European Economic
and Social Committee
Eagarfhocal
Deighilt na sochaí (an polarú) ina dúshlán don tsochaí shibhialta
Tá mí Aibreáin linn agus táimid fós ag machnamh ar an bhfuinneamh agus na tuiscintí a d’éirigh as ár n-imeachtaí suaitheanta i mí an Mhárta, tráth a léiríodh uair amháin eile an chumhacht atá sa tsochaí shibhialta agus a dhiongbháilte atá sí.
Is cinnte gur mí dhian spreagúil a bhí i mí an Mhárta i gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Thionólamar ár n-imeacht bliantúil don óige, Leatsa an Eoraip, Abair Leat!, agus thugamar an t-ardán uair amháin eile dár dtodhchaí, aos óg na hEorpa, ar dhaltaí meánscoile a lán díobh, as gach cearn den Eoraip, an Ríocht Aontaithe agus tíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas Eorpach san áireamh.
Lena chois sin, reáchtálamar an dara heagrán de Sheachtain na Sochaí Sibhialta inar tugadh le chéile os cionn 800 ionadaí ón tsochaí shibhialta as gach cearn den Eoraip chun páirt a ghlacadh i bplé bríomhar, chun dea-chleachtais a mhalartú agus teacht ar réitigh le chéile atá dírithe ar an rannpháirtíocht dhaonlathach a neartú. An Comhtháthú agus an Rannpháirtíocht a threisiú sa tSochaí a bhfuil an tEasaontas i réim inti an mana a bhí againn i mbliana.
I ré chorrach na haimsire seo, níl aon easpa saincheisteanna práinneacha ann. Cén fáth díriú ar an bpolarú, mar sin?
Is féidir leis an bpolarú – is é sin dul i ndéine dearcthaí contrártha – a bheith ina ghnáthchuid den dioscúrsa daonlathach, agus é fréamhaithe san idé-eolaíocht go minic. Go deimhin, tá díospóireacht bhríomhar agus cur in iúl tuairimí éagsúla, fiú tuairimí a thagann salach ar a chéile, thar a bheith tábhachtach do gach aon sochaí oscailte iolraíoch ar nós na sochaí seo againne. Is minic a chuir CESE i bhfáth gur díospóireacht oscailte, gan srian de chineál ar bith, an bhunchloch atá le sochaí rannpháirtíoch agus nach féidir le daonlathas feidhmiú mar is ceart dá huireasa.
Mar sin féin, an polarú atá ag teacht chun cinn faoi láthair, is rud éagsúil é ón taithí a bhí againn go dtí seo ar an bpolarú. Tá méadú ag teacht ar an bpolarú diúltach agus ar an bpobalachas, gluaiseachtaí a dhiúltaíonn don idirphlé, a ídíonn an mhuinín agus a bhaineann an bonn de luachanna an daonlathais. Sa pholaitíocht agus sa saol poiblí, tá an spás atá ar fáil don chomhréiteach ag crapadh. Nuair a bhíonn naimhdeas sa pholarú, nuair a chothaíonn sé an fuath nó an t-olc, cuirtear isteach ar an gcomhtháthú sóisialta, méadaítear ar an deighilt agus, sna cásanna is measa, is foréigean an toradh a bhíonn air.
Trí dhíriú go sonrach ar an bpolarú le linn an imeachta atáimid a eagrú, theastaigh uainn aird a tharraingt ar an méadú as cuimse atá tagtha ar na tréithe tocsaineacha atá i gceist leis agus atá ag sleamhnú isteach go mall i ngach uile ghné de shochaithe na hEorpa.
Tá an claonadh imníoch sin ag méadú de bharr bagairtí éagsúla atá ann: tionchar ón gcoigríoch ar phróisis dhaonlathacha, scaipeadh na bréagaisnéise, agus cúbláil na meán sóisialta chun guthanna contrártha a chur ina dtost agus tuairimí míchuibheasacha a bhrú chun cinn. Feicimid freisin go bhfuil an brú ar shaoirse na meán ag méadú – bíodh sin tríd an monaplú, trí chur isteach ón rialtas nó trí ionsaithe ar iriseoirí – tráth atá meáin chumarsáide shaora iolraíocha níos riachtanaí ná riamh.
In CESE, is cúis mhór imní dúinn an méadú atá tagtha ar choireanna fuathbhunaithe ar fud na hEorpa, lena n-áirítear coireanna atá dírithe ar reiligiún, ar ghnéas agus ar inscne. Baineann an fuath an bonn den daonlathas, lagaíonn sé ár n-institiúidí, agus cothaíonn sé easpa muiníne i measc na saoránach.
Is é sin an áit a bhfuil ról thar a bheith tábhachtach ag an tsochaí shibhialta. Tá an dúthracht agus an misneach le sonrú i measc eagraíochtaí na sochaí sibhialta chun spásanna daonlathacha a chosaint, cearta bunúsacha a chaomhnú, agus creatlach an phobail a neartú. Ar chuid de sin tá an brú atá ar éifeachtaí tocsaineacha an pholaraithe dhiúltaigh cúlú.
Ba í Seachtain na Sochaí Sibhialta an chaoi ina rabhamarna in ann tacú leis an iarracht sin. Cuireadh spás ar fáil le haghaidh idirphlé fóinteach, smaointe úra agus réiteach comhoibríoch fadhbanna arbh é b’aidhm dóibh an rannpháirtíocht agus an comhtháthú sóisialta a chothú. D’eagraíomar painéil den Ghrúpa Idirchaidrimh inar pléadh ábhair éagsúla, mar aon le lá ar leith a tiomnaíodh don Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh – an uirlis thábhachtach atá ag an Aontas ar mhaithe leis an daonlathas díreach.
Mar chuid den tseachtain, bhronn CESE an 15ú heagrán de Dhuais na Sochaí Sibhialta ar thrí thionscnamh den scoth atá dírithe ar an bpolarú a chomhrac fud fad na hEorpa. Roghnaíodh na tionscadail sin as níos mó ná 50 iontráil ó 15 Bhallstát, agus léiríonn na tionscadail sin scála an dúshláin agus an tiomantas láidir atá ann i measc ghníomhaithe na sochaí sibhialta an dúshlán sin a fhreagairt.
Tá súil agam go spreagfaidh eagrán na bliana seo de Sheachtain na Sochaí Sibhialta agus buaiteoirí na Duaise dóchas athnuaite as an ról is féidir leis an tsochaí shibhialta a imirt chun luachanna daonlathacha na hEorpa a chosaint agus a chur chun cinn.
Ós rud é go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh againn fós ar na smaointe, na tograí agus an tátal ó imeachtaí mhí an Mhárta, chinneamar cead cainte a thabhairt in eagrán seo mhí Aibreáin do roinnt guthanna ó Sheachtain na Sochaí Sibhialta agus ó YEYS. Tá súil agam go mbainfidh sibh taitneamh as an ábhar léitheoireachta.
Laurenţiu Plosceanu
Leas-Uachtarán um an gCumarsáid