Skip to main content
Newsletter Info

EESC info

European Economic and Social Committee A bridge between Europe and organised civil society

DECEMBER 2020 | GA

GENERATE NEWSLETTER PDF

Available Languages:

  • BG
  • CS
  • DA
  • DE
  • EL
  • EN
  • ES
  • ET
  • FI
  • FR
  • GA
  • HR
  • HU
  • IT
  • LT
  • LV
  • MT
  • NL
  • PL
  • PT
  • RO
  • SK
  • SL
  • SV
Editorial

Eagarfhocal

A léitheoirí dile,

Tá ríméad orm an ról seo mar Leas-Uachtarán ar CESE a ghabháil chugam féin don sainordú nua seo. Bhí an-áthas orm gur roghnaigh mo chomhghleacaithe mé don phost. Measaim go bhfuil ról na cumarsáide ríthábhachtach in aon eagraíocht.

Bhí mé i gcónaí tógtha leis an obair a dhéanann foireann agus comhaltaí an Choiste seo ó lá go lá. Cuireann sainordú nua deis ar fáil dúinn chun machnamh a dhéanamh ar chúrsaí agus breathnú ar gach rud arís le súile úra. I bhfianaise ár gcumais theoranta taistil, mar gheall ar COVID-19, is féidir linn an deis a thapú freisin chun athmheasúnú a dhéanamh ar chúrsaí.

Read more in all languages

A léitheoirí dile,

Tá ríméad orm an ról seo mar Leas-Uachtarán ar CESE a ghabháil chugam féin don sainordú nua seo. Bhí an-áthas orm gur roghnaigh mo chomhghleacaithe mé don phost. Measaim go bhfuil ról na cumarsáide ríthábhachtach in aon eagraíocht. 

Bhí mé i gcónaí tógtha leis an obair a dhéanann foireann agus comhaltaí an Choiste seo ó lá go lá. Cuireann sainordú nua deis ar fáil dúinn chun machnamh a dhéanamh ar chúrsaí agus breathnú ar gach rud arís le súile úra. I bhfianaise ár gcumais theoranta taistil, mar gheall ar COVID, is féidir an deis a thapú freisin chun athmheasúnú a dhéanamh ar chúrsaí.

Creidim go bhfuil ról ríthábhachtach ag an tsochaí shibhialta i dtaca lenár gcórais pholaitiúla de. Anseo in CESE comhlíonaimid an ról sin ar leibhéal institiúideach. 

Is é an ghné uathúil dhíolacháin atá againn ná go dtugaimid le chéile na hearnálacha agus na grúpaí ar gnách iad a bheith i gcoinne a chéile ina réimsí éagsúla féin. Cuirimid leis an gcomhdhearcadh, trí thuiscint agus meas ar pheirspictíochtaí a chéile a chothú. Agus cuirimid ábhar luachmhar ar fáil, ábhar ar éirigh leis sa tástáil i dtaobh an féidir é a chur i ngníomh nó nach féidir. Tá réitigh phraiticiúla ar na dúshláin atá amach romhainn le fáil inár dtograí, ar tograí iad atá bunaithe go mór ar an gcomhdhearcadh.

Sin é an tráth is mó a fheictear CESE i mbarr a mhaitheasa, agus é i mbun geallsealbhóirí a chur i dteagmháil le chéile, guth láidir glé a thabhairt dóibh agus réitigh phraiticiúla a chur ar fáil atá cothrom do gach earnáil.

Le sainordú nua tugtar deis dúinn leanúint de na rudaí a dhéanaimid go maith, agus na rudaí nach ndéanaimid go maith a laghdú nó deireadh a chur leo.

Is é meon an Choiste seo ná iad siúd a bhfuil fonn nach beag orthu a bheith éifeachtach a aithint, agus é a chur ar a gcumas tionchar suntasach a gcuid oibre a chinntiú.

Táim ag súil go mór le teagmháil a dhéanamh le comhghleacaithe in institiúidí eile agus a chinntiú go gcloistear ár dtuairimí coiteanna. Mar an gcéanna, is mian liom a chinntiú go bhfuil an pobal i gcoitinne ar an eolas faoin nglacadh a bhíonn lenár gcuid oibre, agus faoin méid a dhéanaimid chun a chinntiú go gcuirtear tuairimí na sochaí sibhialta san áireamh nuair a bhíonn na cinntí deiridh á ndéanamh.

Ar deireadh, bainfimid úsáid, mar a dhéanaimid i gcónaí, as ár n-acmhainní chun idirphlé a éascú idir geallsealbhóirí eile, chun teagmháil a dhéanamh le páirtithe eile seachas ár mbaill féin agus chun nasc ceart a dhéanamh idir an tsochaí shibhialta agus institiúidí an Aontais Eorpaigh. 

Táim ag tnúth le téarma oifige dhá bhliain go leith a bheidh gnóthach agus táirgiúil.

 
 

Cillian Lohan, Leas-Uachtarán um an gCumarsáid in CESE

Diary Dates

10 Nollaig 2020, an Bhruiséil

COVID-19: Tionchar na Paindéime a Mhaolú agus an Ghéarchéim a Shárú (Seimineár gréasáin)

 

20-21 Eanáir 2021, an Bhruiséil

Seisiún iomlánach CESE

Ní féidir na cistí téarnaimh agus an buiséad a chur ar fuascailt!

Aurel Laurențiu Plosceanu, Stefano Palmieri, agus Cristian Pîrvulescu, uachtaráin faoi seach na Rannóige um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht in CESE, na Rannóige um Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus um Chomhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta in CESE agus an Ghrúpa um Chearta Bunúsacha agus an Smacht Reachta in CESE, d’eisigh siad ráiteas comhpháirteach an 18 Samhain inar cuireadh in iúl go bhfuil an-imní orthu mar gheall ar sheasamh dhá rialtas atá ag bagairt crosadh a dhéanamh ar Bhuiséad an Aontais Eorpaigh mura gcuirfear deireadh leis an gcoinníoll go gcaithfear an smacht reachta a urramú chun bheith i dteideal maoiniú a fháil.

Tá tacaíocht láidir tugtha ag CESE cheana féin do thogra an Choimisiúin Eorpaigh maidir leis an bpacáiste “Next Generation EU”, pacáiste – agus é curtha leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 arb ionann é agus EUR 1.82 thrilliún – a úsáidfear chun an ghoimh a bhaint as géarchéim COVID-19 agus chun téarnamh tapa a éascú do gheilleagair an Aontais.

De réir an ráitis chomhpháirtigh, níor cheart go mbeadh sé ina chnámh spairne an cinneadh gan maoiniú ón Aontas a thabhairt do Bhallstát ar bith nach gcomhlíonann prionsabal an smachta reachta, ós rud é go bhfuil an prionsabal sin ar cheann de na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe.

Is féidir an ráiteas iomlán a léamh ag an nasc seo a leanas: http://europa.eu/!cH83Bj

Read more in all languages

Aurel Laurențiu Plosceanu, Stefano Palmieri, agus Cristian Pîrvulescu, uachtaráin faoi seach na Rannóige um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht in CESE, na Rannóige um Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus um Chomhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta in CESE agus an Ghrúpa um Chearta Bunúsacha agus an Smacht Reachta in CESE, d’eisigh siad ráiteas comhpháirteach an 18 Samhain inar cuireadh in iúl go bhfuil an-imní orthu mar gheall ar sheasamh dhá rialtas atá ag bagairt crosadh a dhéanamh ar Bhuiséad an Aontais Eorpaigh mura gcuirfear deireadh leis an gcoinníoll go gcaithfear an smacht reachta a urramú chun bheith i dteideal maoiniú a fháil.

Tá tacaíocht láidir tugtha ag CESE cheana féin do thogra an Choimisiúin Eorpaigh maidir leis an bpacáiste “Next Generation EU”, pacáiste – agus é curtha leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 arb ionann é agus EUR 1.82 thrilliún – a úsáidfear chun an ghoimh a bhaint as géarchéim COVID-19 agus chun téarnamh tapa a éascú do gheilleagair an Aontais.

De réir an ráitis chomhpháirtigh, níor cheart go mbeadh sé ina chnámh spairne an cinneadh gan maoiniú ón Aontas a thabhairt do Bhallstát ar bith nach gcomhlíonann prionsabal an smachta reachta, ós rud é go bhfuil an prionsabal sin ar cheann de na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe.

Is féidir an ráiteas iomlán a léamh ag an nasc seo a leanas: http://europa.eu/!cH83Bj

“Ceist amháin do...”.

Inár rannóg “Ceist amháin do...” iarraimid ar chomhaltaí CESE a bhfreagra a thabhairt ar cheist atá go mór i mbéal an phobail agus atá, dar linn, an-ábhartha go deo.

D’iarr muid ar an Uasal Stefano Palmieri, Cathaoirleach ar an Rannóg um Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus um Chomhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta (ECO) a fhreagra a thabhairt ar an cheist seo a leanas:

“Cad é do thuairim faoin mbac atá curtha ar bhuiséad fadtéarmach an Aontais agus faoin bpacáiste téarnaimh atá ann de bharr trí Bhallstát? Ó dhearcadh difriúil, an bhfuil sé ar cheann de na géarchéimeanna institiúideacha agus polaitiúla is mó atá os comhair an AE?”

Read more in all languages

Inár roinn “Ceist amháin do...” iarraimid ar chomhaltaí CESE a bhfreagra a thabhairt ar cheist atá go mór i mbéal an phobail agus atá, dar linn, an-ábhartha go deo.

D’iarr muid ar an Uasal Stefano Palmieri, Cathaoirleach ar an Rannóg um Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus um Chomhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta (ECO) a fhreagra a thabhairt ar an gceist seo a leanas:

“Cad é do thuairim faoin mbac atá curtha ar bhuiséad fadtéarmach an Aontais agus faoin bpacáiste téarnaimh atá ann de bharr trí Bhallstát? Ó dhearcadh difriúil, an bhfuil sé ar cheann de na géarchéimeanna institiúideacha agus polaitiúla is mó atá os comhair an AE?”

Stefano Palmieri, Cathaoirleach Rannóg ECO

I ndiaidh dúinn dea-scéala a fháil an 10 Samhain, ghoill sé go trom orm a chloisteáil, tar éis d’fhoirne caibidlíochta Pharlaimint na hEorpa agus an Chomhairle teacht ar chomhaontú maidir le mionsonraí an chéad Chreata Airgeadais Ilbhliantúil eile agus an Chiste Téarnaimh, go raibh an cinneadh géar déanta ag dhá Bhallstát - agus ag tríú Ballstát tráth níos déanaí - an Eoraip ina hiomláine a chur faoi chois. Ar a bharr sin, níor éirigh le ceannairí na hEorpa réiteach a fháil ar an tsáinn le linn an ghlao físeáin a bhí acu an 19 Samhain.

Read more in all languages

I ndiaidh dúinn dea-scéala a fháil an 10 Samhain, ghoill sé go trom orm a chloisteáil, tar éis d’fhoirne caibidlíochta Pharlaimint na hEorpa agus an Chomhairle teacht ar chomhaontú maidir le mionsonraí an chéad Chreata Airgeadais Ilbhliantúil eile agus an Chiste Téarnaimh, go raibh an cinneadh géar déanta ag dhá Bhallstát - agus ag tríú Ballstát tráth níos déanaí - an Eoraip ina hiomláine a chur faoi chois. Ar a bharr sin, níor éirigh le ceannairí na hEorpa réiteach a fháil ar an tsáinn le linn an ghlao físeáin a bhí acu an 19 Samhain.

Tá géarghá leis an bpacáiste “Next Generation EU”, maille leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) do 2021-2027, arb ionann é agus €1.85 trilliún ar an iomlán, má táthar chun téarnamh gasta éifeachtach a chinntiú i ngach tír do na saoránaigh uile. Mura dtiocfar ar chomhaontú maidir leis an mbuiséad agus maidir leis an gciste téarnaimh go luath, is léir go mbeidh orainn aghaidh a thabhairt ar cheann de na géarchéimeanna institiúideacha agus polaitiúla is mó dá bhfacthas riamh san Aontas. Ní hamháin gur géarchéim pholaitiúil agus institiúideach í seo, fágfaidh sí gur déine a bheidh an ghéarchéim eacnamaíoch agus shóisialta a bhfuilimid i ngleic léi cheana féin.

Ar chloisteáil dom faoin mbac sa Chomhairle, d’eisigh mé preasráiteas in éineacht le mo chomhghleacaithe urramacha Aurel Laurențiu Plosceanu, Cathaoirleach SOC, agus Cristian Pîrvulescu, Cathaoirleach ar an nGrúpa um Chearta Bunúsacha agus an Smacht Reachta in CESE.

Is é an rud is uafásaí ná go bhfuil dhá rialtas ag cur bac ar an gciste téarnaimh d’fhonn cosc a chur ar nasc a bheith ann idir buiséad an Aontais agus an urraim don smacht reachta. Is gné lárnach de shochaithe daonlathacha iad cearta an duine agus an smacht reachta. Tá na luachanna sin leagtha síos in Airteagal 2 de Chonradh an Aontais agus níor cheart cur ina gcoinne. Tá prionsabail den chineál sin doshannta!

Mar fhocal scoir, ba mhian liom a bheith dearfach: tá sé cruthaithe ag an Aontas thar na blianta fada gur “meaisín” é i dtaca le comhaontuithe a dhéanamh, fiú má bhaineann siad le saincheisteanna atá conspóideach agus casta ó thaobh na polaitíochta de. Tá fíorshúil agam go n-éireoidh linn teacht slán as an tsáinn seo sa deireadh. Níor mhaith liom cuimhneamh ar thoradh ar bith eile ag an bpointe seo.

Tháinig roinnt anailísithe polaitiúla agus eacnamaíocha ar an smaoineamh bogadh ar aghaidh leis an gciste téarnaimh mar chuid de nós imeachta comhair fheabhsaithe agus é a dhíchúpláil ó CAI murar féidir teacht ar chomhaontú leis na Ballstáit go léir. Maíonn siad go ndéantar foráil sa Chonradh maidir leis an bhféidearthacht sin. Cé go bhfuilim den tuairim go bhféadfaí é sin a dhéanamh sa chás nach bhfuil an dara rogha ann, tá mé suite de nach mór é a bheith mar aidhm againn teacht ar chomhaontú idir na 27 mBallstát go léir lena n-urramaítear an smacht reachta.

Ní tráth moille é. Dá bhrí sin, táim ag tathant ar na Ballstáit, agus go háirithe dóibh siúd atá ag cur bac ar an gcomhaontú faoi láthair, gan an t-airgead téarnaimh a bhfuil géarghá leis a bhaint de shaoránaigh na hEorpa a thuilleadh.

EESC News

Eoraip a bheidh rathúil, cuimsitheach agus inbhuanaithe i gcroílár chlár uachtaránachta nua CESE

Tá clár iomlán an Uachtaráin nua, Christa Schweng, curtha ar fáil ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, dá téarma oifige 2020-2023 Tá sé ar líne anois agus tá sé ar fáil i ngach teanga den Aontas Eorpach

I gclár an Uasail Schweng tá fís uaillmhianach le haghaidh Eoraip iar-COVID-19 a bheidh níos láidre agus níos athléimní agus ina mbeartaítear rannchuidiú láidir ó CESE le téarnamh na hEorpa agus leis an daonlathas rannpháirteach.

Read more in all languages

Tá clár iomlán an Uachtaráin nua, Christa Schweng, foilsithe ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, dá téarma oifige 2020-2023 Tá sé ar líne anois agus tá sé ar fáil i ngach teanga den Aontas Eorpach

I gclár an Uasail Schweng tá fís uaillmhianach le haghaidh Eoraip iar-COVID-19 a bheidh níos láidre agus níos athléimní agus ina mbeartaítear rannchuidiú láidir ó CESE do théarnamh na hEorpa agus don dhaonlathas rannpháirteach

Faoin mana “Aontaithe ar son Thodhchaí na hEorpa” cuirtear an-bhéim ann ar an aontacht, agus is í an rud is tábhachtaí le linn a huachtaránachta, ina n-iarrfar orainn CESE a atógáil, rud a fhágfaidh go mbeadh sé níos aontaithe agus níos éifeachtaí chun tionchar a imirt ar mhúnlú bheartais an Aontais.

Tá ceithre thosaíocht leagtha amach ann atá ag teacht lena smaoineamh don Eoraip iar-COVID a chuirfidh ar chumas a gcuid saoránach maireachtáil faoi rath i sochaí oscailte atá bunaithe ar luachanna.

An chéad tosaíocht atá aici ná go mbeidh an Eoraip faoi rath eacnamaíoch, agus go mbeidh béim á leagan ar chuidiú le Ballstáit, cuideachtaí, oibrithe agus an pobal i gcoitinne teacht slán agus a ngeilleagair a atógáil. Ba cheart an t-aistriú go geilleagar níos digití agus níos glaise a bheith nasctha leis an téarnamh sóisialta chomh maith.

An dara tosaíocht atá aici ná go mbeidh an Eoraip cuimsitheach go sóisialta agus go gcinnteofar inti nach bhfágfar aon duine ar gcúl le linn na n-aistrithe digiteacha agus glasa. Tá sé fíorthábhachtach go ndéanfar an fhostaíocht agus an t-ioncam do gach oibrí a chosaint, agus aird ar leith á tabhairt ar ghrúpaí leochaileacha. Luaitear sa chlár nach bhfuil luachanna coiteanna an Aontais inchaibidle in imthosca ar bith. Gné thábhachtach eile den dlúthpháirtíocht a fhaigheann tacaíocht ann is ea Aontas Sláinte Eorpach a bhunú.

Sa tríú tosaíocht atá aici – Eoraip atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de – aithnítear gur geilleagar níos glaise agus digitithe a spreagfaidh an plean téarnaimh don Eoraip. Chun go n-éireoidh leis sin, áfach, ní mór féachaint ar an earnáil ghnó mar chuid den réiteach agus ní mór í a spreagadh chun páirt ghníomhach a ghlacadh agus an t-aistriú go geilleagar ísealcharbóin, atá tíosach ar achmhainní, á mhúnlú.

An ceathrú tosaíocht atá aici ná a chinntiú go mbeidh ról ríthábhachtach ag CESE sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, ar tionscnamh tábhachtach í atá ceaptha chun go mbeidh braistint úinéireachta ag muintir na hEorpa ar an Aontas trína chur ar a cumas díospóireacht a dhéanamh ar mhórábhair an Aontais, agus ar an gcaoi sin, feabhas a chur ar an gcaoi a n-oibríonn an tAontas Eorpach. Mar chosantóir thiomanta an daonlathais rannpháirtigh, agus le comhaltaí ó gach cuid den tsochaí shibhialta atá gníomhach ar an láthair sna Ballstáit go léir, tá deis ag CESE a bhreisluach a léiriú agus gníomhú mar éascaitheoir. (ll)

 

Agus an dara téarma den Ardán Eorpach um an nGeilleagar Ciorclach ann, tá súil le dlús a chur leis an úsáid a bhaintear as

Le linn comhdháil bhliantúil de chuid CESE a reáchtáladh go hiomlán ar líne ar an 3 agus an 4 Samhain, thug CESE le fios a thiomanta atá sé cur leis an obair atá ar siúl chun an tArdán um an nGeilleagar Ciorclach a úsáid mar mhol don chomhobair atá ar siúl ar mhaithe le geilleagar ciorclach a chur ar bun san Eoraip.

Read more in all languages

Le linn comhdháil bhliantúil de chuid CESE a reáchtáladh go hiomlán ar líne ar an 3 agus an 4 Samhain, thug CESE le fios a thiomanta atá sé cur leis an obair atá ar siúl chun an tArdán um an nGeilleagar Ciorclach a úsáid mar mhol don chomhobair atá ar siúl ar mhaithe le geilleagar ciorclach a chur ar bun san Eoraip.

Chuir Christa Schweng, Uachtarán CESE, agus Frans Timmermans, Leas-uachtarán Feidhmiúcháin de chuid an Choimisiúin, tús leis an gcomhdháil. Labhair siad ar dtús faoi na chéad trí bliana d’Ardán Gheallsealbhóirí an Gheilleagair Chiorclaigh, á rá gur dea-shampla a bhí ann den dea-chleachtas agus gur fóram plé a bhí ann do chleachtóirí. Ina dhiaidh sin, labhair siad faoin téarma nua atá ag tosú anois faoi Phlean Gníomhaíochta nua an Aontais Eorpaigh don Gheilleagar Ciorclach.

“Tá sé léirithe ag an Ardán le trí bliana anuas gur fearr le daoine an modh oibre seo le bheith ag obair i gcomhar le chéile,” a dúirt Schweng. “Is sampla iontach atá in Ardán Eorpach Gheallseallbhóirí an Gheilleagair Chiorclaigh – arb é bhur n-ardán é – den bheartas agus den chleachtas ag feidhmiú taobh le chéile.

Is é sin an chúis a iarraim oraibhse, a chairde, leanúint de bheith ag scaipeadh na gceachtanna agus na samplaí inspioráideacha, bídís sin ina dtáirgí tomhaltais a dheartar de réir caighdeáin chiorclacha, smaointe nuálacha maidir le dramhaíl a laghdú agus a bhainistiú, seodra a dhéantar d’ábhar athchúrsáilte, straitéisí ciorclacha na rialtas áitiúil nó scoileanna atá ag ullmhú shaoránaigh na chéad ghlúine eile.”

“Má chaitheann sibh súil mórthimpeall oraibh, tabharfaidh sibh faoi deara go bhfuil tús curtha lenár gcomhaistriú cheana féin ach go bhfuil go leor oibre fós le déanamh againn chun go mbeidh an tAontas ina cheann feadhna san aistriú domhanda go dtí geilleagar ciorclach.”

Thug Schweng le fios go bhfuil an geilleagar ciorclach ríthábhachtach chun go n-éireoidh leis an gComhaontú Glas don Eoraip, plean suaitheanta an Aontais do na blianta atá le teacht. Leag sí béim ar an bhfianaise go gcruthaítear poist tríd an ngeilleagar ciorclach (cruthaíodh thart ar 4 mhilliún post nua idir 2012 agus 2018), fiú sna tréimhsí a mbíonn daoine buartha faoi chiorruithe poist. Chomh maith leis sin, chuir sí in iúl go bhfuil gá le tacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí chun an t-aistriú a chur i gcrích, go háirithe sa tréimhse seo, tráth a bhfuil gnólachtaí ag iarraidh dul i ngleic le hiarmhairtí COVID-19.

Ba é Leas-uachtarán CESE um an gCumarsáid, fear a chreideann go mór in acmhainneacht an ardáin agus a chuidigh lena chur ar bun, Cillian Lohan, a chuir tús leis an dara lá den chomhdháil. Chuir sé in iúl go bhfuil comhar mar chuid lárnach den tionscadal agus leag sé béim ar a thábhachtaí atá sé nach bhfágfaí an comhar ar leataobh:

“Ba é an comhar bun agus barr an ardáin ó cuireadh ar bun é” a dúirt Lohan. “Tá tábhacht ag baint leis an stair sin – cé gur stair an-ghairid í – toisc gur socraíodh go mbeadh meon an tionscadail chomhoibrithigh ann ón tús: ba rud é sin a bhí le baint amach againn le chéile, seachas i gcoimhlint nó in iomaíocht le chéile. Inniu féin, tá an meon sin ina chuid lárnach den ardán.” 

“An t-aistriú go dtí geilleagar ciorclach faoi stiúir geallsealbhóirí, is é sin toradh ár gcuid iarrachtaí go léir agus toradh na hoibre a rinneamar i gcomhar le chéile. Inniu, táimid ag iarraidh leibhéal nua a bhaint amach maidir leis an ngeilleagar ciorclach, agus is oraibhse uile atáimid ag brath chun é sin a dhéanamh.”

Ghlac breis agus 700 duine páirt san imeacht dhá lá sin, rud a chiallaíonn go raibh an t-imeacht ar cheann de na hábhair ba mhó a bhí ag treochtáil ar Twitter sa Bheilg.

Tionscnamh comhpháirteach idir CESE agus an Coimisiún Eorpach is ea Ardán Eorpach Gheallsealbhóirí an Gheilleagair Chiorclaigh a bhfuil sé mar aidhm aige “líonra de líonraí” a sholáthar chun tacú leis an aistriú faoi stiúir geallsealbhóirí. Tionscnamh ceannródaíoch atá san ardán agus baineadh úsáid as mar mhúnla d’ardáin eile den chineál céanna sna Ballstáit agus sna Stáit Aontaithe araon.

Cuirfear torthaí na bpléití ón gcomhdháil ar fáil go luath ar shuíomh gréasáin an ardáin. (dm)

Tá aghaidh á tabhairt ag CESE ar easnaimh i lánpháirtiú na mban imirceach agus na leanaí imirceacha

Ní chuirtear riachtanais shonracha na mban agus na leanaí atá ag iarraidh idirdhealú nó bacainní ar a lánpháirtiú a shárú san áireamh go hiomlán i mbeartais lánpháirtíochta Bhallstáit an AE i gcónaí. Tá bealaí molta ag CESE chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh sin i dtústuairim a cuireadh i láthair ag seisiún iomlánach mhí Dheireadh Fómhair.

Read more in all languages

Ní chuirtear riachtanais shonracha na mban agus na leanaí atá ag iarraidh idirdhealú nó bacainní ar a lánpháirtiú a shárú san áireamh go hiomlán i mbeartais lánpháirtíochta Bhallstáit an AE i gcónaí. Tá bealaí molta ag CESE chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh sin i dtústuairim a cuireadh i láthair ag seisiún iomlánach mhí Dheireadh Fómhair.

D’iarr Uachtaránacht na Gearmáine ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh ar CESE plé a dhéanamh ar bhealaí chun lánpháirtiú na mban, na máithreacha agus na dteaghlach ar de bhunadh imirceach iad a éascú.

Ba é an t-iarchomhalta Indrė Vareikytė a dhréachtaigh an tuairim seo agus an rapóirtéir ginearálta, Ákos Topolánszky, a thíolaic é ag an seisiún iomlánach an 29 Deireadh Fómhair.

Thug an tUasal Topolánszky rabhadh dá phiaraí nach bhfuil beartais chun tacú go sainráite le mná agus le leanaí de bhunadh imirceach agus atá ag déileáil le hidirdhealú agus le bacainní ar a lánpháirtiú, achtaithe ach ag níos lú ná leath de na Ballstáit. “Toisc go bhfuil siad scoite, is ró-mhinic a bhíonn siad thíos le huaigneas agus le foréigean,” a dúirt sé. I dtaca le réitigh, chuir an tUasal Topolánszky i bhfáth a thábhachtaí atá sé beartais lánpháirtíochta a ghlacadh ar bhealach iomlánaíoch, lena n-áirítear cuimsiú gairmiúil, oideachas, sláinte, ceartas agus tithíocht.

Creideann CESE gur cheart na himircigh a chur ar an eolas ar bhealach níos fearr faoi chuspóirí oiliúna teanga agus na tairbhí lena mbaineann dá shaol laethúil. Tá CESE ag tathant freisin go ndéanfar tuilleadh fiosrúcháin maidir leis an gCreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha a úsáid chun an próiseas oiliúna teanga d’imircigh a chuíchóiriú, rud a chinnteodh cur chuige níos saincheaptha.

Bíonn mná imirceacha ag déileáil le cineálacha iomadúla trasnacha idirdhealaithe i roinnt mhaith réimsí den saol sóisialta.
Tá CESE ag tathant, dá bhrí sin, ar na Ballstáit Coinbhinsiún Iostanbúl a dhaingniú, agus tá sé á iarraidh ar na Ballstáit uile a chinntiú go mbeidh an rochtain chéanna ag mná imirceacha atá ina n-íospartaigh fóiréigin ar sheirbhísí iomchuí, tacaíocht agus saoráidí, agus atá ag mná a rugadh san Aontas.

Toisc go raibh tionchar díréireach ag géarchéim COVID-19 ar phobail leochaileacha, amhail mná imirceacha de bhunadh mionlaigh eitnigh, tá CESE ag tathant go láidir ar an gCoimisiún, agus a thionscnamh nua ar lánpháirtiú agus cuimsiú á ullmhú aige, na ceachtanna a foghlaimíodh ón ngéarchéim seo ar fud an Aontais agus laistigh de na Ballstáit a chur san áireamh.

San aguisín a ghabhann leis an tuairim, tá liosta de na tionscadail shóisialta, spreagúla lenar tacaíodh le mná agus leanaí imirceacha maidir lena lánpháirtiú agus a n-oiliúint teanga. (ll/tk)

Ní bheidh deireadh leis an ngéarchéim mura gcuirfear borradh faoin infheistíocht phoiblí agus phríobháideach, dar le CESE

Á chur san áireamh tionchar tubaisteach sóisialta agus eacnamaíoch ghéarchéim COVID-19, ghlac CESE dhá thuairim inar leag sé amach an dearcadh atá aige i leith na géarchéime eacnamaíche reatha agus i leith pheirspictíochtaí téarnaimh an Aontais.

Read more in all languages

Á chur san áireamh tionchar tubaisteach sóisialta agus eacnamaíoch ghéarchéim COVID-19, ghlac CESE dhá thuairim inar leag sé amach an dearcadh atá aige i leith na géarchéime eacnamaíche reatha agus i leith pheirspictíochtaí téarnaimh an Aontais.

Ar thaobh amháin de, tá an comhlacht comhairleach den tuairim gur tráthúil iad na moltaí ón gCoimisiún maidir leis an bplean “Next Generation EU” agus is díol sásaimh dó iad. Mura ndéanfaí an plean a fhormheas nó a chur chun feidhme gan moill mhíchuí, tá an baol ann go mbainfí an bonn de théarnamh eacnamaíoch an Aontais.

Ar an taobh eile, thug comhaltaí CESE rabhadh nach mór do na Ballstáit borradh a chur faoin infheistíocht phoiblí agus nach mór dóibh sineirgí a chruthú le hinfheistíocht phríobháideach: Ba cheart feidhm a bheith ag clásal éalaithe an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis agus an tsolúbthacht is mó dá bhfuil ann a bheith sna rialacha maidir leis an státchabhair, ar a laghad go dtí go mbeadh téarnamh iomlán ginearálta eacnamaíoch ann agus go mbeadh titim shuntasach sa ráta dífhostaíochta.

Ar an iomlán, tá aistriú i dtreo rialachas eacnamaíoch atá bunaithe ar rathúnas agus ar dlúthpháirtíocht de dhíth ar an Aontas, mar dá mbeadh an déine ann arís, ní bheadh an tábhacht céanna ag baint leis na buntáistí a bhaineann le “Next Generation EU”.

Seo mar a labhair Philip von Brockdorff, rapóirtéir na tuairime Straitéis Bhliantúil maidir le Fás Inbhuanaithe 2020: “Tá CESE den tuairim gur féidir samhail eacnamaíoch cheannasach níos athléimní agus níos inbhuanaithe a chur ar bun a bhuí leis an Straitéis Bhliantúil maidir le Fás Inbhuanaithe agus gur féidir cuspóirí eacnamaíocha a chur ar chomhchéim le cuspóirí sóisialta ó thaobh tábhachta de”.

Chuir comhrapóirtéir na tuairime Moladh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro, Judith Vorbach, i bhfáth go molann CESE: “rialachas eacnamaíoch atá bunaithe ar rathúnas, dlús a chur leis an infheistíocht san fhás inbhuanaithe, Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a fhorfheidhmiú agus na beartais cánach a athchóiriú d’fhonn tionchar COVID-19 ar an athrú aeráide a íoslaghdú agus a sheachaint.”

Is é atá sa dá thuairim sin, a glacadh i seisiún iomlánach mhí Dheireadh Fómhair 2020, ionchur CESE i bPacáiste Fómhair an chéad Sheimeastair Eorpaigh eile agus sa phlé idirinstitiúideach ina dhiaidh sin. Is féidir an scéal sin a léamh ina hiomláine anseo.

Tugadh le fios ag fóram CESE-Cedefop go bhfuil gá dul i ngleic go práinneach comhordaithe le leibhéil ísle scileanna san Eoraip

An 5 agus an 6 Samhain, thionóil Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) agus an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) an tríú Fóram um Fhoghlaim Beartais maidir le conairí uas-scilithe. Tugadh le chéile comhpháirtithe sóisialta agus ionadaithe ó na rialtais agus ón tsochaí shibhialta a bhfuil baint acu leis an réimse seo agus thug siad foláireamh go bhféadfadh an phaindéim reatha dlús a chur le hathruithe i saol na hoibre atá tagtha chun cinn de bharr na réabhlóide digití, rud a fhágann go bhfuil an t-uas-sciliú agus an t-athsciliú níos ábhartha ná riamh.

Read more in all languages

An 5 agus an 6 Samhain, thionóil Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) agus an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) an tríú Fóram um Fhoghlaim Beartais maidir le conairí uas-scilithe. Tugadh le chéile comhpháirtithe sóisialta agus ionadaithe ó na rialtais agus ón tsochaí shibhialta a bhfuil baint acu leis an réimse seo agus thug siad foláireamh go bhféadfadh an phaindéim reatha dlús a chur le hathruithe i saol na hoibre atá tagtha chun cinn de bharr na réabhlóide digití, rud a fhágann go bhfuil an t-uas-sciliú agus an t-athsciliú níos ábhartha ná riamh.

Dá bhrí sin, leag rannpháirtithe san fhóram béim ar a phráinní atá sé conairí uas-scilithe a chur chun feidhme, rud atá ina chuid lárnach den togra reachtach a glacadh mar Mholadh ón gComhairle in 2016. Is bunchloch é sin den Chlár Oibre Eorpach do Scileanna, a bhfuil sé d’aidhm aige na scileanna is gá chun bheith rannpháirteach sa mhargadh saothair a thabhairt do mhuintir na hEorpa ar fad chun gur féidir le daoine barr a gcumais a bhaint amach agus a bheith rathúil mar dhaoine aonair agus mar bhaill den tsochaí araon.

De réir an taighde atá déanta ag Cedefop, beidh ar 128 milliún duine fásta san Eoraip uas-sciliú a dhéanamh nó scileanna nua a fhoghlaim chun post a fháil nó post a choinneáil a oireann dá n-inniúlachtaí agus dá leibhéil scileanna. Baineann an figiúr iomlán sin le AE-27, leis an Íoslainn, an Iorua agus an Ríocht Aontaithe agus is ionann é agus 46.1 % den daonra, ar céatadán ollmhór é sin.

“Ní mór dúinn béim a leagan air go bhfuil an méid atá á thairiscint againn ina chuid de phacáiste le go bhféadfaidh fostaithe agus fostóirí teacht slán, de bhrí nach leanfar den ghnó mar is gnách. A bhuí le scileanna láidre, cothaítear iomaíochas ar leibhéal an Aontais, maille le sástacht phearsanta agus ghairmiúil daoine aonair,” a dúirt an Cathaoirleach ar an Rannóg um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht in CESE, Laurenţiu Plosceanu.

 

“Ní mór dúinn a áirithiú go mbeidh deiseanna ag daoine fásta ar feadh a saoil cur leis na scileanna atá acu cheana agus scileanna nua a fhoghlaim ionas gur féidir leo a mbealach a dhéanamh trí thréimhsí éiginnte agus a bheith rathúil ina saol agus ina ngairm,” a dúirt Jürgen Siebel, stiúrthóir feidhmiúcháin Cedefop, agus dúirt sé freisin gur cheart do chórais uas-scilithe agus athscilithe riachtanais gnólachtaí a chur san áireamh, ar cuid thábhachtach iad den réiteach chun spriocanna uaillmhianacha a bhaint amach.

Le linn an tríú heagrán den fhóram, caitheadh súil níos géire ar an taithí a fuarthas agus conairí uas-scilithe á gcur chun feidhme san Fhionlainn, in Éirinn agus san Ísiltír, tíortha a bhfuil spriocanna uaillmhianacha leagtha síos ag a rialtais agus a bhfuil straitéisí cuimsitheacha ag gabháil leo. Anuas air sin, tá athchóirithe ar an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil agus ar an bhfoghlaim aosach tugtha isteach acu agus tá ag éirí go maith leo cheana féin.

Scrúdaíodh freisin clár rialtas na Portaingéile ar éirigh leis cur leis an oiliúint a chuirtear ar fáil do dhaoine fásta i dtír nach raibh oideachas meánscoile curtha i gcrích ach ag leath den daonra in 2016. (ll)

Tá idirphlé sóisialta feabhsaithe san Aontas á iarraidh ag CESE

Tá a lántacaíocht tugtha ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) don idirphlé sóisialta éifeachtach a chothú sna Ballstáit óir tá ról lárnach aige maidir le beartais eacnamaíocha, saothair agus shóisialta a mhúnlú lena gcruthaítear dálaí maireachtála agus oibre níos fearr ar fud an Aontais. Tá ról lárnach aige, dá bhrí sin, maidir le hinbhuanaitheacht eacnamaíoch a chur chun cinn agus a bhaint amach.

Read more in all languages

Tá a lántacaíocht tugtha ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) don idirphlé sóisialta éifeachtach a chothú sna Ballstáit óir tá ról lárnach aige maidir le beartais eacnamaíocha, saothair agus shóisialta a mhúnlú lena gcruthaítear dálaí maireachtála agus oibre níos fearr ar fud an Aontais. Tá ról lárnach aige, dá bhrí sin, maidir le hinbhuanaitheacht eacnamaíoch a chur chun cinn agus a bhaint amach.

Sa tuairim dar teideal An t-Idirphlé Sóisialta mar Cholún Tábhachtach den Inbhuanaitheacht Shóisialta agus d’Athléimneacht na nGeilleagar, agus Aird á tabhairt ar Thionchar na Díospóireachta Poiblí Bríomhaire sna Ballstáit, tugann CESE forbhreathnú ar chleachtais náisiúnta i dtaca leis an idirphlé sóisialta trí iad a scrúdú i gcomhthéacs géarchéimeanna a bhí ann roimhe seo. Pléadh freisin coincheap an idirphlé shóisialta, go háirithe an t-idirphlé trípháirteach, a mbíonn údaráis phoiblí rannpháirteach ann, agus an chaoi a bhféadfadh níos mó a bheith i gceist leis ná an chómhargáil agus gur ionstraim lárnach é chun aon phróiseas athraithe a rialú go fónta.

Dhréachtaigh Vladimíra Drbalová, iarchomhalta de CESE, agus Cinzia Del Rio, comhalta CESE, an tuairim arna iarraidh sin d’Uachtaránacht na Gearmáine ar an Aontas Eorpach.

Is fearr agus is gasta a fhreagraíonn tíortha a bhfuil sásraí seanbhunaithe um an idirphlé sóisialta acu ar ghéarchéimeanna, lena n-áirítear géarchéimeanna domhanda ar nós phaindéim COVID-19. Mar sin féin, tugadh le fios sa tuairim go bhfuil an t-idirphlé sóisialta fós ilroinnte i roinnt mhaith tíortha agus nach dtarlaíonn sé ach corruair, nó go bhfuil sé lagaithe agus go bhfuil an bonn bainte de neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta.

Liostaítear sa tuairim roinnt moltaí ar mhaithe le bainistiú fónta i ndiaidh na paindéime sna mblianta beaga amach romhainn, lena n-áirítear rannpháirtíocht ghníomhach na gcomhpháirtithe sóisialta maidir le pleananna téarnaimh náisiúnta a cheapadh agus a chur chun feidhme agus maidir le rialachas corparáideach fónta a spreagadh atá bunaithe ar an idirphlé sóisialta agus ar an gcómhargáil.

Mar sin féin, má tá sé chun bheith éifeachtach ní mór do chomhpháirtithe sóisialta ionadaíocha agus dlisteanacha a bheith rannpháirteach san idirphlé sóisialta agus ba cheart do rialtais a bheith tiomanta páirt a ghlacadh ann chomh maith. Ar an mbealach céanna, is dén tábhacht é neamhspleáchas, saoirse comhlachais agus ceart chun cómhargála na gcomhpháirtithe sóisialta a urramú.

Tá an t-idirphlé sóisialta Eorpach leagtha síos i gConarthaí an Aontais agus ní mór do na comhpháirtithe sóisialta Eorpacha an leas is fearr is féidir a bhaint as an méid a chuirtear ar fáil dóibh a bhuí leis sin.

Ní mór dóibh a bheith rannpháirteach sa Seimeastar Eorpach de rialachas eacnamaíoch agus, go háirithe, ó thaobh athchóirithe agus beartais fostaíochta, sóisialta agus, i gcás inarb ábhartha, eacnamaíocha a cheapadh agus a chur chun feidhme.

“Is éard atá uainn sásra comhairliúcháin ceangailteach do chomhpháirtithe sóisialta sa Seimeastar Eorpach. Ar an aimsir seo, agus aird á tabhairt ar thionchar eacnamaíoch agus sóisialta na paindéime, tá sé níos tábhachtaí anois ná riamh comhpháirtithe sóisialta a bheith rannpháirteach i gceapadh pleananna téarnaimh agus athléimneachta, lena n-áirítear uirlisí do thuairisciú rialtais,” a dúirt Cinzia Del Rio. (ll)

Tá an ceartas sóisialta d’imircigh agus do mhionlaigh eitneacha thar a bheith tábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar an gciníochas struchtúrach

D’iarr Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) ar an Aontas Eorpach agus ar na Ballstáit cur chuige iomlánaíoch a ghlacadh maidir le héagsúlacht agus cuimsitheacht a chur chun cinn sa tsochaí agus dlús a chur leis na hiarrachtaí dlíthiúla agus polaitiúla atá á ndéanamh chun dul i ngleic leis an gciníochas agus leis an tseineafóibe atá ag dul i méid san Eoraip.

I ngeall ar mhéid méadaitheach na n-ionsaithe agus na fuathchainte atá dírithe ar imircigh agus ar mhionlaigh eitneacha agus ós rud é gur measa an leithcheal struchtúrach a mbíonn orthu aghaidh a thabhairt air de dheasca na paindéime, ní mór don Aontas tuilleadh a dhéanamh sa réimse seo, lena n-áirítear trí bhainistiú na héagsúlachta a chur chun cinn.

Read more in all languages

D’iarr Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) ar an Aontas Eorpach agus ar na Ballstáit cur chuige iomlánaíoch a ghlacadh maidir le héagsúlacht agus cuimsitheacht a chur chun cinn sa tsochaí agus dlús a chur leis na hiarrachtaí dlíthiúla agus polaitiúla atá á ndéanamh chun dul i ngleic leis an gciníochas agus leis an tseineafóibe atá ag dul i méid san Eoraip.

I ngeall ar mhéid méadaitheach na n-ionsaithe agus na fuathchainte atá dírithe ar imircigh agus ar mhionlaigh eitneacha agus ós rud é gur measa an leithcheal struchtúrach a mbíonn orthu aghaidh a thabhairt air de dheasca na paindéime, ní mór don Aontas tuilleadh a dhéanamh sa réimse seo, lena n-áirítear trí bhainistiú na héagsúlachta a chur chun cinn.

Tá a mholtaí leagtha amach ag CESE ar an ábhar sin sa tuairim uaidh maidir le Bainistiú na héagsúlachta i mBallstáit an Aontais, a d’iarr Uachtaránacht na Gearmáine ar an Aontas Eorpach air a chur le chéile. Agus an tuairim sin á hullmhú aige, rinne CESE cás-staidéir i gceithre thír – an Fhionlainn, an Fhrainc, an Iodáil agus an Pholainn – ar tíortha iad ó cheithre chuid éagsúla den Eoraip. Cuireadh na torthaí i láthair sa tuairim agus san iarscríbhinn a ghabhann leis.

Léirítear sna cás-staidéir gur fhostaíocht fhorbhásach ar phá íseal i ngach ceann de na ceithre thír ba mhó a bhí ar siúl ag oibrithe imirceacha agus gurb í an Iodáil an tír ba mheasa ón taobh sin de, agus an Fhrainc ina diaidh, agus go bhfuil cúrsaí sa Pholainn ag dul sa treo céanna. Mná de chine daite is mó a bhíonn thíos leis an leithcheal i réimse na fostaíochta i ngach ceann de na ceithre thír i gcomparáid le hEorpaigh gheala agus le fir de na grúpaí eitneacha céanna. Is iad na Romaigh an grúpa mionlaigh is imeallaithe sna ceithre thír go léir, mar a bhí roimhe seo.

Dhréachtaigh Adam Rogalewski, iarchomhalta de chuid CESE ón bPolainn, an tuairim agus chuir Carlos Trindade, rapóirtéir ginearálta na tuairime, í i láthair ag an seisiún iomlánach i mí Dheireadh Fómhair.

“Is measa atá an ciníochas struchtúrach san Eoraip de dheasca COVID-19. Ní hamháin gurb iad na mionlaigh eitneacha agus na himircigh is mó atá i mbaol an galar a tholgadh ach, anuas air sin, is iadsan is mó atá i mbaol na neamhionannas atá ann i ngeall ar na drochiarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta a leanfaidh an galar agus is lú an dóchúlacht go bhfaighidh siad tacaíocht chun cuidiú leo,” a dúirt Carlos Trindade.

Chuir Carlos Trindade i bhfáth go bhfuil gá le ceartas sóisialta do mhionlaigh eitneacha agus d’imircigh má táthar chun comhrac a chur ar an gciníochas struchtúrach ar fud na n-institiúidí uile agus dúirt sé freisin gur iarr CESE ar an Aontas agus ar na Ballstáit cur lena gcuid iarrachtaí dlíthiúla agus polaitiúla chun dul i ngleic leis an gciníochas agus leis an tseineafóibe.

Sa tuairim uaidh, áitíonn CESE, i dtaca le bainistiú fónta na héagsúlachta de, nach mór díriú ar gach gné d’obair agus de shaol laethúil na n-imirceach agus na mionlach eitneach. Áirítear leis sin an chaoi a gcaitear leo san ionad oibre, an t-oideachas atá orthu agus an rochtain atá acu ar sheirbhísí poiblí, a gcearta sóisialta agus a lánpháirtiú i bpobail áitiúla. (ll)

Na dúshláin atá roimh thionscal cruach an Aontais faoi chaibidil in CESE

Tháinig an Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha (CCMI) le chéile go cianda an 9 Samhain chun díospóireacht a dhéanamh ar thionscal cruach an Aontais Eorpaigh. Ba faoi chathaoirleacht Pietro Francesco De Lotto, cathaoirleach nua CCMI, a bhí an díospóireacht. Lena linn, tarraingíodh aird ar leith ar shaincheisteanna a bhaineann leis an ró-acmhainneacht agus an dícharbónú sa tionscal cruach idirnáisiúnta. Thug na cainteoirí aghaidh ar na dúshláin atá roimh thionscal cruach na hEorpa: an plean téarnaimh tar éis COVID-19, dícharbónú na bpróiseas táirgthe, bearta cosanta agus trádáil an Aontais.

Read more in all languages

Tháinig an Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha (CCMI) le chéile go cianda an 9 Samhain chun díospóireacht a dhéanamh ar thionscal cruach an Aontais Eorpaigh. Ba faoi chathaoirleacht Pietro Francesco De Lotto, cathaoirleach nua CCMI, a bhí an díospóireacht. Lena linn, tarraingíodh aird ar leith ar shaincheisteanna a bhaineann leis an ró-acmhainneacht agus an dícharbónú sa tionscal cruach idirnáisiúnta. Thug na cainteoirí aghaidh ar na dúshláin atá roimh thionscal cruach na hEorpa: an plean téarnaimh tar éis COVID-19, dícharbónú na bpróiseas táirgthe, bearta cosanta agus trádáil an Aontais.

Is earra bunriachtanach í an chruach i ngach tír fhorbartha, agus i ngach tír atá i mbéal forbartha freisin. Ó thit paindéim COVID-19 amach, tá ceisteanna tagtha chun cinn maidir le bheith spleách ar shlabhraí soláthair domhanda, go háirithe toisc roinnt mhaith tíortha a bheith ag brath ar thír amháin, agus ar an tír sin amháin, dá soláthairtí cruach.

Tá an ró-acmhainn táirgeachta i dtionscal cruach na Síne ina hábhar imní toisc go bhfuil an tSín i gceannas anois ar bhreis agus leath den mhargadh domhanda. In 2018, rinne na Stáit Aontaithe cánacha cosantaíocha a achtú chun spleáchas an gheilleagair Mheiriceánaigh ar ábhair a tháirgtear sa tSín a laghdú. Chuaigh an beart nua seo go mór chun dochair don Aontas, ós rud é go bhfuil tábhacht leis na Stáit Aontaithe mar cheannaitheoir den chruach a tháirgtear san Aontas.

Ag an am céanna, tá iarrachtaí á ndéanamh ag náisiúin ar fud an domhain chun gás ceaptha teasa dá gcuid a laghdú. Chomh maith leis sin, tá líon na dtionscnamh a chuirtear chun cinn maidir le haistriú go dtí geilleagar ciorclach ag dul i méid.

Agus clabhsúr á chur aige ar an díospóireacht, seo mar a labhair De Lotto: “Ní mór dúinn iomaíochas na n-earnálacha cruach sin a chinntiú ar earnálacha iad a chaomhnaíonn na caighdeáin chomhshaoil atá riachtanach chun an t-aistriú go dtí geilleagar ciorclach a chur i gcrích. Tá iomaíocht roimh na hearnálacha sin ó réigiúin eile an domhain nach bhfuil caighdeáin chomhshaoil shásúla curtha chun feidhme acu nó nach bhfuil caighdeáin dá leithéid acu ar chor ar bith. Ní mór dúinn an rud céanna a dhéanamh i gcás na gcaighdeán a bhaineann le dálaí oibre agus cearta saothair.”

Dá bhrí sin, iarrann CESE go ndéanfaí cothrom iomaíochta a chur ar bun do tháirgeoirí onnmhairiúcháin Eorpacha agus tríú tíortha. (tk/ks)

An t-aoi gan choinne

Tá roinn nua tugtha isteach againn.

Gach mí, tugaimid deis daoibh aithne a chur ar aoi gan choinne. Duine cáiliúil i dtimpeallacht chultúrtha na hEorpa a bheidh ann, atá ar an eolas faoi chúrsaí reatha, a roinnfidh an fhís atá aige nó aici den domhan, duine ag a bhfuil smaointe nua agus a thabharfaidh léargas nua dúinn ar an saol, a spreagfaidh ár samhlaíocht agus a thabharfaidh sásamh dúinn.

Sa chéad eagrán seo, is é Pierre Kroll an t-aoi gan choinne, cartúnaí Beilgeach agus ealaíontóir sannta an nuachtáin laethúil, Le Soir.

A bhuí lena chuid líníochtaí, tá clú air as an acmhainn grinn atá aige agus as a stíl shainiúil a fhágann gur féidir leis trácht a dhéanamh ar ghnóthaí Eorpacha agus domhanda ar bhealach úrnua, iontach.

D’iarramar air a bhreithniú a thabhairt ar cheist is mó na linne, agus seo an líníocht a rinne Pierre Kroll go caoin dúinn. (ehp)

Read more in all languages

Tá roinn nua tugtha isteach againn.

Gach mí, tugaimis deis daoibh aithne a chur ar aoi gan choinne. Duine cáiliúil i dtimpeallacht chultúrtha na hEorpa a bheidh ann, atá ar an eolas faoi chúrsaí reatha, a roinnfidh an fhís atá aige nó aici den domhan, duine ag a bhfuil smaointe nua agus a thabharfaidh léargas nua dúinn ar an saol, a spreagfaidh ár samhlaíocht agus a thabharfaidh sásamh dúinn.

Sa chéad eagrán seo, is é Pierre Kroll an t-aoi gan choinne, cartúnaí Beilgeach agus ealaíontóir sannta an nuachtáin laethúil, Le Soir.

A bhuí lena chuid líníochtaí, tá clú air as an acmhainn grinn atá aige agus as a stíl shainiúil a fhágann gur féidir leis trácht a dhéanamh ar ghnóthaí Eorpacha agus domhanda ar bhealach úrnua, iontach.

D’iarramar ar Pierre Kroll a bhreithniú a thabhairt ar cheist is mó na linne, agus seo an líníocht a rinne sé go caoin dúinn. (ehp)

Pierre Kroll

 

 

Read more in all languages

News from the Groups

Réamhaisnéis: seans gur measa na hiarmhairtí a bheidh ann don gheilleagar ná mar a tuaradh sa réamhaisnéis ón gCoimisiún Eorpach

Le Grúpa na bhFostóirí in CESE

Mar fhreagairt ar Réamhaisnéis Eacnamaíoch Fhómhar 2020 a rinne an Coimisiún Eorpach agus a foilsíodh le déanaí, tá ráiteas eisithe ag Grúpa na bhFostóirí ar thionscnamh Stefano Mallia, uachtarán an Ghrúpa. D’aontaigh an Grúpa leis an réamhaisnéis eacnamaíoch sin, inar cuireadh in iúl go láidir go bhfuil bac curtha ar théarnamh eacnamaíoch na hEorpa mar gheall ar an dara ráig den phaindéim.

Read more in all languages

Le Grúpa na bhFostóirí in CESE

Mar fhreagairt ar Réamhaisnéis Eacnamaíoch Fhómhar 2020 a rinne an Coimisiún Eorpach agus a foilsíodh le déanaí, tá ráiteas eisithe ag Grúpa na bhFostóirí ar thionscnamh Stefano Mallia, uachtarán an Ghrúpa. D’aontaigh an Grúpa leis an réamhaisnéis eacnamaíoch sin, inar cuireadh in iúl go láidir go bhfuil bac curtha ar théarnamh eacnamaíoch na hEorpa mar gheall ar an dara ráig den phaindéim. Ach, i bhfianaise an ardleibhéal neamhchinnteachta atá ann faoi láthair, leagadh béim sa ráiteas ar an bhféidearthacht nach bhfuil Réamhaisnéis Eacnamaíoch an Fhómhair chomh cruinn agus a ceapadh agus ar an bhféidearthacht gur measa as a bheidh an geilleagar ná mar a tuaradh sa réamhaisnéis a rinne an Coimisiún Eorpach.

D’fhonn borradh a chur faoin ngeilleagar athuair, d’iarr Grúpa na bhFostóirí go ndéanfaí na beartais seo a leanas, i measc rudaí eile, a chur chun feidhme:

  • An nuálaíocht a chothú agus gnólachtaí nuathionscanta a chumhachtú, ní hamháin ar mhaithe le poist atá ann cheana féin a chosaint ach ar mhaithe le poist nua a chruthú. Leis an mbeartas sin, d'fhéadfaí an bhearna a dhúnadh atá ann idir na daoine a bhfuil post acu cheana féin agus iad sin nach bhfuil.
  • Aird ar leith a thabhairt ar uirlisí sócmhainneachta, i gcás inar gá, chun tacú le gnólachtaí inmharthana atá ag streachailt mar gheall ar bhacainní leachtacha agus chun cabhrú le gnólachtaí nár éirigh leo teacht slán as an ngéarchéim d'fhonn a gcuid gnólachtaí a scor ar an mbealach is rianúla is féidir. Aontaímid gurb é an fhreagairt beartais is fearr cur leis na gealltanais a dhéantar san Ionstraim Théarnaimh "NextGenerationEU".
  • Iarracht fhioscach shioncrónaithe a dhéanamh chun deiseanna an uile dhuine a fheabhsú. Ba cheart an ról is mó tábhacht ó thaobh téarnaimh de a bheith ag an mbeartas fioscach agus ní mór a chinntiú nach gcuirfí an fhóntacht fhioscach i mbaol gan chúis mar gheall ar an leibhéal caiteachais.
  • Tá sé ríthábhachtach go mbeidh an dá thaobh atá páirteach sa chaibidlíocht idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe meáite fós ar theacht ar chomhaontú tráthúil a bhfuil forálacha ann lena gcinnteofar cothrom iomaíochta agus rochtain mhaith ar an margadh. Leis an gcomhaontú sin, chruthófaí freisin timpeallacht fhónta iomaíoch do ghnólachtaí.

Is féidir an ráiteas iomlán a léamh ag an nasc seo a leanas: https://www.eesc.europa.eu/ga/news-media/news/statement-eesc-employers-group-european-commissions-autumn-2020-economic-forecast-economy-might-be-harder-hit-predicted

Dúshláin roimh na hEorpa agus tosaíochtaí Ghrúpa na nOibrithe

Le Grúpa na nOibrithe in CESE

Ní mór caomhnú chearta na n-oibrithe a bheith ina phríomhthosaíocht in aon phlean téarnaimh agus atógála i ndiaidh phaindéim COVID-19, le dlúthpháirtíocht mar threoirphrionsabal. Le tosaíochtaí agus gníomhaíochtaí nithiúla a dhéanamh as an méid sin, d’eagraigh Grúpa na nOibrithe cruinniú urghnách an 24 Samhain.

Read more in all languages

Le Grúpa na nOibrithe in CESE

Ní mór caomhnú chearta na n-oibrithe a bheith ina phríomhthosaíocht in aon phlean téarnaimh agus atógála i ndiaidh phaindéim COVID-19, le dlúthpháirtíocht mar threoirphrionsabal. Le tosaíochtaí agus gníomhartha nithiúla a thiomsú maidir le cearta oibrithe bunúsacha, d’eagraigh Grúpa na nOibrithe cruinniú urghnách an 24 Samhain.

Ar an gclár oibre, tá na dúshláin ollmhóra atá roimh an Eoraip, agus na réitigh chun iad a shárú lena gcuirfí cruthú agus coimirciú fostaíochta ar ardchaighdeáin, cosaint oibrithe agus téarnamh sóisialta ar bhonn cothrom le hábhair imní eacnamaíocha, d'fhonn na tosaíochtaí sóisialta, comhshaoil agus eacnamaíocha a bhaint amach.

I measc na saincheisteanna a pléadh - ceisteanna a chabhróidh linn tosaíochtaí an Ghrúpa don chúig bliana atá amach romhainn agus i ndiadh sin a mhúnlú agus a thabhairt cothrom le dáta - bhí saincheisteanna a bhaineann go dlúth leis an Aontas Eorpach agus a chuid saoránach amhail an bhochtaineacht agus an neamhionannas atá méadaithe, dalaí oibre agus caidreamh tionsclaíoch, an t-idirphlé sóisialta, an inbhuanaitheacht, aistriú cothrom i measc nithe eile.

Fuair roinnt pearsana tábhachtacha cuireadh chun na dúshláin shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil do thodhchaí na hEorpa a phlé. Tar éis díospóireacht ar na dúshláin shóisialta le Oliver Röpke, Uachtarán Ghrúpa na nOibrithe, agus Cinzia del Rio, Leas-Uachtarán ar an Rannóg um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht in CESE, chuir Ana Mendes Godinholt, Aire Saothair, Dlúthpháirtíochta agus Slándála Sóisialta na Portaingéile, tosaíochtaí uachtaránacht na Portaingéile i láthair.

Bhí seisiún an tráthnóna faoi stiúir an iriseora, Jorge Valero, ón gcomhlacht nuachta Euractiv. Bhí an painéal faoi na dúshláin eacnamaíocha san Eoraip á stiúradh ag Stefano Palmieri, Uachtarán rannóg CESE um Ghnóthaí Eacnamaíocha. Bhí an díospóireacht saibhrithe le hidirghabháil na bpríomhchainteoirí Jonás Fernández, Comhordaitheoir S&D, an Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta, agus An tOllamh Crouch, Ollamh Emeritus in Ollscoil Warwick.

Chuir Peter Schmidt, Uachtarán rannóg CESE um Thalmhaíocht, tús leis an díospóireacht deiridh faoi na dúshláin chomhshaoil agus an Comhaontú Glas don Eoraip, le hidirghabháil ón gCoimisinéir Frans Timmermans atá i gceannas ar an gComhaontú Glas agus Lucie Studničná, Leas-Uachtarán Ghrúpa na nOibrithe.

 

 

Ceapadh an tÉireannach Séamus Boland ina Uachtarán nua ar an ngrúpa "Éagsúlacht Eoraip"

Leis an nGrúpa “Éagsúlacht Eoraip” in CESE

Agus tús curtha le téarma nua oifige CESE (2020-2025), ghlac Séamus Boland le hUachtaránacht an Ghrúpa “Éagsúlacht Eoraip”. Dheimhnigh an Grúpa a ról nua le linn a chéad chruinnithe den téarma nua a tionóladh an 27 Deireadh Fómhair.

 

Read more in all languages

Leis an nGrúpa “Éagsúlacht Eoraip” in CESE

Agus tús le téarma nua oifige CESE (2020-2025), ghlac Séamus Boland le hUachtaránacht an Ghrúpa “Éagsúlacht Eoraip”. Dheimhnigh an Grúpa a ról nua le linn a chéad chruinnithe den téarma nua a tionóladh an 27 Deireadh Fómhair.

An bhochtaineacht agus an ról atá ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta chun í a leigheas; is orthu sin a bheidh Séamus Boland ag díriú le linn a chéad téarma oifige mar uachtarán ar an nGrúpa "Éagsúlacht Eoraip". Ag teacht leis an ábhar, áirítear ar thosaíochtaí an Ghrúpa do théarma uachtaránachta 2020-2023 :

  • Aghaidh a thabhairt ar thionchair COVID-19 ar an tsochaí;
  • An Comhaontú Glas a chur chun feidhme le gach geallsealbhóir, bunaithe ar an Straitéis um Fhorbairt Inbhuanaithe “Deireadh a chur le gach cineál bochtaineachta gach áit”;
  • Eagraíochtaí sochaí sibhialta, mar aon leis na hardáin Eorpacha, a choinneáil ar an eolas maidir le hobair an ghrúpa;
  • Comhaltaí uile an Ghrúpa a rannpháirtiú san obair, chomh maith le cothromaíocht inscne láidir a bheith ann fosta;
  • Obair an Ghrúpa a chur chun cinn i measc institiúidí eile agus i measc an phobail i gcoitinne ar bhealach níos éifeachtúla.

Chuir Séamus Boland a iarrthóireacht uachtaránachta ar aghaidh toisc gur mhian leis cás na sochaí sibhialta a chur chun cinn agus a guth a neartú. Mhol an tÉireannach aghaidh a thabhairt ar riachtanais ghinearálta na sochaí sibhialta agus a chinntiú go ndéantar obair ar ardchaighdeán agus go bhfuil nósanna imeachta láidre ag CESE chuige sin.

Beidh an t-uachtarán nua mar chathaoirleach ar an nGrúpa “Éagsúlacht Eoraip” in éineacht le seacht Leas-Uachtarán :

Pietro Vittorio Barbieri (IT), Jan Dirx (NL), Kinga Joó (HU), Rudolf Kolbe (AT), Ariane Rodert (SE), Simo Tiainen (FI) and Ioannis Vardakastanis (EL).

Ar an gcéad lá de sheisiún iomlánach tionscnaimh CESE i mí Dheireadh Fómhair, ceapadh comhaltaí an Ghrúpa “Éagsúlacht Eoraip” i bpoist ceannaireachta éagsúla. Ceapadh Cillian Lohan mar Leas-Uachtarán um an gCumarsáid, i measc nithe eile.

Tá faisnéis mhionsonraithe ar fáil ar leathanach gréasáin an ghrúpa.

Soon in the EESC/Cultural events

Tá an taispeántas grianghrafadóireachta Refuge le feiceáil in CESE i gcaitheamh mhí na Nollag!

Tá saothar grianghrafadóireachta leis an ngrianghrafadóir Francach, Bruno Fert, dar teideal “Refuge: Private worlds in exile/Dans l’intimité de l’exil” á chur ar taispeáint ag CESE.

Is é atá sa taispeántas sraith painéal ar a bhfuil portráidí agus teistiméireachtaí, mar aon le híomhánna den taobh istigh de champaí dídeanaithe agus scáthláin gharbha sa Ghréig agus sa Fhrainc, agus tá “le jungle de Calais” mar a thugtar air ina measc.

Tá an taispeántas á eagrú ag Stiúrthóireacht na Cumarsáide agus an Chaidrimh Idirinstitiúidigh i gcomhar leis an Rannóg um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht (SOC) chun aird a tharraingt ar an obair atá déanta ag CESE ó thaobh beartais inimirce de agus maidir leis an gComhaontú Eorpach um Inimirce agus um Thearmann chomh maith.

De dheasca na paindéime, is go fíorúil atá an taispeántas á chur i láthair ó thús go deireadh. Ná lig tharat an deis!

Lean an nasc seo chun teacht ar an taispeántas:

https://www.eesc.europa.eu/en/agenda/our-events/events/refuge-private-worlds-exile (ck)

Read more in all languages

Tá saothar grianghrafadóireachta leis an ngrianghrafadóir Francach, Bruno Fert, dar teideal “Refuge: Private worlds in exile/Dans l’intimité de l’exil” á chur ar taispeáint ag CESE.

Is é atá sa taispeántas sraith painéal ar a bhfuil portráidí agus teistiméireachtaí, mar aon le híomhánna den taobh istigh de champaí dídeanaithe agus scáthláin gharbha sa Ghréig agus sa Fhrainc, agus tá “le jungle de Calais” mar a thugtar air ina measc.

Tá an taispeántas á eagrú ag Stiúrthóireacht na Cumarsáide agus an Chaidrimh Idirinstitiúidigh i gcomhar leis an Rannóg um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht (SOC) chun aird a tharraingt ar an obair atá déanta ag CESE ó thaobh beartais inimirce de agus maidir leis an gComhaontú Eorpach um Inimirce agus um Thearmann chomh maith.

De dheasca na paindéime, is go fíorúil atá an taispeántas á chur i láthair ó thús go deireadh. Ná lig tharat an deis!

Lean an nasc seo chun teacht ar an taispeántas:

https://www.eesc.europa.eu/en/agenda/our-events/events/refuge-private-worlds-exile (ck)

Editors

Ewa Haczyk-Plumley (editor-in-chief)
Daniela Marangoni (dm)
 

Contributors to this issue

Daniela Marangoni (dm)
David Gippini Fournier (dgf)
Jasmin Kloetzing  (jk)
Katharina Radler (kr)
Katerina Serifi (ks)
Laura Lui (ll)
Marco Pezzani (mp)
Margarida Reis (mr)
Margarita Gavanas (mg)

Coordination

Agata Berdys (ab)
Katerina Serifi (ks)

Address

European Economic and Social Committee
Jacques Delors Building,
99 Rue Belliard,
B-1040 Brussels, Belgium
Tel. (+32 2) 546.94.76
Email: eescinfo@eesc.europa.eu

EESC info is published nine times a year during EESC plenary sessions. EESC info is available in 23 languages
EESC info is not an official record of the EESC’s proceedings; for this, please refer to the Official Journal of the European Union or to the Committee’s other publications.
Reproduction permitted if EESC info is mentioned as the source and a link  is sent to the editor.
 

December 2020
12/2020

Follow us

  • Facebook
  • Twitter
  • LinkedIn
  • Instagram