I ndiaidh dúinn dea-scéala a fháil an 10 Samhain, ghoill sé go trom orm a chloisteáil, tar éis d’fhoirne caibidlíochta Pharlaimint na hEorpa agus an Chomhairle teacht ar chomhaontú maidir le mionsonraí an chéad Chreata Airgeadais Ilbhliantúil eile agus an Chiste Téarnaimh, go raibh an cinneadh géar déanta ag dhá Bhallstát - agus ag tríú Ballstát tráth níos déanaí - an Eoraip ina hiomláine a chur faoi chois. Ar a bharr sin, níor éirigh le ceannairí na hEorpa réiteach a fháil ar an tsáinn le linn an ghlao físeáin a bhí acu an 19 Samhain.

Tá géarghá leis an bpacáiste “Next Generation EU”, maille leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) do 2021-2027, arb ionann é agus €1.85 trilliún ar an iomlán, má táthar chun téarnamh gasta éifeachtach a chinntiú i ngach tír do na saoránaigh uile. Mura dtiocfar ar chomhaontú maidir leis an mbuiséad agus maidir leis an gciste téarnaimh go luath, is léir go mbeidh orainn aghaidh a thabhairt ar cheann de na géarchéimeanna institiúideacha agus polaitiúla is mó dá bhfacthas riamh san Aontas. Ní hamháin gur géarchéim pholaitiúil agus institiúideach í seo, fágfaidh sí gur déine a bheidh an ghéarchéim eacnamaíoch agus shóisialta a bhfuilimid i ngleic léi cheana féin.

Ar chloisteáil dom faoin mbac sa Chomhairle, d’eisigh mé preasráiteas in éineacht le mo chomhghleacaithe urramacha Aurel Laurențiu Plosceanu, Cathaoirleach SOC, agus Cristian Pîrvulescu, Cathaoirleach ar an nGrúpa um Chearta Bunúsacha agus an Smacht Reachta in CESE.

Is é an rud is uafásaí ná go bhfuil dhá rialtas ag cur bac ar an gciste téarnaimh d’fhonn cosc a chur ar nasc a bheith ann idir buiséad an Aontais agus an urraim don smacht reachta. Is gné lárnach de shochaithe daonlathacha iad cearta an duine agus an smacht reachta. Tá na luachanna sin leagtha síos in Airteagal 2 de Chonradh an Aontais agus níor cheart cur ina gcoinne. Tá prionsabail den chineál sin doshannta!

Mar fhocal scoir, ba mhian liom a bheith dearfach: tá sé cruthaithe ag an Aontas thar na blianta fada gur “meaisín” é i dtaca le comhaontuithe a dhéanamh, fiú má bhaineann siad le saincheisteanna atá conspóideach agus casta ó thaobh na polaitíochta de. Tá fíorshúil agam go n-éireoidh linn teacht slán as an tsáinn seo sa deireadh. Níor mhaith liom cuimhneamh ar thoradh ar bith eile ag an bpointe seo.

Tháinig roinnt anailísithe polaitiúla agus eacnamaíocha ar an smaoineamh bogadh ar aghaidh leis an gciste téarnaimh mar chuid de nós imeachta comhair fheabhsaithe agus é a dhíchúpláil ó CAI murar féidir teacht ar chomhaontú leis na Ballstáit go léir. Maíonn siad go ndéantar foráil sa Chonradh maidir leis an bhféidearthacht sin. Cé go bhfuilim den tuairim go bhféadfaí é sin a dhéanamh sa chás nach bhfuil an dara rogha ann, tá mé suite de nach mór é a bheith mar aidhm againn teacht ar chomhaontú idir na 27 mBallstát go léir lena n-urramaítear an smacht reachta.

Ní tráth moille é. Dá bhrí sin, táim ag tathant ar na Ballstáit, agus go háirithe dóibh siúd atá ag cur bac ar an gcomhaontú faoi láthair, gan an t-airgead téarnaimh a bhfuil géarghá leis a bhaint de shaoránaigh na hEorpa a thuilleadh.