Skip to main content
Newsletter Info

EESC info

European Economic and Social Committee A bridge between Europe and organised civil society

JUNE 2021 | GA

GENERATE NEWSLETTER PDF

Available Languages:

  • BG
  • CS
  • DA
  • DE
  • EL
  • EN
  • ES
  • ET
  • FI
  • FR
  • GA
  • HR
  • HU
  • IT
  • LT
  • LV
  • MT
  • NL
  • PL
  • PT
  • RO
  • SK
  • SL
  • SV
Editorial

Tá tábhacht murab ionann is riamh le teach shochaí shibhialta eagraithe an Aontais Eorpaigh

A léitheoirí dile,

Is gnách linn ar theacht na Bealtaine súil siar a chaitheamh ar a bhfuil de dhul chun cinn déanta maidir le lánpháirtiú na hEorpa chomh maith le súil chun cinn a thabhairt ar a bhfuil i ndán dúinn.

Dé Domhnaigh an 9 Bealtaine, rinneamar ceiliúradh ar an Eoraip, mar a dhéanaimid gach bliain, trí lá speisialta lán de ghníomhaíochtaí a chur ar siúl. Don dara bliain as a chéile, reáchtálamar Lá Oscailte na n-institiúidí seo againne go huile is go hiomlán ar bhonn fíorúil. Chuireamar eolas os comhair an phobail faoin méid luachmhar a chuireann CESE le próiseas cinnteoireachta an Aontais Eorpaigh agus mhíníomar cén fáth, go háirithe ar na saolta deacra dúshlánacha seo, a bhfuil ról lárnach agus uathúil ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta san Aontas Eorpach.

Read more in all languages

A léitheoirí dile,

Is gnách linn ar theacht na Bealtaine súil siar a chaitheamh ar a bhfuil de dhul chun cinn déanta maidir le lánpháirtiú na hEorpa chomh maith le súil chun cinn a thabhairt ar a bhfuil i ndán dúinn.

Dé Domhnaigh an 9 Bealtaine, rinneamar ceiliúradh ar an Eoraip, mar a dhéanaimid gach bliain, trí lá speisialta lán de ghníomhaíochtaí a chur ar siúl. Don dara bliain as a chéile, reáchtálamar Lá Oscailte na n-institiúidí seo againne go huile is go hiomlán ar bhonn fíorúil. Chuireamar eolas os comhair an phobail faoin méid luachmhar a chuireann CESE le próiseas cinnteoireachta an Aontais Eorpaigh agus mhíníomar cén fáth, go háirithe ar na saolta deacra dúshlánacha seo, a bhfuil ról lárnach agus uathúil ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta san Aontas Eorpach.

Lá na hEorpa, déantar comóradh ar an lá ar síníodh Dearbhú Schuman óir b’in é an uair a leagadh bonn faoi Aontas Eorpach an lae inniu an chéad uair, 71 bhliain ó shin, agus thar aon ní eile, is ceiliúradh é ar an tsíocháin agus ar an aontacht atá i réim san Eoraip ó shin. Deis atá ann don saoránach a mhothú gur cuid d’aontas é nó í chomh maith le muintearas a bhrath i leith rud éigin is mó ná an duine aonair. Ina theannta sin, tugtar seans dúinn go léir machnamh a dhéanamh ar an méid atá bainte amach go dtí seo de thoradh na dlúthpháirtíochta agus ar an méid ba mhian linn a bhaint amach sna blianta atá le teacht. Níor cheart dúinn dearmad a dhéanamh air gur gá dúinn oibriú i gcomhar le chéile d’fhonn na dúshláin is mó atá romhainn mar shochaí a fhreagairt.

Is tráth é Lá na hEorpa freisin chun marana a dhéanamh ar laochra an lae inniu: baill foirne leighis, múinteoirí, oibrithe sóisialta, foireann glantacháin agus iad siúd uile a rinne a gcion féin chun dul in éadan iarmhairtí suntasacha na paindéime. Is gá cuimhneamh freisin ar chumainn, eagraíochtaí agus eagraíochtaí neamhrialtasacha a bhíonn ag obair go dian gach lá ar an líne thosaigh ag iarraidh feabhas a chur ar shaol daoine. I mbeagán focal, más ea, tá raon iomlán na sochaí sibhialta eagraithe i gceist anseo againn.

Is éard atá i gceist againn nuair a labhraímid faoi eagraíochtaí na sochaí sibhialta ná sinn féin, CESE, teach shochaí shibhialta eagraithe an Aontais Eorpaigh, an comhlacht sin de chuid an Aontais a thugann cead cainte do na heagraíochtaí réamhráite uile agus a fhágann gur féidir leo tionchar díreach a bheith acu ar reachtaíocht an Aontais.

Is mór againn go háirithe a bhfuil bainte amach acu agus ar an ábhar sin déanaimid sna Coistí aird an phobail a dhíriú ar thionscnaimh shármhaithe de chuid na sochaí sibhialta gach bliain trí mheán Dhuais na Sochaí Sibhialta. I gcás Dhuais 2021, díreofar ar ghníomhaíochtaí ar son na haeráide agus tabharfar aitheantas do thionscadail éifeachtacha, nuálacha agus chruthaitheacha a bhfuil sé d’aidhm acu aistriú cothrom i dtreo geilleagar ísealcharbóin aeráid-díonach a chur chun cinn. Molaim do gach duine súil a thabhairt ar na coinníollacha a bhaineann leis an gcomórtas agus iarratas a chur isteach gan fuacht gan faitíos. Is é an spriocdháta le haghaidh iarratas a dhéanamh ná 30 Meitheamh 2021.

An 9 Bealtaine, chaitheamar súil chun cinn freisin trí pháirt a ghlacadh i seoladh stairiúil na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, lena dtabharfar le chéile na smaointe agus na físeanna go léir le haghaidh na mór-roinne seo againne. Tá tábhacht nach beag leis sin toisc gur féidir le daoine a dtuairimí a chur in iúl trí mheán na Comhdhála seo agus, a bhuí le hidirphlé a dhéanfar faoi stiúir na saoránach, beidh ar a gcumas cinniúint choiteann na hEorpa a mhúnlú.

Faoi láthair, tá dhá dhúshlán roimh institiúidí daonlathacha an Aontais: caithfidh siad dul i ngleic leis an ngéarchéim eacnamaíoch agus sláinte, ar thaobh amháin, agus tacaíocht na saoránach a choinneáil, ar an taobh eile. Ina fhianaise sin agus de dheasca gearáin a rinneadh go raibh an chluas bhodhar á tabhairt ag an Aontas Eorpach dá chuid saoránach, is léir gur gá dlús a chur leis an idirphlé agus spás poiblí níos leithne a aimsiú don tsochaí shibhialta san Eoraip, rud a ligfidh dóibh a gcuid a rá.

Ní raibh oiread céanna tábhachta riamh roimhe seo le ról ár n-institiúide: is maith is eol dúinn uile go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach guth a thabhairt don tsochaí shibhialta ionas gur féidir aghaidh a thabhairt ar an drochshaol atá san Eoraip sa lá atá inniu ann. Is deis ríthábhachtach í an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa don tsochaí shibhialta, dá bhrí sin, a chuirfidh ar a cumas cur le chéile agus a chinntiú go mbeidh cead cainte aici, rud a chuirfidh dlús lena rannpháirtíocht. Agus sin é go díreach atá i dtreis anseo: an daonlathas rannpháirtíochta. Tá an dá ní fite fuaite ina chéile: ní ann don daonlathas gan an rannpháirtíocht lena chois agus níl aon rannpháirtíocht ann gan eagraíochtaí gníomhacha na sochaí sibhialta.

Is ról bunúsach de chuid an Choiste é bunsraith ár ndaonlathais a leagan síos agus a chothú agus tá freagracht air as sin. Cuireann an Coiste an méid sin i gcrích trí mheán idirphlé sibhialta atá chomh leathan agus chomh rannpháirteach agus is féidir. A bhuí le struchtúr an Choiste, le heolas agus saineolas praiticiúil ár gcomhaltaí, agus leis an ról atá againn mar dhroichead idir institiúidí an Aontais Eorpaigh, ar thaobh amháin, agus leibhéal an phobail, ar an taobh eile, is féidir linn na freagairtí is oiriúnaí ar dhúshláin an lae inniu sa tsochaí a chur chun cinn.

Murab ionann is riamh, tá ról ríthábhachtach ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta san Eoraip, cibé acu a bhaineann sin lena ról i leith an téarnaimh nó lena gcuid oibre ríthábhachtaí chun dul i ngleic leis na dúshláin a bhíonn romhainn ó lá go lá, i measc nithe eile.

Tá difríocht á déanamh ag CESE anois murab ionann is riamh.

 

Cillian Lohan

Leas-Uachtarán de chuid CESE a bhfuil cúram na cumarsáide air

 

Diary Dates

3-4 Meitheamh 2021, an Bhruiséil

Laethanta an Tionscnaimh ó na Saoránaigh

10 Meitheamh, an Bhruiséil

Imeacht de chuid CESE chun an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa a lainseáil

7-8 Iúil 2021, an Bhruiséil

Seisiún iomlánach CESE

13 Iúil, an Bhruiséil

Straitéis tionsclaíochta: an ról atá ag amhábhair chriticiúla chun bonn tionsclaíoch láidir a chruthú

Ceist amháin ar...

Inár roinn “Ceist amháin ar...” iarraimid ar chomhaltaí CESE a bhfreagra a thabhairt ar cheist atá go mór i mbéal an phobail agus atá, dar linn, an-ábhartha go deo.

In eagrán Bealtaine/Meithimh, d’iarramar ar Laurenţiu Plosceanu, Cathaoirleach na Rannóige um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht, barúil a thabhairt faoi na saincheisteanna sóisialta a pléadh ag Cruinniú Mullaigh Porto, go háirithe i gcomhthéacs obair CESE sna blianta amach romhainn.

“Ní féidir gné shóisialta a bheith ann gan bunús eacnamaíoch láidir”.

Ceist CESE info: Ar an 7 agus 8 Bealtaine, d’fhreastail cinn stáit nó rialtais agus comhpháirtithe sóisialta ar an gCruinniú Mullaigh in Porto, ócáid a measadh mar ócáid stairiúil i dtaca le tiomantas na hEorpa do chearta sóisialta. Ba é an sprioc a bhí leis spreagadh láidir polaitiúil a thabhairt do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus do chur chun feidhme a Phlean Gníomhaíochta, arb é is aidhm dó borradh a chur faoin bhfostaíocht agus comhdheiseanna agus cosaint shóisialta a chinntiú do chách. Maidir le torthaí an chruinnithe mullaigh seo agus na saincheisteanna sóisialta a pléadh ann, cad iad na cúraimí is tábhachtaí dar leat do CESE sna blianta atá amach romhainn?

Read more in all languages

Inár roinn “Ceist amháin ar...” iarraimid ar chomhaltaí CESE a bhfreagra a thabhairt ar cheist atá go mór i mbéal an phobail agus atá, dar linn, an-ábhartha go deo.

In eagrán Bealtaine/Meithimh, d’iarramar ar Laurenţiu Plosceanu, Uachtarán na Rannóige um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht, barúil a thabhairt faoi na ceisteanna sóisialta a pléadh ag Cruinniú Mullaigh Porto, go háirithe i gcomhthéacs obair CESE sna blianta amach romhainn.

“Ní féidir gné shóisialta a bheith ann gan bunús eacnamaíoch láidir”.

Ceist CESE info: Ar an 7 agus 8 Bealtaine, d’fhreastail cinn stáit nó rialtais agus comhpháirtithe sóisialta ar an gCruinniú Mullaigh in Porto, ócáid a measadh mar ócáid stairiúil i dtaca le tiomantas na hEorpa do chearta sóisialta. Ba é an sprioc a bhí leis spreagadh láidir polaitiúil a thabhairt do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus do chur chun feidhme a Phlean Gníomhaíochta, arb é is aidhm dó borradh a chur faoin bhfostaíocht agus comhdheiseanna agus cosaint shóisialta a chinntiú do chách. Maidir le torthaí an chruinnithe mullaigh seo agus na saincheisteanna sóisialta a pléadh ann, cad iad na cúraimí is tábhachtaí dar leat do CESE sna blianta atá amach romhainn?

Laurenţiu Plosceanu:“Ní féidir gné shóisialta a bheith ann gan bunús eacnamaíoch láidir”

Go pointe áirithe, is príosúnaigh muid i ré seo na bpaindéimí iomadúla – táimid faoi laincis ag ár leochaileacht agus ag na hábhair imní agus na hábhair dhóchais atá againn...

Tar éis an tsaoil, de dheasca an choróinvíris, ní hamháin go bhfuil paindéimí iomadúla ag titim amach san am céanna ach tá siad ag déanamh treisiú ar éifeachtaí díobhálacha a chéile.

Ón taobh sin de, céim mhisniúil chun cinn ó na hinstitiúidí Eorpacha agus ó chomhpháirtithe sóisialta na hEorpa atá sa Chruinniú Mullaigh Sóisialta a tionóladh in Porto i mí na Bealtaine 2021.

Read more in all languages

Go pointe áirithe, is príosúnaigh muid i ré seo na bpaindéimí iomadúla – táimid faoi laincis ag ár leochaileacht agus ag na hábhair imní agus na hábhair dhóchais atá againn...

Tar éis an tsaoil, de dheasca an choróinvíris, tá paindéimí iomadúla ag titim amach san am céanna agus tá siad ag déanamh treisiú ar éifeachtaí díobhálacha a chéile.

Ón taobh sin de, céim mhisniúil chun cinn ó na hinstitiúidí Eorpacha agus ó chomhpháirtithe sóisialta na hEorpa atá sa Chruinniú Mullaigh Sóisialta a tionóladh in Porto i mí na Bealtaine 2021.

Dá thoradh sin, tá treochlár láidir againn a bheidh mar threoir ag na Ballstáit agus an tAontas chun athchóirithe struchtúracha móra, infheistíocht tháirgiúil, fás, iomaíochas, fostaíocht agus folláine níos fearr shaoránaigh an Aontais a chinntiú gan mhoill.

Ní féidir gné shóisialta a bheith ann gan bunús eacnamaíoch láidir. Is den ríthábhacht iad an t-iomaíochas agus táirgiúlacht níos airde, an tsláinte agus an tsábháilteacht bunaithe ar scileanna agus ar eolas chun folláine shochaithe na hEorpa a chinntiú. Is réamhriachtanais iad fás eacnamaíoch agus margadh inmheánach dea-fheidhmiúil chun gné shóisialta an Aontais a neartú. Is mithid anois na buanna a bhaineann le geilleagar sóisialta margaidh na hEorpa a threisiú agus fáil réidh leis na laigí a bhaineann leis.

Eoraip shóisialta atá san Eoraip, mar a bhí i gcónaí. Is eiseamláir dhomhanda é ár ngeilleagar sóisialta margaidh – a bhfuil ardmheas ag cuid mhór daoine air agus a bhfuil éad ar dhaoine eile leis. Is ann do chreat sóisialta forleathan acquis ina leagtar síos prionsabail bhunaidh, treoirlínte agus a chomhlánaíonn agus a chomhordaíonn reachtaíocht agus beartais shóisialta na mBallstát.

I dtaca le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, cuirtear treoir fhóinteach ar fáil sa Phlean Gníomhaíochta arna gcur i láthair ag an gCoimisiún, lena n-áirítear i réimsí na fostaíochta, na scileanna, na sláinte agus na cosanta sóisialta.

Aon tionscnamh nó aon bheart a áirítear sa Plean Gníomhaíochta, ní mór tabhairt faoi ar an leibhéal iomchuí agus na hinniúlachtaí éagsúla, na cumhachtaí éagsúla agus na róil léirshainithe atá ag an Aontas, na Ballstáit agus na comhpháirtithe sóisialta maidir le fostaíocht agus beartas sóisialta á gcur san áireamh agus á n-urramú.

Is éard atá i gceist leis sin urraim a thabhairt do phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta, do thimpeallachtaí socheacnamaíocha éagsúla agus d’éagsúlacht na gcóras náisiúnta, lena n-áirítear ról agus neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta.

Is díol sásaimh dom go háirithe go ndírítear i nDearbhú Porto agus sa Phlean Gníomhaíochta ar phoist agus ar scileanna. Tá an inbhuanaitheacht iomaíoch i gcroílár gheilleagar sóisialta margaidh na hEorpa, faoi mar a luaitear sa réamhrá a ghabhann leis an bPlean Gníomhaíochta. Is é geilleagar láidir athléimneach atá bunaithe ar bheartais eacnamaíocha fónta a chur chun feidhme ar fud na hEorpa agus ar leas a bhaint as an acmhainneacht a bhaineann le lucht saothair nuálach oilte an t-aon bhunchloch atá oiriúnach chun fíorghné shóisialta láidir a chinntiú san Eoraip.

Leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, beidh gá le tuilleadh infheistíochta san oideachas, sa ghairmoiliúint, san foghlaim ar feadh an tsaoil agus san uas-sciliú agus san athsciliú, i.e. cur chuige pragmatach níos fearr i leith an oideachais agus scileanna.

Dar le rannóg SOC, tá na tosaíochtaí polaitiúla agus an plean gníomhaíochta don bhliain seo i gcomhréir leis na conclúidí ón gCruinniú Mullaigh in Porto. Táimid tiomanta leanúint de bheith ag obair go dian agus na tuairimí a bhfuil gá leo a thabhairt thar ceann na gcomhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta. Ní mór do CESE cur leis an ról réamhghníomhach atá aige chun luachanna an Aontais a chosaint agus a chaomhnú.

Chun a thuiscint cén fáth ar cheart do Bhallstáit an Aontais bearta a chomhordú ar leibhéal an Aontais ar bhealach níos marthanaí agus níos doimhne d’fhonn dul i ngleic le géarchéimeanna, ní gá ach cuimhneamh ar na hiarmhairtí a bhaineann le bearta aonair i gcomhthéacs paindéimí iomadúla. Fiú amháin mura ndéantar sin ar mhaithe le lánpháirtiú na hEorpa, ba cheart go dtuigfí, ar a laghad, nach mbeadh sé de chumas ag náisiúin dul i ngleic leis an ngéarchéim ar dhóigh níos fearr ar a gconlán féin.

Go pointe áirithe, is príosúnaigh muid i ré seo na bpaindéimí iomadúla – táimid faoi laincis ag ár leochaileacht agus ag na hábhair imní agus na hábhair dhóchais atá againn...

Ní mór dúinn éalú, le meas ar oidhreacht ár sinsir agus ar an gcéad ghlúin eile.

 

Laurenţiu Plosceanu

Cathaoirleach ar Rannóg SOC

 

New publications

An t-aoi speisialta

Gach mí, cuirimid aoi speisialta i láthair, duine mór le rá a roinnfidh a thuairim nó a tuairim faoi chúrsaí reatha linn: duine a thabharfaidh dearcadh úrnua dúinn ar an saol, a spreagfaidh sinn agus a chuirfidh ar an eolas sinn faoi shaol an lae inniu.

In eagrán mhí na Bealtaine, is cúis áthais dúinn fáilte a chur roimh an staraí clúiteach, Norman Davies, ar dheas uaidh agallamh a dhéanamh le CESE info. Tá an tOllamh Davies ina shaineolaí mór ar stair na hEorpa, go háirithe stair na Breataine, na Polainne agus Lár agus Oirthear na hEorpa. Tá roinnt leabhar sárdhíola scríofa aige, amhail Europe: A History, God's Playground, Rising 44, Europe at war 1939-45 agus Microcosm: Portrait of a Central European City Chomh maith leis sin, is Ollamh ar Cuairt é an tOllamh Davies i gColáiste na hEorpa.

Read more in all languages

Gach mí, cuirimid aoi speisialta i láthair, duine mór le rá a roinnfidh a thuairim nó a tuairim faoi chúrsaí reatha linn: duine a thabharfaidh dearcadh úrnua dúinn ar an saol, a spreagfaidh sinn agus a chuirfidh ar an eolas sinn faoi shaol an lae inniu.

In eagrán mhí na Bealtaine, is cúis áthais dúinn fáilte a chur roimh an staraí clúiteach, Norman Davies, ar dheas uaidh agallamh a dhéanamh le CESE info. Tá an tOllamh Davies ina shaineolaí mór ar stair na hEorpa, go háirithe stair na Breataine, na Polainne agus Lár agus Oirthear na hEorpa. Tá roinnt leabhar sárdhíola scríofa aige, amhail Europe: A History, God's Playground, Rising 44, Europe at war 1939-45 and Microcosm: Portrait of a Central European City Chomh maith leis sin, is Ollamh ar Cuairt é an tOllamh Davies i gColáiste na hEorpa.

Rugadh Norman Davies in 1939 in Bolton (Lancashire). Cuireadh oideachas air i Scoil Bolton, i gColáiste Magdalen, Oxford, in Ollscoil Sussex agus i roinnt ollscoileanna ar an mórroinn, lena n-áirítear Ollscoil Grenoble, Ollscoil Perugia agus Ollscoil Kraków. D’fhág na blianta múnlaitheacha sin go bhfuair sé léargas Eorpach ar feadh a shaoil. Bhí sé ina Ollamh Staire ar feadh na mblianta i Scoil Léann Slavaigh agus Oirthear na hEorpa, Ollscoil Londan, agus mhúin sé freisin in ollscoileanna Columbia, McGill, Hokkaido, Stanford, Harvard, Adelaide, agus Ollscoil Náisiúnta na hAstráile, Canberra. 

Is é an tOllamh Davies údar White Eagle, Red Star: the Polish-Soviet War, 1919-20 (1972), God’s Playground: A History of Poland (1981), an leabhar sárdhíola uimh.1 Europe: A History (1996), The Isles: A History (1998), Microcosm: Portrait of a Central European City (i gcomhar le Roger Moorhouse, 2002), Rising ’44, the Battle for Warsaw (2003),  Europe at War, 1939-45 (2006) agus Vanished Kingdoms (2011). Aistríodh a chuid leabhar go breis agus fiche teanga, agus is craoltóir rialta é. 

Ó 1997 go 2006, bhí Norman Davies ina Chomhalta Breise (Supernumerary) ag Coláiste Wolfson, Oxford, agus anois tá sé ina Chomhalta Oinigh i gColáiste Antony, Oxford agus ina Ollamh Unesco ag Ollscoil Jagiellonian, Kraków. Tá sé ina Chomhalta d’Acadamh na Breataine ó 1997 agus ó 2011 i leith de Chumann Léinn na Breataine Bige. Bronnadh Ord Iolar Geal na Polainne air agus an CMG sa Bhreatain de bharr seirbhísí don stair. Tá dochtúireachtaí oinigh aige ó roinnt ollscoileanna sa Bhreatain agus sa Pholainn, chomh maith le saoránacht oinigh i gcúig chathair, agus is comhalta saoil é in Clare Hall agus in Peterhouse Cambridge.

Tá an tOllamh Davies ina chónaí in Oxford agus in Kraków lena bhean, Maria, agus tá beirt mhac fhásta aige, Daniel agus Christian (ehp).

Nuair nach mbítear ag tarraingt le chéile, fuaraíonn an caidreamh

“Chuir mé an-suim i gcónaí sa difíocht idir an chuma a bhíonn ar rudaí agus an fhírinne. Ní mar a shíltear a bhítear riamh”, Norman Davies

CESE info: Seo uair na cinniúna don Eoraip agus í ag ullmhú don Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa. Agus an saol ag athrú le linn ghéarchéim na paindéime, tá roinnt fórsaí dílárúcháin tar éis teacht chun solais, go háirithe i Lár agus in Oirthear na hEorpa, rud a d’fhéadfadh a bheith ina dhúshlán do chomhtháthú na hEorpa. Cad déarfá faoin méid sin?

Read more in all languages

“Chuir mé an-suim i gcónaí sa difíocht idir an chuma a bhíonn ar rudaí agus an fhírinne. Ní mar a shíltear a bhítear riamh”, Norman Davies

CESE info: Seo uair na cinniúna don Eoraip agus í ag ullmhú don Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa. Agus an saol ag athrú le linn ghéarchéim na paindéime, tá roinnt fórsaí dílárúcháin tar éis teacht chun solais, go háirithe i Lár agus in Oirthear na hEorpa, rud a d’fhéadfadh a bheith ina dhúshlán do chomhtháthú na hEorpa. Cad déarfá faoin méid sin?

N.D: Mar staraí, déarfainn ar dtús go mbíonn uair na cinniúna ann i gcónaí. Bíonn rud éigin ag athrú i gcónaí, ag gluaiseacht i dtreonna éagsúla nach rabhthas ag súil leo. Is é fírinne an scéil gurb é imeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas an t-athrú is mó a tharla in iarthar na hEorpa le cúig bliana anuas. Agus táim den tuairim go bhfuil an Ríocht Aontaithe ag titim as a chéile. Measaim nach fada go dtí nach mbeidh a leithéid de rud ann agus Ríocht Aontaithe. Maidir le lár na hEorpa, níor thuigeamar go raibh cuid mhór den phobal ansin míshásta leis na hathruithe a tharla tar éis 1989 agus, ar ndóigh, ní raibh aon ainm againn ar an míshástacht sin. Ní raibh aon trácht ar an bpobalachas ag an am sin. Thairis sin, níor thuigeamar go raibh cosúlacht idir an méid a thosaigh ag titim amach sa Pholainn agus an méid a bhí ag tarlú i dtíortha eile. Ní raibh Uachtarán Trump tagtha ar an bhfód, ní raibh aon bhaol ann go dtarlódh Brexit an t-am sin. Anois is eol dúinn go raibh dul amú orainn. Tá na treochtaí pobalacha seo ag teacht chun cinn in a lán tíortha. Táthar go mór in amhras faoin Aontas Eorpach san am i láthair agus faoin gcobhsaíocht idirnáisiúnta go ginearálta.

Maidir le ceist na bhfórsaí dílárúcháin sin laistigh den Eoraip, déarfainn nach san Ungáir agus sa Pholainn amháin atá na fórsaí sin; tá siad le sonrú i gcroílár an limistéir euro freisin, ag cur bearna níos mó agus níos mó idir tíortha saibhre Thuaisceart na hEorpa agus na geilleagair níos leochailí sa Deisceart.                                                                                                            

CESE info: Táimid ag díriú anois ar an gComhdháil maidir le Todhchaí na hEorpa. Cad é an ghné is tábhachtaí d’obair an Aontais Eorpaigh, dar leat?

N.D: Is é cultúr an chomhair an ghné is tábhachtaí, rud a chuireann i gcoinne an tseansmaoinimh a dtugadh na Francaigh “égoisme sacré” air sa tseanaimsir, is é sin go bhféadann náisiúin aonair déanamh de réir a leithleachais doshéanta féin, rud a bhí coitianta tráth. Léirigh an Dara Cogadh Domhanda go raibh (agus go bhfuil fós) an ceart a bheith ar mhaithe leat féin amháin, agus “leasanna náisiúnta” a shaothrú beag beann ar thíortha eile, díobhálach do chách. Is é cultúr an chomhair seachas an féinspéiseachas náisiúnta an rud is luachmhaire atá bainte amach ag muintir na hEorpa. Tá sé soiléir go bhfuil roinnt de na rialtais agus de na grúpaí ag iarraidh filleadh ar a leasanna náisiúnta a shaothrú. Ach táim lánchinnte de go bhfuil dul amú orthu. Más féidir liom sean-nath ón mBéarla a úsáid, “if we don't hang together, we'll all hang separately”. Sin an tseift a d’fhág gur tháinig gluaiseacht an Aontais Eorpaigh slán agus go bhfuilimid ag maireachtáil faoi shíocháin le fada an lá.

CESE info:  Tá cáil ar an Uachtarán François Mitterrand agus ar an Seansailéir Helmut Kohl mar bheirt de phríomhphearsana polaitiúla na staire. I do thuairimse, an ann do chúpla tír eile den chineál céanna a d’fhéadfadh a bheith ina gceannródaithe in aghaidh an fhéinspéiseachais náisiúnta? Cé a d’fhéadfadh a bheith ina cheannaire san Aontas Eorpach?

N.D: Ní ann dóibh. Measaim go bhfuil ceannaireacht an Aontais lag. Léirigh an phaindéim dúinn an méid sin toisc nach ndearnadh í a bhainistiú i gceart san Eoraip. B’fhéidir go raibh an cheannaireacht Fhranc-Ghearmánach riachtanach nuair a thosaigh gluaiseacht na hEorpa amach 50 bliain ó shin. In Eoraip na Sé Bhallstát, ba iad an Fhrainc agus an Ghearmáin na Ballstáit ba mhó a bhí ann – mura bhfuil an méid sin dian ar an Iodáil – agus luigh sé le ciall gur cheart don Fhrainc agus don Ghearmáin, a bhí i gceannas ar an bpróiseas athmhuintearais tar éis an chogaidh, borradh a chur faon tionscadal i dtús báire. Ach ní hamhlaidh atá anois. Tá 27 mBallstát ann anois, agus tá gá le comhtháthú níos fearr. Tá súil agam go dtiocfaidh ceannaireacht as foinsí éagsúla seachas as an bhFrainc agus an Ghearmáin amháin. Is ar chúiseanna maithe atá sé amhlaidh.

Tá an Fhrainc ar cheann de na tíortha is mó atá faoi bhagairt ag an bpobalachas. Tá Marine Le Pen ag déanamh an-dul chun cinn agus ní he Emmanuel Macron is láidre go polaitiúil. Ní dócha gurb í an Fhrainc a thabharfaidh an cheannaireacht sin. Ar an gcaoi chéanna, tá an Ghearmáin thar a bheith suaite agus Angela Merkel ag imeacht. Ní mór don Eoraip ceannaireacht éifeachtach a aimsiú in áiteanna eile go luath. Mura ndéanfar sin, ní bheidh sa todhchaí ach radharc as clár cainte teilifíse seachas as scannán eachtraíochta ar an mórscáileán.

CESE info: Cad é ról na sochaí sibhialta, dar leat, sa díospóireacht ar Thodhchaí na hEorpa? An 19 Aibreán 2021, sheol an Coimisiún Eorpach agus Parlaimint na hEorpa ardán do shaoránaigh ina n-iarrtar orthu a gceisteanna a sheoladh isteach faoin bhfís atá acu faoi thodhchaí na hEorpa. Cad é ról na saoránach sa díospóireacht sin?

N.D: Is léir go bhfuil ról ag an tsochaí, ach tá na mílte tuairimí éagsúla ag an tsochaí agus ní féidir léi beart éifeachtach a dhéanamh as a stuaim féin. Ní mór ceannairí polaitiúla a bheith i gceannas ar an tsochaí, ceannairí a thuigeann imní agus ardmhianta na ndaoine, ach in éagmais na ceannaireachta sin, beidh an tsochaí féin faoi smacht ag cneámhairí agus ag antoiscigh. Is léir gur rud maith é tuairimí na saoránach a lorg ach teastaíonn níos mó ná sin chun cluiche polaitiúil a imirt. Tá gá le ceannairí, páirtithe agus gluaiseachtaí dinimiciúla gan trácht ar smaointe maithe má táthar chun inspioráid a thabhairt don tsochaí agus í a chur i mbun gnímh.

CESE info: Cad iad na torthaí, dar leat, a d’fhéadfadh teacht as an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa? An bhfuil aon seans ann go ndéanfar dul chun cinn le linn Uachtaránacht na Fraince? Is cuimhin leat, is dócha, cad a tharla tar éis an Choinbhinsiúin Eorpaigh in 2002-2003 faoi chathaoirleacht an Uachtaráin Giscard d’Estaing, as ar tháinig Bunreacht na hEorpa, ach gur vótáil an Fhrainc agus an Ísiltír ina choinne in 2005?

N.D.: Is staraí mé agus ní bhím i mbun na hastralaíochta. Ní féidir liom a rá leat cad a tharlóidh amach anseo ach is féidir liom a rá, i gcoitinne, nach comhlachtaí cinnteoireachta iad comhdhálacha, ach amháin más comhdhálacha feidhmiúcháin ar nós Yalta nó Potsdam iad, ina ndearnadh cinntí tábhachtacha idirnáisiúnta. Is é is féidir le formhór na gcomhdhálacha a dhéanamh ná an bealach a réiteach, an timpeallacht agus an t-atmaisféar polaitiúil a shocrú, na rannpháirtithe a spreagadh nó a dhíspreagadh. Tá súil agam go gcuirfidh comhdháil mhaith feabhas ar an ngiúmar agus go spreagfar na ceannairí chun dul i mbun gnímh. Is annamh a dhéanann comhdháil mhaith an méid sin aisti

Is maith is cuimhin liom an tUasal Giscard d’Estaing. Rugadh é i sráidbhaile in Auvergne, áit a raibh cairde maithe agam. Ach an féidir an milleán a chur ar an gCoinbhinsiún gur theip ar Bhunreacht na hEorpa? Bhí níos mó i gceist ná sin. Bhí duine éigin nach ndearna a chuid oibre ullmhúcháin.

EESC info: An 1 Bealtaine bhí 17 mbliana ann ó tháinig méadú ar an Aontas Eorpach, nuair a tháinig 10 mBallstát nua isteach san Aontas, agus trí cinn eile ina dhiaidh sin. Cad é do thuairim faoin méadú sin?

N.D: Bhíothas ag súil le rudaí móra leis an méadú mór sin, sin le rá go scaipfeadh an tsíocháin agus an rath – a bhí ag muintir Iarthar na hEorpa le 30-40 bliain anuas – go scaipfeadh siad chomh fada leis an taobh eile den mhór-roinn, rud a tharla, ar ndóigh, ar roinnt bealaí. Agus tá sé thar a bheith deacair a chreidiúint go bhfuil rialtais ann a vótáil ar son an mhéadaithe, ar son teacht isteach san Aontas Eorpach le tacaíocht ollmhór óna bpobal, atá faoi cheannaireacht rialtas anois atá ar a mhalairt intinne go hiomlán. Labhair mé anois beag faoi chultúr an chomhair seachas an féinchúiseachas náisiúnta, ach is léir nár fhoghaim gach duie ceacht ón méid sin.

CESE info: Mar shaoránach de chuid na Breataine, tá tú i do chónaí faoi láthair i dtríú tír. Cad is féidir leis an Eoraip a fhoghlaim ó Brexit?

N.D: Is mairg nach bhfuil an t-eolas sin agam. Botún uafásach a bhí i gceist le Brexit, dar liom, agus is dócha go scriosfaidh sé an tír inar rugadh mé. Dála an scéil, is saoránach de chuid na Polainne mé freisin, agus is Polannach mo bhean chéile. Tá an dá thrá á fhreastal againn. Mar a deirim i gcónaí le mo chairde sa Pholainn, d’fhéadfadh cúrsaí sa Pholainn a bheith go dona, ach níl sé chomh bagrach céanna le cúrsaí sa Bhreatain Mhór. Ní thitfidh an Pholainn as a chéile go luath, ach is dóigh liom go dtarlóidh sé sa Ríocht Aontaithe. Roinnt laethanta ó shin, d’eagraigh mé léacht ar líne do lucht féachana i gcathair Ard Mhacha i dTuaisceart Éireann; agus tá an treo a bhfuil rudaí ag dul i dTuaisceart Éireann an-soiléir; i dtreo athaontú le Poblacht na hÉireann. Scrios Brexit an t-aontas leis an Aontas Eorpach, ach tá sé ag scriosadh an t-aontas idir Sasana agus Tuaisceart Éireann agus Albain, agus de réir a chéile, scriosfar an t-aontas leis an mBreatain Bheag. Ba náisiúnachas leithleach Sasanach a spreag Brexit ón tús, agus is é an toradh a bheidh air go mbeidh Sasana níos boichte, níos laige, gan tacaíocht na náisiún comharsanach eile ar ár n-oileáin. Nuair nach mbítear ag tarraingt le chéile, fuaraíonn an caidreamh. Is é mo thuairim féin go bhfuil na gluaiseachtaí pobalacha sin go léir, mar a déarfá, “ag baint na géige den chrann ar a bhfuil siad uile suite”, agus ag ullmhú tubaiste dóibh féin. Ní léir dom go fóill cén treo ina bhfuil rudaí ag bogadh san Aontas Eorpach. An t-aon rud atá cinnte ná go bhfuil a lán fadhbanna le réiteach. Roimh Brexit, bhí rás ann idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach, le go bhfeicfí cén ceann acu “a chlisfeadh ar dtús”. Anois tar éis Brexit, tá a fhios agam go bhfuil an Ríocht Aontaithe chun cinn sa rás gránna sin: ach ní dócha go dtitfidh an tAontas Eorpach i dtosach. Nuair a bhím i mo shuí ar an oileán seo, bím in éad leis an Eoraip toisc nach bhfuil a cuid fadhbanna chomh dona lenár bhfadhbanna féin.

CESE info: An bhféadfaimis muinín a chur sa chur chuige atá ag an Uachtarán Joe Biden maidir leis na hathruithe agus na hathchóirithe tapa atá ag tarlú sna Stáit Aontaithe a láimhseáil? An gceapann tú go bhféadfadh iarmhairtí a bheith aige don Aontas Eorpach?

N.D: Bheul, ceapaim. Nuair a fuarthas an bua ar Donald Trump, ba é sin an buille ba mhó a tugadh don phobalachas le deich mbliana anuas. Ba é Trump an ceannaire domhanda ag lucht an phobalachais; bhí sé ina Dhia beag ag réimis áirithe san Eoraip agus iad á mholadh as an gcaoi ar thug sé neamhaird ar an ord reatha agus é ag caitheamh anuas air; ach níor éirigh leis an bua a fháil. Tá Biden sa Teach Bán anois agus, aisteach go leor, tá sé ag déanamh go maith. Ach níl mórán ama aige, agus is deacair a thuar an éireoidh leis ar bhealach suntasach nó nach n-éireoidh. Go raibh “an chóir” leis. Mar is eol duit, is bloc polaitiúil agus sibhialta amháin atá sa domhan thiar, an Eoraip agus Meiriceá Thuaidh, agus is é SAM an tír is mó agus is láidre sa bhloc sin. Bíonn tionchar ag an méid a tharlaíonn i Meiriceá orainn uile.

 CESE info: Is é an cheist dheireanach atá agam ná cad atá ar siúl agat faoi láthair? Leabhar nua, b’fhéidir?

N.D: Bím ag ullmhú leabhar nua i gcónaí. Is féidir liom péire acu a lua. Foilseofar ceann acu faoi cheann lá nó dhó le Penguin Books i Londain; is beathaisnéis Rí Sheoirse II atá ann, “stair Eorpach” de mhonarc Briotanach, a bhí i gceannas idir 1727 agus 1760. “George Augustus” a thugaim air. Bhí sé i gceannas ar stát ilchodach ina raibh trí chuid, Ríocht na Breataine Móire, Ríocht na hÉireann agus Toghlach Braunschweig-Lüneburg, ar a dtugtar Hanover, sa Ghearmáin. Bhí sé ina Toghdóir tábhachtach a bhí ann san Impireacht Naofa Rómhánach, chomh maith le bheith ina rí ar an mBreatain, agus bhí sé i gceannas ar feadh na mblianta fada sa tréimhse sin, nuair a d’éirigh leis an mBreatain a bheith ina príomhchumhacht chabhlaigh domhanda agus ina príomhthionscnóir i dtrádáil sclábhaithe. Ní fios don chuid is mó de mhuintir na Breataine go bhféadfadh monarc Briotanach a bheith i gceannas freisin ar stát san Eoraip. Agus sin an fáth ar scríobh mé an leabhar gearr sin agus tá súil agam go gcuirfidh sé iontas ar dhaoine.

Sin agat George Augustus. Tá leabhar staire á ullmhú agam freisin faoin nGailís sa ré Ostra-Ungárach, ceann de na “ríochtaí sin a chuaigh in éag” agus nach bhfuil ann níos mó. Bhí cónaí sa Ghailís, a bhfuil cuid de suite inniu sa Pholainn agus cuid eile san Úcráin, roimh 1918 ar thrí phobal mhóra – Polannaigh, Úcránaigh agus Giúdaigh. Ach, ó briseadh suas í, tá cuimhne na Gailíse curtha as a riocht ag claontachtaí náisiúnta. Déanann na Polannaigh cur síos uirthi ar nós gur chuid den Pholainn í, na hÚcránaigh ar nós gurbh í an Úcráin a bhí ann; agus is é an tuiscint a thugann staraithe Giúdacha go minic gur pláinéad Giúdach ar leith a bhí sa Ghailís. I mo thuairimse, ní féidir an Ghailís sin a shamhlú agus a athchruthú go cruinn ach amháin trí na trí ghné den chomhthéacs Ostarach a chur le chéile, agus déanaim iarracht sin a dhéanamh sa leabhar trí úsáid a bhaint as taifid chomhaimseartha agus cuimhní cinn. comhaimseartha.

CESE info: Go raibh míle maith agat.

N.D: Go raibh maith agat féin! Bhain mé an-sult as an gcomhrá.

Herman van Rompuy: The old poet speaks gently

We are pleased to continue the publication of the series of haikus, under the common title "The old poet speaks softly", offered to us by their author, Herman van Rompuy, former President of the European Council.

Read more in all languages

We are pleased to continue the publication of the series of haikus, under the common title "The old poet speaks softly", offered to us by their author, Herman van Rompuy, former President of the European Council.

Original version of haiku is in French

Herman van Rompuy: The old poet speaks gently       

A son of the sun

The cold of May does not get used to

The heat is already beckoning

           xxx

Trees in bloom

Landmarks in the fog

Greyish-white mystery

           xxx

Every country is different

But the sky and the clouds

Cover everything

 

EESC News

Duais na Sochaí Sibhialta 2021 maidir le gníomhú ar son na haeráide seolta ag CESE

Duais le bronnadh ag CESE ar suas le cúig thionscadal aeráide a léiríonn cion sárluachmhar na sochaí sibhialta maidir le haeráidneodracht a bhaint amach.

 

Read more in all languages

Duais le bronnadh ag CESE ar suas le cúig thionscadal aeráide a léiríonn cion sárluachmhar na sochaí sibhialta maidir le haeráidneodracht a bhaint amach.

Is féidir iarratas a chur isteach anois do Dhuais na Sochaí Sibhialta 2021 atá seolta ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE). Is é téama na bliana seo gníomhú ar son na haeráide agus roghnóidh CESE na buaiteoirí ó thionscnaimh nuálacha chruthaitheacha a bhfuil sé d’aidhm acu an t-aistriú cóir i dtreo geilleagar ísealcharbóin a bheidh athléimneach ó thaobh na haeráide de, a chur chun cinn.

Is féidir le heagraíochtaí uile na sochaí sibhialta atá cláraithe san Aontas Eorpach agus atá ag oibriú ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta nó Eorpach iarratas a chur isteach. Tá an duais oscailte freisin do dhaoine a bhfuil cónaí orthu san Aontas Eorpach. Ní mór na tionscnaimh agus na tionscadail a dhéanamh san Aontas le go mbeidh siad incháilithe.

Ní mór go mbeidh na tionscadail curtha i gcrích cheana féin nó go mbeidh siad fós ar siúl.

Is é 10 a.m. (am na Bruiséile) 30 Meitheamh 2021 an spriocdháta le haghaidh iarratas.

Bronnfar EUR 50 000 ar an iomlán ar chúigear buaiteoirí ar a mhéad. Is dócha go mbeidh an searmanas bronnta ar siúl le linn sheisiún iomlánach CESE sa Bhruiséil an 8 – 9 Nollaig 2021, ag brath ar chúrsaí sláinte.

Ó tharla gurbh é an chéad institiúid AE a thug cead cainte do Greta Thunberg nuair a thosaigh gluaiseacht na stailce aeráide domhanda, “An Aoine don Todhchaí”, thacaigh CESE go diongbháilte riamh le gníomhú ón mbun aníos ar son na haeráide agus leag sé béim i gcónaí ar a thábhachtaí atá na heagraíochtaí poiblí agus na daoine aonair maidir leis an aistriú i dtreo na haeráidneodrachta a chur i gcrích. Tá ról ríthábhachtach acu maidir le hathrú a spreagadh i dtaca le noirm agus iompar, maidir le geilleagair áitiúla a dhéanamh níos glaise agus an t-aistriú i dtreo sochaithe atá neodrach ó thaobh carbóin de a chur chun cinn ar an leibhéal áitiúil nó réigiúnach.

Trína chuid oibre, tá sé curtha i bhfáth ag CESE arís agus arís eile go bhfuil rath an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip – faoinar gheall an tAontas aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 – ag brath ar ghníomhaíocht agus gealltanas na ngníomhaithe uile. Ní mór do cheann de phríomhthionscnaimh an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip – an Comhshocrú Aeráide Eorpach – díriú ar dhaoine a spreagadh chun go mbeidh siad mar chuid den réiteach seachas mar chuid den fhadhb agus iad a chumhachtú chun na córais arb iad is cúis leis an ngéarchéim aeráide atá ag bagairt orainn faoi láthair a athrú.

Tríd an bpríomhdhuais a thiomnú don ábhar fíorthábhachtach seo, is mian le CESE na hiarrachtaí aeráide neamhstáit a rinneadh go dtí seo a léiriú don phobal agus urraim a thabhairt dóibh. Tá sé d’aidhm aige freisin tionscadail atá fós ar siúl a mholadh agus cinn nua a spreagadh, rud a léireoidh gur féidir le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus daoine aonair rannchuidiú leis an gComhaontú Glas don Eoraip.

Chun go mbeidh siad incháilithe, ní mór do na tionscadail saincheist amháin ar a laghad atá liostaithe sa phreaseisiúint uainn atá ar fáil anseo a chumhdach.

Tá an fhoirm iarratais ar líne mar aon le cur síos iomlán ar na rialacha le fáil ar ár leathanach gréasáin: http://www.eesc.europa.eu/civilsocietyprize/. (ll)

CESE ag Cruinniú Mullaigh Sóisialta Porto: daoine le cur i gcroílár gach gníomhaíochta!

Tá sé i gceist ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) páirt ghníomhach a ghlacadh in iarrachtaí comhpháirteacha Eorpacha chun prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (EPSR) a chur i ngníomh agus chun Eoraip níos cothroime agus níos rathúla a thógáil do chách.

Read more in all languages

Tá sé i gceist ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) páirt ghníomhach a ghlacadh in iarrachtaí comhpháirteacha Eorpacha chun prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (EPSR) a chur i ngníomh agus chun Eoraip níos cothroime agus níos rathúla a thógáil do chách.

Agus iad ag glacadh páirt sa Chomhdháil Ardleibhéil de Chruinniú Mullaigh Sóisialta Porto a chuir Uachtaránacht na Portaingéile ar bun an 7 Bealtaine, chuir ionadaithe CESE in iúl a thiomanta atá an Coiste don atógáil eacnamaíoch agus shóisialta a chothú trí dhaoine a chur i gcroílár na mbeartas.

Oibreoidh CESE i gcomhar leis na hinstitiúidí Eorpacha eile, na Ballstáit agus na saoránaigh chun na spriocanna a leagtar amach i bPlean Gníomhaíochta EPSR a bhaint amach. Áirítear leis sin borradh a chur faoin bhfostaíocht, an t-oideachas a threisiú agus an bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta a laghdú.

“Lenár ngníomhaíochtaí, is féidir leis an Eoraip téarnamh a dhéanamh nó d’fhéadfaí go dtiocfadh borradh faoin Eoraip ach sinn a bheith níos uaillmhianaí. Chun an méid sin a bhaint amach, ba cheart dúinn na dálaí a chruthú do rathúnas an Aontais lena gcruthófar poist", a dúirt Uachtarán CESE Christa Schweng. “Ba cheart dúinn a chinntiú freisin go dtabharfar tacaíocht agus cumhacht do na saoránaigh uile trí na scileanna ábhartha don obair agus don saol a chur ar fáil dóibh, ionas go bhféachfaidh siad go muiníneach i dtreo na todhchaí. Is féidir brath ar an ngealltanas uainn go léireoimid gur féidir leis an Aontas agus na Ballstáit gníomhú lena gcuid saoránach agus barr feabhais a chur ar a saol, gan duine ar bith a fhágáil ar lár.”

Chomh maith leis an Uachtarán, bhí Uachtaráin na dtrí ghrúpa in CESE i measc thoscaireacht CESE ag an gcruinniú mullaigh: Stefano Mallia (Grúpa na bhFostóirí), Oliver Ropke (Grúpa na nOibrithe) agus Seamus Bolland (Éagsúlacht Eoraip).

Ghlac toscaireacht CESE páirt i seisiúin oibre an Chruinnithe Mullaigh, iad ar fad dírithe ar ábhair a bhaineann le spriocanna beartaithe an Phlean Gníomhaíochta: 1) an obair agus an fhostaíocht, 2) scileanna agus nuálaíocht agus 3) an stát leasa agus an chosaint shóisialta.

Measadh gurb ócáid ríthábhachtach é d’Uachtaránacht na Portaingéile ar an Aontas nuair a tháinig comhpháirtithe sóisialta le chéile i gcomhar le hinstitiúidí Eorpacha den chéad uair i gCruinniú Mullaigh Sóisialta Porto le glacadh leis an gcomhaontú maidir lena mbeidh i gceist le todhchaí shóisialta na hEorpa.

Dhírigh an Chomhdháil Ardleibhéil ar an mbealach is fearr chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme, rud a d’fhógair an tAontas Eorpach ag cruinniú mullaigh roimhe sin in Gothenburg in 2017. Tá 20 prionsabal i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta lenar cheart cuidiú le hEoraip níos láidre, níos cothroime agus níos cuimsithí a thógáil lena gcuirfear comhdheiseanna ar fáil dá saoránaigh uile. (ll)

 

An chaoi le deis a bhfuiltear ag súil léi le fada a thapú

Ráiteas ó Uachtarán CESE, Christa Schweng maidir le seoladh na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa

Ar lá sheoladh na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, molaim do na saoránaigh páirt a ghlacadh san fhiontar stairiúil seo. Ba mhaith liom freisin a iarraidh ar lucht ceaptha beartas a áirithiú go mbainfimid an tairbhe is mó as a bhfuil le rá ag daoine.

Read more in all languages

Ráiteas ó Uachtarán CESE, Christa Schweng maidir le seoladh na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa

Ar lá sheoladh na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, molaim do na saoránaigh páirt a ghlacadh san fhiontar stairiúil seo. Ba mhaith liom freisin a iarraidh ar lucht ceaptha beartas a áirithiú go mbainfimid an tairbhe is mó as a bhfuil le rá ag daoine.

Cleachtadh ar leithligh den daonlathas rannpháirtíochta is ea an chomhdháil. Chun go n-éireoidh léi, caithfear díriú ar rannpháirtíocht ón mbun aníos. Ní mór dúinn teagmháil a dhéanamh le muintir an phobail i ngach uile chearn den Aontas Eorpach agus éisteacht lena bhfuil le rá acu. Ní mór dúinn dul i dteagmháil ar bhealach cothrom leo siúd atá lánsásta leis an Aontas agus leo siúd atá in amhras faoi go fóill.

Níl i gceist le héisteacht le daoine, áfach, ach an chéad chéim. Ba cheart moltaí nithiúla maidir le gníomhaíocht an Aontais a bheith mar thoradh ar na smaointe a cuireadh in iúl ag imeachtaí na comhdhála. Mholfainn cur chuige praiticiúil freisin maidir le raon feidhme an phlé. Is fearr teacht ar chonclúidí nach bhfuil chomh huaillmhianach sin ach atá inghlactha do chách seachas tabhairt faoi dhíospóidí fealsúnacha ar ardleibhéal nach féidir teacht ar chomhaontú ar bith ina leith.

Thairis sin, ní mór an dul chun cinn a bheith intomhaiste. Táim i bhfabhar “deais” a chruthú inar féidir le saoránaigh a bheith ar an eolas faoi na bearta a eascraíonn as an gcomhdháil. Ní mór do dhaoine a bheith in ann léargas soiléir a fháil ar staid na himeartha agus amlíne a fheiceáil maidir leis na hábhair ar ar oibrigh siad. Ní mór do na hinstitiúidí míniú a thabhairt ar an gcúis a ndéanfaidh siad, nó ar an gcúis nach ndéanfaidh siad, obair leantach ar thograí áirithe.

Tá paraidím nua dhearfach de dhíth má táthar chun todhchaí na hEorpa a áirithiú. Ní mór dúinn a chruthú gurb iontach an áit í an Eoraip le bheith inti agus le rath a bheith ar dhaoine inti – áit ina gcruthaítear deiseanna do chách an saol is mian leo a chaitheamh, bunaithe ar luachanna comhaontaithe. Tá muintir Stáit Aontaithe Mheiriceá bródúil as an aisling Mheiriceánach; creidim go bhfuil sé in am do mhuintir na hEorpa sult a bhaint as a stíl mhaireachtála féin agus a bheith buíoch aisti agus as na buntáistí a bhaineann léi.

Leanfaidh CESE de rannchuidiú go gníomhach leis an gcomhdháil – trínár n-imeachtaí agus trí leas a bhaint as eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar fud na hEorpa. Tá súil againn go gcloisfear ár nguth go breá soiléir. Más mian linn, i ndáiríre, an tionscadal Eorpach a thabhairt ar ais chuig na saoránaigh, is í an tsochaí shibhialta ba cheart a bheith á stiúradh sin.

Cloch mhíle don Eoraip is ea Cruinniú Mullaigh Sóisialta Porto

An 28 Aibreán, reáchtáil Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) malartú tuairimí leis an gCoimisinéir um Poist agus um Chearta Sóisialta, Nicolas Schmit, maidir le Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (EPSR) agus Cruinniú Mullaigh Sóisialta Porto, áit a raibh an plean le plé ar an leibhéal is airde.

Read more in all languages

An 28 Aibreán, reáchtáil Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) malartú tuairimí leis an gCoimisinéir um Poist agus um Chearta Sóisialta, Nicolas Schmit, maidir le Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (EPSR) agus Cruinniú Mullaigh Sóisialta Porto, áit a raibh an plean le plé ar an leibhéal is airde.

Le linn na díospóireachta a reáchtáladh ag seisiún iomlánach fíorúil CESE, thíolaic agus ghlac CESE rún freisin maidir lena ionchur i gCruinniú Mullaigh Porto dar teideal, European Civil Society Working in Partnership for our Sustainable Future [Sochaí sibhialta na hEorpa ag obair i gcomhpháirt le chéile le go mbeidh todhchaí inbhuanaithe againn].

Sa rún uaidh, dúirt CESE gur cloch mhíle is ea Cruinniú Mullaigh Sóisialta Porto agus gur deis atá ann a léiriú go ngníomhaíonn an tAontas agus na Ballstáit i gcomhar lena saoránaigh agus ar son a ndea-bhail, gan duine ar bith a fhágáil ar lár.

Dar le CESE, tá Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta iontach tráthúil i gcomhthéacs an téarnaimh iar-phaindéimigh. Ní mór é a bheith de chumas ag gach saoránach, lena n-áirítear na saoránaigh is leochailí, páirt a ghlacadh i ndearadh agus i gcur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta amach anseo, bá a bheith acu leis agus é a bheith mar ábhar dóchais dóibh agus é sin ar fad trí rannpháirtíocht ghníomhach na sochaí sibhialta.

Thathantaigh CESE ar na Ballstáit agus na hinstitiúidí Eorpacha dul i mbun gníomhaíochta i réimsí éagsúla. San áireamh leis sin, bhí athléimneacht shóisialta na ngeilleagar Eorpach a mhéadú agus borradh a chur faoin bhfás eacnamaíoch agus cruthú post.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán CESE Christa Schweng: “Is céim chun tosaigh é an cruinniú mullaigh seo i dtreo daoine a chur i gcroílár bheartais an Aontais. Trína chuid oibre, tá sé d’aidhm ag CESE cur leis an téarnamh agus leis na hullmhúcháin do shochaithe agus do gheilleagair a bheidh níos glaise agus níos digití ar an mbealach is fearr is féidir linn, agus smaointe agus moltaí na sochaí sibhialta eagraithe á n-úsáid againn.”

Dúirt an tUasal Schmit faoin bplean gníomhaíochta gur “plean ar son na ndaoine” a bhí ann agus dúirt sé freisin go raibh sé i gceist leis dálaí maireachtála agus oibre na ngrúpaí is leochailí agus is mó atá faoi mhíbhuntáiste sa tsochaí a fheabhsú amhail mná, páistí, an t-aos óg agus daoine faoi mhíchumas. Leagtar béim ar thimpeallacht níos sóisialta a chur chun cinn agus ar infheistíocht a dhéanamh i ndaoine mar réamhriachtanas don iomaíochas agus don nuálaíocht.

“Ní bheidh rath ar na geilleagair agus ní éireoidh leis an aistriú glas ná an t-aistriú digiteach mura mbeidh daoine sách sláintiúil, léannta agus oilte. Is mian linn a chur in iúl nach ualach é an tsamhail shóisialta seo againn ach gur sainghné agus sócmhainn atá inti a chuir ar ár gcumas dul i ngleic leis an bpaindéim ar bhealach níos fearr ná réigiúin eile ar fud an domhain,” arsa an tUasal Schmit.

Mar sin féin, chuir sé i bhfáth go raibh an Coimisiún go mór ar an eolas maidir le roinnt na n-inniúlachtaí idir na leibhéil náisiúnta agus leibhéil an Aontais agus nach raibh sé i gceist aige dul i mbun reachtóireachta i réimsí nach dtagann faoina chúram. Bhain sé sin go háirithe leis an gcaoi ar gá spriocanna a bhaint amach, ar freagracht de chuid rialtais na mBallstát é sin. (ll)

CESE i bhfách le hAontas Sláinte AE a bheidh stóinsithe agus cuimsitheach

Tá seasamh láidir glactha ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) i bhfabhar Aontas Sláinte Eorpach a thógáil, agus tá iarrtha aige ar an Aontas Eorpach agus ar na Ballstáit a bhfuil ag teastáil ó mhuintir na hEorpa a chur i gcrích trí thús áite a thabhairt don tsláinte.

Read more in all languages

Tá seasamh láidir glactha ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) i bhfabhar Aontas Sláinte Eorpach a thógáil, agus tá iarrtha aige ar an Aontas Eorpach agus ar na Ballstáit a bhfuil ag teastáil ó mhuintir na hEorpa a chur i gcrích trí thús áite a thabhairt don tsláinte.

I suirbhéanna a rinneadh le déanaí, léiríodh gur mhian le 66% de mhuintir na hEorpa go gcuirfeadh an tAontas Eorpach tuairimí na saoránach faoi chúrsaí sláinte san áireamh ar bhealach níos mó agus léiríodh go raibh breis agus a leath díobh i bhfabhar an tsláinte phoiblí a bheith mar phríomhthosaíocht ag an Aontas a fhad a bhaineann le caiteachas de.

I dtuairim dá chuid a glacadh ag an seisiún iomlánach a bhí aige i mí Aibreáin, chuir CESE in iúl, dá bhrí sin, gur dhíol sásaimh dó pacáiste an Choimisiúin maidir le hAontas Sláinte na hEorpa, ar pointe tosaigh é maidir leis an gceart chun cúram sláinte ar ardchaighdeán a ráthú don uile Eorpach. Cinnteoidh sin go ráthófar seirbhísí cúraim sláinte ar ardchaighdeán agus go mbeidh siad ar fáil do shaoránaigh uile an Aontais, beag beann ar a stádas sóisialta agus eacnamaíoch nó a dtír chónaithe nó a n-áit chónaithe – rud nach amhlaidh fós faoi láthair.

Cé go ndírítear i bpacáiste an Choimisiúin, a fógraíodh i mí na Samhna, ar bhagairtí sláinte trasteorann agus ar phaindéimí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a chosc agus a bhainistiú ar bhealach níos fearr, is éard atá sa phacáiste, dar le CESE, ná “forbairt thábhachtach nua” lena bhféadfaí tús a chur le hathrú sistéamach, in ionad brath ar an mbainistiú géarchéime, mar atáthar a dhéanamh i láthair na huaire. 

Agus í ag trácht ar sheasamh CESE, bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán CESE, Christa Schweng: “A bhuí leis na tionscnaimh seo, féadfaimid na chéad chéimeanna a thabhairt i dtreo Aontas Sláinte na hEorpa i ndáiríre, rud atá de dhíth orainn, agus beidh na Ballstáit uile in acmhainn oibriú as lámha a chéile chun feabhas a chur ar chosc, cóireáil agus iarchúram galar. D’fhágfadh an tAontas Sláinte sin go mbeadh na Ballstáit i riocht iad féin a ullmhú chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna sláinte a bheadh ann amach anseo agus iad a bhainistiú i gcomhar le chéile. I gcás gníomhaíochtaí sa réimse seo, ba cheart tuairimí na sochaí sibhialta agus na gcomhpháirtithe sóisialta a chur san áireamh freisin, ráite go raibh ról ríthábhachtach acu maidir le cearta a chosaint agus a chur chun cinn le linn na paindéime.”

Seo mar a labhair an rapóirtéir, Ioannis Vardakastanis, faoin ábhar: “Tá teachtaireacht shimplí le cur in iúl againn, is é sin le rá, is dóigh le saoránaigh an Aontais gur cheart tosaíocht a thabhairt don tsláinte phoiblí ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon, agus ní mór dúinn ról an Aontais ina leith sin a threisiú.” Thug sé le fios freisin gur léirigh an phaindéim gur gá athrú a dhéanamh ar an gcaoi a smaoinímid ar chúram sláinte agus gur léir anois nach féidir déileáil leis mar a bheadh tráchtearra ann.

Faoi mar a d’áitigh CESE i dtuairim dá chuid, má tá rath le bheith ar Aontas Sláinte na hEorpa amach anseo, is gá feabhas a chur ar dhálaí oibre oibrithe cúraim sláinte, lena n-áirítear pá agus dreasachtaí le gur féidir iad a choinneáil ag obair san earnáil seo, agus is gá feabhas a chur ar a sláinte agus a sábháilteacht freisin.

Ba cheart san Aontas Sláinte díriú ar ghalair neamhtheagmhálacha ós rud é gur léirigh an phaindéim reatha an “gaol tocsaineach” atá acusan le galair theagmhálacha. Ba cheart béim a leagan freisin ar an meabhairshláinte. (ll)

 

Insint Nua ar an Eoraip – Rún CESE maidir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa

Ag an seisiún iomlánach a bhí aige i mí Aibreáin, ghlac CESE rún maidir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, ina n-éilítear “insint nua atá bunaithe ar réaltacht an ghnáthshaoil laethúil” ionas gur féidir nasc nua a chruthú le saoránaigh na hEorpa agus iad a spreagadh. Ní tharlóidh sin, áfach, go dtí go dtabharfar ról nach beag don tsochaí shibhialta eagraithe ina leith sin.

Read more in all languages

Ag an seisiún iomlánach a bhí aige i mí Aibreáin, ghlac CESE rún maidir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, ina n-éilítear “insint nua atá bunaithe ar réaltacht an ghnáthshaoil laethúil” ionas gur féidir nasc nua a chruthú le saoránaigh na hEorpa agus iad a spreagadh. Ní tharlóidh sin, áfach, go dtí go dtabharfar ról nach beag don tsochaí shibhialta eagraithe ina leith sin.

Sa rún dar teideal Insint Nua ar an Eoraip, tá sraith moltaí dírithe ar an leas is fearr is féidir a bhaint as an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa ós rud é gur deis atá inti todhchaí níos rathúla, níos inbhuanaithe agus níos cothroime a leagan amach don Aontas Eorpach. Leag Uachtarán CESE, Christa Schweng, béim mar leanas ar a thábhachtaí atá sé torthaí nithiúla a bhaint amach: “Ní mór don Chomhdháil dul chun cinn nithiúil intomhaiste a dhéanamh in ionad a bheith i dtortaobh le pléití neamhcheangailteacha; sin le rá, ba cheart moltaí nithiúla maidir le gníomhaíocht AE a chur chun tosaigh de dhroim na smaointe a chuirfear in iúl le linn na Comhdhála.”

Ar a mhuin sin, d’athdhearbhaigh Christa Schweng gur gá a chur ina luí ar na saoránaigh gur leo féin an tAontas Eorpach, rud nach mothaíonn siad a thuilleadh: “I dtaca lena bhfuil i ndán don Eoraip, tá insint nua dhearfach de dhíth freisin. Ní mór dúinn a chruthú agus a mheabhrú do chách gurb iontach an áit í an Eoraip le cónaí inti agus le dul chun cinn sa saol. Anuas air sin, ní féidir neamhshuim a dhéanamh de ghuth shochaí shibhialta eagraithe na hEorpa: más mian linn i ndáiríre páirt a thabhairt do na saoránaigh sa tionscadal Eorpach, ba cheart an tsochaí shibhialta a chur ar an stiúir.”

I measc nithe eile, cuirtear chun suntais sa rún an gá atá le “téarnamh cothrom inbhuanaithe ó ghéarchéim COVID-19, téarnamh a réiteoidh an bealach do shochaí níos cuimsithí agus a chothóidh an t-iomaíochas fadtéarmach”. Aithnítear sa téacs freisin an “tábhacht nach beag” a bhaineann leis an aistriú dúbailte - an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach - chomh maith leis an ngá atá ann feidhm a bhaint as an gComhdháil chun earnálacha tionsclaíocha an Aontais agus a slabhraí soláthair a nuachóiriú agus a athrú ó bhonn, ionas go mbeidh siad iomaíoch i ndomhan go n-astaíochtaí níos ísle.

I mbeagán focal, ba cheart an deis a bheith ann leas a bhaint as an gComhdháil chun athrú fadtéarmach a bhaint amach san Aontas, lena n-áirítear páirt níos mó agus níos tábhachtaí a thabhairt do na saoránaigh agus don tsochaí shibhialta eagraithe i réimse poiblí na hEorpa. (dgf)

“Cuid den réiteach”: CESE i bhfách le rialacháin AE atá beartaithe chun smacht a chur ar na mórchuideachtaí teicneolaíochta

Tá CESE den tuairim gurb oiriúnach dá bhfeidhm iad an Gníomh um Margaí Digiteacha agus an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha, arna moladh ag an gCoimisiún Eorpach, chun srian a chur le cumhacht na n-ollchuideachtaí digiteacha san Eoraip, cumhacht atá ag fás de shíor, a fhad is go mbeidh siad in éineacht le cánachas ar na cuideachtaí teicneolaíochta, le dálaí oibre níos fearr d’oibrithe ardáin agus le rialachas sonraí.

Read more in all languages

Tá CESE den tuairim gurb oiriúnach dá bhfeidhm iad an Gníomh um Margaí Digiteacha agus an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha, arna moladh ag an gCoimsiún Eorpach chun srian a chur le cumhacht na n-ollchuideachtaí digiteacha san Eoraip, cumhacht atá ag fás de shíor, a fhad is go mbeidh siad in éineacht le cánachas ar na cuideachtaí teicneolaíochta, le dálaí oibre níos fearr d’oibrithe ardáin agus le rialachas sonraí.

I bpacáiste tuairimí a glacadh sa seisiún iomlánach a bhí ag CESE i mí Aibreáin, bhí CESE i bhfách leis an nGníomh um Margaí Digiteacha agus an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha, arna moladh ag an gCoimisiún Eorpach, chun beocht a chur san iomaíochas ar an idirlíon an athuair.

Is píosa reachtaíochta é an Gníomh um Margaí Digiteacha a rabhthas ag súil leis le fada an lá. “Le breis is deich mbliana anuas, bhí sé á iarraidh ag ionadaithe ón Aontas Eorpach go mbeadh cothrom na Féinne idir na hardáin mhóra ar líne,” arsa Emilie Prouzet, rapóirtéir na tuairime ó CESE maidir leis an dlí. “Leis an nGníomh um Margaí Digiteacha, tá próiseas á thabhairt isteach ag an gCoimisiún Eorpach a ceapadh go sonrach chun aghaidh a thabhairt ar na cuideachtaí sin atá an-mhór ar fad. Agus tacaímid, mar réiteach maith don Eoraip, leis an gcuid is mó dá bhfuil á mholadh acu. Ní thugtar aghaidh ach ar rud amháin sa Ghníomh sin, na maoir gheata – ach is rud an-mhór é sin cheana féin!”

Cé go dtacaíonn CESE leis an nGníomh um Margaí Digiteacha leis féin, tá sé teann air go bhfuil gá ann an t-éiceachóras dlíthiúil a chomhlánú le rialacháin ina dtabharfar aghaidh ar shaincheisteanna ríthábhachtacha eile a bhaineann leis an ngeilleagar digiteach.

Tá sé geallta ag an gCoiste súil an-ghéar a choinneáil ar an reachtaíocht atá beartaithe chun smacht a choinneáil ar chánachas na mórchuideachtaí teicneolaíochta, ar dhálaí oibre d’oibrithe ardáin, ar an gcosaint do thomhaltóirí sna margaí domhanda agus ar shaincheisteanna eile atá ina gcnámh spairne agus nach mór aghaidh a thabhairt orthu chun a chinntiú go mbeidh gach duine, idir thomhaltóirí, oibrithe agus ghnólachtaí chomh maith, in ann an reachtaíocht a chur chun deise dóibh féin.

Anuas air sin, tacaíonn CESE, ar an iomlán, leis an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha arb é is aidhm di seirbhísí áirithe a rialú, eadhon na seirbhísí lena múnlaítear agus lena n-athraítear an chaoi a ndéanann daoine cumarsáid, nascadh, tomhaltas agus gnó.

Tá CESE den tuairim gur den tábhacht é tacú le hiarrachtaí an Choimisiúin rialacha aonfhoirmeacha a chothabháil ar fud an Aontais, i bhfianaise a iarrachtaí reachtaíocht atá “oiriúnach don ré dhigiteach” a thabhairt isteach, ós rud é go gcuirfeadh sé sin le cumhacht na hEorpa ar an leibhéal domhanda.

“Ní mór dúinn cosc a chur ar ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh le hiomadú rialacha agus rialacháin náisiúnta a d’fhéadfadh an bonn a bhaint den chóras agus cosc a chur ar gach cuideachta Eorpach leas a bhaint as margadh aonair láidir,” arsa Gonçalo Lobo Xavier, rapóirtéir na tuairime ó CESE maidir leis an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha.

Áitíonn CESE go bhfuil sé ina dheis don Eoraip freisin rialacha comhchoiteanna a bheith ann chun caighdeáin dhomhanda a bhunú lena gcinnteofar ardleibhéal sábháilteachta agus cosanta maidir le hearraí agus ábhar ar líne, ar an gcaoi chéanna a bhfuil ardleibhéal sábháilteachta agus cosanta ann ó thaobh cosaint sonraí de a bhuí sin leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí.

Agus sonraí ag feidhmiú mar an “ola nua” i ngeilleagar an lae inniu, geilleagar atá ag éirí níos digití ó lá go lá, tá sé i gceist ag an gCoimisiún chomh maith bearta a thabhairt isteach chun comhroinnt sonraí sábháilte a spreagadh trí rialacha comhchoiteanna ar fud na hEorpa.

Seasann CESE go diongbháilte leis an nGníomh um Rialachas Sonraí.

“Leis an reachtaíocht sin, tá deis spéisiúil ann conair Eorpach i dtreo na digiteála a chur chun cinn, ós rud é gurb é an tAontas Eorpach amháin, de réir mar atá cúrsaí faoi láthair, a bhfuil machnamh dáiríre agus domhain ar bun aige faoi conas sonraí digiteacha a bhainistiú,” arsa Giuseppe Guerini, rapóirtéir na tuairime ó CESE maidir leis an togra a bhaineann le rialachas sonraí. “Nílimid ag iarraidh dul i dtreo an iomarca léirscaoilte, agus ba mhaith linn a chinntiú nach n-úsáidfí sonraí chun críche nach n-aontaíonn na saoránaigh leo. Molaimid don Choimisiún leanúint air sa treo ina bhfuil sé ag dul, leis an tacaíocht is gá chun an córas rialachais sonraí sin a chur chun feidhme.” (dm)

Céim chun cinn is ea straitéis nua cibearshlándála an Aontais Eorpaigh

Chuir Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) fáilte roimh an bpacáiste nua de bhearta cibearshlándála an Aontais Eorpaigh ach chuir sé in iúl go raibh laigí ann maidir le dul i ngleic le mórbhearna cibear-scileanna na hEorpa. Ní mór eintitis chriticiúla a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos simplí agus treoirlínte níos soiléire a chur i bhfeidhm maidir leo, i dtuairim CESE.

Read more in all languages

Chuir Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) fáilte roimh an bpacáiste nua de bhearta cibearshlándála an Aontais Eorpaigh ach chuir sé in iúl go raibh laigí ann maidir le dul i ngleic le mórbhearna cibear-scileanna na hEorpa. Ní mór eintitis chriticiúla a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos simplí agus treoirlínte níos soiléire a chur i bhfeidhm maidir leo, i dtuairim CESE.

I dtuairim a glacadh ag an seisiún iomlánach a bhí aige i mí Aibreáin, chuir CESE fáilte roimh straitéis nua cibearshlándála an Aontais mar chéim dhearfach i dtreo rialtais, daoine agus gnólachtaí a chosaint ar chibearbhagairtí agus fás eacnamaíoch a chosaint – réimse ina bhfuil an chuma air go bhfuil an tAontas Eorpach an-leochaileach, agus meastar gurb ionann tionchar eacnamaíoch na cibearchoireachta agus 0.84 % den olltáirgeacht intíre i gcomparáid le 0.78 % i Meiriceá Thuaidh.

Leagan CESE béim air, áfach, go bhfuil géarghanntanas ann maidir le scileanna cibearshlándála san Eoraip agus nach leor an straitéis chun dul i ngleic leis an ngéarghanntanas seo. Tá an t-éileamh ar ghairmithe cibearshlándála ag fás le blianta beaga anuas, fás atá tar éis ardú go pras le linn phaindéim COVID-19.

Ach fós féin tá níos mó post ar fáil ná mar atá gairmithe chun iad a líonadh: meastar go mbeidh ar a laghad 200,000 folúntas ann in earnáil Eorpach na cibearshlándála faoi 2022.

“Is léir go bhfuil géarghá ag an Aontas Eorpach le gairmithe oilte atá ag obair i róil chibearshlándála sna hearnálacha príobháideacha agus poiblí araon ar mhaithe le slándáil daoine aonair, gnólachtaí agus an Aontais féin”, a dúirt Philip von Brockdorff, rapóirtéir na tuairime ó CESE a bhaineann leis an straitéis. “Seo an fáth a bhfuil Conair Ghairme chomhoiriúnaithe sa Chibearshlándáil á moladh ag CESE, le tabhairt faoin mbearna scileanna atá ag méadú ar fud an Aontais Eorpaigh.”

Tá Uirlis um Chonairí Gairme sa Chibearshlándáil forbartha ag na Stáit Aontaithe, uirlis a chabhródh le daoine atá ag smaoineamh faoi ghairm sa Chibearshlándáil a bhaint amach conair ghairme ábhartha a aithint, a phleanáil agus a fhorbairt. Molann CESE go bhféadfadh an Eoraip Uirlis um Chonairí Gairme sa Chibearshlándáil dá cuid féin a fhorbairt, chun oiliúint a chur ar lucht saothair cibearshlándála a bhfuil scileanna inchomparáide acu san Eoraip, agus a bheadh in ann bogadh thar theorainneacha agus an t-éileamh sa tionscal ard fáis seo a shásamh ar fud an Aontais.

I dtuairim eile a glacadh ag an seisiún iomlánach a bhí aige i mí Aibreáin, tuairim a chuir Maurizio Mensi le chéile, chuir CESE fáilte roimh an dá thogra a dʼullmhaigh an Comisiún chun eintitis phoiblí agus phríobháideacha a dhéanamh níos athléimní i leith bagairtí ó chibirionsaithe agus ó ionsaithe fisiceacha, agus chuir sé in iúl gur gá acmhainneacht tionscail agus nuálaíochta a neartú ar dhóigh chuimsitheach trí bhíthin straitéis atá bunaithe ar cheithre cholún, mar atá, cosaint sonraí, cearta bunúsacha, an tsábháilteacht agus an chibearshlándáil.

Ar mhaithe le cuíchóiriú agus simpliú, áfach, iarrann an Coiste go gcuirfí an dá thogra le chéile in aon téacs amháin, toisc go bhfuil siad nasctha go dlúth agus go gcomhlánaíonn siad a chéile (ceann acu dírithe go príomha ar an gcibearshlándáil agus an ceann eile ar shlándáil fhisiciúil) agus go bhfuil forlú idir roinnt de na forálacha.

Agus tagairt á déanamh do raon feidhme an chur i bhfeidhm, cuireann an Coiste i bhfios go láidir go bhfuil gá le treoirlínte sonracha agus níos soiléire chun na heintitis “chriticiúla” atá faoi cheangal ag an treoir atá beartaithe a shainaithint go beacht. Ag trácht dó air seo, is é a dúirt Maurizio Mensi: “Ba chóir na critéir chun idirdhealú a dhéanamh idir eintitis ʽfhíor-riachtanachaʼ agus eintitis ʽthábhachtachaʼ in earnálacha criticiúla sa gheilleagar agus sa tsochaí a shainiú ar bhealach níos cruinne. Ní mór dúinn a chinntiú nach mbeidh bacainní ar an iomaíocht ná ar shaorghluaiseacht earraí agus seirbhísí de dheasca cur chuige neamhréireach ar an leibhéal náisiúnta, rud a d’fhéadfadh gnólachtaí a chur i mbaol agus an bonn a bhaint den trádáil.” (dm/mp)

Tá rath an chreata AE maidir leis na Romaigh ag brath ar na Ballstáit

I bhfianaise na n-easnamh a tugadh faoi deara, le deich mbliana anuas, sa chreat AE deiridh maidir leis na Romaigh, tá ciall cheannaithe ag an gCoimisiún Eorpach, rud a fhágann go bhfuil sé teann air anois príomhspriocanna an chreata nua straitéisigh AE maidir leis na Romaigh a bhaint amach, agus laghdú faoina leath, ar a laghad, a dhéanamh ar an idirdhealú agus ar an eisiamh socheacnamaíoch faoi 2030. Chuige sin, áfach, tá ról thar a bheith tábhachtach ag na Ballstáit maidir le torthaí inbhraite a bhaint amach. Mura mbeidh straitéisí náisiúnta éifeachtacha agus bearta pragmatacha ann, is baolach go dteipfidh ar an gcreat nua sin ar an gcaoi cheannann chéanna ar theip ar an gceann a chuaigh roimhe.

Read more in all languages

I bhfianaise na n-easnamh a tugadh faoi deara, le deich mbliana anuas, sa chreat AE deiridh maidir leis na Romaigh, tá ciall cheannaithe ag an gCoimisiún Eorpach, rud a fhágann go bhfuil sé teann air anois príomhspriocanna an chreata nua straitéisigh AE maidir leis na Romaigh a bhaint amach, agus laghdú faoina leath, ar a laghad, a dhéanamh ar an idirdhealú agus ar an eisiamh socheacnamaíoch faoi 2030. Chuige sin, áfach, tá ról thar a bheith tábhachtach ag na Ballstáit maidir le torthaí inbhraite a bhaint amach. Mura mbeidh straitéisí náisiúnta éifeachtacha agus bearta pragmatacha ann, is baolach go dteipfidh ar an gcreat nua sin ar an gcaoi cheannann chéanna ar theip ar an gceann a chuaigh roimhe.

Le linn éisteacht ar líne maidir le Creat nua AE maidir leis na Romaigh: tuairimí agus ionchais le haghaidh thodhchaí na bpobal Romach, chuir na rannpháirtithe i bhfios gur theip ar an straitéis deiridh torthaí maithe a bhaint amach mar gheall ar an staid pholaitiúil i roinnt de na Ballstáit, maille leis an easpa tacaíochta a fuarthas uathu.

Dírítear sa chreat nua maidir leis na Romaigh ar chur chuige bunaithe ar thrí cholún: an comhionannas, an cuimsiú agus an rannpháirtíocht. Leis an gcur chuige sin, cuirtear le lánpháirtiú socheacnamaíoch na Romach imeallaithe, gné a bhí mar chuid den chreat deiridh, agus déantar athchóiriú suntasach air.

Tá go leor le moladh sa chreat nua maidir leis na Romaigh, ach tá an tseanfhadhb chéanna ann: an chaoi a gcuirfear chun feidhme é.

Bhí Isabela Mihalache, ionadaí ó Líonra Eorpach Eagraíochtaí Poiblí na Romach (ERGO), moltach faoin gcreat nua toisc roinnt sineirgí agus beartais AE chomhlántacha a bheith mar chuid de, ach, a mhéid a bhaineann le gealltanais íosta chomhchoiteanna na mBallstát sa chreat, bhí sí den tuairim go bhfuil siad sin sách ginearálta.

Thug Bernard Rorke, ón Lárionad Eorpach um Chearta na Romach, an rabhadh seo uaidh: “Mura bhfaighidh an ceartas an lámh in uachtar gan dochar do na saoránaigh ar Romaigh iad, teipfidh ar an gcreat sin ar an gcaoi cheannann chéanna ar theip ar an gceann a chuaigh roimhe”.

Bhí Florin Botonogu, ón Lárionad Beartais um Romaigh agus Mionlaigh atá lonnaithe i mBúcairist, ar cóimheon leis an Uas. Rorke, agus é á chur in iúl go diongbháilte aige nach mór do na réitigh a bheith réalaíoch.

Spreag Alfredas Jonuška, Cathaoirleach ar an nGrúpa Staidéir Téamach in CESE um Chuimsiú na Romach, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na heagraíochtaí neamhrialtasacha a dtuairimí a chur in iúl. Dar leis an gCathaoirleach, cé go bhfuil dul chun cinn déanta, tá go leor eile fós le baint amach. (at)

#LánahEorpa 2021: is mó ná riamh an difear a dhéanann CESE

Cheiliúr CESE, ionadaí ar an tsochaí shibhialta eagraithe, Lá na hEorpa ar líne i mbliana! Agus réimse gníomhaíochtaí á n-óstáil aige ar a shuíomh gréasáin, rinne an Coiste ceiliúradh ar an Aontas Eorpach agus ar chomóradh 71 bhliain Dhearbhú Schuman – arbh é túsphointe lánpháirtiú na hEorpa é – tríd an ról lárnach uathúil atá ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta san Eoraip sa tréimhse chorrach seo a léiriú, óna rannpháirtíocht sa téarnamh go dtí an obair ríthábhachtach a dhéanann siad agus aghaidh á tabhairt acu ar dhúshláin laethúla.

Read more in all languages

Cheiliúr CESE, ionadaí ar an tsochaí shibhialta eagraithe, Lá na hEorpa ar líne i mbliana! Agus réimse gníomhaíochtaí á n-óstáil aige ar a shuíomh gréasáin, rinne an Coiste ceiliúradh ar an Aontas Eorpach agus ar chomóradh 71 bhliain Dhearbhú Schuman – arbh é túsphointe lánpháirtiú na hEorpa é – tríd an ról lárnach uathúil atá ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta san Eoraip sa tréimhse chorrach seo a léiriú, óna rannpháirtíocht sa téarnamh go dtí an obair ríthábhachtach a dhéanann siad agus aghaidh á tabhairt acu ar dhúshláin laethúla.

I measc na nithe a bhí ar an gclár oibre fairsing don lá, bhí cainteanna ar líne, cuairt fhíorúil 360° ar áitreabh an Choiste agus gníomhaíochtaí idirghníomhacha eile trína bhféadfadh cuairteoirí tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi a n-oibríonn CESE, faoina fheidhm chomhairleach agus faoi ghníomhaíochtaí a chomhaltaí.

Thionóil CESE seimineár gréasáin maidir leis an “Daonlathas rannpháirtíochta: príomhcholún den Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa,” faoi stiúir Cillian Lohan, Leas-Uachtarán um an gCumarsáid, ar lena linn a phléigh comhaltaí CESE, Milena Angelova, Tatjana Babrauskienė, Miroslav Hajnoš, Violeta Jelić agus Elena Sinkevičiūtė, an chaoi a bhféadfadh ról níos feiceálaí a bheith ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar an leibhéal Eorpach agus an rannchuidiú sárluachmhar a dhéanann siad a bheith níos éifeachtaí.

Táimid ag súil go mór leis an mbliain seo chugainn nuair a d’fhéadfadh sé go mbeadh Lá Oscailte CESE ar siúl athuair ar ár n-áitreabh oifigiúil, foirgneamh Jacques Delors i gceantar Eorpach na Bruiséile. (mp)

 

Tá CESE ag tacú le tionscnaimh chun na rioscaí a bhaineann le lotnaidicídí a laghdú ach cuireann sé i bhfáth nach mór teacht ar réitigh mhalartacha atá cost-éifeachtach

Is san Aontas atá cuid de na rialacháin is déine ar domhan i bhfeidhm maidir le táirgí cosanta plandaí (TCPanna nó lotnaidicídí) a úsáid sa talmhaíocht. Is féidir i bhfad níos mó a dhéanamh, áfach, chun an cóineasú rialála a fheabhsú ar mhaithe leis na rioscaí a bhaineann le húsáid TCPanna a laghdú agus soláthar bia sláintiúil agus sábháilte a ráthú do dhaonra an domhain atá ag dul i méid i gcónaí.

Read more in all languages

Is san Aontas atá cuid de na rialacháin is déine ar domhan i bhfeidhm maidir le táirgí cosanta plandaí (TCPanna nó lotnaidicídí) a úsáid sa talmhaíocht. Is féidir i bhfad níos mó a dhéanamh, áfach, chun an cóineasú rialála a fheabhsú ar mhaithe leis na rioscaí a bhaineann le húsáid TCPanna a laghdú agus soláthar bia sláintiúil agus sábháilte a ráthú do dhaonra an domhain atá ag dul i méid i gcónaí.

Mar ionchur do mheastóireacht an Choimisiúin ar Threoir 2009/128/CE maidir le húsáid inbhuanaithe lotnaidicídí, ghlac CESE tuarascáil faisnéise ar an ábhar sin.

Tá deich mbliana ann ó tháinig an Treoir i bhfeidhm agus is den ríthábhacht a mheas cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil sí oiriúnach dá feidhm.

Cé go bhfuil dul chun cinn nach beag déanta maidir le láimhseáil agus cóireáil lotnaidicídí, is príomhchonstaic ar an úsáid is fearr is féidir a bhaint as TPCanna fós é an easpa eolais leordhóthanaigh atá ann ina leith.

Meastar freisin gur laige sa Treoir maidir le húsáid inbhuanaithe lotnaidicídí iad faireachán agus forfheidhmiú an dlí, maille leis an easpa pionós éifeachtach do Bhallstáit nach gcomhlíonann na rialacha.

Bíodh is go bhfuil feirmeoirí Eorpacha fós tiomanta go mór don aistriú chuig cleachtais talmhaíochta níos inbhuanaithe, tá comhdhearcadh ginearálta ann nach ann do réitigh mhalartacha agus teicneolaíochtaí nua atá cost-éifeachtach go leordhóthanach chun cothabháil barr a chinntiú.

“Is éard a theastaíonn ná cur chuige iomlánaíoch uaillmhianach d’fhonn creat reachtach a chruthú lenar féidir linn déileáil le húsáid lotnaidicídí ar bhealach comhleanúnach, comhsheasmhach agus eolaíoch,” a dúirt José Manuel Roche Ramo, rapóirtéir CESE, go diongbháilte. (mr)

Deimhniú COVID-19 AE: tá cur chun feidhme pras, aonfhoirmeach agus slán á iarraidh ag CESE

Agus ceann de bhunluachanna an Aontais Eorpaigh ina stad le breis is bliain anuas, is é an Deimhniú Glas Digiteach, ar a dtugtar Deimhniú COVID-19 AE anois, atá á mholadh ag an gCoimisiún, an bealach chun tosaigh le gluaiseacht shaor agus shábháilte a bhaint amach san Eoraip.

Read more in all languages

Agus ceann de bhunluachanna an Aontais Eorpaigh ina stad le breis is bliain anuas, is é an Deimhniú Glas Digiteach, ar a dtugtar Deimhniú COVID-19 AE anois, atá á mholadh ag an gCoimisiún, an bealach chun tosaigh maidir le gluaiseacht shaor agus shábháilte san Eoraip. Is díol sásaimh do CESE tabhairt isteach an deimhnithe mar chaighdeán comhchoiteann den scoth chun deacrachtaí a íoslaghdú do thaistealaithe agus chun gluaiseacht a éascú dóibh, ar an gcoinníoll go bhfuil cearta bunúsacha agus ceanglais maidir le cosaint sonraí á n-urramú go hiomlán.

De réir na tuairime ó CESE, creideann an Coiste go mbeidh sé níos éasca, a bhuí leis an deimhniú, do phaisinéirí dul ag taisteal, ach sa rialachán atá beartaithe, ní leagtar síos aon cheanglas ná ceart maidir le vacsaín a fháil. “Ní mór trédhearcacht a bheith ann maidir leis an deimhniú sin agus ní mór dó ár saol príobháideach a chosaint ”, arsa George Vernicos, rapóirtéir na tuairime, go diongbháilte.

Gnéithe sóisialta agus eiticiúla le chur san áireamh

Leis an deimhniú, dearbhófar ní hamháin má tá vacsaín faighte ag duine, ach léireofar freisin torthaí tástála PCR a rinneadh le déanaí, maille le faisnéis maidir le téarnamh duine ó ionfhabhtú SARS‑CoV‑2.

Ní mór do na húdaráis náisiúnta a chinntiú go gcuirfear an deimhniú chun feidhme go pras, gan aon chostas agus gan idirdhealú. Tá sé á chur i bhfáth ag CESE freisin nach mór a chinntiú nach ndéanfar idirdhealú san ionad oibre de thoradh an deimhnithe agus nach mbeidh an deis ann gabháil do phádhumpáil trí dhaoine ó thríú tíortha a bhfuil vacsaín faighte acu a fhostú.

Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar chosaint sonraí, rud a fhágann go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach do na Ballstáit córais idir-inoibritheacha a bheith acu a mbeidh forálacha láidre maidir le cosaint sonraí ag gabháil leo. (at)

AE mar ghníomhaí domhanda tar éis na paindéime – an bealach chun cinn

Tá paindéim COVID-19 ina cúis le moilliú ar obair a lán earnálacha eacnamaíocha agus, san am céanna, is í is cúis le hathrú suntasach ar chothromaíocht na cumhachta ar fud an domhain. Sa chomhthéacs sin, tá straitéis chuí á lorg ag an Aontas chun a ról mar ghníomhaí eacnamaíoch domhanda a neartú, le beartais arb é is aidhm dóibh ról idirnáisiúnta an euro a threisiú, athléimneacht bhonneagair mhargadh airgeadais an Aontais a neartú agus feabhas a chur ar chur chun feidhme na smachtbhannaí a fhorchuirtear ar thríú tíortha.

Read more in all languages

Tá paindéim COVID-19 ina cúis le moilliú ar obair a lán earnálacha eacnamaíocha agus, san am céanna, is í is cúis le hathrú suntasach ar chothromaíocht na cumhachta ar fud an domhain. Sa chomhthéacs sin, tá straitéis chuí á lorg ag an Aontas chun a ról mar ghníomhaí eacnamaíoch domhanda a neartú, le beartais arb é is aidhm dóibh ról idirnáisiúnta an euro a threisiú, athléimneacht bhonneagair mhargadh airgeadais an Aontais a neartú agus feabhas a chur ar chur chun feidhme na smachtbhannaí a fhorchuirtear ar thríú tíortha.

I bhfianaise an mhéid sin, thíolaic an Coimisiún an Teachtaireacht uaidh dar teideal, Córas eacnamaíoch agus airgeadais na hEorpa: oscailteacht, neart agus athléimneacht a chothú, arb é is aidhm di é a chur ar chumas na hEorpa ar bhonn níos fearr ról lárnach a bheith aici sa chóras domhanda eacnamaíoch agus airgeadais, agus an tAontas á chosaint ó chleachtais mhíchothroma mhí-úsáideacha tríú tíortha agus na gcuideachtaí atá bunaithe sna tíortha sin. Rinneadh anailís ar ábhar na Teachtaireachta sin ag éisteacht phoiblí a d’eagraigh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) d’fhonn tuairim a tharraingt suas ar an ábhar.

San eochairóráid uaithi, mhínigh an Feisire Eorpach agus rapóirtéir na tuarascála maidir le Ról idirnáisiúnta an euro a neartú, Danuta Maria Hübner, gur léir anois, leis na haistrithe geopholaitiúla agus na dúshláin dhomhanda, lena n-áirítear paindéim COVID-19, go bhfuil gá le breis athléimneachta i ngeilleagar an Aontais. Dúirt sí freisin gur ghnách tacú le ról idirnáisiúnta neartaithe an euro trí chóras airgeadais atá níos leachtaí san Aontas, rud a d’fhéadfadh rannchuidiú freisin le leochaileacht a laghdú maidir le géarchéimeanna a bheidh ann amach anseo.

Rinne Tomasz Wróblewski, rapóirtéir na tuairime ó CESE maidir le Córas eacnamaíoch agus airgeadais na hEorpa: oscailteacht, neart agus athléimneacht a chothú, achoimre ar phríomhphointí na díospóireachta: “Tá gá le bearta misniúla neamhghnásacha chun ról idirnáisiúnta an euro a neartú. Beidh an méid sin ríthábhachtach chun ár ngeilleagar a chur ar an gconair fáis sa domhan a bheidh ann tar éis na paindéime”. (dgf)

Creat dlíthiúil uile-Eorpach chun cearta daoine LGBITQ a chosaint

Tá daoine LGBTIQ i ngach cearn den Eoraip thíos le hidirdhealú a chuireann isteach ar a bhfeidhmíocht oideachasúil, ar a n-ionchais fostaíochta, ar a bhfolláine agus ar fheidhmiú a gceart bunúsach, fiú, amhail saorghluaiseacht laistigh den Aontas.

Read more in all languages

Tá daoine LGBTIQ i ngach cearn den Eoraip thíos le hidirdhealú a chuireann isteach ar a bhfeidhmíocht oideachasúil, ar a n-ionchais fostaíochta, ar a bhfolláine agus ar fheidhmiú a gceart bunúsach, fiú, amhail saorghluaiseacht laistigh den Aontas.

D’fhonn dul i ngleic leis sin, tá molta ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) i dtuairim uaidh a glacadh ag an seisiún iomlánach a bhí aige i mí Aibreáin go nglacfaí rialachán neamh-idirdhealaitheach maidir le coincheap an “teaghlaigh” ar leibhéal an Aontais.

Sa tuairim sin, cuirtear in iúl gur díol sásaimh í an Straitéis um Chomhionannas LGBTIQ 2020-2025 a ghlac an Coimisiún Eorpach, arb é is aidhm di an t-idirdhealú a laghdú agus sábháilteacht agus cearta bunúsacha daoine LGBTI a chinntiú san Aontas trí bhearta reachtacha a ghlacadh ar an leibhéal Eorpach.

Leag rapóirtéir na tuairime, Ionuţ Sibian, béim ar a thráthúla atá an straitéis agus chuir sé in iúl gur geal leis an misneach a léirigh an Coimisiún agus an straitéis sin á glacadh “tráth atá an homafóibe agus an trasfhóibe ag dul i méid ar an leibhéal Eorpach”.

Éilítear leis an téacs a glacadh sainmhíniú ar choincheap an “teaghlaigh” a bheidh aitheanta ag Ballstáit uile an Aontais d’fhonn a ráthú go n-urramófar cearta “teaghlaigh bogha báistí”, mar a thugtar orthu, ar fud an Aontais ar fad, go háirithe i gcásanna trasteorann. Tá CESE á thathant ar an Aontas freisin treonna gníomhaíochta maidir le beartais ghníomhacha fostaíochta a bhunú, agus é d’aidhm acu go bhforbróidh na Ballstáit pleananna náisiúnta fostaíochta ina gcuirfear bearta sonracha do dhaoine LGBTIQ san áireamh agus iarrann sé ar gach Ballstát toirmeasc a chur ar chleachtais agus teiripí “tiontaithe”, mar a thugtar orthu. (dgf)

Caithfidh soghluaisteacht an Aontais a bheith inbhuanaithe agus cliste

Caithfidh todhchaí earnáil iompair an Aontais a bheith inbhuanaithe, sóisialta agus cliste: is é sin an dúshlán atá roimh earnáil a bhfuil athruithe móra tagtha uirthi le blianta beaga anuas, earnáil a bhí buailte go dona ag paindéim COVID-19. Le linn dhíospóireacht an tseisiúin iomlánaigh ar an straitéis iompair nua de chuid an Choimisiúin, a tionóladh ar an 28 Aibreán 2021, chuir Uachtarán CESE, Christa Schweng, i bhfios go raibh fís de dhíth ar an Eoraip d’Eoraip iar-COVID-19; ó thaobh an iompair de, is éard a bheadh i gceist leis an bhfís sin ná gluaiseacht inbhuanaithe, chliste agus athléimneach.

Read more in all languages

Caithfidh todhchaí earnáil iompair an Aontais a bheith inbhuanaithe, sóisialta agus cliste: is é sin an dúshlán atá roimh earnáil a bhfuil athruithe móra tagtha uirthi le blianta beaga anuas, earnáil a bhí buailte go dona ag paindéim COVID-19. Le linn dhíospóireacht an tseisiúin iomlánaigh ar an straitéis iompair nua de chuid an Choimisiúin, a tionóladh ar an 28 Aibreán 2021, chuir Uachtarán CESE, Christa Schweng, i bhfios go raibh fís de dhíth ar an Eoraip d’Eoraip iar-COVID-19; ó thaobh an iompair de, is éard a bheadh i gceist leis an bhfís sin ná gluaiseacht inbhuanaithe, chliste agus athléimneach.

Bhí Adina Vălean, an Coimisinéir Eorpach um Iompar den bharúil chéanna agus chuir sí i bhfáth nár athraigh an phaindéim an fhís fhoriomlán atá ag an gCoimisiún i dtaca le hiompar agus go bhfuil an fhís sin fréamhaithe go daingean sa Chomhaontú Glas don Eoraip agus go bhfuil sí bunaithe ar cholúin an dícharbónaithe agus na digiteála.

Ar an iomlán, tá CESE i bhfách leis an gcur chuige ginearálta maidir leis an Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste a ailíniú le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Mar sin féin, sa tuairim a dhréachtaigh Stefan Back agus Tanja Buzek a glacadh an 27 Aibreán 2021, tá amhras ann faoi cé acu an éiríonn nó nach n-éiríonn leis an gcur chuige an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir bearta teicniúla agus bearta beartais iompair.

Maidir le cuid mhór de na gníomhaíochtaí atá beartaithe ó thaobh na hinbhuanaitheachta agus an digitithe de, beidh éifeachtaí forleathana ag na gníomhaíochtaí sin ar an margadh aonair agus ar oibrithe iompair. Ar an drochuair, ní thugtar dóthain airde sa straitéis ar na gnéithe sin agus d’fhéadfaí an bonn a bhaint dá cur chun feidhme rathúil dá thoradh sin. Ina theannta sin, ní bheifear in ann claochlú inbhuanaithe agus digiteach a dhéanamh ar earnáil iompair an Aontais ach amháin má dhéantar an earnáil ina hiomláine agus bonn tionsclaíoch gaolmhar an Aontais níos iomaíche. (mp)

traffic sign: urban - to the right, rural - dead end

Forbairt chríochach na limistéar tuaithe: ní leor CBT ann féin, dar le CESE

Ní mór a chinntiú nach dtiocfaidh méadú breise ar na bearnaí idir limistéir thuaithe agus uirbeacha agus beartais a chomhordú ar dhóigh níos fearr chun na bearnaí sin a dhúnadh. Ní leor CBT nua ann féin chun na réimsí idirghaolmhara sin a athchothromú. Má tá an Eoraip chun dul i ngleic le héagothromaíochtaí i ndáiríre, ní mór sraith níos leithne de bheartais agus d’ionstraimí cistiúcháin a shlógadh.

Read more in all languages

Ní mór a chinntiú nach dtiocfaidh méadú breise ar na bearnaí idir limistéir thuaithe agus uirbeacha agus beartais a chomhordú ar dhóigh níos fearr chun na bearnaí sin a dhúnadh. Ní leor CBT nua ann féin chun na réimsí idirghaolmhara sin a athchothromú. Má tá an Eoraip chun dul i ngleic le héagothromaíochtaí i ndáiríre, ní mór sraith níos leithne de bheartais agus d’ionstraimí maoiniúcháin a shlógadh.

I dtuarascáil faisnéise a glacadh ag an seisiún iomlánach a bhí aige i mí Aibreáin, chuir CESE meastóireacht chomhlántach ar fáil, ar iarratas ón gCoimisiún, maidir leis an méid a chuidíonn na hionstraimí agus na beartais faoi Chomhbheartas Talmhaíochta (CBT) 2014-2020 le forbairt chothrom chríochach i limistéir thuaithe.

Bunaithe ar chomhairliúcháin a tionóladh i gcúig thír roghnaithe de chuid an Aontais (an Fhrainc, an Ungáir, Éire, an Iodáil agus an Spáinn), rinne CESE anailís ar an gcaoi ar féidir le CBT laghdú a dhéanamh ar mhíchothromaíochtaí i limistéir thuaithe.

Easpa comhleanúnachais idir beartais an Aontais

Cé gurb é CBT an príomhbheartas le haghaidh cistiú a chur ar fáil agus fostaíocht a chothabháil in earnáil na talmhaíochta, tá ról ríthábhachtach ag na cláir chistiúcháin eile atá ann cheana agus is comhlánú iad ar CBT. Mar sin féin, measadh nach raibh an comhleanúnachas le beartais eile AE/náisiúnta/áitiúla chomh maith agus ab fhéidir maidir le beartas sóisialta, beartas bia, beartas comhshaoil, an taighde, nuálaíocht agus trádáil. Ní mór don inbhuanaitheacht chomhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta a bheith fite fuaite le chéile.

Moltaí don Chomhbheartas Talmhaíochta a bheidh ann amach anseo

Fuarthas go bhféadfadh LEADER agus forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail (CLLD) a bheith ar na cinn is éifeachtaí de bhearta CBT ar fad. Ní mór, áfach, i bhfad níos mó acmhainní a chur ar fáil do CBT agus barrfheabhas a chur air. “Is den ríthábhacht páirt a thabhairt d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta d’fhonn feidhmiú ceart na gclár a chinntiú agus deimhin a dhéanamh de go dtabharfar aird chuí ar riachtanais áitiúla,” a dúirt Piroska Kállay, rapóirtéir CESE.

Measadh gur beart éifeachtach de chuid CBT 2014-2020 atá san fheirmeoireacht shóisialta agus gur cheart tacaíocht bhreise a thabhairt di.

Ní raibh tionchar bhearta CBT ar an bhfostaíocht i limistéir thuaithe chomh dearfach agus ba ghá i bhformhór na dtíortha. Sna tíortha ar tugadh cuairt orthu, leag roinnt geallsealbhóirí béim ar a thábhachtaí atá an choinníollacht shóisialta. “Ní mór, dá bhrí sin, cearta saothair agus dálaí cuibhiúla oibre a ráthú le coinníollacht shóisialta i gcistiú CBT,” a dúirt Piroska Kállay mar fhocal scoir.

Ba cheart Faireachlann um Fhorbairt Tuaithe a chur ar bun freisin. (mr)

 

News from the Groups

Ní mór do phleananna téarnaimh an Aontais aghaidh a thabhairt ar na bearnaí a nochtadh le géarchéim COVID-19

Le Grúpa na bhFostóirí in CESE

Thíolaic an Coimisiún an t-athbhreithniú ar an Straitéis tionsclaíochta an mhí seo a rabhthas ag dréim leis le fada. Sa bhreis ar straitéisí, áfach, tá gníomhaíocht ghasta ag teastáil ó chuideachtaí chun cabhrú leis an Eoraip an t-iomaíochas agus an fás a athghnóthú.

Read more in all languages

Le Grúpa na bhFostóirí in CESE

Thíolaic an Coimisiún an t-athbhreithniú ar an Straitéis tionsclaíochta an mhí seo a rabhthas ag dréim leis le fada. Sa bhreis ar straitéisí, áfach, tá gníomhaíocht ghasta ag teastáil ó chuideachtaí chun cabhrú leis an Eoraip an t-iomaíochas agus an fás a athghnóthú.

Faoi láthair, tá an tAontas Eorpach go mór chun deiridh ar na Stáit Aontaithe agus ar an tSín maidir le fás eacnamaíoch. Cé go bhfuil cuma níos dóchasaí ar réamhaisnéis Earrach 2021 ón gCoimisiún a rinneadh le déanaí, tá fostóirí suite de nach rachaidh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha ar ais láithreach bonn chuig na leibhéil chéanna a bhí ann roimh an ngéarchéim.

Níl aon chleas ann le filleadh ar an bhfás ná ar an iomaíochas. Ní mór do na pleananna téarnaimh aghaidh a thabhairt ar na bearnaí a nochtadh le géarchéim na paindéime. Ní mór aghaidh a thabhairt ar an róbhrath ar shlabhraí soláthair áirithe. Tá tuilleadh éagsúlaithe ag teastáil chun iomaíochas nua a choinneáil agus forbairt a dhéanamh uirthi.

Anuas air sin, tá éiceachóras nuálaíochta níos comhleanúnaí ag teastáil lena dtabharfar cead do FBManna a bheith rannpháirteach agus lena gcuirfear feabhas ar an rochtain atá ag na réigiúin nach féidir leo teacht aniar chomh maith céanna ó iarmhairtí tromchúiseacha eacnamaíocha na paindéime. Chomh maith leis an nuálaíocht, tá fuinneamh saor de dhíth ar an tionsclaíocht trí shamhlacha nua a fhorbairt don mhargadh leictreachais agus trí aistriú an chórais fuinnimh chuig breosla níos glaine a chur chun cinn.

Agus an meall mór ar deireadh, ní mór do dhaoine agus do ghnólachtaí freagracht a ghlacadh as an gclár oibre claochlaitheach téarnaimh sin. Ní chuirfear dlús faoin bpróiseas go dtí go mbeidh daoine sásta dul i mbun an aistrithe. Ní tráth faillí é seo agus ní éireoidh le straitéis ar bith mura dtacaíonn an tsochaí léi.

Anois agus an straitéis réitithe againn, ní mór dúinn ábhar práinne a dhéanamh athuair den ghá atá leis an athrú a chur i bhfeidhm, go háirithe más mian linn na ranguithe is airde a bhaint amach i dtaca le fás agus iomaíochas. Ag snámh in aghaidh easa a bheimid ach ní mór dúinn ár gceannscríbe a bhaint amach.

Anois, agus a tuairim á tarraingt suas ag CESE maidir leis An straitéis nua tionsclaíochta don Eoraip, leis an rapóirtéir, Sandra Parthie, táimid suite de go gcuirfear argóintí luachmhara chun cinn leis an obair seo a mbeidh dea-thionchar acu ar an bParlaimint agus ar an gComhairle araon. Cuirfidh an méid sin ar ár gcumas bogadh ó chéim na straitéise go céim na gníomhaíochta.

I gcás na catagóire “Guth na nOibrithe”, tá an fuinneamh polaitiúil ann anois le cearta rannpháirtíochta níos láidre a éileamh

Le Grúpa na nOibrithe in CESE

“Tá an fuinneamh polaitiúil ann anois le cearta rannpháirtíochta níos láidre a éileamh d’oibrithe”, arsa cathaoirleach Ghrúpa na nOibrithe, Oliver Röpke, agus é ag labhairt faoin achainí ar son tuilleadh daonlathais a rinne na saoránaigh sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa agus faoin ngealltanas a thug na ceannairí polaitiúla ag an gCruinniú Mullaigh Sóisialta in Porto Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme.

Read more in all languages

Le Grúpa na nOibrithe in CESE

“Tá an fuinneamh polaitiúil ann anois le cearta rannpháirtíochta níos láidre a éileamh d’oibrithe”, arsa cathaoirleach Ghrúpa na nOibrithe, Oliver Röpke, agus é ag labhairt faoin achainí ar son tuilleadh daonlathais a rinne na saoránaigh sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa agus faoin ngealltanas a thug na ceannairí polaitiúla ag an gCruinniú Mullaigh Sóisialta in Porto Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme.

B’in mar a chuir Röpke tús lena chuid cainte nuair a d’oscail sé an chéad chruinniú riamh de chatagóir in CESE ina raibh comhaltaí de Ghrúpa na nOibrithe i láthair. “Guth na nOibrithe ar son rannpháirtíocht dhaonlathach” teideal na catagóire sin agus tionóladh an cruinniú an 19 Bealtaine 2021.

Tá gá le creat láidir Eorpach maidir le faisnéis, comhairliúchán agus rannpháirtíocht éigeantach d’oibrithe i bpróisis chinnteoireachta gnólachtaí. Sin an rud a chinnteoidh aistriú cóir go geilleagar glas agus digiteach. Ar shamplaí den tábhacht a bhaineann leis sin tá na bagairtí tromchúiseacha ar chearta rannpháirtíochta oibrithe, e.g. athstruchtúrú gnólachtaí, poist á n-athlonnú go dtí an Áise nó teicneolaíochtaí nua nó próisis intleachta saorga a bheith á dtabhairt isteach, rudaí a d’fhéadfadh athrú mór a chur ar phróifílí post i ngnólacht nó a d’fhágfadh a lán oibrithe gan post, gan an deis a bheith tugtha do na hoibrithe, arb iad is mó a ndéanann na hathruithe sin difear dóibh, páirt a ghlacadh sa phróiseas cinnteoireachta.

Bagairtí eile a luaigh roinnt comhaltaí, bagairtí a léiríonn ionsaithe a rinneadh le deireanas ar an gcómhargáil, is é is cionsioncair leo rialtais atá ag iarraidh bac a chur ar chearta oibrithe agus an bonn a bhaint de ról na gcomhpháirtithe sóisialta sa chinnteoireacht eacnamaíoch agus pholaitiúil. Cruthaítear an chatagóir seo ag am a bhfuil tionscnamh ullmhaithe ag Parlaimint na hEorpa chun an daonlathas a neartú ag an obair. Rinne Gabriele Bischoff, iarchathaoirleach Ghrúpa na nOibrithe agus rapóirtéir na tuarascála Democracy at work: A European framework for employees' participation rights and the revision of the European Works Council Directive i bParlaimint na hEorpa, cur síos ar an tuarascáil sin atá á hullmhú faoi láthair. Chuir sí i bhfáth gur eilimintí tábhachtacha de ghnólacht inbhuanaithe iad an athléimneacht agus an daonlathas ag an obair.

Is fóram plé faoin tsaincheist sin atá sa chatagóir. Beidh na hinstitiúidí Eorpacha, na comhpháirtithe sóisialta agus páirtithe leasmhara eile páirteach sa phlé sin atá dírithe ar an daonlathas ag an obair a chur go hard ar chlár oibre polaitiúil an Aontais agus ar é a chur chun cinn go gcuirfear an t-ábhar sin san áireamh i ngach gné d’obair CESE.

 

Deis chun an tsochaí shibhialta a chur i lár an aonaigh

Le Séamus Boland, Cathaoirleach ar an nGrúpa “Éagsúlacht Eoraip”

Tugann an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa deis do na saoránaigh agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta a dtuairimí a chur in iúl agus an todhchaí a mhúnlú. Tugann sí deis dóibh fosta athruithe inbhuanaithe a thabhairt i gcrích a thugann tús áite don duine féin.

Read more in all languages

Le Séamus Boland, Cathaoirleach ar an nGrúpa “Éagsúlacht Eoraip”

Tugann an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa deis do na saoránaigh agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta a dtuairimí a chur in iúl agus an todhchaí a mhúnlú. Tugann sí deis dóibh fosta athruithe inbhuanaithe a thabhairt i gcrích a thugann tús áite don duine féin.

Leagann an Grúpa “Éagsúlacht Eoraip” béim ar leith ar na trí phointe seo a leanas:

Ar an gcéad dul síos, deis atá sa phróiseas chun an todhchaí a mhúnlú! Deis is ea é freisin an tsochaí shibhialta a chur i lár an aonaigh! An rud a theastaíonn uainn a fheiceáil leis an gComhdháil ná aitheantas ceart ó údaráis Eorpacha agus náisiúnta gurb iad eagraíochtaí na sochaí sibhialta caomhnóirí an leasa choitinn, go bhfuil ról lárnach acu maidir le réitigh a aimsiú, agus go bhfuil ról lárnach ag an tsochaí shibhialta maidir le muinín a chothú, tuairimí an phobail a mhúnlú agus feidhmiú mar ghníomhairí d’athruithe dearfacha.

Ar an dara dul síos, deis atá sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa athrú meoin a thabhairt i gcrích. Go sonrach, athrú meoin lena mbeidh an todhchaí agus téarnamh iar-COVID-19 bonn ar bhonn le comhtháthú beartas agus leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. Dar ndóigh, is é an laghdú bochtaineachta an chéad sprioc de na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus ní mór dó a bheith i gcroílár ár dtodhchaí.

Ar an tríú dul síos, agus plé á dhéanamh ar thodhchaí an Aontais Eorpaigh, ní mór cuimhneamh air go bhfuil paindéim COVID-19 tar éis meas níos mó a chothú i measc na saoránach do luachanna amhail dlúthpháirtíocht, ceartas sóisialta, comhar idirghlúine, comhionannas inscne agus aistrithe glasa agus digiteacha atá cóir. Is mithid anois tacaíocht an phobail do na luachanna sin a threisiú d'fhonn athmhachnamh a dhéanamh ar na samhlacha fáis agus rialachais atá againn, sochaí níos cothroime a bhaint amach atá bunaithe ar dhea-bhail na saoránach, agus glacadh le sainmhínithe nua ar dhea-bhail agus ar fhorbairt a bhfuil níos mó i gceist léi ná olltáirgeacht intíre, agus tuairimí agus cearta na saoránach á n-urramú san am céanna.

Bí cinnte go gcloisfear do ghuth: https://futureu.europa.eu/?locale=ga

#IsLeatsaAnTodhchaí

Soon in the EESC/Cultural events

Bróisiúr nua: Urraim agus dínit in CESE

Tá bróisiúr nua dar teideal “Urraim agus dínit in CESE” foilsithe ag CESE agus is féidir teacht air anseo.

Tugtar eolas sa bhróisiúr faoin gCód Iompair athbhreithnithe a glacadh i mí Eanáir agus cuirtear comhairle phraiticiúil ar fáil faoin rud is iompar measúil agus eiticiúil in CESE ann, faoi conas ciapadh a sheachaint agus faoi na teagmhálaithe atá ar fáil más gá dun chun cainte leo, lena n-áirítear an Coiste Eitice.

Leis an bhfoilseachán seo, léiríonn CESE go bhfuil sé tiomanta i gcónaí do phrionsabail arda eiticiúla, don tsláine agus do mhodhanna oibre nua-aimseartha trédhearcacha. (mwj)

Read more in all languages

Tá bróisiúr nua dar teideal “Urraim agus dínit in CESE” foilsithe ag CESE agus is féidir teacht air anseo.

Tugtar eolas sa bhróisiúr faoin gCód Iompair athbhreithnithe a glacadh i mí Eanáir agus cuirtear comhairle phraiticiúil ar fáil faoin rud is iompar measúil agus eiticiúil in CESE ann, faoi conas ciapadh a sheachaint agus faoi na teagmhálaithe atá ar fáil más gá dun chun cainte leo, lena n-áirítear an Coiste Eitice.

Leis an bhfoilseachán seo, léiríonn CESE go bhfuil sé tiomanta i gcónaí do phrionsabail arda eiticiúla, don tsláine agus do mhodhanna oibre nua-aimseartha trédhearcacha. (mwj)

Editors

Ewa Haczyk-Plumley (editor-in-chief)
Daniela Marangoni (dm)
 

Contributors to this issue

Amalia Tsoumani (at)
Aude François (af)
Chloé Lahousse (cl)
Daniela Marangoni (dm)
Daniela Vincenti (dv)
Ewa Haczyk-Plumley (ehp)
Jasmin Kloetzing  (jk)
Katerina Serifi (ks)
Katharina Radler (kr)
Laura Lui (ll)
Marco Pezzani (mp)
Nicola Accardo (na)
Pablo Ribera Paya (prp)
Stefano Martinelli (sm)

Coordination

Agata Berdys (ab)
Katerina Serifi (ks)

Technical support
Bernhard Knoblach (bk)

Address

European Economic and Social Committee
Jacques Delors Building,
99 Rue Belliard,
B-1040 Brussels, Belgium
Tel. (+32 2) 546.94.76
Email: eescinfo@eesc.europa.eu

EESC info is published nine times a year during EESC plenary sessions. EESC info is available in 23 languages
EESC info is not an official record of the EESC’s proceedings; for this, please refer to the Official Journal of the European Union or to the Committee’s other publications.
Reproduction permitted if EESC info is mentioned as the source and a link  is sent to the editor.
 

June 2021
06/2021

Follow us

  • Facebook
  • Twitter
  • LinkedIn
  • Instagram