traffic sign: urban - to the right, rural - dead end

Ní mór a chinntiú nach dtiocfaidh méadú breise ar na bearnaí idir limistéir thuaithe agus uirbeacha agus beartais a chomhordú ar dhóigh níos fearr chun na bearnaí sin a dhúnadh. Ní leor CBT nua ann féin chun na réimsí idirghaolmhara sin a athchothromú. Má tá an Eoraip chun dul i ngleic le héagothromaíochtaí i ndáiríre, ní mór sraith níos leithne de bheartais agus d’ionstraimí maoiniúcháin a shlógadh.

I dtuarascáil faisnéise a glacadh ag an seisiún iomlánach a bhí aige i mí Aibreáin, chuir CESE meastóireacht chomhlántach ar fáil, ar iarratas ón gCoimisiún, maidir leis an méid a chuidíonn na hionstraimí agus na beartais faoi Chomhbheartas Talmhaíochta (CBT) 2014-2020 le forbairt chothrom chríochach i limistéir thuaithe.

Bunaithe ar chomhairliúcháin a tionóladh i gcúig thír roghnaithe de chuid an Aontais (an Fhrainc, an Ungáir, Éire, an Iodáil agus an Spáinn), rinne CESE anailís ar an gcaoi ar féidir le CBT laghdú a dhéanamh ar mhíchothromaíochtaí i limistéir thuaithe.

Easpa comhleanúnachais idir beartais an Aontais

Cé gurb é CBT an príomhbheartas le haghaidh cistiú a chur ar fáil agus fostaíocht a chothabháil in earnáil na talmhaíochta, tá ról ríthábhachtach ag na cláir chistiúcháin eile atá ann cheana agus is comhlánú iad ar CBT. Mar sin féin, measadh nach raibh an comhleanúnachas le beartais eile AE/náisiúnta/áitiúla chomh maith agus ab fhéidir maidir le beartas sóisialta, beartas bia, beartas comhshaoil, an taighde, nuálaíocht agus trádáil. Ní mór don inbhuanaitheacht chomhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta a bheith fite fuaite le chéile.

Moltaí don Chomhbheartas Talmhaíochta a bheidh ann amach anseo

Fuarthas go bhféadfadh LEADER agus forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail (CLLD) a bheith ar na cinn is éifeachtaí de bhearta CBT ar fad. Ní mór, áfach, i bhfad níos mó acmhainní a chur ar fáil do CBT agus barrfheabhas a chur air. “Is den ríthábhacht páirt a thabhairt d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta d’fhonn feidhmiú ceart na gclár a chinntiú agus deimhin a dhéanamh de go dtabharfar aird chuí ar riachtanais áitiúla,” a dúirt Piroska Kállay, rapóirtéir CESE.

Measadh gur beart éifeachtach de chuid CBT 2014-2020 atá san fheirmeoireacht shóisialta agus gur cheart tacaíocht bhreise a thabhairt di.

Ní raibh tionchar bhearta CBT ar an bhfostaíocht i limistéir thuaithe chomh dearfach agus ba ghá i bhformhór na dtíortha. Sna tíortha ar tugadh cuairt orthu, leag roinnt geallsealbhóirí béim ar a thábhachtaí atá an choinníollacht shóisialta. “Ní mór, dá bhrí sin, cearta saothair agus dálaí cuibhiúla oibre a ráthú le coinníollacht shóisialta i gcistiú CBT,” a dúirt Piroska Kállay mar fhocal scoir.

Ba cheart Faireachlann um Fhorbairt Tuaithe a chur ar bun freisin. (mr)