Ceist CESE info: “Ainmníodh an bhliain seo mar Bhliain Eorpach an Iarnróid. Is é príomhsprioc an tionscnaimh seo cur le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach i réimse an iompair, go háirithe maidir le ról an iompair ar iarnród.
Sa chomhthéacs sin, cén tuairim atá agat maidir le cur chuige dinimiciúil i ndáil le hiompar ar iarnróid a úsáid?”

Baiba Miltovica, cathaoirleach ar Rannóg TEN

D’ainmnigh an tAontas Eorpach an bhliain seo mar Bhliain Eorpach an Iarnróid chun na saoránaigh a spreagadh seirbhísí traenach a úsáid níos mó sa saol laethúil. Ní hionann na cúiseanna ó thír go tír san Eoraip nach roghnaíonn daoine seirbhísí traenach a úsáid, ach i measc na bpríomhchúiseanna, tá praghsanna ticéad nach bhfuil iomaíoch, easpa compoird agus easpa ceangal iarnróid, mar aon le hamanna taistil fada...

Cé go raibh daoine ag súil leis go mbeadh an iarnród lárnach don téarnamh glas, agus in ainneoin Bhliain Eorpach an Iarnróid 2021, níl ach feabhsuithe beaga déanta ag cinnteoirí AE le blianta beaga anuas agus níor dheonaigh siad cearta láidre agus in-fhorfheidhmithe do thomhaltóirí, cearta a bheadh infheidhme maidir le gach cineál seirbhísí iarnróid ar fud an Aontais. Chuige sin, tá go leor oibre fós le déanamh againn.

Mar shampla, de réir Bhiúró Eorpach na gCumann Tomhaltóirí, nuair a cheannaíonn paisinéirí ticéid do chomhthurais arna ndíol ag gnóthas iarnróid nó ag fochuideachtaí leis an úinéir céanna, beidh cearta paisinéirí acu ar feadh an turais iomláin. Is céim chun tosaigh é sin ós rud é gur nós le hoibreoirí iarnróid faoi láthair ticéid a dhíol le haghaidh codanna den turas, agus le haghaidh sin amháin, rud a fhágann gur féidir leo teacht timpeall ar na hoibleagáidí atá ann maidir le cúiteamh, athródú agus cúnamh. Ar an gcaoi sin, déantar dochar do phaisinéirí. É sin ráite, cé gur céim chun tosaigh é sin, beidh a raon feidhme teoranta toisc go mbainfidh gnóthais iarnóid tairbhe as lúba ar lár chun iad féin a dhíolmhú ó na hoibleagáidí tréthicéid a sholáthar. Faoi na rialacha nua, luaitear nach mór do na gnóthais chleamhnaithe a bheith go hiomlán le húinéir céanna an mháthairghnóthais chun a bheith faoi réir na hoibleagáide sin. De facto, ciallaíonn sé sin go n‑eisiatar go leor ticéid chomthurais (i.e. ní chlúdófar comhthuras ó Lyon>Páras le SNCF agus ansin ó Pháras>an Bhruiséil le Thalys).

Maidir leis na díolúintí náisiúnta atá ann faoi láthair arna ndeonú ag na Ballstáit do chuideachtaí iarnróid, tá dhá thrian de sheirbhísí iarnróid san Aontas díolmhaithe ó reachtaíocht AE maidir le cearta paisinéirí a chur chun feidhme, go háirithe seirbhísí fo-uirbeacha agus réigiúnacha. Is inghlactha iad na díolúintí sin agus is fíorchonstaicí iad ar thaisteal iarnróid níos tarraingtí a bheith ann.

De thoradh ghéarchéim COVID-19, chonacthas gur féidir a chinntiú go ndéanfar earraí riachtanacha, amhail bia, cógas agus breosla in imthosca eisceachtúla, a iompar go tapa a bhuí leis an iarnród. Tá an earnáil buailte go dona ag an ngéarchéim de bharr na titime suntasaí a chonacthas i líon na bpaisinéirí mar gheall ar bhearta lena gcuirtear srianta ar thaisteal. Ní mór leas a bhaint as an taithí a fuarthas de dheasca ghéarchéim COVID-19 chun córas iarnróid níos athléimní agus níos éifeachtaí a fhorbairt. Ní mór pleanáil athléimneachta a dhéanamh i ndlúthchomhar leis na comhpháirtithe sóisialta agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta.

Is deis iontach í Bliain Eorpach an Iarnróid 2021 chun na forbairtí a rinneadh go dtí seo a mheas agus chun cuspóirí don todhchaí a leagan síos. Ar an ábhar sin, tá Rannóg TEN in CESE ag obair ar thústuairim arna hiarraidh sin d’Uachtaránacht na Portaingéile maidir leis “An Limistéar Eorpach Aonair Iarnróid” agus tá comhdháil á eagrú aige i CESE i bhfómhar 2021.