go bhfuil cúrsaí ag dul in olcas. Níos mó ná riamh, is é an costas maireachtála príomhábhar imní ár gcomhshaoránach, go háirithe do dhaoine óga. Is iad na 94.6 milliún Eorpach atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta na daoine is mó atá thíos leis.

Read more in all languages

Le Emilie Prouzet

Tá tionchar díreach ag mífheidhmiú an mhargaidh aonair ar an gcostas maireachtála agus is oth le CESE go bhfuil cúrsaí ag dul in olcas. Níos mó ná riamh, is é an costas maireachtála príomhábhar imní ár gcomhshaoránach, go háirithe do dhaoine óga. Is iad na 94.6 milliún Eorpach atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta na daoine is mó atá thíos leis.

Measann CAI go bhfuil bacainní neamhtharaife laistigh den Aontas coibhéiseach le dleachtanna custaim thart ar 44 % ar earraí, rud atá trí oiread níos mó ná na bacainní idir stáit na Stát Aontaithe, ós rud é gur gnáth an rud é anois an comparáid sin a dhéanamh. I margadh na seirbhísí, ardaíonn an figiúr sin go 110 %!

Bia, tithíocht, fuinneamh, cúram sláinte, oideachas: is iomaí réimse a ndéantar difear dóibh, agus tá tionscnaimh Eorpacha ann ina leith. Ní mór dúinn uile dul sa bhearna bhaoil: na Ballstáit, oibreoirí príobháideacha agus an Coimisiún Eorpach sa ról atá aige mar Chaomhnóir na gConarthaí. Déanfaidh mé trí cinn de na príomh-mholtaí a rinneadh sa tuarascáil a lua.

I dtús báire, ní mór dúinn aghaidh a thabhairt go práinneach ar shrianta soláthair críochacha agus ar dheighilt náisiúnta ag oibreoirí príobháideacha, rud a chuireann srian ar an iomaíocht agus a mbíonn praghsanna níos airde do thomhaltóirí dá bharr. Ceithre bhilliún dollar déag: is é sin an costas breise ar thomhaltóirí gach bliain, de réir staidéar a rinne an tAirmheán Comhpháirteach Taighde in 2020. Agus an boilsciú á chur san áireamh, luíonn sé le ciall gurb é an phríomhsprioc atá acu anois feabhas a chur ar an margadh aonair. Tá an Coimisiún ag obair leis, trí bhíthin an Tascfhórsa um Fhorfheidhmiú an Mhargaidh Aonair (SMET) go príomha, chun an cuspóir sin a bhaint amach. Cé go bhfuil an fhadhb casta, cuireadh tograí chun cinn. Déanaimis measúnú ar an tionchar a bheidh acu agus déanaimis dul chun cinn tapa i ndáil leis an tsaincheist.

Molaimid freisin dlús a chur le himeachtaí in aghaidh rialacha náisiúnta a sháraíonn dlí an Aontais. Ba cheart dúinn scrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht go mbeadh urghairí eatramhacha ann i gcoinne sáruithe soiléire ar rialacha an Aontais. Níor cheart dúinn cead a thabhairt bacainní a chur i bhfeidhm. Bíonn iarmhairtí díreacha de dheasca gníomhaíochtaí caomhnaitheacha Ballstát áirithe. Cén tuairim atá againn faoi chógais a d’fhéadfadh dul in éag sula ndéantar iad a atreorú chuig a gceann scríbe?

Ar deireadh, tá sé de dhualgas orainn teacht ar chur chuige cothrom idir ardchaighdeáin a chaomhnú maidir le hinbhuanaitheacht, dea-bhail agus cosaint an lucht saothair ar an taobh amháin agus ualaí riaracháin nach bhfuil gá leo a laghdú agus trádáil trasteorann a éascú chun margadh aonair atá cothrom agus iomaíoch a chothú ar an taobh eile.

CROÍ AN SCÉIL

Seo cuid de smaointe an chomhalta CESE Elena Calistru, rapóirtéir na tuairime Ré na ngéarchéimeanna a chur dínn – Bearta le haghaidh geilleagar Eorpach athléimneach, comhtháite agus cuimsitheach, faoi na riachtanais eacnamaíocha a bhaineann le geilleagar a chumhdaíonn na daoine agus na gnólachtaí ar shuaiteacht eacnamaíoch agus ar ghéarchéimeanna móra na gcostas maireachtála.

Read more in all languages

Seo cuid de smaointe an chomhalta CESE Elena Calistru, rapóirtéir na tuairime Ré na ngéarchéimeanna a chur dínn — Bearta le haghaidh geilleagar Eorpach athléimneach, comhtháite agus cuimsitheach, faoi na riachtanais eacnamaíocha a bhaineann le geilleagar a chumhdaíonn na daoine agus na gnólachtaí ar shuaiteacht eacnamaíoch agus ar ghéarchéimeanna móra na gcostas maireachtála.

Athléimneacht eacnamaíoch: ó bhainistiú géarchéime go cosaint na saoránach

Le Elena Calistru

Ceann de thorthaí na ngéarchéimeanna éagsúla a tharla le déanaí is ea go ndearnadh tástáil struis ar struchtúr eacnamaíoch na hEorpa, agus ba léir gur troime an t-ualach ar an ngnáthdhuine. Sa tuairim uainn Na géarchéimeanna a chur dínn, tá treoirphlean ar fáil le haghaidh geilleagar a chosnaíonn daoine aonair agus gnólachtaí, seachas iad a chur faoi shuaitheadh eacnamaíoch.

Read more in all languages

Le Elena Calistru

Tá tástáil struis déanta ag géarchéimeanna a tharla le déanaí ar struchtúr eacnamaíoch na hEorpa, agus is troime an t-ualach ar an ngnáthdhuine. Sa tuairim uainn Na géarchéimeanna a chur dínn, tá treoirphlean ar fáil le haghaidh geilleagar a chosnaíonn daoine aonair agus gnólachtaí, seachas iad a chur faoi shuaitheadh eacnamaíoch.

Tá tábhacht ar leith le trí riachtanas eacnamaíocha:

Ar an gcéad dul síos, ní mór an réamhaisnéis eacnamaíoch a fhorbairt chun gur idirghabháil thuarthach a bheidh i gceist léi seachas anailís chúlghabhálach. Nuair is ann don bhoilsciú, is iad na gnáthdhaoine a thugann faoi deara ar dtús é sula mbíonn sé le feiceáil sna príomhshonraí eacnamaíocha. Tá córais luathbhraite shofaisticiúla de dhíth orainn lena bhféadfaí scrogaill soláthair agus aimhrialtachtaí tarchurtha praghsanna a aithint sula n-ardaíonn billí téimh agus grósaera go leibhéal neamh-inacmhainne. Is iad na teaghlaigh is leochailí i leith suaití eacnamaíocha na teaghlaigh is lú cumais chun tionchar na suaití sin a ionsú. Dá bhrí sin, tá géarghá le mapáil leochaileachta ghráinneach chun cosaint spriocdhírithe a áirithiú.

Ar an dara dul síos, ní mór an acmhainneacht fhioscach a aistriú ó fhreagairt éigeandála go cobhsú ionsuite. Ba shuntasach an rud é Next Generation EU ach ba bheart seiftithe é san am céanna. Le buansásraí cobhsaíochta fioscacha a ndéanann an tsochaí shibhialta maoirseacht orthu, d’áiritheofaí go gcosnófaí na daoine is mó atá i mbaol leis na freagairtí ar ghéarchéimeanna. Nuair nach gcuirtear éifeachtaí dáileacháin san áireamh sa rialachas eacnamaíoch, bíonn brú sóisialta ann, rud a bhaineann an bonn den athléimneacht chéanna a theastaíonn uainn a chothú. Níor cheart smaoineamh ar choinníollachtaí sóisialta i gcistiú an Aontais mar chonstaicí maorlathacha; tá seans ann go n-áiritheofaí leo go mbeadh caighdeán maireachtála níos fearr ann do chách mar thoradh ar an bhfás eacnamaíoch.

Ar an tríú dul síos, ní mór dlús a chur le comhtháthú margaidh sna réimsí is tábhachtaí do thomhaltóirí. Na costais fuinnimh sin atá i bhfad Éireann níos mó ná costais na n-iomaitheoirí, ní táscairí maicreacnamaíocha amháin atá iontu ach is billí míosúla iad a chuireann brú ar bhuiséid teaghlaigh ar fud na hEorpa. Ní hé gur cuspóirí eacnamaíocha teibí amháin atá sna hinfheistíochtaí straitéiseacha i mbonneagar trasteorann agus i gcomhtháthú an mhargaidh fuinnimh ach is faoiseamh nithiúil iad freisin do theaghlaigh agus do ghnólachtaí a bhfuil brú orthu ó thaobh costas maireachtála de.

Is féidir beartas eacnamaíoch a cheapadh gan ionchur ón tsochaí shibhialta, rud a bheadh cosúil le loingseoireacht a dhéanamh ar an bhfarraige anaithnid; bheadh sé indéanta ach níor mhaith an smaoineamh é. Nuair a cheaptar beartais le rannpháirtíocht iomlán na ndaoine sin a mbeidh tionchar ag na beartais orthu, bíonn torthaí níos fearr orthu i gcónaí. Tá níos mó i gceist leis seo ná an chomhairliúchán a chur ar bhonn foirmiúil; baineann sé le leas a bhaint as intleacht chomhchoiteann na sochaí sibhialta eagraithe le linn an timthrialla beartais.

Ní mór geilleagar sóisialta margaidh na hEorpa a nuachóiriú seachas deireadh iomlán a chur leis. Tá easpa samhlaíochta le sonrú sa bheartas eacnamaíoch ina dtugtar rogha idir an iomaíochas agus cosaint saoránach. Más uainn aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá romhainn, ní mór dár n-institiúidí bealaí cruthaitheacha a aimsiú chun athléimneacht eacnamaíoch agus folláine daoine araon a chur i gcroílár rialachas eacnamaíoch na hEorpa.

AOI A THARLA AN BEALACH

Ó loic Meiriceá ar an Eoraip, is ríléir cén rogha atá aici: an Úcráin a chosaint láithreach bonn de réir mar a chosnódh sí í féin, nó seasamh in aghaidh arm na Rúise ar a críocha féin lá is faide anonn. Ní bheidh sé éasca an cath seo a chur, ach ní cloí atá i ndán sula gcaitear an chéad urchar. Ní fios fós cé mhéad Eorpach a sheasfaidh linn: sin é a deir an t-aoi a tharla an bealach, an t-iriseoir Úcráineach Tetyana Ogarkova.

Read more in all languages

Ó loic Meiriceá ar an Eoraip, is ríléir cén rogha atá aici: an Úcráin a chosaint láithreach bonn de réir mar a chosnódh sí í féin, nó seasamh in aghaidh arm na Rúise ar a críocha féin lá is faide anonn. Ní bheidh sé éasca an cath seo a chur, ach ní cloí atá i ndán sula gcaitear an chéad urchar. Ní fios fós cé mhéad Eorpach a sheasfaidh linn: sin é a deir an t-aoi a tharla an bealach, an t-iriseoir Úcráineach Tetyana Ogarkova.

Is iriseoir, aisteoir agus scoláire liteartha Úcránach í Tetyana Ogarkova. Is i gCív atá sí lonnaithe. Ise is comhordaitheoir ar roinn idirnáisiúnta Ionad Meán Géarchéime na hÚcráine agus is comhláithreoir í ar an bpodchraoladh ‘Explaining Ukraine’. Is léachtóir í chomh maith in Ollscoil Mohyla Chív, agus tá Dochtúireacht sa Litríocht aici ó Ollscoil Pháras-XII Val-de-Marne. 

EORAIP NA COSANTA, NÍ TRÁTH MOILLE É

Le Tetyana Ogarkova

Ba go tromchroíoch a d’fhág mé Cív ag tús mhí an Mhárta i mbliana. Ar mo bhealach chun na Fraince ar feadh dhá lá a bhí mé chun freastal ar shiompóisiam ar an Úcráin. Dá dheasca sin, ní raibh mé in ann freastal ar shearmanas tábhachtach i gCív. Bheadh cara linn, an file Svitlana Povalyaeva, ag Maidan, cearnóg lárnach na príomhchathrach, ag eagrú searmanais le slán a fhágáil dá mac is sine, Vassyl, a thit sa ghleo agus gan é ach 28 mbliana d’aois. Maraíodh a dheartháir óg Roman ar an gcaoi chéanna i samhradh 2022 agus é ag troid ar son réigiún Kharkiv a shaoradh. Bhí sé 24 bliana d’aois. 

Read more in all languages

Le Tetyana Ogarkova

Ba go tromchroíoch a d’fhág mé Cív ag tús mhí an Mhárta i mbliana. Ar mo bhealach chun na Fraince ar feadh dhá lá a bhí mé chun freastal ar shiompóisiam ar an Úcráin. Dá dheasca sin, ní raibh mé in ann freastal ar shearmanas tábhachtach i gCív. Bheadh cara linn, an file Svitlana Povalyaeva, ag Maidan, cearnóg lárnach na príomhchathrach, ag eagrú searmanais le slán a fhágáil dá mac is sine, Vassyl, a thit sa ghleo agus gan é ach 28 mbliana d’aois. Maraíodh a dheartháir óg Roman ar an gcaoi chéanna i samhradh 2022 agus é ag troid ar son réigiún Kharkiv a shaoradh. Bhí sé 24 bliana d’aois.

Chuaigh mé ar bord na traenach, agus snaidhmeanna ar mo phutóga. D’fhág mé mo thriúr leanaí sa bhaile. Níorbh é sin an chéad uair dom ag imeacht thar lear ar feadh tréimhse ghearr le linn an chogaidh. Ach an uair seo fuair an t-uamhan an ceann is fearr orm.

Bhí a fhios agam, i ngarbhaol dhiúracáin bhalaistíocha na Rúise, nach n-oibreodh córas rabhaidh m’fhóin. Ar feadh cúpla lá bheinn 2 000 ciliméadar ón mbaile, gan rochtain ar bith ar fhaisnéis faoi shábháilteacht m’iníonacha. Ni fhéadfainn é a sheasamh.

Dá dteipfeadh ar an gcóras rabhaidh, is amhlaidh a bheadh toisc go mbeadh deireadh curtha ag na Stáit Aontaithe leis an bhfaisnéis don Úcráin, lena n-áirítear chun diúracáin bhalaistíocha ó chríoch na Rúise a bhrath go luath. Bhí cúnamh míleata curtha ar fionraí acu freisin, ag dul chomh fada fiú le bac a chur ar threalamh a seoladh chuig an bPolainn cheana féin.

Cúpla lá ina dhiaidh sin, d’fhill mé ar an Úcráin. Bhí caibidlíocht idir toscaireachtaí na hÚcráine, Mheiriceá agus na hAraibe Sádaí ar siúl i gcaitheamh an ama sin. Bhí an Úcráin réidh le haghaidh sos cogaidh iomlán láithreach bonn – ar choinníoll go nglacfadh an Rúis páirt ann. Bhí Donald Trump sásta. Cuireadh tús an athuair leis an bhfaisnéis ó Mheiriceá, mar aon leis an gcúnamh míleata a comhaontaíodh le linn rialtas Biden ach bhí an muinín caillte.

Tar éis feall a dhéanamh ar dhaoine, is deacair dul siar.

An mbraitheann an Eoraip mar an gcéanna? Tá deireadh anois le scáth slándála ECAT faoi cheannaireacht Mheiriceá. Tá droim láimhe tugtha ag dream MAGA dúinn. Tá sé beartaithe acu an láithreacht mhíleata agus dhaonnúil san Eoraip a laghdú a mhéid is féidir agus tá an Rúis, an t-ionsaitheoir, á tarraingt amach as leithlisiú taidhleoireachta agus eacnamaíoch acu.

Tá sos cogaidh san Úcráin ag teastáil ó Trump a luaithe is féidir agus ar théarmaí ar bith, rud a thugann le fios nach cuma leis faoi chruachás na hÚcráine. Is é an t-aon rud atá ag dó na geirbe aige ná na costais ar bhuiséad na Stát Aontaithe a íoslaghdú. Ní ghlacann na Stáit Aontaithe páirt a thuilleadh i gcruinnithe amhail na cruinnithe sin a reáchtáiltear ag bunáit Ramstein, agus níl aon chúnamh míleata breise ó na Stáit Aontaithe beartaithe i mbliana.

Ní chuireann sé isteach ar rialtas na Stát Aontaithe más é treascairt na hÚcráine costas na síochána. Molann Toscairí Steve Witkoff agus Keith Kellogg pleananna chun an Úcráin a roinnt ina dhá chuid nó ina dtrí chuid ar leith – díreach mar a rinneadh i nGearmáin na Naitsithe i ndiaidh an chogaidh – amhail is dá mba í an Úcráin an t-ionsaitheoir a chaill an cogadh.

Mar sin féin, tá an Eoraip faoi bhagairt freisin. Má tá sé beartaithe ag Trump líon na dtrúpaí ó na Stáit Aontaithe a laghdú san Eoraip agus má éilíonn sé ranníocaíochtaí 5 % don bhuiséad cosanta ó gach tír ar comhghuaillí de ECAT í, is amhlaidh mar go gcreideann sé gur fadhb Eorpach í cosaint na hEorpa.

Tá an Rúis ag faire. Dar leis an Rúis, ní fórsa cosanta ná díspreagadh ach oiread é ECAT gan ceannaireacht na Stát Aontaithe. Cá fhad a thógfadh sé ‘Eoraip na cosanta’ a thógáil a bheadh in ann tabhairt faoin tslándáil a áirithiú ina haonar? Más ceist ró-theibí í sin, bain triail as an gceann seo a fhreagairt: de mhuintir na hEorpa, cé a rachaidh chun na Stáit Bhaltacha a chosaint má sheolann an Rúis ionsaí tar éis a hoibríochtaí oiliúna sa Bhealarúis i mí Mheán Fómhair 2025?

Ó loic Meiriceá ar an Eoraip, is ríléir cén rogha atá aici: an Úcráin a chosaint láithreach bonn de réir mar a chosnódh sí í féin, nó seasamh in aghaidh arm na Rúise ar a críocha féin lá is faide anonn. Ní bheidh sé éasca an cath seo a chur, ach ní cloí atá i ndán sula gcaitear an chéad urchar.

Ag deireadh mhí an Mhárta, tarraingíodh m’aird ar shuirbhé chun tuairimí phobail na hÚcráine a thomhas. Tá os cionn 80 % de mhuintir na hÚcráine réidh chun leanúint den chomhrac i gcoinne na Rúise, fiú gan tacaíocht ó na Stáit Aontaithe.

Tá sé fós le feiceáil cé mhéad de mhuintir na hEorpa a sheasfaidh linn.

EESC News

Tá CESE ag obair i gcomhar leis an gCoimisiún chun an tsochaí shibhialta a chosaint

I ndíospóireacht le Michael McGrath, an Coimisinéir um an Daonlathas, an Ceartas, agus an Smacht Reachta agus um Chosaint Tomhaltóirí, thug CESE rabhadh faoi na hiarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh chun iad siúd a sheasann ar son an daonlathais, an cheartais shóisialta agus na gceart bunúsach a chur ina dtost, a lagú agus míchlú a tharraingt orthu. Chuir sé in iúl freisin go bhfuil sé réidh le hoibriú i gcomhar leis an gCoimisiún chun sochaí shibhialta na hEorpa a chosaint agus an polarú a chomhrac.

Read more in all languages

I ndíospóireacht le Michael McGrath, an Coimisinéir um an Daonlathas, an Ceartas, agus an Smacht Reachta agus um Chosaint Tomhaltóirí, thug CESE rabhadh faoi na hiarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh chun iad siúd a sheasann ar son an daonlathais, an cheartais shóisialta agus na gceart bunúsach a chur ina dtost, a lagú agus míchlú a tharraingt orthu. Chuir sé in iúl freisin go bhfuil sé réidh le hoibriú i gcomhar leis an gCoimisiún chun sochaí shibhialta na hEorpa a chosaint agus an polarú a chomhrac.

Tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) ullamh chun ról praiticiúil a imirt i Straitéis an Choimisiúin Eorpaigh maidir leis an tSochaí Shibhialta a bheidh ann amach anseo, straitéis atá á hullmhú chun an daonlathas agus an spás sibhialta a neartú agus chun pobail scoilte ar fud an Aontais a thabhairt le chéile. Agus méadú ag teacht ar na hionsaithe ar ghrúpaí na sochaí sibhialta agus ar na meáin neamhspleácha, tá CESE tiomanta an fód a sheasamh agus cuidiú le bunsraith sochaí saoire agus oscailte a chosaint.

‘Seasann CESE go daingean leis an ngealltanas a thug sé chun an tsochaí shibhialta a chosaint agus a chumhachtú. Ós ionann CESE agus croílár shochaí shibhialta na hEorpa, ní bheimid inar mbreathnóirí éighníomhacha. Cuirfimid go mór i gcoinne iarrachtaí chun an spás sibhialta a lagú. Iarrfaimid go mbeadh tacaíocht níos láidre ann, sin agus cosaint níos fearr agus aitheantas níos fearr do ról na sochaí sibhialta maidir lenár ndaonlathais a neartú,’ a chuir Uachtarán CESE, Oliver Röpke, i bhfios go láidir ag seisiún iomlánach CESE an 27 Márta, ar lena linn a reáchtáladh díospóireacht ardleibhéil leis an gCoimisinéir McGrath maidir leis an scoilteadh sa tsochaí a réiteach.

Dúirt an tUachtarán Röpke go bhfuil eagraíochtaí neamhrialtasacha agus gluaiseachtaí pobail ag dul i ngleic, murab ionann is riamh, le cúlú an daonlathais, reachtaíocht shriantach, feachtais chlúmhillte agus cásanna dlí straitéiseacha atá ceaptha an t-easaontú a chur faoi chois agus atá mar chuid d’iarracht níos leithne chun míchlú a tharraingt orthu siúd a thacaíonn leis an daonlathas, leis an gceartas sóisialta agus le cearta bunúsacha, agus iad a lagú.

Ag tagairt dó do na cúisimh a rinne Feisirí áirithe in aghaidh eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil le déanaí, dúirt an tUachtarán Röpke gur chúis mhór imní é go bhfuil ionsaithe den chineál sin á ndéanamh ní hamháin taobh amuigh dár n-institiúidí, ach laistigh díobh chomh maith.

Dúirt an Coimisinéir McGrath go bhfuil cumas uathúil ag CESE cur go mór le hiarrachtaí an Choimisiúin an daonlathas a neartú agus deighiltí sa tsochaí a dhruidim. Dar leis, is é an dóigh is fearr chun dul i ngleic leis an deighilt ná muintir na hEorpa a chumhachtú agus a chur in iúl dóibh go bhfuil ionadaíocht á déanamh orthu. ‘Más féidir linn é sin a dhéanamh, éireoidh linn ár bpobail, ár sochaithe agus an tAontas a thabhairt níos gaire dá chéile. Cibé rud a dhéanaimid, tá a fhios againn go mbeidh rannpháirtíocht eagraíochtaí na sochaí sibhialta ríthábhachtach i gcónaí.’

Le Straitéis nua an Aontais maidir leis an tSochaí Shibhialta, a fógraíodh i gclár oibre 2025 an Choimisiúin, tacófar le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le cosantóirí chearta an duine, cosnófar iad agus déanfar iad a chumhachtú.

Cuireadh chun cinn sa díospóireacht freisin na príomhphointí ó Sheachtain na Sochaí Sibhialta 2025 in CESE, arbh é An comhtháthú agus an rannpháirtíocht a threisiú sa tsochaí atá scoilte go mór ba théama di. I measc na gcainteoirí bhí Brikena Xhomaqi, comhchathaoirleach an Ghrúpa Idirchaidrimh, a chuir príomhtheachtaireachtaí na Seachtaine i láthair; Richard Vaško, buaiteoir Duais na Sochaí Sibhialta ó Chomhlachas Díospóireachta na Slóvaice; agus Kristýna Bulvasová, gníomhaí óige a chuir i láthair na príomh-mholtaí ó imeacht bliantúil CESE ar son na hóige, Leatsa an Eoraip, Abair leat! (YEYS).(ll)

Clár oibre níos uaillmhianaí agus níos cuimsithí, sin rud atá á éileamh ag CESE

Le Clár Oibre an Choimisiún Eorpaigh le haghaidh 2025, clár ina leagtar amach tosaíochtaí reachtacha agus beartais an Aontais, tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) ag iarraidh go ndíreofaí ar an athléimneacht eacnamaíoch, ar an gcothroime shóisialta agus ar an inbhuanaitheacht. Is mór an ról atá ag CESE i múnlú an chláir oibre sin. I ndíospóireacht iomlánach a bhí ag an gCoiste leis an gCoimisinéir um an nGeilleagar agus Táirgiúlacht, Valdis Dombrovskis, d’athdhearbhaigh sé go bhfuil sé tiomanta clár oibre a fhorbairt lena rachfar i ngleic le dúshláin phráinneacha, agus Aontas Eorpach níos cuimsithí atá dírithe níos mó ar an todhchaí a thógáil ag an am céanna.

Read more in all languages

Le Clár Oibre an Choimisiún Eorpaigh le haghaidh 2025, clár ina leagtar amach tosaíochtaí reachtacha agus beartais an Aontais, tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) ag iarraidh go ndíreofaí ar an athléimneacht eacnamaíoch, ar an gcothroime shóisialta agus ar an inbhuanaitheacht. Is mór an ról atá ag CESE i múnlú an chláir oibre sin. I ndíospóireacht iomlánach a bhí ag an gCoiste leis an gCoimisinéir um an nGeilleagar agus Táirgiúlacht, Valdis Dombrovskis, d’athdhearbhaigh sé go bhfuil sé tiomanta clár oibre a fhorbairt lena rachfar i ngleic le dúshláin phráinneacha, agus Aontas Eorpach níos cuimsithí atá dírithe níos mó ar an todhchaí a thógáil ag an am céanna.

I mí na Nollag 2024, rinne CESE ionchur an Choiste leis an gclár oibre a chur i láthair. ‘Dul ar aghaidh le chéile: Aontas níos dána, níos simplí agus níos tapúla’ ab ea téama a ionchuir. Leis sin, tá CESE ag iarraidh dul i ngleic le bunchúiseanna dhúshláin eacnamaíocha agus gheopholaitiúla an Aontais. Gach bliain, déanann CESE an clár oibre a bheachtú trí chomhairliúcháin a dhéanamh agus moltaí a chur le chéile d’fhonn a chinntiú go bhfreastalaíonn an clár oibre ar shaoránaigh agus ar ghnólachtaí na hEorpa ar an mbealach is fearr is féidir.

Chuir Uachtarán CESE, Oliver Röpke, in iúl gur mór aige an comhar láidir atá ar siúl leis an gCoimisiún Eorpach. D’aithin an tUachtarán iarrachtaí an Choimisiúin ina leith sin, ach d’iarr sé go nglacfaí cur chuige ní b’uaillmhianaí agus ní ba chuimsithí: ‘Táimid tiomanta i gcónaí beartais a mhúnlú lena gcuirtear cobhsaíocht eacnamaíoch, cothromas sóisialta agus luachanna daonlathacha chun cinn,’ arsa seisean.

D’athdhearbhaigh an Coimisinéar Dombrovskis gurb é is aidhm do chlár oibre an Choimisiúin le haghaidh na chéad chúig bliana eile borradh a chur faoin iomaíochas eacnamaíoch agus faoin tslándáil: ‘Is ríthábhachtach an ní é an rómhaorlathas a laghdú más uainn Eoraip níos iomaíche a thógáil. Leis an gclár oibre simpliúcháin seo, is mian linn a chinntiú go gcabhróidh ár rialacha lenár spriocanna eacnamaíocha, sóisialta, comhshaoil agus slándála – seachas teacht sa bhealach orthu,’ a dúirt sé.

Príomhthosaíochtaí le haghaidh 2025

Fás eacnamaíoch agus iomaíochas

Dírítear sa chlár oibre ar athchóirithe struchtúracha, ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) nua agus ar mhargaí caipitil níos láidre. Molann CESE go nglacfaí cur chuige ní ba leithne i dtaca leis an athléimneacht eacnamaíoch, sin agus go rachfaí i ngleic leis an bhfás mall, le géarchéim an chostais maireachtála agus leis an éiginnteacht gheopholaitiúil atá ag dul i méid.

Ná gearraimis siar ar an rialáil amháin, ach rialaímis go cliste freisin

Tacaíonn CESE le tiomantas an Choimisiúin ualaí riaracháin a laghdú. Ag an am céanna, áfach, tá rabhadh á thabhairt aige go mbeimis ar ár n-airdeall nach mbainfí an bonn den chosaint sóisialta ná de chaighdeáin chomhshaoil agus an creat rialála á shimpliú againn.

Nuálaíocht agus infheistíocht a spreagadh

Agus béim láidir á leagan ar líonraí digiteacha, ar an intleacht shaorga agus ar theicneolaíochtaí candamacha, tugtar tús áite sa chlár oibre do cheannaireacht theicneolaíoch an Aontais. Tá CESE ag tathant ar an gCoimisiún dálaí a chruthú lena gcuirfear cosc ar eis-sreafaí caipitil agus lena gcothófar infheistíocht fhadtéarmach san Eoraip.

Eoraip níos cothroime agus níos glaise

Agus aghaidh á tabhairt ar dhúshláin amhail ganntanas scileanna, slándáil bia agus maoiniú inbhuanaithe, is é is aidhm don chlár oibre an inbhuanaitheacht shóisialta agus chomhshaoil a neartú. Leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá beartais lena gcuirtear comhtháthú sóisialta agus aistriú cóir digiteach chun cinn.

Ullmhú don mhéadú agus don todhchaí

De réir mar atá an tAontas ag ullmhú don mhéadú a d’fhéadfaí teacht air tar éis 2028, tá pleananna le haghaidh cobhsaíocht airgeadais agus cobhsaíocht pholaitiúil leagtha amach sa chlár oibre. Áitíonn CESE nach mór peirspictíochtaí na sochaí sibhialta a chomhtháthú chun a áirithiú go bhfreastalóidh beartais ar riachtanais mhuintir uile na hEorpa. (tk)

Céim chun cinn spreagúil chun feirmeoirí a chosaint atá i bhfís nua an Aontais le aghaidh na talmhaíochta

Chuir Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) in iúl gur díol sásaimh dó an Fhís le haghaidh na Talmhaíochta agus an Bhia ón gCoimisiún Eorpach. Treochlár athchóirithe atá ann agus é mar aidhm aige seasaimh na bhfeirmeoirí a neartú agus córais bhia inbhuanaithe a chruthú. Mar sin féin, tá CESE ag iarraidh go léireofaí a thuilleadh uaillmhéine i leith an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT).

Read more in all languages

Chuir Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) in iúl gur díol sásaimh dó an Fhís le haghaidh na Talmhaíochta agus an Bhia ón gCoimisiún Eorpach. Treochlár athchóirithe atá ann agus é mar aidhm aige seasaimh na bhfeirmeoirí a neartú agus córais bhia inbhuanaithe a chruthú. Mar sin féin, tá CESE ag iarraidh go léireofaí a thuilleadh uaillmhéine i leith an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT).

San fhís, a pléadh ag seisiún iomlánach CESE an 27 Márta, áirítear bearta chun borradh a chur faoi chumhacht mhargála na bhfeirmeoirí, chun trédhearcacht an tslabhra soláthair a mhéadú agus chun feabhas a chur ar an idirphlé i dtaca le beartas bia. Rinne Coimisinéir Talmhaíochta an Aontais, Christophe Hansen, cur síos uirthi mar ‘fhreagairt spriocdhírithe ar ghlaonna go mbeadh earnáil agraibhia ann atá iomaíoch, cothrom agus athléimneach’, agus leag sé béim ar a thábhachtaí atá sé oibriú leis na páirtithe leasmhara uile, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta.

Chuir Uachtarán CESE, Oliver Röpke, in iúl go léirítear roinnt mhaith de thosaíochtaí CESE san fhís. ‘Aithnítear inti an ról lárnach atá ag na gníomhaithe agraibhia uile maidir leis an inbhuanaitheacht agus an t-iomaíochas a áirithiú,’ ar seisean. Dúirt sé freisin go ndeachaigh moltaí CESE, i réimsí áirithe, níos faide ná na tograí ón gCoimisiún.

Ba dhíol sásaimh do chomhalta CESE na tionscnaimh atá dírithe ar ról na dtairgeoirí sa chaibidlíocht agus i gconarthaí a neartú. ‘A bhuí le conarthaí i scríbhinn lena n-áirítear clásail athchaibidlíochta, treiseofar an trédhearcacht agus cumhacht mhargála na bhfeirmeoirí,’ a dúirt Stoyan Tchoukanov, rapóirtéir na tuairime ó CESE Leasú ar an Rialachán maidir le Comheagrú na Margaí, tuairim a bhaineann le conas seasamh na dtairgeoirí a neartú maidir le conarthaí a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích.

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún freisin feabhas a chur ar an gcomhar feadh an chórais bia, rud a chuirfidh an táirgeadh inbhuanaithe agus aistí bia níos folláine chun cinn. Dar le Emilie Prouzet, rapóirtéir na tuairime Rialacha nua le cleachtais trádála éagóracha trasteorann a stopadh, is céim thosaigh é seo chun tacú le feirmeoirí agus an éiginnteacht dhlíthiúil á seachaint ag an am céanna.

Áirítear san fhís tiomantas do chóras nua bainistithe riosca agus géarchéime ar fud an Aontais, rud atá ag teacht le héilimh CESE go mbeadh uirlisí ní b’fhearr ann chun dul i ngleic le suaití a bhaineann leis an gcomhshaol, leis an margadh agus leis an aeráid. Táthar ag súil freisin go mbeidh straitéis ann maidir le hathnuachan ó ghlúin go glúin, straitéis a thacódh le feirmeoirí óga trí rochtain ar thalamh, scileanna infheistíochta agus bonneagar tuaithe a chur ar fáil dóibh.

D’ainneoin ar tugadh de thacaíocht leathan di, tá ábhair imní fós ann. Thug rannpháirtithe na díospóireachta dá n-aire go raibh dúshláin ann a bhain le hathchóiriú CBT tar éis 2027 a phlé nuair nach bhfuil soiléireacht ann maidir leis an gcéad bhuiséad eile de chuid an Aontais. Tá CESE ag iarraidh freisin go ndéanfaí forfheidhmiú ní ba láidre ar choinníollachtaí sóisialta agus tugann sé rabhadh nach dtugtar aghaidh go hiomlán san fhís ar shaincheisteanna amhail comhchruinniú an mhargaidh agus an amhantraíocht airgeadais a dhéanann difear do phraghsanna bia.

D’athdhearbhaigh CESE an ról atá aige mar phríomh-chomhpháirtí chun fís an Choimisiúin a iompú ina beartas. Gheall sé go leanfadh CESE air ag comhoibriú chun a chinntiú go seasfaí le leasanna feirmeoirí, tairgeoirí, oibrithe agus tomhaltóirí i múnlú thodhchaí thalmaíocht an Aontais. (ks)

An féidir leis an gComhshocrú Eorpach um na hAigéin geilleagar gorm inbhuanaithe a thabhairt i réim?

D’fhormhuinigh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) an Comhshocrú Eorpach um na hAigéin, ag tathant ar an gCoimisiún Eorpach a áirithiú go mbeidh sé ina chreat láidir gníomhaíochta chomh maith le bheith ina ráiteas intinne. 

Read more in all languages

D’fhormhuinigh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) an Comhshocrú Eorpach um na hAigéin, ag tathant ar an gCoimisiún Eorpach a áirithiú go mbeidh sé ina chreat láidir gníomhaíochta chomh maith le bheith ina ráiteas intinne.

Ní mór an comhshocrú a ailíniú le beartais an Aontais, an Comhaontú Glas, cuir i gcás, an straitéis maidir leis an ngeilleagar gorm agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, agus cothromaíocht á coinneáil idir an fás eacnamaíoch, cosaint an chomhshaoil agus an ceartas sóisialta.

Cuireann an t-athrú san aeráid, an truailliú agus an ró-iascaireacht na haigéin agus pobail cois cósta i mbaol. Is éard is aidhm don chomhshocrú feabhas a chur ar rialachas, borradh a chur faoin nuálaíocht, agus geilleagar gorm inbhuanaithe a chur chun cinn. Léiríonn comhairliúchán poiblí a bhí ann le déanaí, chomh maith le hionchur ón tsochaí shibhialta, go bhfuil méadú ar an tacaíocht do bhearta misniúla cuimsitheacha.

Is le béim ar an méid seo a leanas a labhair Javier Garat Pérez, rapóirtéar na tuairime: ‘Is iomaí dúshlán eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil atá le sárú ag pobail chósta san Eoraip, agus ceangal acu ar fad le chéile.’ Más linn na dúshláin sin a shárú, ní mór dúinn geilleagar gorm inbhuanaithe iomaíoch a chur chun cinn (rud lena n-áirítear an t-iascach agus an dobharshaothrú), sin agus aigéan sláintiúil, athléimneach agus táirgiúil a choinneáil ar bun, mar aon le hoibriú ar chlár oibre cuimsitheach maidir le heolas, taighde, nuálaíocht agus infheistíocht mhuirí.’

Tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí rialachas cuíchóirithe i measc ghníomhaireachtaí an Aontais, agus tá sé ag iarraidh go bhfeabhsófaí an phleanáil mhuirí agus an infheistíocht sa taighde trí chlár Fís Eorpach i measc cláir eile dá leithéid. Molann sé freisin plean gníomhaíochta bia ‘gorm’, tógáil inbhuanaithe na long, agus aistriú cóir le haghaidh oibrithe muirí. Is rud ríthábhachtach an tacaíocht d’oidhreacht an chósta agus do rannpháirtíocht na hóige.

Ionas go n-éireoidh leis an gcomhshocrú, teastaíonn toil láidir pholaitiúil, mar aon le cistiú agus cuntasacht. Ach sin a dhéanamh i gceart, d’fhéadfaí an Eoraip a chur ar thús cadhnaíochta ar fud an domhain in inbhuanaitheacht na n-aigéan, rud a chuirfeadh idir athléimneacht éiceolaíoch agus deiseanna eacnamaíocha ar fáil. (ks) 

Beidh na doirse ar leathadh is aoibh an gháire orainn roimh chuairteoirí – Ní fada uainn Lá na hEorpa, agus sinn ar bís leis na múrtha fáilte a chur romhat!

An 10 Bealtaine, gabh thar an tairseach chugainn i bhfoirgneamh Jacques Delors, Rue Belliard 99, 1040, an Bhruiséil, mar a bhfuil Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa lonnaithe, ós é áras agus croílár shochaí shibhialta eagraithe na hEorpa é.

Read more in all languages

An 10 Bealtaine, gabh thar an tairseach chugainn i bhfoirgneamh Jacques Delors, Rue Belliard 99, 1040, an Bhruiséil, mar a bhfuil Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa lonnaithe, ós é áras agus croílár shochaí shibhialta eagraithe na hEorpa é.

Beidh ceiliúradh faoi leith ar siúl ar Lá na hEorpa i mbliana agus sinn ag comóradh 75 bliana ó fógraíodh Dearbhú Schuman – an doiciméad is bunchloch stairiúil don aontacht agus don chomhar ar mhór-roinn na hEorpa. Le linn na mórócáide seo, beidh a dhoirse á n-oscailt ag CESE ar feadh lá iomlán agus beidh gníomhaíochtaí tarraingteacha, faisnéiseacha agus siamsúla ar siúl mar aon le turas fionnachtana.
Más díograiseoir beartais thú nó duine óg fiosrach go fiú, cuirfidh an lá do sheacht sáith iontais ort!

Beidh deis agat stampaí a bhailiú faoi shlí is tú ag gabháil trí fhoirgneamh CESE ar ár dTuras Fionnachtana mar leanas:

  • Sáraigh na dúshláin spraíúla a gheobhaidh tú romhat ag gach seastán téamach.
  • Bailigh stampa ag gach ceann díobh agus cuir sa phas tiomnaithe iad.
  • Tabhair an pas comhlánaithe ar ais agus tabharfar do luach saothair speisialta duit!

Ná lig tharat an deis chun bualadh le hUachtarán CESE, Oliver Röpke, agus comhrá a dhéanamh leis ag seastán tiomnaithe! 
Beidh sé ann chun fáilte mhór a chur roimh chuairteoirí, chun ceisteanna a fhreagairt agus chun an fhís atá aige do shochaí shibhialta na hEorpa a roinnt leo. Is deis gan diongbháil é seo chun teagmháil dhíreach a dhéanamh le ceannaireacht CESE.

Beidh seans agat sult a bhaint as na nithe seo a leanas freisin:

  • scigealaíontóir a tharraingeoidh portráid díot;
  • cúinne leanaí spraíúil;
  • both grianghraf taitneamhach;
  • Roth na Cinniúna go n-iontais
  • agus ionsamhlú vótála fíor-aimseartha lena bhféadfaidh tú do vóta a chaitheamh faoi mar a dhéanfadh comhalta den Choiste!

Ina theannta sin, beidh deis agat eolas a chur ar an gcaoi a gcuidíonn na rannóga agus na grúpaí seo againne le beartais agus luachanna an Aontais a mhúnlú.

Ceiliúraimis i dteannta a chéile na smaointe a aontaíonn saoránaigh na hEorpa. Tar chugainn in éineacht le cairde nó daoine muinteartha de do chuid nó tar leat féin go deimhin ach pé scéal é NÁ FAILLIGH DO DHEIS!

Is mó ná cuairt é – beidh fiosracht ort ar theacht ann duit ach beidh spreagadh faighte agat faoi dheireadh!

Gheobhaidh tú tuilleadh eolais faoi raon iomlán na ngníomhaíochtaí in CESE ar Lá na hEorpa ag an nasc seo: Bí linn do Lá na hEorpa, an 10 Bealtaine! | CESE.

#EuropeDay (kk)

Cuirigí marc ar an bhféilire: beidh Seachtain Ghlas an Aontais á reáchtáil sa Bhruiséil mí an Mheithimh

Beidh Seachtain Ghlas an Aontais á reáchtáil ón 3 go dtí an 5 Meitheamh. Beidh béim mhór ar na trí thréith seo: glan, iomaíoch agus ciorclach.

Read more in all languages

Beidh Seachtain Ghlas an Aontais á reáchtáil ón 3 go dtí an 5 Meitheamh. Beidh béim mhór ar na trí thréith seo: glan, iomaíoch agus ciorclach.

Is cúis bhróid d’Ardán Eorpach Gheallsealbhóirí an Gheilleagair Chiorclaigh (ECESP), an tionscnamh suaitheanta ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) agus ón gCoimisiún, Seachtain Ghlas 2025 an Aontais a bheith á chomheagrú acu agus díriú ar réitigh chiorclacha ar mhaithe le hiomaíochas an Aontais. Beidh trácht i gcomhdháil na bliana seo ar an gcaoi ar féidir leis an ngeilleagar ciorclach feabhas a chur ar an iomaíochas inbhuanaithe, an dramhaíl a laghdú, agus an nuálaíocht a spreagadh. Ón 3-4 Meitheamh, déanfar iniúchadh i ndíospóireachtaí ardleibhéil ar ghnéithe beartais na ciorclaíochta, agus ina dhiaidh sin déanfar plé cuimsitheach in éineacht le páirtithe leasmhara an 5 Meitheamh maidir le hacmhainneacht na ciorclaíochta ionas go mbeidh an Eoraip tíosach ar acmhainní agus ionas go mbeidh sí iomaíoch.

Deis a bheidh san imeacht freisin an tuarascáil ón idirphlé leis na geallsealbhóirí a bhí in CESE an 10 Aibreán a chur i láthair. Is deis do na páirtithe leasmhara a bhí san imeacht sin le plé bríomhar a dhéanamh ar an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan, ar straitéis an bhithgheilleagair, agus ar an nGníomh um an nGeilleagar Ciorclach atá á ullmhú.

Is féidir clárú do chomhdháil Sheachtain Ghlas an Aontais anseo. (ac)

News from the Groups

Tá cumhacht airgeadais de dhíth ar an Eoraip má tá sí chun na huaillmhianta atá aici a bhaint amach

Le Antonio García Del Riego, comhalta de Ghrúpa na bhFostóirí in CESE

Tá uair na cinniúna buailte linn san Eoraip agus dúshláin stairiúla le sárú againn, ina measc an t-aistriú glas, an cogadh atá ag titim amach béal dorais linn agus an iomaíocht dhomhanda ag dul i ndéine. Ní leor dearbhuithe beartais chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin. Beidh airgead ag teastáil chuige sin agus an cumas a bheith againn é a úsáid, a threorú, agus a mhéadú. Go bunúsach, tá córas airgeadais atá láidir, iomaíoch agus uathrialach de dhíth. Ar an drochuair, ní hé sin atá againn faoi láthair.

Read more in all languages

Le Antonio García Del Riego, comhalta de Ghrúpa na bhFostóirí in CESE

Tá uair na cinniúna buailte linn san Eoraip agus dúshláin stairiúla le sárú againn, ina measc an t-aistriú glas, an cogadh atá ag titim amach béal dorais linn agus an iomaíocht dhomhanda ag dul i ndéine. Ní leor dearbhuithe beartais chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin. Beidh airgead ag teastáil chuige sin agus an cumas a bheith againn é a úsáid, a threorú, agus a mhéadú. Go bunúsach, tá córas airgeadais atá láidir, iomaíoch agus uathrialach de dhíth. Ar an drochuair, ní hé sin atá againn faoi láthair.

Is ar an airgeadas a bhraitheann aon gheilleagar nua-aimseartha. Ó mhonarchana nua, feithicilí leictreacha, leathnuithe ospidéil go gnólachtaí nuathionscanta teicneolaíochta glaine, bíonn gach fiontar nua ag brath ar dhuine atá sásta dul sa seans agus é a mhaoiniú. Agus san Eoraip, is minic gur banc é an ‘duine’ sin. Bíonn FBManna, arb ionann iad agus 99 % de chuideachtaí an Aontais, ag brath go mór ar chreidmheas bainc chun fás, infheistíocht agus onnmhairiú a dhéanamh. Mar sin féin, is baolach go bhfaighfeadh iomaitheoirí eile an lámh in uachtar ar na hinstitiúidí sin atá i gcroílár ár n-éiceachóras maoinithe agus go ndéanfaí ró-rialáil orthu.

Is minic a labhraítear san Eoraip faoin ‘uathriail straitéiseach’ sa bhonneagar fuinnimh, cosanta agus digiteach, ach is annamh a thugtar aird ar an neamhspleáchas airgeadais. Níor cheart gurb amhlaidh an cás.

Sa lá atá inniu ann, tá ceithre bhanc Mheiriceánacha freagrach as os cionn 60 % den infheistíocht baincéireachta san Eoraip a láimhseáil. Cuirfear rialacha Basel IV atá ar na bacáin i bhfeidhm ina n-iomláine san Aontas, ach ní chuirfear i bhfeidhm iad sna Stáit Aontaithe, sa Ríocht Aontaithe ná sa tSeapáin. Fágann sin go mbeidh bainc na hEorpa faoi mhíbhuntáiste iomaíoch. Más mian linn go maoineoidh bainc na hEorpa an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach agus go dtacóidh siad le hearnálacha straitéiseacha, ní mór dóibh a bheith in ann dul san iomaíocht ar bhonn cothrom.

Ní mór beart a dhéanamh de réir an bhriathair agus fíormhargadh aonair le haghaidh coigiltis agus infheistíochtaí a dhéanamh d’Aontas na Margaí Caipitil. Chun é sin a bhaint amach, tá gá le rialáil chliste, chomhréireach agus chumasúcháin lena gcosnaítear an chobhsaíocht agus na tomhaltóirí, ach lena gcuirtear borradh faoin bhfás agus faoin iomaíochas san am céanna. Chuige sin, tá an méid a leanas ag teastáil:

  • comhréireacht;
  • neodracht na teicneolaíochta; agus
  • rialacha bunaithe ar thorthaí.

Ní haon tráth soineantachta don Eoraip é. I ndomhan inar rábach, murab ionann is riamh, polaitíocht na cumhachta agus bloic eacnamaíocha, is ionann láidreacht airgeadais agus an cheannasacht. Tuigeann na Stáit Aontaithe agus an tSín é sin. Ba cheart dúinne é sin a thuiscint chomh maith.

Taraifí, bréagaisnéis agus an saol ina chíor thuathail: cad é an chéad chéim eile don Eoraip?

Grúpa na nOibrithe in CESE a scríobh

‘Ní féidir le duine bréag a insint gan fios na fírinne a bheith aige. Ach is beag fios a theastaíonn le ráiméis a chumadh.’ Saothar de chuid an fhealsaimh Harry G. Frankfurt is ea On Bullshit: ó bhí ‘Lá na Saoirse’ ann inné in Washington, níor mhiste an saothar sin a léamh arís. 

Read more in all languages

Grúpa na nOibrithe in CESE a scríobh

‘Ní féidir le duine bréag a insint mura bhfuil fios na fírinne aige. Ach is beag fios a theastaíonn le ráiméis a chumadh.’ Saothar de chuid an fhealsaimh Harry G. Frankfurt is ea On Bullshit: ó bhí ‘Lá na Saoirse’ ann inné in Washington, níor mhiste an saothar sin a thabhairt i gceist arís.

An 2 Aibreán, d’fhógair Uachtarán na Stát Aontaithe taraif allmhairiúcháin bunúsach 10 % do chách, chomh maith le taraif allmhairiúcháin ar leith do na ‘ciontóirí is measa’. Cuireadh liosta de na ciontóirí sin os ár gcomhair. Bhí figiúirí ann freisin le haghaidh ‘taraifí cómhalartacha’ ar thíortha eile, ina measc sin taraif 20 % ar an Aontas. Ba róchuma leis an uachtarán na huimhreacha sin a bheith ar easpa céille den chuid is mó agus ba róchuma leis dá réir gur cinnte nach bhfuil siad ag teacht le haon sainmhíniú cuí ar tharaifí cómhalartacha. Rud eile ba róchuma leis gur rud é easnamh na trádála i réimse na seirbhísí atá ag an Aontas a fhágann go bhfuil an trádáil fhoriomlán idir an dá bhloc cothrom a bheag nó a mhór. Dar ndóigh, is beag meas thall ar an gcruinneas.

Nuair atá cogadh trádála nua ann atá bunaithe ar amaidí, céard go díreach atá i ndán? Ardú ar an mboilsciú níos airde, éiginnteacht sa mhargadh agus drochthionchar ar thionscail na hEorpa. Beidh le feiceáil an rachaidh sé sin chun tairbhe d’oibrithe na Stát Aontaithe nó nach rachaidh.

Anuas ar na taraifí, ní mór don Aontas oibrithe agus poist sa bhaile a chosaint, rud a mhaolóidh na chéad tionchair, ní hamháin mar gheall ar na taraifí, ach freisin mar gheall ar an éiginnteacht a eascraíonn as a treallachas na dtaraifí sin. Is éard atá i gceist leis sin ár n-éileamh inmheánach a athghníomhachtú agus a chinntiú go n-athdháilfear agus go n-úsáidfear an rachmas go héifeachtach.

Rud eile atá le rá ár bpríomhthionscail agus ár bpríomhearnálacha a chosaint agus infheistíocht a dhéanamh iontu, na foinsí fuinnimh a éagsúlú, dul i ngleic leis an ngéarchéim sa chostas maireachtála agus an tAontas a athchóiriú ionas gur éifeachtach dá chuid chinnteoireachta. Sochaí atá láidir athléimneach – sin é an t-aon rud a chinnteoidh nach baol go dtiocfaidh leithéidí Trump i réim ar fud na mór-roinne seo. Is cuid lárnach de shochaí den sórt sin na comhpháirtithe sóisialta. Naimhde le Musk-Trump atá sna ceardchumainn agus tá a ndóthain údair acu.

Córais cosanta sóisialta na hEorpa faoi bhrú: éachtaint tugtha ar na dúshláin reatha atá rompu sa tuarascáil ‘Faire na Bochtaineachta 2024’

le Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta in CESE

An 8 Aibreán, sheol an Líonra Eorpach um Fhrithbhochtaineacht (EAPN) an tuarascáil is déanaí dá chuid sa tsraith Faire na Bochtaineachta dar teideal Towards a systemic approach to social protection (I dtreo cur chuige sistéamach i leith na cosanta sóisialta).

Read more in all languages

le Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta in CESE

An 8 Aibreán, sheol an Líonra Eorpach um Fhrithbhochtaineacht (EAPN) an tuarascáil is déanaí dá chuid sa tsraith Faire na Bochtaineachta dar teideal Towards a systemic approach to social protection (I dtreo cur chuige sistéamach i leith na cosanta sóisialta).

Cuireadh an tuarascáil i láthair den chéad uair le linn imeacht sa Bhruiséil a eagraíodh i gcomhar le Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta in CESE agus dírítear inti ar na dúshláin is gá a shárú d’fhonn córais láidre athléimneacha cosanta sóisialta a áirithiú. Baineann an téarma sin le hábhar go mór sa chomhthéacs reatha, tráth atá stáit leasa an Aontais ar a dteanndícheall ag iarraidh dul i ngleic le srianta airgeadais, srianta a bhfuil méadú orthu de dheasca teorainneacha caiteachais náisiúnta, sin agus de dheasca caiteachas cosanta agus slándála a bheith ag dul i méid.

Ag tarraingt do EAPN ar thorthaí ó 19 n-eagraíocht náisiúnta is comhaltaí dá chuid, is follas ón tuarascáil a réitigh sé go bhfuil gá le beartais atá fite fuaite i straitéisí comhtháite fadtéarmacha lena gcuirtear na diminsin eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil ar aon líne, más áil leis an Aontas cur chuige córasach maidir le cosaint shóisialta chuimsitheach agus éifeachtach a chur i bhfeidhm. Caithfidh na beartais sin a bheith bunaithe ar fhianaise láidir, ar shonraí agus ar rannpháirtíocht fhóinteach na ndaoine atá faoi bhráca na bochtaineachta.

Tá líonraí náisiúnta EAPN ag iarraidh an imní atá orthu faoi chiorruithe ar chaiteachas sóisialta a chur in iúl. Fairis sin, is ábhar imní inniu, faoi mar ba ea roimhe seo, táscairí áirithe ar nós ardleibhéil neamhghlactha na sochar sóisialta, ós léiriú iad ar easpa éifeachtúlacht na mbeartas i leith na bochtaineachta ar an ábhar nach sroicheann na sochair sin na daoine atá ina ngátar in ainneoin iad a bheith incháilithe ar shochair shóisialta a fháil.

Ní leor an chaoi a ndearnadh dúshláin an lae inniu (an domhan a bheith ag athrú go tapa, an digitiú, an cogadh, an daonra a bheith ag dul i gcríonnacht agus an t-athrú aeráide) a fhreagairt go dtí seo, rud a léiríonn a mhéid is gá cur chuige córasach a chur i bhfeidhm feasta i leith beartais shóisialta.

Sa ráiteas seo a leanas, leag Juliana Wahlgren, Stiúrthóir EAPN, béim ar a phráinní atá an tsaincheist seo: ‘Ní foláir don Aontas Eorpach an stát leasa a chosaint agus tús áite a thabhairt don chaiteachas sóisialta. Chuige sin, cuirtear moltaí ar fáil sa Tuarascáil ‘Faire na Bochtaineachta’ maidir leis an ioncam íosta, géarchéim na tithíochta agus an t-aistriú fuinnimh, i measc nithe eile. Tá riachtanas nach beag leis an éifeachtúlacht agus an leordhóthanacht. An bhliain seo chugainn, seolfaidh an Coimisiún Eorpach Straitéis Frithbhochtaineachta an Aontais, ach ní bheidh rath uirthi mura nglaca na Ballstáit cur chuige fíorshistéamach i leith na cosanta sóisialta chucu féin. Ós rud é go bhfuil corradh le 20 % de dhaonra an Aontais i mbaol na bochtaineachta, ní hacmhainn dúinn leanúint orainn mar atá agus sinn i dtaobh le beartais ilroinnte. Caithfidh an chosaint shóisialta a bheith láidir, comhordaithe agus éifeachtach.’

Seo mar a labhair Séamus Boland, Cathaoirleach Ghrúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta: ‘Má theastaíonn uainn deireadh a chur leis an mbochtaineacht, ní mór do na Ballstáit uile saothrú gan staonadh sa treo sin. Cuid mhaith de bhoicht an Aontais, is as an mbochtaineacht a fáisceadh iad, agus na glúnta rompu, agus, rud eile, is minic leanaí agus daoine scothaosta go háirithe i lúb an angair sin. I réimsí an oideachais, na tithíochta agus an fhuinnimh ardchostais, is gá sainbhearta a thabhairt isteach a bheidh dírithe ar laigí an chórais. Mura ndéanfar amhlaidh, rachaidh sé dian ar an Aontas, mar eintiteas polaitiúil, muinín a chuid saoránach a choinneáil.’

Seo mar a labhair Krzysztof Balon, Leaschathaoirleach Ghrúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta agus rapóirtéir na tuairime ó CESE maidir leis an gcéad Straitéis Frithbhochtaineachta riamh de chuid an Aontais, straitéis a fógraíodh sna Treoirlínte polaitiúla don Choimisiún Eorpach 2024-2029: ‘Beidh éifeacht le Straitéis Frithbhochtaineachta an Aontais má tharraingíonn sí ar thaithí na ndaoine a bhfuil an bhochtaineacht ag fáscadh orthu agus má thugann sí aghaidh ar a gcuid riachtanas siúd. Ba cheart di tacú freisin le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus páirt a thabhairt dóibh i ndearadh agus i gcur chun feidhme na dtionscadal agus na mbeart iomchuí chun an t-eisiamh sóisialta a chomhrac.’

Cuirfear an tuairim seo ó CESE i láthair ag seisiún iomlánach CESE an 16-17 Iúil.

Soon in the EESC/Cultural events

Seachtain na Sochaí Sibhialta 2025: Tábhacht na sochaí sibhialta chun an deighilt atá san Eoraip a réiteach

Tá sé de neart in eagraíochtaí na sochaí sibhialta spásanna sibhialta agus daonlathacha a chosaint. Ní hamháin sin, ach tá díocas orthu é sin a dhéanamh chomh maith. Ós mar sin don scéal, is orthusan atáimid ag brath chun an comhtháthú a neartú le deireadh a chur leis an deighilt atá ann sa tsochaí. Ba é sin an phríomhtheachtaireacht le linn Sheachtain na Sochaí Sibhialta, arna reachtáil ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) don dara bliain chun plé a dhéanamh ar threocht scanrúil na deighilte forleithne ar fud shochaithe an Aontais.

Read more in all languages

Tá sé de neart in eagraíochtaí na sochaí sibhialta spásanna sibhialta agus daonlathacha a chosaint. Ní hamháin sin, ach tá díocas orthu é sin a dhéanamh chomh maith. Ós mar sin don scéal, is orthusan atáimid ag brath chun an comhtháthú a neartú le deireadh a chur leis an deighilt atá ann sa tsochaí. Ba é sin an phríomhtheachtaireacht le linn Sheachtain na Sochaí Sibhialta, arna reachtáil ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) don dara bliain chun plé a dhéanamh ar threocht scanrúil na deighilte forleithne ar fud shochaithe an Aontais.

Tháinig os cionn 800 duine, lena n-áirítear ionadaithe ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta (ESSanna), eagraíochtaí neamhrialtasacha agus grúpaí óige, chomh maith le geallsealbhóirí agus iriseoirí, le chéile in CESE ón 17 go dtí an 20 Márta in onóir Sheachtain na Sochaí Sibhialta chun tuairimí a roinnt agus chun plé a dhéanamh ar conas comhtháthú agus rannpháirtíocht a neartú sa tsochaí atá scoilte go mór.

Le linn Sheachtain na Sochaí Sibhialta bhí 14 sheisiún a d’eagraigh comhaltaí Ghrúpa Idirchaidrimh CESE agus comhpháirtithe Lá an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh. Bhí searmanas bronnta Dhuais Sochaí Sibhialta CESE mar chuid den tseachtain freisin. Dhréachtaigh na rannpháirtithe sraith chuimsitheach gníomhaíochtaí agus príomhéileamh ionas go mbeadh an tsochaí níos comhtháite, lena n-áirítear:

  • An comhtháthú a mhéadú trí mheán an oideachais agus an chultúir;
  • Tithíocht inacmhainne agus inbhuanaithe a chur ar fáil;
  • Rannpháirtíocht an phobail a neartú trí bhíthin an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh;
  • Aistriú cóir cuimsitheach agus fás glas agus gorm a áirithiú;
  • Straitéis láidir Eorpach don tsochaí shibhialta a thógáil;
  • Tacaíocht agus cistiú d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta a threisiú;
  • Daoine óga a spreagadh chun Eoraip atá níos láidre agus níos athléimní a mhúnlú;
  • Borradh a chur faoin nuálaíocht agus faoin teicneolaíocht ar son leas an phobail.

Ag an seisiún clabhsúir, bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán CESE, Oliver Röpke: ‘Agus muid ag deireadh an dara imeacht de Sheachtain na Sochaí Sibhialta, is mór an spreagadh dom fuinneamh, athléimneacht agus tiomantas ghníomhaithe na sochaí sibhialta ó gach cearn den Eoraip. Is léir ón tseachtain seo, nuair a thagann an tsochaí shibhialta le chéile, gur féidir linn réitigh a chruthú lena neartaítear an daonlathas, lena gcothaítear an comhtháthú sóisialta agus lena dtógtar Eoraip a fhóireann dá saoránaigh.’

Ón gCoimisiún Eorpach, chuir Henna Virkkunen, an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Cheannasacht Teicneolaíochta, Slándáil agus an Daonlathas, béim ar an ról ríthábhachtach atá ag ESSanna sochaithe a threorú trí bhunluachanna Eorpacha a chur chun cinn.

D’iarr Leas-Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Victor Negrescu, go láidir go rachfaí i mbun gnímh agus d’iarr sé ar ESSanna a neart a léiriú agus freagairt don reitric ionsaitheach: ‘Tá sochaí shibhialta láidir agus fíor-chomhpháirtíocht idir an tsochaí shibhialta agus cinnteoirí de dhíth orainn chun cur go comhpháirteach le sochaí sheasmhach a mbeidh fíorthionchar aici ar shaol na ndaoine.’

Chuir ionadaithe ó ESSanna i bhfios go láidir go bhfuil níos mó i gceist le sochaithe sibhialta ná soláthraithe seirbhíse; is cuid ríthábhachtach den daonlathas agus den rannpháirtíocht iad. Rinne Nataša Vučković, Ard-Rúnaí Fhondúireacht an Lárionaid um an Daonlathas sa tSeirbia, a chur in iúl go raibh sí dóchasach gur féidir leis an tsochaí shibhialta ról ríthábhachtach a bheith aici chun dul i ngleic le bunchúiseanna agus scaipeadh insintí frithdhaonlathacha agus frith-Eorpacha, bíodh sé san Aontas nó sna tíortha is iarrthóirí. Is féidir é sin a dhéanamh tríd an Aontas Eorpach a dhíchódú agus trína chinntiú go mbainfidh na saoránaigh uile tairbhe as ina saol laethúil. (at)

An galar atá ar an Eoraip a aithint: cuid den ghnáthshaol an éiginnteacht anois

Tá ár sochaithe á gcreimeadh ag galar dofheicthe na héiginnteachta uileláithrí agus braitheann daoine go bhfuil easpa mhór cumhachta orthu agus iad fágtha gan aon chosaint ar fhórsaí nach bhfuil smacht acu orthu. Sin a bhí le rá ag Albena Azmanova, ollamh agus údar cáiliúil a thug aitheasc cumhachtach le linn Sheachtain na Sochaí Sibhialta in CESE. San agallamh seo a rinne sí le CESE Info, déanann sí cíoradh ar na príomhchúiseanna atá leis an eipidéim seo, ar a bhfuil an claonadh tús áite a thabhairt don chomhionannas thar an gcobhsaíocht eacnamaíoch.

Read more in all languages

Tá ár sochaithe á gcreimeadh ag galar dofheicthe na héiginnteachta uileláithrí agus braitheann daoine go bhfuil easpa mhór cumhachta orthu agus iad fágtha gan aon chosaint ar fhórsaí nach bhfuil smacht acu orthu. Sin a bhí le rá ag Albena Azmanova, ollamh agus údar cáiliúil a thug aitheasc cumhachtach le linn Sheachtain na Sochaí Sibhialta in CESE. San agallamh seo a rinne sí le CESE Info, déanann sí cíoradh ar na príomhchúiseanna atá leis an eipidéim seo, ar a bhfuil an claonadh tús áite a thabhairt don chomhionannas thar an gcobhsaíocht eacnamaíoch.

San aitheasc a thug tú le linn Sheachtain na Sochaí Sibhialta, labhair tú faoi eipidéim na héiginnteachta, rud is cionsiocair leis an meath ar shaoirsí polaitiúla. Luaigh tú gur galar dofheicthe atá ann atá dár gcur ar mire. An féidir leat tuilleadh a roinnt linn faoina bhfuil i gceist agat le ‘eipidéim na héiginnteachta’? Cad as a dtagann sí?

Is gnách daoine a bheith níos cráite anois ná mar a bhíodh agus sna sochaithe saibhre tá méadú ag teacht ar líon na mbásanna arb é an t-éadóchas is cionsiocair leo, go háirithe an féinmharú san ionad oibre. Is é sin an ceann caoil is measa agus is feiceálaí de ghéarchéim ollmhór na héiginnteachta, agus is í an éiginnteacht inár slí bheatha is mó a chuireann dlús leis. Cé gur minic a chloistear go bhfuil fearg ar dhaoine agus go bhfuil an mhuinín atá ag daoine as na hinstitiúidí polaitiúla ag dul i léig, ní leor sin mar mhíniú ar an scéal. Is féidir leis an easpa muiníne sin a bheith fiúntach, óir spreagann sí an t-éileamh atá ag an bpobal ar an gcuntasacht. Is féidir leis an bhfearg féin a bheith fiúntach, óir spreagann sí an streachailt ar son an chirt agus tagann claochlú tábhachtach aisti.

An tinneas atá ar ár sochaithe faoi láthair, rud ar a dtugaimse ‘éiginnteacht uileláithreach’ i mo chuid oibre, is rud difriúil é. Is éiginnteacht ar leith atá ann, easpa mhór cumhachta toisc go mbraitheann daoine nach bhfuil aon chosaint acu ar fhórsaí nach bhfuil aon smacht acu orthu.

I gcás an duine aonair, is é an taithí a bhíonn againn ar an éiginnteacht gan a bheith in ann déileáil le cúraimí bunúsacha an tsaoil. Cruthaíonn an t-éagumas sin eagla go dteipfidh ort, go gcaillfidh tú an rud atá agat – do phost, do chuid airgid, do chumas oibre, do chiall. Is é a chiallaíonn sin nach í an bhochtaineacht ná an éagothromaíocht an fhadhb, ach rud éigin a chaill tú nó a bhfuil tú ag súil lena chailleadh, is é sin an eagla go dteipfidh ort. Sin an chaoi a bhfulaingíonn daoine aonair tráth éiginnteachta.

Maidir le sochaithe, áfach, is é an chaoi a bhfulaingíonn siad nach bhfuil siad in acmhainn iad féin a rialú ná deacrachtaí a bhainistiú. Glacaimis COVID-19, mar shampla. Conas a tharla sé gur lig ár sochaithe saibhre eolacha sofaisticiúla d’fhadhb sláinte poiblí, arbh é ba chúis léi víreas nach raibh go hiomlán anaithnid ná rómharfach, iompú go géarchéim thromchúiseach sláinte agus, ina dhiaidh sin, go géarchéim eacnamaíoch agus shóisialta? Is é an freagra ar an gceist sin go raibh an infheistíocht phoiblí gearrtha go mór ag ár rialtais, earnáil an chúraim sláinte san áireamh.

Tá gné eile ann a bhaineann leis an éiginnteacht. Tig leis an éiginnteacht teacht as beartais ar leith, mar atá an meascán nualiobrálach de shaormhargaí agus de gheilleagair oscailte ina mbíonn na cinntí go léir bunaithe ar an mbrabúsacht. Chun go bhféadtaí an t-iomaíochas náisiúnta nó an t-iomaíochas Eorpach a chinntiú sa mhargadh domhanda, mar chuid den iomaíocht dhomhanda ar thóir an bhrabúis, d’oibrigh na scothaicmí polaitiúla ar chlé ón lár agus ar dheis ón lár go dian dícheallach chun laghdú a dhéanamh ar an gcinnteacht phoist (le go mbeadh gnólachtaí in ann a bheith iomaíoch) agus ar an gcaiteachas ar sheirbhísí poiblí. Is éard a tháinig as sin go raibh freagrachtaí breise ar gach éinne ach ba lú líon na n-acmhainní a bhí acu chun na freagrachtaí sin a chomhlíonadh. Bítear ag iarraidh orainn níos mó oibre a dhéanamh agus laghdú ar na hacmhainní againn.

Sampla de sin is ea an chaoi a bhfuil an Coimisiún Eorpach ag iarraidh ar na Ballstáit iarracht bhreise a dhéanamh ar son an cheartais shóisialta, ach, ag an am céanna, laghdú a dhéanamh ar an gcaiteachas. Fágann an mhíréir sin idir an síorfhás ar fhreagrachtaí agus an síorlaghdú ar acmhainní go gcruthaítear éiginnteacht agus go mbíonn amhras ar dhaoine faoina bhfuil sé ar a gcumas déileáil leis na cúraimí. Ní éiginnteacht shláintiúil í sin nuair a bhíonn fonn ort aghaidh a thabhairt ar an domhan mór, do roghanna a mheas, dul i bhfiontar nó tú féin a chruthú. Ina ionad sin, is eagla thocsaineach atá ann, eagla go gcaillfeá do shlí bheatha agus todhchaí níos gruama á thuar agat.

I do thuairimse, cad is cúis le teacht chun cinn na gceannairí údarásúla agus pháirtithe na heite deise? Conas is féidir saoirsí an daonlathais agus an urraim do chroíluachanna an Aontais a mheas in Eoraip ár linne?

Tá méadú ar an tacaíocht atá á tabhairt do cheannairí agus do pháirtithe polaitiúla údarásúla na heite deise, sin mar gheall ar éiginnteacht atá á cruthú tríd an bpolaitíocht.  Mar nach bhfuil daoine ar a suaimhneas, is cinnteacht agus seasmhacht a theastaíonn uathu; mothaíonn siad go bhfuil easpa cumhachta orthu agus is i gceannairí láidre a thabharfaidh saol níos seasmhaí dóibh trí lámh láidir atá a ndóchas. Mar shampla, cuirtear leis an gcaiteachas míleata agus le cumhachtaí na bpóilíní – rud atá an tAontas Eorpach ar tí a dhéanamh anois.

Is iad na páirtithe polaitiúla sa lár a leag an bonn don chás sin sna blianta a chuaigh thart toisc gur fhág siad drochbhail ar ár sochaithe ar chúiseanna nualiobrálacha. Is é mo thuairim féin ina leith gurb iad na páirithe ar chlé ón lár go háirithe atá freagrach as an drochbhail sin ar ár sochaithe. Cé gurb í an troid ar son an cheartais an rud is dual do na daonlathaithe sóisialta a dhéanamh, níltear ag díriú ach ar chineál amháin éagóra a chomhrac: an éagothromaíocht. Ach is í an chobhsaíocht eacnamaíoch an rud a bhfuil an pobal ag tnúth leis: a bheith in ann cúraimí an tsaoil a bhainistiú agus an todchaí a phleanáil.

Smaoinímis air: d’fhéadfadh sochaí an-chothrom a bheith againn atá an-éiginnte freisin. Is ar éigean a thabharfainn sochaí bhisiúil air sin. Lena chois sin, níl aon fhonn mór ar dhaoine deireadh a chur leis an éagothromaíocht más é a chiallaíonn sin go gcaitear le daoine ar nós gur chaill siad rud éigin agus nach ndéantar ach iad a chúiteamh (nó a náiriú) tríd an mbeagán a athshannadh dóibh: níor theastaigh uathu cailleadh ar an gcéad dul síos.

San aitheasc a thug tú, labhair tú freisin faoi ‘Comórtas na nÍospartach’. An bhféadfá cur síos a dhéanamh dúinn air sin agus ar an bhfáth gur cheart dúinn droim láimhe a thabhairt dá leithéid?

Le leathcéad bliain anuas nó mar sin, is polaitíocht na féiniúlachta atá i gceist leis an gcomhrac i gcoinne an idirdhealaithe. Grúpaí a d’fhulaing leithcheal go stairiúil, bhíothas ag caitheadh leo mar ‘mionlaigh faoi chosaint’, agus ardaíodh a stádas trí bhearta gníomhaíochta dearfaí ar nós arduithe céime spriocdhírithe agus córais cuótaí. Nuair a tharlaíonn a leithéid i gcomhthéacs a bhfuil éiginnteacht uileláithreach ann, ina bhfuil poist mhaithe agus acmhainní eile gann, bíonn na grúpaí sin atá faoi chosaint in iomaíocht le chéile ar thóir na n-acmhainní teoranta sin. I dtimpeallacht den chineál sin, is sórt buntáiste atá sa lipéad ‘íospartach’: a mheasa a shamhlaítear an t-íospartach, a mhó an chosaint a mhaítear.

Ar thaobh amháin, is naimhdeas idir na grúpaí éagsúla atá in iomaíocht le chéile an toradh ar a leithéid, rud a ídíonn an dlúthpháirtíocht. Ar an taobh eile, áfach, ní éiríonn le grúpa ar bith i ndáiríre, toisc gur íospartaigh i gcónaí iad. Tar éis an tsaoil, is é an chúis gur féidir leo cosaint a éileamh ná gur íospartaigh iad agus go bhfuil leithcheal á dhéanamh orthu. Ní bhíonn an bua sa chomórtas gránna seo ar thóir acmhainní agus cosaint speisialta ach ag na scothaicmí polaitiúla sin atá in ainm agus a bheith ag tabhairt cosaint go flaithiúil. Is é an toradh air sin go dtéann na grúpaí a bhfuil easpa cumhachta orthu i ngleic lena chéile mar naimhde, agus go n-éiríonn leo siúd atá á gcosaint, na scothaicmí polaitiúla, cumhacht bhreise a tharraingt chucu féin as an gcomhrac sin. 

Nuair a chuirtear sin go léir san áireamh, cén chúis atá leis an tábhacht atá leis an tsochaí shibhialta chun an daonlathas agus na saoirsí sibhialta a ndéanann a lán daoine talamh slán díobh a chosaint? Cén fáth arbh í an tsochaí shibhialta, seachas na toghcháin dhaonlathacha, an leigheas ar mhí-úsáid na cumhachta?

An uair a chaithimid vóta, bímid inár n-aonar. Braithimid frustrachas na héiginnteachta agus an easpa cumhachta atá orainn, agus cuirimid an imní sin in iúl tríd an vóta a chaithimid. Dá réir sin, tá méadú ag teacht ar líon na bpáirtithe frithghníomhacha a ghlacann páirt sna toghcháin shaora chothroma. Is loighic eile a théann i gcion ar an tsochaí shibhialta agus atá ina fhoinse speisialta cumhachta aici: an muintearas. Nuair a bhímid i gcomhluadar daoine eile, agus sinn ag gníomhú i gcomhar le chéile ar son cúis éigin, ní bhraithimid go bhfuilimid inár n-aonar, ní bhraithimid an éiginnteacht chéanna ná go bhfuil an easpa cumhachta chéanna orainn, toisc gur féidir linn brath ar thacaíocht ár gcomrádaithe. Nuair a laghdaítear an leibhéal éiginnteachta, maolaítear an eagla agus is féidir linn smaoineamh chun cinn; sin an uair nach mbíonn teorainn lenár smaointe.

Ollamh le hEolaíocht Pholaitiúil agus Shóisialta in City St George’s, Ollscoil Londan í Albena Azmanova agus tá sí ina comheagarthóir ar an iris Emancipations. Bhuaigh an leabhar deiridh óna peann, Capitalism on Edge (2020), an iliomad gradam, ina measc an Michael Harrington Book Prize, duais a bhronnann American Political Science Association ar shaothar den scoth a léiríonn an chaoi inar féidir leas a bhaint as an léann sa streachailt ar son domhan níos fearr. 

Tábhacht na smaointeoireachta criticiúla

‘Múinimid do dhaltaí nach mór fíricí a fhíorú ach gur cheart tuairimí a phlé go measúil. Dar le Richard Vaško ó Chomhlachas Díospóireachta na Slóvaice (SDA), a bhuaigh Duais na Sochaí Sibhialta in CESE maidir leis an bpolarú a chomhrac leis an ‘Oilimpiad um Smaointeoireacht Chriticiúil’, tá an fhíorsmaointeoireacht chriticiúil bunaithe ar an urraim do thuairimí éagsúla. Labhair Richard, ar bhuaigh a thionscadal an chéad duais, linn faoin Oilimpiad agus faoina ríthábhachtach atá sé an smaointeoireacht chriticiúil a mhúineadh i ndomhan deighilte an lae inniu ina bhfuil an bhréagaisnéis i réim.

Read more in all languages

‘Múinimid do dhaltaí nach mór fíricí a fhíorú ach gur cheart tuairimí a phlé go measúil. Dar le Richard Vaško ó Chomhlachas Díospóireachta na Slóvaice (SDA), a bhuaigh Dhuais na Sochaí Sibhialta in CESE maidir leis an bpolarú a chomhrac leis an ‘Oilimpiad um Smaointeoireacht Chriticiúil’, tá an fhíorsmaointeoireacht chriticiúil bunaithe ar an urraim do thuairimí éagsúla. Labhair Richard, ar bhuaigh a thionscadal an chéad duais, linn faoin Oilimpiad agus faoina ríthábhachtach atá sé an smaointeoireacht chriticiúil a mhúineadh i ndomhan deighilte an lae inniu ina bhfuil an bhréagaisnéis i réim.

An bhféadfá cur síos a dhéanamh ar chluiche nó babhta amháin den Oilimpiad um Smaointeoireacht Chriticiúil? An féidir sampla leat de thasc nó de cheist a thabhairt?

Le linn bhabhtaí scoile agus réigiúnacha an Oilimpiaid um Smaointeoireacht Chriticiúil, glacann daltaí páirt i dtrialacha aon uair an chloig go dhá uair an chloig ina bhféachann siad le sraith tascanna a réiteach. Bíonn rochtain iomlán acu ar an idirlíon agus ar uirlisí seiceála fíricí ar líne. Bíonn na tascanna sin dírithe ar litearthacht sna meáin, ar ionramháil agus claontacht a bhrath, ar shonraí agus staidéir a léirmhíniú, ar mhíthuiscintí loighciúla a shainaithint agus ar argóintí na ndaltaí féin a fhorbairt.

Mar shampla, le déanaí, iarradh ar dhaltaí argóint a chur le chéile maidir le cé acu ba cheart nó nár cheart ceamaraí slándála a shuiteáil i scoileanna chun an tsábháilteacht a mhéadú – rud atá á phlé faoi láthair sa tSlóvaic. I dtasc eile, iarradh orthu anailís a dhéanamh ar fhíseán mearscaipthe TikTok ina gcuirtear teoiric chomhcheilge chun cinn faoi Taylor Swift agus gnéithe tipiciúla na smaointeoireachta comhcheilge a shainaithint. I gcás eile, cuireadh dhá fhíseán rompu agus bhí orthu a chinneadh cé acu díobh a gineadh leis an intleacht shaorga agus cé acu díobh a bhí ina fhíorfhíseán.

Tá gach triail a rinneadh roimhe seo ar fáil go poiblí i Slóvaicis ar www.okm.sk.

Cad ba mhaith leat a bhaint amach leis an Oilimpiad um Smaointeoireacht Chriticiúil? Cad a spreag thú chun tús a chur leis an tionscadal seo?

Tá sé d’aidhm againn cuidiú le daltaí scileanna a fhorbairt chun gur féidir leo smaoineamh ar dhóigh chriticiúil, fhreagrach agus chúramach agus iad ag an aois nuair a thosaíonn siad ag baint úsáid as na meán sóisialta agus as ábhar digiteach. Trí aiseolas rialta a fhaigheann siad tar éis gach babhta agus trí chúrsaí ríomhfhoghlama atá ar fáil lena n-ullmhú, foghlaimíonn daltaí nósanna agus scileanna inaistrithe is féidir leo a chur i bhfeidhm sa saol laethúil. I ndeireadh na dála, is é an sprioc atá againn glúin daoine óga a chothú atá eolach, athléimneach i gcoinne na bréagaisnéise agus atá in ann dul i mbun plé cuiditheach atá bunaithe ar fhíricí.

Is mar fhreagairt ar bhearna chriticiúil inár gcóras oideachais a sheolamar an tionscadal seo; is beag aird a thugtar ar an litearthacht sna meáin agus an smaointeoireacht chriticiúil i gcuraclaim fhoirmiúla fós. Ní fhoghlaimíonn níos mó ná leath de dhaltaí Slóvacacha conas a mheas cé acu atá an t-eolas rompu iontaofa nó nach bhfuil. Ní dhéanann ach 16 % d’aos óg na Slóvaice faisnéis ó na meáin a fhíorú go rialta. Mar thoradh air sin, tá claonadh ag 56 % den daonra teoiricí comhcheilge nó deargbhréaga a chreidiúint. Theastaigh uainn é sin a athrú trí ghníomhaíocht inscálaithe a mbeadh tionchar aige a thabhairt isteach i scoileanna ar fud na tíre.

Cén fáth a measann tú go bhfuil forbairt na smaointeoireachta criticiúla chomh tábhachtach sin sa lá atá inniu ann? An féidir linn an cogadh i gcoinne na bréagnuachta a bhuachan?

Ní rud nua í an bhreagnuacht ach táimid ag maireachtáil anois i ré ina bhfuil ró-ualach faisnéise nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo. Ós iad na meáin shóisialta an phríomhfhoinse faisnéise do roinnt mhaith daoine óga, is féidir le duine ar bith bréagaisnéis, mífhaisnéis nó fuathchaint a scaipeadh go héasca. Is scil saoil ríthábhachtach anois é foghlaim conas an ró-ualach faisnéise sin a scagadh agus a thuiscint.

Mar sin féin, is cogadh é an cogadh i gcoinne na bréagnuachta nach féidir a bhuachan ina iomláine – bíonn sé de shíor ag athrú. Ach is é an rud is féidir linn a dhéanamh ná na scileanna a thabhairt do dhaoine óga chun gur féidir leo a mbealach a dhéanamh tríd an timpeallacht seo, ceisteanna maithe a chur agus machnamh a dhéanamh sula roinneann siad rudaí ar líne.

An bhfuil aiseolas ar bith faighte agat faoi do thionscadal? An féidir leat sampla a thabhairt?

Bailímid aiseolas mionsonraithe tar éis gach babhta agus is fíordhearfach na freagraí a fhaighimid. Mar shampla, dúirt 93 % de mhúinteoirí ar ghlac a gcuid daltaí páirt san Oilimpiad go gcuidíonn sé le hathléimneacht a ndaltaí a fhorbairt i gcoinne na bréagaisnéise agus i gcoinne cur i gcéill. Thairis sin, ba é +76 an Glanscór Tionscnóra – príomh-mhéadrach lena dtomhaistear sástacht na n-úsáideoirí – a fuaireamar sa bhabhta deireanach. Is scór den scoth é sin.

Cén chomhairle a chuirfeá ar eagraíochtaí eile na sochaí sibhialta i dtreo is go mbeadh rath orthu freisin agus iad i mbun gníomhaíochtaí nó cláir den chineál céanna?

Tá gach tír agus comhthéacs éagsúil ó chéile agus is fearr a thuigeann na heagraíochtaí áitiúla cad a oibríonn dá bpobail. Seo a leanas roinnt prionsabal a raibh éifeacht leo inár gcás féin:

Ar an gcéad dul síos, agus is é an rud is tábhachtaí, ní insímid do dhaoine óga cad ba cheart dóibh a bheith ag smaoineamh. Tá an fhíorsmaointeoireacht chriticiúil bunaithe ar an urraim do thuairimí éagsúla. Má bhraitheann daltaí go bhfuil beag is fiú á dhéanamh dá dtuairimí nó go bhfuil fios a ngnó á insint dóibh, éiríonn siad as bheith ag éisteacht. Múinimid dóibh nach mór fíricí a fhíorú ach gur cheart tuairimí a phlé go measúil.

Ar an dara dul síos, tá ríthábhacht leis an inrochtaineacht agus an chuimsitheacht. Más mian linn difear ceart a dhéanamh, is gá oibriú le scoileanna éagsúla seachas scoileanna don scothaicme amháin. Tá ár gclár saor in aisce, go hiomlán ar líne, so-rochtana agus tá sé ar fáil freisin i dteanga an mhionlaigh eitnigh is mó atá againn. I mbliana, tháinig 53 % de na rannpháirtithe ó ard-ghairmscoileanna

Ar an tríú dul síos, is gá an inscálaitheacht a chur san áireamh ón tús agus teicneolaíocht nua a úsáid chun í a bhaint amach. Bainimid úsáid as an intleacht shaorga chun freagraí ceannoscailte a ghrádú, rud a chuireann ar ár gcumas eispéireas oideachais ardcháilíochta a choinneáil gan dul i muinín trialacha ilrogha. Cé go bhfuil dúshláin thromchúiseacha ag baint leis an ré dhigiteach, tá uirlisí cumhachtacha á gcur ar fáil dúinn freisin chun aghaidh a thabhairt orthu.

Tá Richard Vaško ag obair le Comhlachas Díospóireachta na Slóvaice ó bhí sé 12 bhliain d’aois. Bhuaigh sé Comórtas Díospóireachta Náisiúnta na Slóvaice san ardscoil agus rinne sé ionadaíocht ar an tSlóvaic ag Craobhchomórtas Díospóireachta na Scoileanna Domhanda. Bhain sé céim amach sa Dlí, sa Pholaitíocht agus san Fhealsúnacht in Ollscoil Warwick, an Ríocht Aontaithe, agus na marcanna is airde aige sa rang, agus tá MPhil san Oideachas (Eolas, Cumhacht, Polaitíocht) á dhéanamh aige faoi láthair in Ollscoil Cambridge.

Ó bhí 2021 ann, tá Richard ag obair le Comhlachas Díospóireachta na Slóvaice, faoinar bhunaigh sé agus faoina gcomhordaíonn sé an Oilimpiad um Smaointeoireacht Chriticiúil. D’oibrigh sé freisin le Foireann Cumarsáide Straitéisí Aireacht Oideachais na Slóvaice (StratCom) agus comhscríobh sé lámhleabhair oiliúna do mhúinteoirí maidir leis an litearthacht sna meáin don Institiúid Náisiúnta um an Oideachas agus an Óige. Bíonn taighde á dhéanamh aige agus eagraíonn sé scoil samhraidh il-eitneach do leanaí faoi mhíbhuntáiste i gcomhar le hInstitiúid Mathias Bel, eagraíocht neamhrialtasach atá dírithe ar mhionlaigh eitneacha agus ar phobail imeallaithe Romacha sa tSlóvaic.

DUAIS NA SOCHAÍ SIBHIALTA CESE I mBEAGÁN FOCAL

15 uaire a bronnadh duais shuaitheanta CESE, Duais na Sochaí Sibhialta go dtí seo. Bronntar í ar thionscadail a chleachtann cur chuige fíorchruthaitheach agus nuálaíoch i leith saincheisteanna atá an-ábhartha don Aontas.

Read more in all languages

15 uaire a bronnadh duais shuaitheanta CESE, Duais na Sochaí Sibhialta go dtí seo. Bronntar í ar thionscadail a chleachtann cur chuige fíorchruthaitheach agus nuálaíoch i leith saincheisteanna atá an-ábhartha don Aontas.

Féadfaidh gach eagraíocht sochaí sibhialta atá cláraithe san Aontas Eorpach agus atá ag obair ar an leibhéal áitiúil, náisiúnta, réigiúnach nó Eorpach iarratas a chur isteach. Féadfaidh daoine aonair cur isteach ar an duais freisin ach cónaí a bheith orthu san Aontas Eorpach, chomh maith le cuideachtaí atá cláraithe san Aontas nó atá ag feidhmiú ann, ar an gcoinníoll gur tionscadail neamhbhrabúis atá ina dtionscadail.

Ionas go mbeidh siad incháilithe, ní mór na tionscnaimh agus na tionscadail a dhéanamh san Aontas. Ní mór iad a bheith curtha i gcrích nó iad a bheith ar bun roimh an dáta deiridh le haghaidh na n-iarratas.

Is é is aidhm don duais feasacht a mhúscailt faoin obair mhór a dhéanann an tsochaí shibhialta chun an fhéiniúlacht agus an tsaoránacht Eorpach a chruthú agus chun na luachanna coiteanna a chur chun cinn a threisíonn an lánpháirtiú san Eoraip.

Roghnaítear ábhar eile gach bliain. In 2023, is tionscadail a bhí dírithe ar an meabhairshláinte a roghnaíodh. In 2022, bhronn CESE duais ar dhá ábhar: an óige agus an Úcráin, ach is éisteacht a bhí ansin. In 2021, is ar tionscadail aeráide a chuireann an t-aistriú cóir chun cinn a bronnadh an duais. In 2020, in ionad Dhuais na Sochaí Sibhialta, sheol CESE Duais na Dlúthpháirtíochta Sibhialta, duais aonuaire a bhí tiomnaithe don chomhrac i gcoinne COVID-19. I measc na n-ábhar eile a bhí ann roimhe seo, tá an comhionannas inscne agus cumhachtú na mban, féiniúlachtaí Eorpacha agus an oidhreacht chultúrtha, mar aon leis an imirce.

I mí Dheireadh Fómhair, sheol CESE an 15ú duais don tsochaí shibhialta. Is éard ba théama dó i mbliana an deighilt dhíobhálach i sochaí na hEorpa a chomhrac.

Is práinní ná riamh téama na deighilte. Agus géarchéimeanna iomadúla forluiteacha ann – lena n-áirítear paindéim COVID-19, cogadh na Rúise san Úcráin agus an éagobhsaíocht shóisialta agus eacnamaíoch atá ann go forleathan – tá méadú tagtha ar an mímhuinín sna hinstitiúidí agus sna húdaráis phoiblí. Is as sin a eascraíonn an deighilt dhíobhálach.

Tá ról ríthábhachtach ag an tsochaí shibhialta leis an mínhuinín sin a chomhrac agus faireachán a dhéanamh ar chearta deighilte ar líne agus as líne, an comhtháthú sóisialta a fheabhsú agus idéil dhaonlathacha a chaomhnú. I bpáirtíocht leis na húdaráis phoiblí agus leis an tsochaí shibhialta, d’fhéadfaí cuidiú lecosaint an daonlathais liobrálaigh ar threochtaí forlámhacha.

Ar an gcúis sin, chinn CESE Duais na Sochaí Sibhialta sa chomórtas is déanaí a bhronnadh ar thionscnaimh neamhbhrabúsacha a dhéanann idirghabháil éifeachtach. Déanann siad sin trí bhearta coisctheacha, luathrabhaidh agus (nuair is gá) cúldréim a chur chun feidhme, rud lena gcinntítear go gcloítear le luachanna daonlathacha, nach mbíonn díobháil ann de dheasca na deighilte, agus nach n-eascraíonn gníomhartha foréigin as insintí aontaobhacha.

CHUGAIBH NA BUAITEOIRÍ

Thug 15ú Duais na Sochaí Sibhialta CESE aitheantas do thriúr buaiteoirí, duine ón tSlóvaic, duine ón mBeilg agus duine ón bhFrainc, as an obair spreagúil atá déanta acu chun dul i ngleic leis an deighilt dhiúltach ar fud na hEorpa. Foilsodh na buaiteoirí an 20 Márta ag searmanas bronnta le linn Sheachtain na Sochaí Sibhialta.  

Read more in all languages

Thug 15ú Duais na Sochaí Sibhialta de chuid CESE aitheantas do thriúr buaiteoirí, duine ón tSlóvaic, duine ón mBeilg agus duine ón bhFrainc, as an obair spreagúil atá déanta acu chun dul i ngleic leis an deighilt dhiúltach ar fud na hEorpa. Foilsodh na buaiteoirí an 20 Márta ag searmanas bronnta le linn Sheachtain na Sochaí Sibhialta.  

Roinneadh airgead na duaise ar an triúr ceannródaithe. EUR 14000 an chéad duais. Bronnadh EUR 9 000 ar an mbeirt a bhí sa dara agus sa tríú háit.

AN CHÉAD DUAIS: Comhlachas Díospóireachta na Slóvaice d’Oilimpiad na Smaointeoireachta Criticiúla

Is ENR é Comhlachas Díospóireachta na Slóvaice (SDA) sa tSlóvaic. Is é is misean dóibh an oscailteacht agus an smaointeoireacht chriticiúil a chur chun cinn, agus an tsaoránacht ghníomhach a chothú i measc óige na Slóvaice. Trí bhíthin sraith clár, múineann SDA do dhaoine óga fíricí agus tuairimí féín, a gcuid argóintí féin a mhúnlú, agus machnamh a dhéanamh go géarchúiseach ar an ábhar a fhoilsítear sna meáin chun foinsí inchreidte faisnéise a aimsiú. Nuair atá sin á dhéanamh ag an eagraíocht, cruthaíonn sí spás le haghaidh díospóireacht oscailte phoiblí faoi na príomh-shaincheisteanna atá le plé ag sochaí na Slóvaice.

Tá Oilimpiad na Smaointeoireachta Criticiúla (CTO) ar cheann de na cláir is rathúla. Is in 2021 a seoladh é. Tá glacadh leis go forleathan cheana féin, agus bhí beagnach 9000 dalta ó bhreis agus 300 scoil páirteach ann anuraidh. Is comórtas é an tionscadal nuálach seo a chothaíonn an athléimneacht i gcoinne na mífhaisnéise i measc mac léinn. Is beag srian ar an mbréagaisnéis sa tSlóvaic: níl aon mhuinín ach ag 61 % de mhuintir na Slóvaice as na meáin agus creideann níos mó ná a leath díobh sna teoiricí comhcheilge. Oibríonn CTO chun aghaidh a thabhairt go díreach ar an dúshlán sin tríd an litearthacht sna meáin a fhorbairt agus nósanna tomhaltais a athrú i measc na ndaoine óga.

Is ar thrí aoisghrúpa daltaí atá an comórtas dírithe (gráid 8-13), grúpa ina mbíonn ar rannpháirtithe aghaidh a thabhairt ar réimse dúshlán iarbhír sna meáin i dtrí bhabhta. Tá na tascanna deartha chun léiriú a dhéanamh ar ábhar a bhféadfadh daltaí teacht faoina anáil sa saol laethúil. Déanann siad anailís ar fhíseáin TikTok, seiceálann siad ábhar atá cruthaithe ag IS, déanann siad meastóireacht ar phostálacha Instagram, agus déanann siad iarracht dealú a dhéanamh idir an réaltacht agus an mhífhaisnéis. Glacann na daltaí páirt i mbabhta labhartha poiblí freisin, áit a gcaithfidh siad a gcuid argóintí a chur i láthair lucht a gcomhaoise.

‘Cuidíonn Oilimpiad na Smaointeoireachta Chriticiúla leis an tsochaí a dhípholarú trí na mílte mac léinn a theagasc chun dul i ngleic le dearcthaí éagsúla, claontachtaí cognaíocha a aithint agus a dtuairim a chur in iúl ar bhealach cuiditheach,’ arsa Richard Vaško, bunaitheoir agus comhordaitheoir an chláir. ‘Ach an smaointeoireacht chriticiúil agus litearthacht sna meáin a neartú tríd an idirghabháil seo atá bunaithe ar scileanna, cuirimid ar chumas na ndaoine óga seasamh i gcoinne na mífhaisnéise agus dul i ngleic le díospóireachtaí sochaíocha go caolchúiseach.’

AN DARA DUAIS: Reporters d’Espoirs sa Fhrainc le haghaidh Prix Européen Jeunes Reporters d’Espoirs

Is eagraíocht neamhbhrabúis Fhrancach é Reporters of Hope. Is in 2003 a bunaíodh í. Ise a chuir tús le ‘hiriseoireacht na réiteach’. Cineál iiriseoireachta é seo atá á chleachtadh go forleathan feasta. Féachann sé le freagraí a thabhairt ar na dúshláin atá le sárú ag an tsochaí sa lá atá inniu ann. Spreagann an eagraíocht iriseoirí chun an meon dearfach sin a chleachtadh, agus tugann sí urraim do na nuálaíochtaí tuairiscithe agus eagarthóireachta is fearr d’iriseoirí agus do dhaoine óga trí bhíthin na ngradam a bhronnann sí.

Is tionscnamh é an Prix Européen Jeunes Reporters d’Espoirs chun luach saothair agus oiliúint a chur ar iriseoirí in iriseoireacht na réiteach sa Fhraincis. Tugann an clár ilghnéitheach deis d’iarrthóirí iriseoireacht na réiteach a fhoghlaim a bhuíochas le cúrsa ar líne a reáchtáltar i gcomhar le Scoil Iriseoireachta Aix-Marseille. Cuirtear meantóir le gach iarrthóir freisin chun feabhas a chur ar a chuid scileanna scríbhneoireachta agus labhartha agus cuirtear oiliúint orthu i roghnú na bhfocal. Tugtar cuireadh do bhuaiteoirí freisin chuig Páras le haghaidh turas foghlama 48 n-uair an chloig ina mbuaileann siad le hiriseoirí eile atá ar aon dearcadh leo, sin agus le saineolaithe ó gach cearn den Eoraip. Dámhtar duaiseanna luach EUR 10,000 san iomlán do sheisear buaiteoirí ansin.

‘Is gné bhunúsach de mhodh iriseoireacht na réiteach an polarú a chomhrac: is éard atá i gceist leis castacht an tsaoil a léiriú, éagsúlacht na ngníomhaithe ar gach leibhéal agus i ngach tír, más i bhfochair a chéile é nó ar a gconlán féin, agus cur síos á dhéanamh san am céanna ar an acmhainn atá ann tionscnaimh áitiúla a scaipeadh,’ arsa Gilles Vanderpooten, stiúrthóir Reporters d’Espoirs.

Le linn na chéad trí heagrán, fuair an duais breis agus 400 iarratas ó 25 thír. Tá an chuma ar san scéal faoi seo go mbeidh os cionn 300 iarratas ann le haghaidh an cheathrú heagrán. Tá tacaíocht tugtha ag an eagraíocht do bhreis agus 75 iarrthóir chun máistreacht a fháil ar a bhFraincis scríofa agus labhartha.

Is furasta an smaoineamh a mhacasamhlú, agus tá an fhoireann i mbun plé le hiriseoirí sa Spáinn, san Iodáil agus sa Bheilg chun dul i gcomhar leo agus chun an duais a scaipeadh a thuilleadh.

‘Is é an uaillmhian atá againn an duais ó shaol labhartha na Fraincise a leathnú go teangacha eile de chuid an Aontais Eorpaigh,’ arsa an tUasal Vanderpooten. ‘Is rud ríthábhachtach seo chun níos mó agus níos mó daoine óga a spreagadh chun páirt a ghlacadh in ‘Eoraip na réiteach’.’

AN TRÍÚ DUAIS: FEC Diversité asbl sa Bheilg as an tionscadal ESCAPE GAME EXTREME DROITE POUR SE DÉSINTOXIQUER

San Eoraip agus ar fud an domhain, tá idé-eolaíochtaí na heite deise ag baint greim amach. Tá páirtithe atá i bhfad ar dheis ag dul chun cinn agus tá ag méadú ar an bpobalachas. Cheap an eagraíocht neamhbhrabúsach Bheilgeach FEC Diversité bealach chun cur i gcoinne na dtuairimí sin i measc múinteoirí, ceardchumann agus i measc na ngnáthshaoránach.

Is cluiche éalaithe é ESCAPE GAME EXTREME DROITE POUR SE DÉSINTOXIQUER a ligeann do na himreoirí iad féin a ‘dhí-éilliú’ ó smaointe na heite sin ar bhealach spraíúil tarraingteach. Cuirtear in iúl do na himreoirí go bhfuil siad ionfhabhtaithe le hidé-eolaíochtaí atá i bhfad ar dheis agus ní mór dóibh iad féin a dhí-éilliú trí shraith cúraimí. Fad atá sin á dhéanamh acu, foghlaimíonn siad cé chomh fada agus a scaiptear smaointe ar an eite dheis agus cé chomh mór a mhéadaítear iad anonn agus anall tríd an tsochaí.

Ceithre cheantar atá sa chluiche, agus bíonn ar na himreoirí pas a fháil i ngach ceann acu. I gCeantar A, glacann na rannpháirtithe páirt i bplé maidir le na heite deise antoiscí san ionad oibre, trí idirghníomhaíochtaí le 19 rud. I gCeantar B, léann na himreoirí sleachta as teistiméireachtaí na n-imirceach chun a dturas isteach san Eoraip a thuiscint. I gCeantar C, tá sraith íomhánna ag gabháil le fuaim ‘cúrsaí friotail ar an eite dheis’. Feiceann muintir Cheantar D tuairisc ar pháirtí atá i bhfad ar dheis sula gcríochnaíonn siad na crosfhocail.

Áirítear sa chluiche tumpháirteach traenálaithe atá gléasta i gcultacha frithgháis agus maisc, agus saobhadh déanta ar a nglór. Is é an smaoineamh atá ann, trí na dúshláin éagsúla, na cúig chéadfa a úsáid chun an taithí baile a thabhairt go fírinneach agus feasacht a mhúscailt maidir le tábhacht an scéil don daonlathas san Eoraip.

Ó seoladh é i mí an Mheithimh 2023, d’éirigh leis beagnach 1000 gníomhaí a ‘dhíthocsainiú’, agus scaip an scéal i measc na gceardchumann, na n-eagraíochtaí agus scoileanna na n-oibrithe sa Bheilg agus níos faide i gcéin. Tháinig rannpháirtithe ón bhFrainc agus ón mBulgáir chun an cluiche a imirt d’fhonn é a athchruthú in áiteanna eile.

‘Is cúis bhróid dúinn uirlis nuálach oideachais a bheith forbartha againn le dul i ngleic le ceist na smaointe atá i bhfad ar dheis ar bhealach tarraingteach idirghníomhach,’ arsa Malika Borbouse ó FEC Diversité. ‘Ach idirphlé agus machnamh comhchoiteann a chothú, chuidigh ár dtionscnamh leis an teannas a laghdú agus sochaí níos cuimsithí a chur chun cinn.’

Seo cuid de na hiarrthóirí eile a bhí againn i mbliana

Mheall duais na bliana seo 58 n-iarratas ó dhaoine aonair, ó ghnólachtaí príobháideacha agus ó eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta i gcuid mhaith de Bhallstáit an Aontais, agus na hiarrthóirí sin scaipthe go forleathan ar a bhfuaid. 

Read more in all languages

Mheall duais na bliana seo 58 n-iarratas ó dhaoine aonair, ó ghnólachtaí príobháideacha agus ó eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta i gcuid mhaith de Bhallstáit an Aontais, agus na hiarrthóirí sin scaipthe go forleathan ar a bhfuaid.

Cumhdaítear réimse leathan ábhar sna hiarratais sin, ina measc rannpháirtíocht agus cumhachtú na hóige, an comhtháthú sóisialta agus an cuimsiú sóisialta, litearthacht sna meáin, mífhaisnéis, cearta an duine agus comhionannas inscne.

Téann go leor de na tionscnaimh go bunrúta na faidhbe agus rannchuidíonn siad leis an bpolarú a chosc.

Is éard is aidhm do thionscnaimh ar nós EUth Voices for Social Change, tionscnamh atá á reáchtáil ag an eagraíocht neamhbhrabúis Youthmakers Hub sa Ghréig, ná daoine óga a chumhachtú chun athruithe dearfacha a chur chun cinn sna pobail lena mbaineann siad. Is éard is aidhm do na tionscadail sin dul i ngleic le polarú díobhálach sa tsochaí, cultúr caoinfhulaingthe a chothú trí dhaoine a spreagadh chun páirt a ghlacadh in idirphlé cuiditheach agus chun cur in éadan insintí scoilteacha, mar shampla trí oiliúint sa litearthacht dhigiteach a chur ar fáil agus trí mheán podchraoltaí.

Cuireann tionscadail eile in éadan insintí deighilteacha agus an radacaithe. Dúnann siad bearnaí idir cultúir, grúpaí eitneacha agus glúnta éagsúla, tugann siad aghaidh ar dheighiltí sa tsochaí, cothaíonn siad an chomhthuiscint agus an comhar, cosnaíonn siad na cearta bunúsacha agus spreagann siad an comhtháthú sóisialta.

Chruthaigh DEMDIS Digital Discussion, tionscnamh a sheol DEMDIS sa tSlóvaic, ardán bogearraí nua chun plé digiteach cothrom a óstáil air faoi ábhair éagsúla, ar a n-áirítear ábhair chonspóideacha fiú amháin. Vótálann lucht úsáidte an ardáin ar ráitis agus cuirtear i ngrúpaí tuairimí ar leithligh iad. Tógann an tionscadal droichid idir na campaí polaraithe sin trí chomhthuiscintí eatarthu a aimsiú.

Sampla amháin den chaoi ar féidir leis an tsochaí shibhialta oibriú chun cearta bunúsacha a chosaint is ea an Treoir maidir le Cearta an Duine a chuir an tSochaí Bhaltach um Chearta an Duine le chéile. Feidhmíonn an Treoir mar a bheadh ardán le haghaidh oideachas faoi chearta an duine ann, áit a dtugtar míniú i dteangacha éagsúla ar an gcuma ar féidir agus ar chóir do chearta an duine oibriú i gcásanna sonracha sa ghnáthshaol laethúil.

Ina theannta sin, cuid d’aighneachtaí na bliana seo a bhí dírithe ar conas dul i ngleic leis an bpolarú, mhol siad tabhairt faoi ar shlite cultúrtha agus ealaíonta, mar shampla Atlas geopholaitiúil na gcultúr agus na meán neamhspleách san Eoraip a chuir Arty Farty le chéile. Leagtar béim sa tionscnamh seo ar théamaí mórthábhachtacha le haghaidh líonra d’eagraíochtaí neamhspleácha cultúrtha agus meán ar fud na hEorpa, cuir i gcás an cuimsiú, bearnaí críochacha a laghdú, nó neachtar acu a riachtanaí atá sé an bhréagaisnéis a chomhrac. Léiríonn na tionscadail sin gur féidir leis an gcultúr agus leis na meáin ról claochlaitheach a imirt chun an tsochaí a chur ó scoilteadh.

 

Lá an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh 2025 Is mithid don Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh lán a chuid poitéinsil a bhaint amach

Is léir gur uirlis éifeachtach é an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh chun rannpháirtíocht na saoránach i saol polaitiúil an Aontais a mhéadú. Ach ní mór é a threisiú chun dul i ngleic leis an mbaol go mbainfí institiúidí an Aontais de ghnáth-Eorpaigh.

Read more in all languages

Is léir gur uirlis éifeachtach é an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh chun rannpháirtíocht na saoránach i saol polaitiúil an Aontais a mhéadú. Ach ní mór é a threisiú chun dul i ngleic leis an mbaol go mbainfí institiúidí an Aontais de ghnáth-Eorpaigh.

Is sásra rannpháirtíochta de chuid an Aontais é an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh (TES) a ceapadh chun an daonlathas díreach a neartú trí chead a thabhairt do mhilliún saoránach den Aontas ar a laghad (le líon íosta sonraithe náisiúnach ó sheacht mBallstát ar a laghad) a iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach gníomh a mholadh i réimse inar aistrigh na Ballstáit cumhachtaí chuig leibhéal an Aontais.

Ó 2012 i leith, nuair a seoladh Tionscnaimh Eorpacha ó na Saoránaigh, tá 119 dtionscnamh cláraithe ag an gCoimisiún Eorpach, agus tá thart ar 20 milliún síniú bailithe ag lucht a n-eagraithe. Go dtí seo, bailíochtaíodh an rath ar 11 thionscnamh agus fuair 10 gcinn acu freagra ón gCoimisiún.

Is fóram agus ardán tábhachtach é Lá an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, rud a reáchtálann Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) gach bliain, fóram agus ardán inar féidir leis na heagraithe agus páirtithe leasmhara na dTionscnamh Eorpacha ó na Saoránaigh atá cláraithe agus a bheidh ann arís faisnéis agus taithí a mhalartú agus a dTionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh agus a ngníomhaíochtaí a chur i láthair an phobail.

I mbliana, reáchtáladh Lá an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh mar chuid de Sheachtain na Sochaí Sibhialta an 18 Márta.

‘Ba cheart don Aontas céimeanna breise a ghlacadh i dtreo an daonlathais rannpháirtíochta chun foirm na hionadaíochta a chomhlánú. Is é an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh (TES) an chéad uirlis daonlathais rannpháirtíochta ar an leibhéal trasnáisiúnta,’ arsa Laurenţiu Plosceanu, Leas-Uachtarán um an gCumarsáid in CESE.

Dar leis an Ombudsman Eorpach, Teresa Anjinho, is uirlis chumhachtach é an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, ach níor éirigh leis lán a chumais a bhaint amach fós. ‘Ní mór dúinn feabhas a chur ar an gcumarsáid faoi gach is cuspóir agus is feidhm leis. Caithfear dlús a chur le feachtais múscailte feasachta ionas go mbeidh daoine go hiomlán ar an eolas faoin méid is féidir agus nach féidir le TES a dhéanamh, agus beart a dhéanamh. Chun an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a chaomhnú mar uirlis fhiúntach, tá gá le trédhearcacht, macántacht agus cumarsáid. Má theipeann orainn, ní bheidh muinín againn as an uirlis sin ná as todhchaí an Aontais ach an oiread,’ a dúirt Anjinho.

Le linn imeacht Lá an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, cuireadh naoi dtionscnamh TES i láthair, rud lena n-áirítear tionscnaimh a bhaineann le rochtain ar uisce, an tslándáil bia, an ginmhilleadh, cearta LGBTQ+, foirgnimh atá ann cheana a chosaint ar scartáil, cosaint oidhreachta físchluichí, samhail nua chun astaíochtaí a laghdú trí Air-Quotas, agus caighdeáin nua sláinte maidir le húsáid leighis na sícideileach.

Mar fhreagra ar ghlaonna chun maoiniú a fháil do thionscnaimh TES, d’áitigh Adriana Mungiu, ceannaire fhoireann an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh ag Ardrúnaíocht an Choimisiúin, ar ghníomhaithe gan fanacht ar réitigh bhuiséadacha nua atá sách i bhfad i gcéin atá tiomnaithe do TESanna amháin. Ina leaba sin, ba cheart dóibh níos mó úsáide a bhaint as na cistí atá ar fáil i mbuiséad reatha an Aontais, lena n-áirítear sna caibidlí maidir le ‘Rannpháirtíocht na Saoránach’. (at)

Trí bhealach chun muintir na hEorpa a thabhairt níos gaire don Eoraip trí bhíthin an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh

Le Daniela Vancic

Rud fíoruathúil is ea an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh: ní hann d’uirlis eile áit ar bith eile ar domhan a ligeann do na saoránaigh fíorthionchar a imirt ar an reachtaíocht. Mar sin féin, ní leor an t-aitheantas a thugtar dó, ná baol air, dar le Daniela Vancic, an ceannasaí um beartas Eorpach agus um abhcóideacht in Democracy International. Roinn sí trí smaoineamh linn chun tionchar an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh a mhéadú.

Read more in all languages

Le Daniela Vancic

Rud fíoruathúil is ea an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh: ní hann d’uirlis eile áit ar bith eile ar domhan a ligeann do na saoránaigh fíorthionchar a imirt ar an reachtaíocht. Mar sin féin, ní leor an t-aitheantas a thugtar dó, ná baol air, dar le Daniela Vancic, an ceannasaí um beartas Eorpach agus um abhcóideacht in Democracy International. Roinn sí trí smaoineamh linn chun tionchar an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh a mhéadú.

Tá an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ar cheann de na huirlisí daonlathacha is cumhachtaí atá ag an Aontas; is iad na toghcháin Eorpacha an t-aon rud a bhfuil barr bua aige air. Tá páirt glactha ag 20 milliún saoránach sa Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ó bunaíodh é 13 bliana ó shin, mar sin, is léir gur ardán fíor-riachtanach rannpháirtíochta atá ann. In ainneoin na bhféidearthachtaí a bhaineann leis, áfach, is annamh a fhaigheann sé an t-aitheantas atá tuillte aige.

Here’s why the ECI matters - and three ideas for making it even more impactful.

Ról an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh i ndomhan deighilte

Cad a fhágann go bhfuil an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh fíor-uathúil? Ní hann d’aon uirlis den chineál céanna áit ar bith eile ar domhan. Leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, tugtar de chumhacht do na saoránaigh tionchar díreach a imirt ar an reachtaíocht trí thacaíocht a bhailiú i seacht mBallstát den Aontas ar a laghad. Agus an deighilt pholaitiúil ag dul i méid, is nasc ríthábhachtach é an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh idir na saoránaigh agus an lucht ceaptha beartas, trínar féidir comhar a chothú, naisc a thógáil agus fíorathrú a spreagadh.

Go bunúsach, is éard atá i gceist leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh daoine a spreagadh lámh a bheith acu sa mhúnlú beartais. Tugtar grúpaí éagsúla le chéile leis, spreagtar díospóireacht phoiblí agus tugtar cluas éisteachta do na saoránaigh ar an leibhéal Eorpach. Mar shampla, leis an tionscnamh Mo Ghuth, Mo Rogha, a fuair breis agus milliún síniú le déanaí, tugadh le chéile líonra gníomhaithe, eagraíochtaí agus daoine poiblí (lena n-áirítear pearsana idirnáisiúnta amhail Barack Obama) agus spreagadh comhrá níos leithne faoi luachanna bunúsacha. Cuireann an cineál sin gníomhaíochta go mór leis an daonlathas féin agus leis an gcúis atá i gceist.

Is ríthábhachtach beart a dhéanamh go tráthúil

Is suntasach an acmhainneacht dhaonlathach atá ag an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ach, más uainn leas iomlán a bhaint as, is ríthábhachtach go ngníomhóidh institiúidí an Aontais go tráthúil. Cé go bhfuil athruithe dearfacha tagtha ar bheartais an Aontais mar thoradh ar roinnt tionscnamh, amhail an feachtas End the Cage Age, is minic a bhíonn bearna shuntasach ann idir tacaíocht an phobail do Thionscnamh ó na Saoránaigh agus an obair leantach reachtach ina leith. D’fhéadfadh sé sin a bheith ina údar frustrachais do na saoránaigh agus don tsochaí shibhialta araon, agus tá an baol ann go gcaillfidís muinín sa phróiseas.

Chun an móiminteam a choinneáil ag imeacht, ba cheart don Aontas féachaint le dlús a chur le Tionscnaimh Eorpacha ó na Saoránaigh a fhaigheann tacaíocht ollmhór ón bpobal. Glacann sé tamall reachtaíocht an Aontais a cheapadh ach, nuair a bhíonn tacaíocht shoiléir fhorleathan ag tionscnamh áirithe, ba cheart cúram agus aire faoi leith a thabhairt dó. Trína áirithiú go n-iomprófar smaointe na saoránach ina ngníomhaíochtaí go tapa, bhreathnófaí ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh mar spreagadh d’athrú tráthúil agus mar uirlis tionchair.

Ról eagraíochtaí na sochaí sibhialta maidir le hathchóiriú Eorpach a éileamh

Bhí eagraíochtaí na sochaí sibhialta i gcroílár an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh i gcónaí, trí na saoránaigh a shlógadh agus trí fheasacht a mhúscailt faoi acmhainneacht na huirlise. Ón tús, ba ríthábhachtach an ról a bhí ag eagraíochtaí amhail Democracy International maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a fhorbairt agus tacú leis. Mar sin féin, tá i bhfad níos mó i gceist le ról na sochaí sibhialta ná sin.

Ní mór do na heagraíochtaí sin leanúint d’athchóirithe a mholadh lena bhféadfar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a neartú mar ionstraim dhaonlathach. Mar shampla, ba cheart a bheith in ann athruithe ar chonarthaí an Aontais a mholadh tríd an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh – rud nach bhfuil indéanta faoi láthair ach a bhféadfadh tionchar mór a bheith aige ar thodhchaí na hEorpa. Tá na comhráite maidir le hathchóiriú na gconarthaí ag athrú agus glactar leis, murab ionann is riamh, go bhfuil conradh de dhíth ar an Aontas trínar féidir aghaidh a thabhairt ar dhúshláin agus ar dheiseanna an lae inniu. Mar sin is tábhachtaí ná riamh an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a leathnú chun go mbeidh na saoránaigh rannpháirteach sa phróiseas sin.

An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ina fhoinse inspioráide do bheartais

Ba cheart cur le leibhéal uaillmhéine an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh. Smaoineamh amháin chun leas iomlán a bhaint as an acmhainneacht lena mbaineann is ea tionscnaimh a chur san áireamh fiú mura gcomhlíonann siad critéir fhoirmiúla an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh. Ní féidir aon mhilliún síniú a bhailiú le haghaidh gach smaoinimh, dá fheabhas é, ach ní hionann sin agus a rá nach fiú aird a thabhairt air. Ní furasta feachtas faoi Thionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a reáchtáil, go háirithe nuair atá iarrachtaí trasnáisiúnta, ilteangacha agus ilnáisiúnta i gceist leis. Is cuma cé chomh maith agus atá an smaoineamh, d’fhéadfadh sé nach mbeadh na hacmhainní is gá ar fáil dó chun na dianchritéir a leagtar síos leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a chomhlíonadh.

Mar shampla, ní raibh an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh dar teideal Single Communication Tariff Act ó 2012 ‘rathúil’ sa chiall traidisiúnta. Mar sin féin bhí sé ina spreagadh don bheartas ‘Fánaíocht ar Tháillí Baile’ a tháinig i bhfeidhm cúig bliana ina dhiaidh sin, rud a chuaigh chun tairbhe do na milliúin Eorpach ar féidir leo leas a bhaint as fánaíocht sonraí thar theorainneacha anois, saor ó tháillí. Léiríonn sé sin gur féidir le Tionscnaimh Eorpacha ó na Saoránaigh nach mbaineann an tairseach sínithe amach athrú beartais a spreagadh. Ba cheart don Aontas gach smaoineamh ó na saoránaigh a mheas, fiú iad siúd nach bhfuil aon mhilliún síniú faighte acu, agus iad a úsáid mar fhoinse inspioráide don reachtaíocht a bheidh ann amach anseo.

Na príomhthátail

Is uirlis thar a bheith luachmhar é an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh chun an daonlathas a neartú san Eoraip, go háirithe tráth atá luachanna daonlathacha faoi bhagairt ar fud an domhain. Tugann sé de chumhacht do na saoránaigh a gcuid smaointe a chur in iúl ar leibhéal an Aontais, tacaíocht phoiblí a shlógadh agus tionchar fóinteach a imirt ar chúrsaí. Agus an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ar an bhfód le 13 bliana anuas anois, is mithid machnamh a dhéanamh ar conas an uirlis uathúil seo a fheabhsú agus nasc níos láidre agus níos dírí a chruthú idir na saoránaigh agus na hinstitiúidí.

Le tacaíocht leanúnach ón tsochaí shibhialta, is féidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh cuidiú le hAontas Eorpach níos rannpháirtí agus níos freagrúla a chothú, rud a threiseoidh an ról atá aige mar cheannaire domhanda i réimse an daonlathais.

Is í Daniela Vancic an ceannasaí um beartas Eorpach agus um abhcóideacht in Democracy International, áit a bhfuil an daonlathas rannpháirteach díreach á chur chun cinn aici ó bhí 2017 ann. Tá níos mó ná deich mbliana de thaithí aici i bpróisis rannpháirtíochta na saoránach agus is saineolaí aitheanta í ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh. In 2022, rinne sí comheagarthóireacht ar an leabhar ‘Complementary Democracy: The Art of Deliberative Listening’.

An tionscnamh Eorpach ‘Mo ghuth, mo rogha’: os cionn 1.2 milliún duine ar son cearta ginmhillte

Tríd an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ‘Mo ghuth, mo rogha’ táthar ag seasamh ar son ginmhilleadh sábháilte inrochtana do gach bean san Aontas Eorpach. Seoladh an tionscnamh i mí Aibreáin 2024 agus is í an institiúid ‘Zavod Raziskovalni inštitut 8. Marec’ sa tSlóivéin atá á chomhordú. D’éirigh leo breis agus milliún síniú a bhailiú i bhfad roimh an spriocdháta a bhí acu. Labhair CESE Info le heagraithe an tionscnaimh faoin bpráinn a bhaineann lena bhfeachtas sa timpeallacht pholaitiúil atá ann faoi láthair, agus mná ag cailleadh smachta ar a gcearta atáirgthe.

Read more in all languages

Tríd an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ‘Mo ghuth, mo rogha’ táthar ag seasamh ar son ginmhilleadh sábháilte inrochtana do gach bean san Aontas Eorpach. Seoladh an tionscnamh i mí Aibreáin 2024 agus is í an institiúid ‘Zavod Raziskovalni inštitut 8. Marec’ sa tSlóivéin atá á chomhordú. D’éirigh leo breis agus milliún síniú a bhailiú i bhfad roimh an spriocdháta a bhí acu. Labhair CESE Info le heagraithe an tionscnaimh faoin bpráinn a bhaineann lena bhfeachtas sa timpeallacht pholaitiúil atá ann faoi láthair, agus mná ag cailleadh smachta ar a gcearta atáirgthe.

Cén spreagadh a bhí agaibh nuair a chuir sibh tús leis an tionscnamh ‘Mo ghuth, mo rogha’ agus cén sprioc dheiridh atá agaibh?

Tá sé beagnach trí bliana ó shin ó thosaíomar ag smaoineamh ar fheachtas a thabharfadh cosaint do chearta ginmhillte san Eoraip, b’in nuair a cuireadh an cás ‘Roe v. Wade’ ar ceal sna Stáit Aontaithe. Chaill mná na Stát Aontaithe a gceart bunreachtúil thar oíche, agus thuigeamar gur ghá an ginmhilleadh a chosaint san Eoraip freisin. Tá mná sa Pholainn ag fáil bháis in ospidéil toisc toirmeasc iomlán beagnach a bheith ar an nginmhilleadh sa tír sin. Le blianta beaga anuas, tá na hagóidí is mó riamh a bhí acu sa tír ar son cearta ginmhillte á n-eagrú acu. De réir dhlí Mhálta, is féidir mná a chur i bpríosún má bhíonn ginmhilleadh acu. I mbliana, thug Giorgia Meloni cead do ghrúpaí frithghinmhillte dul i mbun agóidíochta i gclinicí ginmhillte agus mná atá ag iarraidh ginmhilleadh a fháil a chiapadh. Tá os cionn 20 milliún bean san Eoraip nach bhfuil fáil acu ar ghinmhilleadh.

Sin an fáth ar chuireamar tús leis an bhfeachtas ‘Mo ghuth, mo rogha’. Chabhraigh foireann dlíodóirí idirnáisiúnta linn an togra a ullmhú agus chruthaíomar nasc láidir le heagraíochtaí i ngach cearn den Eoraip.

Is é an sprioc atá againn cearta ginmhillte a chosaint ar leibhéal na hEorpa agus feabhas a chur ar na deiseanna ginmhillte atá ag mná a bhfuil orthu taisteal go tíortha eile anois mar gheall ar thoirmeasc a bheith ar ghinmhilleadh (e.g. i Málta agus sa Pholainn) nó mar gheall ar ráta ard agóide coinsiasaí (mar a fheictear san Iodáil agus sa Chróit), nó díreach ag aon bhean nach bhfuil sé d’acmhainn aici faoi láthair ginmhilleadh a fháil (i dtíortha ar nós na Gearmáine nó na hOstaire).

Is í an timpeallacht pholaitiúil atá ann faoi láthair an chúis a bhfuil práinn lenár bhfeachtas. Ní mór dúinn seasamh gualainn ar ghualainn agus a léiriú go bhfuil formhór an phobail ag seasamh le cearta ginmhillte agus i gcoinne srianta ar an tsaoirse atáirgthe. Tá an chuid is mó de mhuintir na hEorpa ag tacú le cearta ginmhillte, agus ní mór dúinn seasamh le chéile chun na cearta sin a chosaint.

Cad iad na céimeanna sonracha a theastaíonn uaibh go nglacfadh an Coimisiún Eorpach? Conas is féidir sin a dhéanamh nuair is inniúlacht de chuid na mBallstát í an tsláinte?

Molaimid go mbunódh an Coimisiún Eorpach sásra maoinithe a bhféadfadh na Ballstáit páirt a ghlacadh ann ar bhonn roghnach, lena gcumhdófaí costas na ngnáthamh ginmhillte. D’fheidhmeodh an sásra ar bhealach atá cosúil leis na cláir chun an ailse a chosc agus a chóireáil.

Is é an smaoineamh atá againn nach mbeadh ar aon bhean a bhfuil uirthi taisteal go tír eile le ginmhilleadh a fháil – mar gheall ar shrianta diana a bheith uirthi ina tír féin nó mar gheall ar ráta ard agóide coinsiasaí – íoc as an ngnáthamh as a póca féin. Faoi láthair, tá na mílte ban ag taisteal go tíortha eile agus is minic a bhíonn orthu na mílte euro a íoc ar an ngnáthamh. Níl sé d’acmhainn ag gach duine sin a dhéanamh.

Ainneoin nach dtagann an ginmhilleadh faoi chuimsiú inniúlachtaí an Choimisiúin Eorpaigh, tá cláir airgeadais aige a bhaineann leis an gcúram sláinte, agus is ar an mbonn sin a bhíomar in ann ár dTionscnamh Eorpach a chlárú. 

Cén fáth ar roghnaigh sibh an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh mar chaoi chun an méid sin a bhaint amach? Cé chomh dóchasach is atá sibh go dtabharfaidh an Coimisiún freagra dearfach ar bhur n-iarratas?

Tá taithí fhairsing ar thionscnaimh shibhialta náisiúnta, ar bhailiú sínithe agus ar reifrinn ag ár n-eagraíocht sa tSlóivéin, ‘Zavod Raziskovalni inštitut 8. Marec’, atá ag comhordú an fheachtais ‘Mo ghuth, mo rogha’. A bhuí le sásra an tionscnaimh shibhialta náisiúnta, d’éirigh linn 15 dhlí a athrú cheana féin sa tSlóivéin agus tá dhá reifreann náisiúnta buaite againn. Sin an fáth ar theastaigh uainn uirlis daonlathais dhíreach den chineál céanna a aimsiú ar leibhéal na hEorpa. Sin an chaoi ar éirigh linn aithne a chur ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh. Theastaigh uainn go dtarlódh athrú a mbeadh tionchar buan aige ar na cearta atáirgthe atá ag gach duine san Eoraip, agus sin an fáth ar chinneamar tús a chur le sínithe a bhailiú.

Le linn an fheachtais, fuaireamar tacaíocht ó gach grúpa polaitiúil ar chlé ón lár i bParlaimint na hEorpa, ó pholaiteoirí tábhachtacha ar an leibhéal náisiúnta i roinnt mhaith Ballstát, agus tá naisc mhaithe agus caidreamh seanbhunaithe againn leis na Coimisinéirí Eorpacha. Tá súil againn go n-éistfidh siad leis an mbreis agus 1.2 milliún duine atá ag tacú lenár dtionscnamh. 

Conas a d’éirigh libh daoine i mBallstáit éagsúla a thabhairt libh chun tacú le bhur dtionscnamh agus cabhrú libh le sínithe a bhailiú? Cad iad na cainéil atá in úsáid agaibh chun an scéal a scaipeadh?

Le linn an fheachtais, thógamar líonra láidir de bhreis agus 300 eagraíocht agus chruthaíomar pobal bríomhar de bhreis agus 2000 oibrí deonach as gach cearn den Eoraip. Theastaigh uainn láithreacht a bheith againn ar shráideanna chathracha, bhailte móra agus shráidbhailte na hEorpa, agus ár n-oibrithe deonacha faoi réir le sínithe a bhailiú. D’éirigh linn láithreacht shuntasach a chruthú ar líne ar Instagram, ach bainimid úsáid freisin as cainéil éagsúla ar nós Facebook, TikTok, YouTube, Bluesky, X agus as ardáin eile ar na meáin shóisialta.

Sháraigh sibh an sprioc aon mhilliún a bhí ag teastáil le haghaidh an Tionscnaimh Eorpaigh mí amháin roimh an spriocdháta a bhí leagtha síos agaibh chun sínithe a bhailiú. Cén cineál aiseolais agus tacaíochta, tacaíocht airgeadais san áireamh, atá faighte agaibh go dtí seo?

D’éirigh linn aon mhilliún síniú a bhailiú faoi mhí na Nollag, tar éis dúinn naoi mí a chaitheamh i mbun na hoibre sin, agus bhí 1.2 milliún síniú againn faoin uair a chríochnaíomar an bailiú roimh an spriocdháta.

Fuaireamar cabhair freisin ónár líonra agus ónár bpobal chun na sínithe a bhailiú, agus rinneamar iarratas ar dheiseanna maoinithe éagsúla le linn ár bhfeachtais chun é a choinneáil ag gabháil. Fuair an feachtas ‘Mo ghuth, mo rogha’ an bua i nGradam na Sochaí Socheolaíochta sa tSlóivéin, agus tá sé ar an ngearrliosta do Ghradam SozialMarie. Tá tacaíocht faighte againn freisin ó na grúpaí polaitiúla uile ar chlé ón lár i bParlaimint na hEorpa, agus ó Fheisirí aonair éagsúla sa Pharlaimint, ó Leas-Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Nicolae Ștefănuță, ón Seanadóir as an bhFrainc, Melanie Vogel, ó Uachtarán na Slóivéine, Nataša Pirc Musar, agus ó Phríomh-Aire na Slóivéine, Robert Golob. Lena chois sin, tá a lán gníomhaithe agus daoine as tíortha éagsúla san Aontas ag tacú leis an bhfeachtas, mar shampla Luisa Neubauer ón nGearmáin agus Alice Coffin ón bhFrainc.

‘Mo ghuth, mo rogha’ , is tionscnamh é atá ag fás i rith an ama agus tá sé ar cheann de na gluaiseachtaí feimineacha is mó san Eoraip anois. Tá breis agus 300 eagraíocht, lucht tacaíochta ollmhór agus oibrithe deonacha tiomnaithe as gach cearn den Eoraip páirteach san fheachtas agus ag oibriú le chéile chun a chinntiú go mbeidh ginmhilleadh sábháilte inrochtana ar fáil san Aontas Eorpach. 

Chun an fhírinne a fháil faoin gcogadh, fiafraigh díobh siúd a bhfuil cónaí orthu san áit a bhfuil an cogadh ar siúl

Rinne Tatiana Povalyaeva ionadaíocht thar ceann na hÚcráine ag Leatsa an Eoraip, Abair Leat! (YEYS) i mbliana, áit a raibh sí lena mic léinn. Múinteoir meánscoile in Kharkiv is ea í, agus sheas sí os comhair a ranga don uair dheireanach i mí Feabhra 2022. Is ag múineadh ar líne atá sí ó shin i leith. Déanann sí cur síos ar na dúshláin atá roimpi mar oideoir i mbaile mór díreach 40 ciliméadar ó theorainn na Rúise, áit a bhfuil faoi ionsaí gan staonadh ó thús an chogaidh.

Read more in all languages

Rinne Tatiana Povalyaeva ionadaíocht thar ceann na hÚcráine ag Leatsa an Eoraip, Abair Leat! (YEYS) i mbliana, áit a raibh sí lena mic léinn. Múinteoir meánscoile in Kharkiv is ea í, agus sheas sí os comhair a ranga don uair dheireanach i mí Feabhra 2022. Is ag múineadh ar líne atá sí ó shin i leith. Déanann sí cur síos ar na dúshláin atá roimpi mar oideoir i mbaile mór díreach 40 ciliméadar ó theorainn na Rúise, áit a bhfuil ionsaí gan staonadh á dhéanamh air ó thús an chogaidh.

Mar oideoir, mar mhúinteoir, cén tionchar a bhí ag an gcogadh ar do chumas múinteoireachta agus ar an gcóras oideachais i gcoitinne san Úcráin?

Sa lá atá inniu ann in Kharkiv, is ar líne a dhéantar an scolaíocht i nach mór chuile scoil toisc nach bhfuil dóthain ionaid dídine againn chun ár ndaltaí a choinneáil slán le linn ranganna ar an láthair. Is amhlaidh atá le trí bliana anois agus an 23 Feabhra 2022 an uair dheireanach a chonaic mé na daltaí os mo chomhair sa seomra ranga.  Is iomaí dalta atá tar éis an tír a fhágáil - ní raibh an dara rogha acu. Tá cónaí orthu anois i dtíortha éagsúla ar fud na hEorpa agus mar mhúinteoir, téann sin go smior ionam. Braithim uaim mo chuid daltaí agus tá a fhios agam go bhfuil siad ag streachailt le cuid mhaith rudaí. Uaireanta bíonn orthu freastal ar scoileanna Eorpacha agus scoileanna na hÚcráine araon. Is ualach ollmhór é sin orthu. Idir an dá linn, muidne atá san Úcráin go fóill, táimid de shíor i mbaol. Níl sé ceart ná coir do dhuine ar bith.

Seo an chéad uair riamh dúinn ag múineadh daltaí agus ag tacú leo le linn cogaidh. An rud is mó a bhíonn ag dó na geirbe agam is ea go bhfuil roinnt daltaí ann nach bhfuilim in ann cabhrú leo. Uaireanta níl an t-eolas ná an taithí chuí agam chun déileáil lena bhfadhbanna sláinte arb é strus agus éifeachtaí an struis is cúis leo. Tá athruithe ollmhóra tagtha ar phearsantachtaí daltaí áirithe mar gheall ar neamhord struis iarthrámaigh. I gcásanna den sórt sin, is cabhair dochtúra atá de dhíth orthu seachas cabhair an mhúinteora. Goilleann sé ort nuair a thuigeann tú nach féidir leat na daltaí a chosaint ar chruachás an tsaoil seo. Mar sin féin, fanaimid gar dár ndaltaí, réidh chun cabhrú leo agus chun tacú leo agus chun aire a thabhairt dóibh.

Deacracht eile is ea leanúint de bheith athléimneach mé féin chun gur féidir le mo dhaltaí brath orm, ní hamháin i dtaca le saol na scoile ach i ngnéithe eile den saol freisin. Is fearr is féidir le múinteoir láidir athléimneach tacú leis na daltaí ach conas is féidir linn an neart sin a choinneáil; sin í an cheist. Tá an oiread tacaíochta de dhíth ar mhúinteoirí atá ag maireachtáil agus ag obair le linn cogaidh agus a theastaíonn ó aon duine eile toisc go bhfuilimid ag tacú leis na leanaí arb iad ár dtodhchaí iad. Dá dhearfaí an múinteoir, is ea is mó tacaíocht agus cúram a fhaigheann an dalta.

Cén fáth a gceapann tú go bhfuil sé tábhachtach na dhaltaí a spreagadh chun spéis a bheith acu sa saol polaitiúil nó sa saol sibhialta nó chun páirt a ghlacadh in imeachtaí idirnáisiúnta cosúil leis an gceann seo?

Ar cheann de thascanna bunriachtanacha na múinteoirí is ea ár ndaltaí a spreagadh le bheith gníomhach. Tá sé níos tábhachtaí fós iad a spreagadh le bheith rannpháirteach sa saol polaitiúil, ós rud é go bhfuil tionchar suntasach ag an bpolaitíocht ar shaol na ndaoine. Tugann sé deis luachmhar teacht ar smaointe agus réitigh ar chuid mhaith de na fadhbanna atá os ár gcomhair sa lá atá inniu ann.

Trí fhreastal ar imeachtaí idirnáisiúnta ar nós Leatsa an Eoraip, Abair Leat!, is féidir le mic léinn compánaigh agus lucht tacaíochta a aimsiú chun a gcuid smaointe a roinnt, oibriú le chéile chun na réitigh is fearr a bhaint amach, agus taithí luachmhar a mhalartú. Gan amhras, nuair a bhuaileann daltaí lena bpiaraí, tugtar deis dóibh machnamh a dhéanamh ar a fhorásaí atá siad, ar na pleananna, na spriocanna agus na dearcthaí atá acu, agus ar an gcineál fáis phearsanta a d’fhéadfadh maitheas a dhéanamh dóibh go fóill.

Dá bhféadfá rud ar bith a rá le múinteoirí eile nó le scoileanna eile, cad ba mhaith leat a rá mar mhúinteoir san Úcráin faoi láthair?

Níl ach trí phointe agam ar mhaith liom a roinnt le mo chomhghleacaithe agus lena ndaltaí. Ar an gcéad dul síos, más mian leat eolas ceart a bheith agat faoin gcogadh, fiafraigh de na daoine sin a bhfuil cónaí orthu san áit a bhfuil an cogadh ar siúl.

Ar an dara dul síos, bíodh tuiscint agaibh ar a thábhachtaí atá sé a bheith aontaithe chun cabhrú le daoine eile agus a bheith réidh chun teagmhais thurraingeacha a chosc. Bíodh tuiscint agaibh freisin ar a thábhachtaí atá sé a bheith mar chuid de phobal láidir a bhfuil luachanna, leasanna agus ionchais mhorálta chomhroinnte aige don todhchaí.

Ar an tríú dul síos, an rud is dearfaí ná go bhfuilimid beo. Mairimid, bímid ag streachailt agus bainimid torthaí amach. Cuirimid feabhas orainn féin; tá súil againn go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí agus déanaimid cuid mhaith chun a chruthú go bhfuil dóchas agus tart ann don saol, fiú i gcaitheamh na dtréimhsí is deacra. Tá meas againn orthu siúd a dhéanann a saol a íobairt dár dtodhchaí neamhspleách, agus cabhraímid leo a mhéid is féidir. Táimid buíoch as gach uile duine a chuidíonn linn.

Glacann daltaí na hÚcráine páirt i roinnt mhaith imeachtaí intíre agus idirnáisiúnta, comórtais agus sna Cluichí Oilimpeacha, áit a mbaineann siad torthaí iontacha amach agus ina dtuilleann siad aitheantas ar fud an domhain. Ag an am céanna, táimid ag foghlaim conas maireachtáil go fisiciúil, go hintleachtúil agus go mothúchánach sna dálaí maireachtála is deacra dá bhfuil ann, a bhfuil tionchar thar na bearta acu ar ár saol i gcroílár na hEorpa.

Tá Tatiana Povalyaeva ag múineadh Béarla ag Kharkiv Lyceum 99 san Úcráin le beagnach 26 bliana anuas. Ghlac sí páirt i mbliana i Leatsa an Eoraip, Abair Leat! (YEYS) áit a raibh sí lena mic léinn. 

Editors

Ewa Haczyk-Plumley (editor-in-chief)
Laura Lui (ll)

Contributors to this issue

Chrysanthi Kokkini (ck)
Claudia-Paige Watson Brown (cpwb)
Daniela Vincenti (dv)
Dimitra Panagiotou (dm)
Ewa Haczyk-Plumley (ehp)
Giorgia Battiato (gb)
Jasmin Kloetzing (jk)
Joanna Harnett (jh)
Katerina Serifi (ks)
Laura Lui (ll)
Leonard Mallett (lm)
Marco Pezzani (mp)
Margarita Gavanas (mg)
Margarida Reis (mr)
Millie Tsoumani (mt)
Pablo Ribera Paya (prp)
Samantha Falciatori (sf)
Parminder Shah (sp)
Thomas Kersten (tk)
Veronika Kadlecová (vk)

Coordination

Agata Berdys (ab)
Giorgia Battiato (gb)

 

 

Address

European Economic and Social Committee
Jacques Delors Building,
99 Rue Belliard,
B-1040 Brussels, Belgium
Tel. (+32 2) 546.94.76
Email: eescinfo@eesc.europa.eu

EESC info is published nine times a year during EESC plenary sessions. EESC info is available in 24 languages
EESC info is not an official record of the EESC’s proceedings; for this, please refer to the Official Journal of the European Union or to the Committee’s other publications.
Reproduction permitted if EESC info is mentioned as the source and a link  is sent to the editor.
 

April 2025
4/25

Follow us

  • Facebook
  • Twitter
  • LinkedIn
  • Instagram