Skip to main content
Newsletter Info

EESC info

European Economic and Social Committee A bridge between Europe and organised civil society

MARCH 2021 | GA

GENERATE NEWSLETTER PDF

Available Languages:

  • BG
  • CS
  • DA
  • DE
  • EL
  • EN
  • ES
  • ET
  • FI
  • FR
  • GA
  • HR
  • HU
  • IT
  • LT
  • LV
  • MT
  • NL
  • PL
  • PT
  • RO
  • SK
  • SL
  • SV
Editorial

Eagarfhocal

A léitheoirí dile,
An mhí seo, gach bliain, déanaimid Lá Idirnáisiúnta na mBan a cheiliúradh ach faraor is meabhrú brónach dúinn an 8 Márta arís eile ar an méid oibre atá fós le déanamh chun a chinntiú gur féidir le mná a bheith rannpháirteach go hiomlán sa tsochaí.

Tá mná faoi ghannionadaíocht sna comhlachtaí cinnteoireachta polaitiúla agus eacnamaíocha, tá an ráta fostaíochta i measc na mban níos ísle ná ráta na bhfear agus is ísle an luach saothair a fhaigheann siad ná mar a fhaigheann na fir.

Anuas air sin, de thoradh na paindéime reatha agus na géarchéime eacnamaíche domhanda, léiríodh gurb iad na mná, maille leis an aos óg, na grúpaí is mó atá buailte agus tá baol ann go scriosfar cuid mhór den dul chun cinn a baineadh amach go crua i gcaitheamh na mblianta. Ar deireadh, is iad na mná a chaithfidh an obair tí agus chúraim neamhíoctha a dhéanamh agus is minic a bhíonn foréigean inscnebhunaithe ann tráthanna dianghlasála agus iallach á chur ar dhaoine fanacht faoi aon díon amháin.

Read more in all languages

Ar na cúiseanna sin, ní mór dúinn dul i ngleic go práinneach agus go deimhneach leis an neamhionannas agus leis an idirdhealú atá fós ann. Ní féidir linn tuilleadh ama a chur amú: ní mór dúinn a chinntiú go ndéanfar gné na hinscne a chomhtháthú i ngach beartas trí mheán bearta sonracha.

Tá gealltanas tugtha ag an gCoimisiún Eorpach, atá faoi stiúir mná (Ursula von der Leyen) den chéad uair riamh, aghaidh a thabhairt ar an gcomhionannas inscne láithreach agus bearta nua a ghlacadh ar mhaithe leis na bearnaí a líonadh atá fós idir fir agus mná sa mhargadh saothair, sa tuarastal agus pá agus sna poist is sinsearaí dá bhfuil le fáil i réimse an ghnó agus i saol na polaitíochta. Chuige sin, is céim thábhachtach chun tosaigh é an togra le haghaidh treoir maidir le trédhearcacht pá a foilsíodh an 4 Márta.

Thar aon ní eile, áfach, tá gá le hathrú forleathan ar leibhéal an chultúir chun deireadh a chur le steiréitíopaí inscne agus chun an comhionannas iomlán a bhaint amach. Tá CESE tiomanta don chomhrac seo agus déanfaidh sé a chion féin le feabhas a chur ar chúrsaí trí mheán na dtuairimí a fhoilsíonn sé, tuairimí a bhfuil sé mar aidhm acu tionchar a imirt ar na hinstitiúidí Eorpacha agus ar na heagraíochtaí ar a ndéanann sé ionadaíocht. Is comhrac é sin nach mór dúinn uile, idir fhir agus mhná, tabhairt faoi le chéile, ar mhaithe le sochaí atá cothrom i ndáiríre agus ar mhaithe le domhan níos fearr a fhágáil inár ndiaidh dár gclann.

Giulia Barbucci

Leas-Uachtarán ar a bhfuil cúram an bhuiséid in CESE

Diary Dates

30 Márta 2021, an Bhruiséil (éisteacht phoiblí chianda)

Leathadh amach vacsaíní COVID-19 agus daoine faoi mhíchumas

15 Aibreán 2021, an Bhruiséil (seimineár gréasáin)

Comhchruthú na seirbhísí leasa ghinearálta: ról na saoránach agus a gcuid eagraíochtaí

27-28 Aibreán 2021, an Bhruiséil (cianseisiún iomlánach)

Seisiún iomlánach CESE

Ceist amháin ar...

Inár roinn “Ceist amháin ar...” iarraimid ar chomhaltaí CESE a bhfreagra a thabhairt ar cheist atá go mór i mbéal an phobail agus atá, dar linn, an-ábhartha go deo.

In eagrán an Mhárta, d’iarramar ar Baiba Miltovica, cathaoirleach na Rannóige um Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise, a tuairimí a roinnt le leitheoirí CESE info faoi ról an iompair d’iarnród i dtaca le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach, go háirithe i mbliana ós í Bliain Eorpach an Iarnróid í. (ehp)

Córas iarnróid níos athléimní agus níos éifeachtaí a fhorbairt

Ceist CESE info: “Ainmníodh an bhliain seo mar Bhliain Eorpach an Iarnróid. Is é príomhsprioc an tionscnaimh seo cur le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach i réimse an iompair, go háirithe maidir le ról an iompair ar iarnród.
Sa chomhthéacs sin, cén tuairim atá agat maidir le cur chuige dinimiciúil i ndáil le hiompar ar iarnróid a úsáid?”

Baiba Miltovica, cathaoirleach ar Rannóg TEN

D’ainmnigh an tAontas Eorpach an bhliain seo mar Bhliain Eorpach an Iarnróid chun na saoránaigh a spreagadh seirbhísí traenach a úsáid níos mó sa saol laethúil. Ní hionann na cúiseanna ó thír go tír san Eoraip nach roghnaíonn daoine seirbhísí traenach a úsáid, ach i measc na bpríomhchúiseanna, tá praghsanna ticéad nach bhfuil iomaíoch, easpa compoird agus easpa ceangal iarnróid, mar aon le hamanna taistil fada...

Cé go raibh daoine ag súil leis go mbeadh an iarnród lárnach don téarnamh glas, agus in ainneoin Bhliain Eorpach an Iarnróid 2021, níl ach feabhsuithe beaga déanta ag cinnteoirí AE le blianta beaga anuas agus níor dheonaigh siad cearta láidre agus in-fhorfheidhmithe do thomhaltóirí, cearta a bheadh infheidhme maidir le gach cineál seirbhísí iarnróid ar fud an Aontais. Chuige sin, tá go leor oibre fós le déanamh againn.

Mar shampla, de réir Bhiúró Eorpach na gCumann Tomhaltóirí, nuair a cheannaíonn paisinéirí ticéid do chomhthurais arna ndíol ag gnóthas iarnróid nó ag fochuideachtaí leis an úinéir céanna, beidh cearta paisinéirí acu ar feadh an turais iomláin. Is céim chun tosaigh é sin ós rud é gur nós le hoibreoirí iarnróid faoi láthair ticéid a dhíol le haghaidh codanna den turas, agus le haghaidh sin amháin, rud a fhágann gur féidir leo teacht timpeall ar na hoibleagáidí atá ann maidir le cúiteamh, athródú agus cúnamh. Ar an gcaoi sin, déantar dochar do phaisinéirí. É sin ráite, cé gur céim chun tosaigh é sin, beidh a raon feidhme teoranta toisc go mbainfidh gnóthais iarnóid tairbhe as lúba ar lár chun iad féin a dhíolmhú ó na hoibleagáidí tréthicéid a sholáthar. Faoi na rialacha nua, luaitear nach mór do na gnóthais chleamhnaithe a bheith go hiomlán le húinéir céanna an mháthairghnóthais chun a bheith faoi réir na hoibleagáide sin. De facto, ciallaíonn sé sin go n‑eisiatar go leor ticéid chomthurais (i.e. ní chlúdófar comhthuras ó Lyon>Páras le SNCF agus ansin ó Pháras>an Bhruiséil le Thalys).

Maidir leis na díolúintí náisiúnta atá ann faoi láthair arna ndeonú ag na Ballstáit do chuideachtaí iarnróid, tá dhá thrian de sheirbhísí iarnróid san Aontas díolmhaithe ó reachtaíocht AE maidir le cearta paisinéirí a chur chun feidhme, go háirithe seirbhísí fo-uirbeacha agus réigiúnacha. Is inghlactha iad na díolúintí sin agus is fíorchonstaicí iad ar thaisteal iarnróid níos tarraingtí a bheith ann.

De thoradh ghéarchéim COVID-19, chonacthas gur féidir a chinntiú go ndéanfar earraí riachtanacha, amhail bia, cógas agus breosla in imthosca eisceachtúla, a iompar go tapa a bhuí leis an iarnród. Tá an earnáil buailte go dona ag an ngéarchéim de bharr na titime suntasaí a chonacthas i líon na bpaisinéirí mar gheall ar bhearta lena gcuirtear srianta ar thaisteal. Ní mór leas a bhaint as an taithí a fuarthas de dheasca ghéarchéim COVID-19 chun córas iarnróid níos athléimní agus níos éifeachtaí a fhorbairt. Ní mór pleanáil athléimneachta a dhéanamh i ndlúthchomhar leis na comhpháirtithe sóisialta agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta.

Is deis iontach í Bliain Eorpach an Iarnróid 2021 chun na forbairtí a rinneadh go dtí seo a mheas agus chun cuspóirí don todhchaí a leagan síos. Ar an ábhar sin, tá Rannóg TEN in CESE ag obair ar thústuairim arna hiarraidh sin d’Uachtaránacht na Portaingéile maidir leis “An Limistéar Eorpach Aonair Iarnróid” agus tá comhdháil á eagrú aige i CESE i bhfómhar 2021.

New publications

An t-aoi speisialta

Gach mí, cuirimid aoi speisialta i láthair, duine mór le rá a roinnfidh a thuairim nó a tuairim faoi chúrsaí reatha linn: duine a thabharfaidh dearcadh úrnua dúinn ar an saol, a spreagfaidh sinn agus a chuirfidh ar an eolas sinn faoi shaol an lae inniu. In eagrán mhí an Mhárta, is cúis áthais dúinn fáilte a chur roimh Herman Van Rompuy, an chéad Uachtarán de chuid na Comhairle Eorpaí, a thabharfaidh léargas dúinn ar dhúshláin reatha na hEorpa.

Polaiteoir na Beilge agus na hEorpa agus iar-Phríomh-Aire na Beilge (2008-2009) is ea Herman Van Rompuy, Uachtarán Ionad Beartais na hEorpa. Ina cháil mar Uachtarán ar an gComhairle Eorpach (2009-2014), bhí ról lárnach aige i bhfreagairt an Aontais ar an ngéarchéim airgeadais agus i gcreat rialachas eacnamaíoch na hEorpa a neartú.

Ina cháil mar Uachtarán ar an gComhairle Eorpach, chuidigh Herman Van Rompuy leis an Aontas Eorpach a stiúradh trí thréimhse de dhúshláin mhóra: géarchéim an fhiachais cheannasaigh; bagairtí ar mharthanas an airgeadra aonair; géarchéimeanna idirnáisiúnta; agus díospóireachtaí móra faoin mbealach chun cinn maidir le lánpháirtiú na hEorpa.

Bhí sé ina Chathaoirleach ar 28 gcruinniú den Chomhairle Eorpach, 5 chruinniú neamhfhoirmiúla, agus 11 chruinniú mullaigh Euro, agus cothromaíocht bainte amach aige idir an ról a bhí aige mar idirghabhálaí agus an gá a bhí ann le hathchóirithe riachtanacha a spreagadh. Bhí ról lárnach aige maidir leis na nithe seo a leanas a chur ar bun: cláir cúnaimh airgeadais (ocht dtír) agus sásraí (an tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais agus an Sásra Cobhsaíochta Airgeadais Eorpach in 2010, an Sásra Cobhsaíochta Eorpach in 2012), an t-aontas baincéireachta (an Sásra Aonair Maoirseachta agus an Sásra Réitigh Aonair, atá ar an bhfód ó 2014), an creat rialachais eacnamaíoch (an Seimeastar Eorpach, an Sé-phaca, an Conradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas, an Dé-phaca) agus Straitéis eacnamaíoch deich mbliana an Aontais Eorpaigh (Eoraip 2020).

Tá naoi leabhar scríofa aige agus i gceann amháin díobh, Europe in the storm: promise and prejudice (2014), tugann sé cuntas ar a thaithí féin ar an Aontas Eorpach. Ina theannta sin, bronnadh an iliomad onóracha agus gradam air, lena n-áirítear Duais Charlemagne (2014). Tá líon mór haiku scríofa aige agus, a bhuíochas dá chineáltacht, beidh deis ag léitheoirí CESE Info cuid acu a léamh. (ehp)

Herman van Rompuy: “Ní hé seo an t-am le drochscéalaithe”

Ó bhí 2008 ann, táimid buailte ag géarchéimeanna, ceann i ndiaidh a chéile, rud ar a dtugtar “géarchéim iomadúil”. Ní haon ionadh go bhfuil ceisteanna á gcur ag daoine faoi céard eile atá i ndán dúinn, rud a léiríonn go bhfuil méadú tagtha ar an eagla agus an éiginnteacht i measc an phobail. Is fíor go n-allmhairítear formhór na ngéarchéimeanna. Ina ainneoin sin, sháraigh an tAontas na constaicí contúirteacha sin a bhí ina mbagairt don Aontas féin ag amanna éagsúla. Is maith is féidir linn aghaidh a thabhairt ar na constaicí sin ach, san am céanna, tá dúshláin dhearfacha romhainn freisin. An bhfuilimid chomh cumasach céanna agus aghaidh á tabhairt againn orthu sin?

Tugtar misneach dom nuair a fheicim an chaoi a bhfuil leas á bhaint ag an Aontas as an gCiste Téarnaimh, rud atá ceaptha chun comhrac i gcoinne thionchar sóisialta agus eacnamaíoch na paindéime ar mhaithe le dlús a chur leis an aistriú comhshaoil agus leis an aistriú digiteach. Tá an bainistiú géarchéime agus fís fhadtéarmach á dtabhairt le chéile againn, agus tá sé sin ar cheann de na rudaí is déine chun tabhairt faoi sa réimse polaitiúil sa lá atá inniu ann, réimse ina bhfuiltear róthógtha leis an smaointeoireacht ghearrthéarmach agus leis an ngníomhaíocht ghearrthéarmach.

Ní hamháin go bhfuil sé ríthábhachtach chun go mairfimid an neodracht carbóin a baint amach faoi 2050 ach ba cheart go gcuideodh sé freisin leis an ngeilleagar a choinneáil iomaíoch. Níor cheart na botúin chéanna a dhéanamh agus a rinneadh i gcás na réabhlóide digití. Ba bheag gur ligeamar an fhaill sin tharainn.

Bheadh fíor-bheartas aeráide ina chuidiú againn freisin chun príomhchuspóir eile a bhaint amach, is é sin neamhspleáchas straitéiseach an Aontais nó cineál éigin de cheannasacht Eorpach. A bhuí le beartas aeráide, d’fhéadfaí allmhairí breosla iontaise, amhail gás ón Rúis, a laghdú agus a sheachaint. Cuideoidh an Comhaontú Glas le saincheisteanna aeráide agus eacnamaíocha agus beidh an tAontas níos neamhspleáiche dá bharr. Ní leor ceann amháin de na gnéithe sin ann féin: tá gach ceann acu ag brath ar a chéile.

Rachaidh mé níos faide fós. Más mian leis an Aontas ról geopholaitiúil a bheith aige, ní mór dó a bheith iomaíoch, de bhrí go bhfuil cothromaíocht na cumhachta sa domhan ag brath ar an ngeilleagar. Sin an fáth a bhfuil an t-aistriú comhshaoil agus an t-aistriú digiteach chomh tábhachtach sin. Ar an gcúis sin, ní mór dúinn leanúint de bheith ag labhairt d’aon ghuth amháin i dtaca leis an trádáil - faoi mar a rinneamar i gcás Brexit agus i gcás sraith na gComhaontuithe Saorthrádála atá curtha i gcrích againn leis an tSeapáin agus leis an tSín maidir le hinfheistíocht. Go fiú le linn ré Trump, d’éirigh le hUachtarán an Choimisiúin cogadh trádála a sheachaint óir gur sheasamar le chéile. Mar sin féin, ó thaobh na geopholaitíochta de, ní féidir leis an Aontas a bheith ábhartha i ndáiríre ach amháin má laghdaíonn sé a spleáchas ar ghníomhaithe domhanda eile i gcuid mhór réimsí: an teicneolaíocht dhigiteach, an fuinneamh, an imirce, seirbhísí airgeadais (áirítear leis sin an spleáchas ar chathracha agus ar dhollar na Stát Aontaithe a laghdú), an bia, an tsláinte phoiblí, etc. Ní féidir linn é sin a dhéanamh ach amháin má théimid i gcomhar le chéile ar an leibhéal tionsclaíoch. Tá tábhacht ag baint le méid. Tá tábhacht ag baint le scála. Tá dul chun cinn á dhéanamh againn sna réimsí sin go léir ach, in amanna, tá an dul chun cinn sin rómhall. Ní mór dúinn smaoineamh ar dhóigh níos straitéisí, níos críonna agus níos Eorpaí.

Tá súil agam go ndíreofar ar na dúshláin inmheánacha atá romhainn sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa. Tá cónaí orainn i ndomhan atá nua ó thaobh na teicneolaíochta, na déimeagrafaíochta, an gheilleagair, an chomhshaoil agus na geopholaitíochta de. Tá na forbairtí sin go léir ag tarlú níos tapa ná mar a bhí coinne leo nó mar a tuaradh. Ní féidir a shéanadh go bhfuil práinn le gach rud anois.

Laistigh den Aontas, ní mór dúinn a bheith aireach agus an chobhsaíocht shóisialta agus pholaitiúil a chothabháil nó a athghabháil. De deasca na paindéime, tá éagothromaíochtaí nua tagtha chun cinn agus is measa anois na cinn a bhí ann cheana féin. Is mó an deighilt atá sna margaí saothair idir daoine ar bheagán oideachais agus daoine ardoilte agus, dá thoradh sin, tá an baol ann go mbraithfidh grúpaí áirithe go bhfuil siad á dtréigean, go háirithe anois agus tús curtha leis an réabhlóid dhigiteach. Léiríonn an Ciste Téarnaimh agus ceannach comhpháirteach na vacsaíní gurb ann don dlúthpháirtíocht Eorpach. Tá neart oibre le déanamh ar an leibhéal náisiúnta chomh maith chun cur leis an gcomhtháthú sóisialta. Tá ardú ollmhór tagtha ar líon na ndaoine bochta i ngeall ar an bpaindéim, agus tháinig méadú ar an bhfíorbhochtaineacht ar fud an domhain tar éis di dul i laghad le blianta fada anuas. Is mór ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an comhtháthú sóisialta agus tá an ceart ar fad aige. Ó thaobh na polaitíochta de, de dheasca gníomhaíochtaí a rinneadh i dtíortha áirithe, baineadh an bonn den smacht reachta, den tsaoirse cainte agus de shaoirse na meán agus, dá bhrí sin, de na toghcháin iad féin. Cuireadh in éadan na ngníomhaíochtaí sin.

Is cinnte go bhfuil ár seacht sáith de dhúshláin romhainn, mar sin, ní mór dúinn a chinntiú go mbeimid ullamh, toilteanach agus ábalta aghaidh a thabhairt orthu i dteannta a chéile. Ní hé seo an t-am le drochscéalaithe ach le daoine, rialtais agus eagraíochtaí atá lán dóchais.

Herman van Rompuy, Uachtarán Ionad Beartais na hEorpa

The old poet speaks softly

We are pleased to present to you a series of haikus, grouped under the title “The old poet speaks softly”, originally written in French language, offered to us by their author, Herman van Rompuy.

Read more in all languages

We are pleased to present to you a series of haikus, grouped under the title “The old poet speaks softly”, originally written in French language, offered to us by their author, Herman van Rompuy.

The old poet speaks softly     

The sunlight in the puddle
The tree reflected in it
A double life

***

A leaf the size of a hand
In the hand of a child
Life holds death

***

The sea is silent
The old poet speaks softly
Even the camellias listen

Herman van Rompuy

Le vieux poète parle doucement

Nous avons le plaisir de vous présenter une série de haïkus, sous le titre commun "Le vieux poète parle doucement", que nous a offerts leur auteur, Herman van Rompuy.

Read more in all languages

Nous avons le plaisir de vous présenter une série de haïkus, sous le titre commun "Le vieux poète parle doucement", que nous a offerts leur auteur, Herman van Rompuy.

Le vieux poète parle doucement
 
La lumière du soleil dans la flaque

L'arbre qui s'y reflète

Une double vie

***

Une feuille de la taille d'une main

Dans la main d'un enfant

La vie tient la mort

***

La mer se tait

Le vieux poète parle doucement

Même les camélias écoutent

Herman van Rompuy

EESC News

Comhdháil ar Thodhchaí na hEorpa: Tá CESE tiomanta do chuidiú go gníomhach le rath na Comhdhála

Ráiteas ó Uachtarán CESE, Christa Schweng

Is díol sásaimh dom síniú an dearbhaithe chomhpháirtigh idir an Coimisiún Eorpach, Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ina leagtar amach an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa. Tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ag tnúth le cur go gníomhach leis an díospóireacht, agus cuireadh faighte aige freastal uirthi mar bhreathnóir.

Is cúis áthais dom gur deimhníodh ról tábhachtach agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta eagraithe sa chomhdháil. Tá CESE ag tnúth le hionchur suntasach agus luachmhar a ullmhú, ag obair dó i ndlúthchomhar leis na céadta eagraíochtaí a ndéanann ár gcomhaltaí ionadaíocht orthu. Táimid réidh leis an taithí atá againn ón mbonn aníos a roinnt chun dlús a chur leis an obair atá á déanamh chun insint nua áititheach a chruthú don Aontas.

Deis ar leith atá sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa do shochaithe an Aontais Eorpaigh. Ar deireadh, tá gnólachtaí, oibrithe, feirmeoirí, tomhaltóirí agus eagraíochtaí neamhrialtasacha in ann páirt a ghlacadh ar bhealach struchtúrtha agus a dtuairimí a chur in iúl maidir le beartais an Aontais amach anseo a mhúnlú. Tá géarghá leis sin chun go mbeidh braistint úinéireachta acu ar an Aontas. Ní féidir an sprioc maidir le todhchaí na hEorpa a mhúnlú agus í ag teacht as géarchéim COVID-19 níos láidre ná riamh a bhaint amach gan rannpháirtíocht ghníomhach na saoránach agus na bpáirtithe leasmhara eile a thagann ó gach uile chúlra.

De dheasca na paindéime, tá an plé faoi thodhchaí na hEorpa agus na dúshláin atá roimpi níos tábhachtaí agus níos tráthúla ná riamh. Ní mór dúinn ceachtanna a fhoghlaim ón ngéarchéim seo agus machnamh breise a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir athléimneacht ár sochaithe agus ár ngeilleagar a mhéadú. D’fhéadfaí an méid seo a leanas, go háirithe, a chumhdach le príomhábhair eile: fís d’Eoraip athléimneach iar-COVID-19 a bhfuil rath uirthi ó thaobh an gheilleagair de, atá cuimsitheach go sóisialta, atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus a thugann freagairt don aincheist maidir leis an gceannasacht náisiúnta agus an gá atá le réitigh choiteanna Eorpacha a aimsiú.

Ní hamháin nach mór do thodhchaí na hEorpa a bheith glas agus digiteach, ní mór di a bheith níos daonlathaí freisin

Ní mór breathnú ar an atógáil tar éis na paindéime mar dheis dúinn chun an Eoraip a atógáil ar bhunchloch nua na rannpháirtíochta daonlathaí. Ag Laethanta na Sochaí Sibhialta 2021 de chuid CESE, tugadh le fios gur bhotún ollmhór a bheadh ann dá bhfágfaí cinniúint agus todhchaí an mhóráin faoin mbeagán.

Bhí Laethanta na Sochaí Sibhialta 2021 de chuid CESE ar siúl an 1-5 Márta faoin teideal “Téarnamh Inbhuanaithe do Thodhchaí Shaoránaigh na hEorpa”, agus lena linn eagraíodh díospóireachtaí idirghníomhacha ar líne thar chúig lá le os cionn 1 400 duine. Bhí daoine i láthair ó thíortha i bhfad i gcéin amhail an Afraic, an Áise agus Meiriceá Thuaidh agus Theas.

Ba léir do na hurlabhraithe gur tháinig rud maith amháin as an bpaindéim. Cé gurbh éigean an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa a chur ar athló, tharraing an phaindéim aird ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta mar chrann taca ag rialtais a raibh sé deacair orthu dul i ngleic le géarchéim thromchúiseach den chineál sin. Theastaigh uathu a fháil amach cén cruthúnas eile a bhí ag teastáil gur chóir páirt a bheith ag an tsochaí shibhialta sna pléití ina ndéanfar cinntí a mbeidh tionchar acu ar thodhchaí na hEorpa?

“Tá áthas orm go measann an Coimisiún go bhfuil tábhacht chomh suntasach sin le rannpháirtíocht na saoránach sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa” a dúirt Uachtarán CESE, Christa Schweng. “Is féidir brath ar an gCoiste chun cur go mór leis na díospóireachtaí trí ról a thabhairt d’oibrithe, d’fhostóirí agus don tsochaí shibhialta eagraithe agus, ós iolraitheoirí agus ambasadóirí iad, is féidir an díospóireacht a thabhairt isteach in eagraíochtaí na gcomhaltaí.”

Ag tabhairt aird ar an ról a bhí ag eagraíochtaí don óige sna ceardlanna, bhí an méid seo a leanas le rá ag Brikena Xhomaqi, comh-chathaoirleach an Ghrúpa Idirchaidrimh a chomheagraigh an t-imeacht, agus clabhsúr á chur aici ar an imeacht: “Iarraim oraibh uilig dlúthpháirtíocht idirghlúine a úsáid mar airgeadra ar mhaithe le téarnamh inbhuanaithe a bhaint amach don Eoraip amach anseo.”

Le conclúidí na n-ocht gceardlann, leagadh amach an bealach chun todhchaí níos fearr a bhaint amach do shaoránaigh na hEorpa agus leagadh béim ar an ngá atá ann na nithe seo a leanas, i measc rudaí eile, a dhéanamh:

  • eagraíochtaí idirmheánacha a neartú (eagraíochtaí na sochaí sibhialta, páirtithe, ceardchumainn, etc.), borradh a chur faoin oideachas sibhialta agus digiteach agus tionóil de chuid na saoránach a bhunú le cinntí a dhéanamh;
  • eolas a scaipeadh faoin ngeilleagar sóisialta mar shamhail ghnó atá inmharthana ó thaobh an téarnaimh inbhuanaithe de, a bhfuil níos mó ná brabús i gceist léi agus a chuidíonn le dul i ngleic le héagothromaíochtaí agus leis an athrú aeráide, le cistí atá curtha ar leataobh sa Phlean Téarnaimh agus sa tionscnamh 'NextGenerationEU';
  • infheistíocht a dhéanamh sa chultúr agus san oideachas le todhchaí níos athléimní agus níos inbhuanaithe a thógáil don Eoraip. Ní leor infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar crua: ní mór an pobal a chur i gcroílár an téarnaimh;
  • an rogha maidir le hioncam bunúsach uilíoch agus scéimeanna um ráthaíocht poist mar réiteach indéanta do dhaoine agus don phláinéad a dhípholaitiú agus a fhiosrú ar bhealach níos fearr; 
  • deis a thabhairt do dhaoine óga ról suntasach a imirt agus a bheith gníomhach ar fud na hEorpa agus a gcuid tuairimí a chur in iúl, ní hamháin i dtaca le saincheisteanna a bhaineann go sonrach leis an aos óg, ach i dtaca le réimsí éagsúla beartais freisin;
  • a chinntiú go cuirfidh an Comhaontú Glas ar dhóigh níos éifeachtaí le deireadh a chur leis an mbochtaineacht, an éagóir agus an neamhionannas inscne;
  • dlús a chur leis an athchóiriú foirgneamh san Eoraip trí eolas a scaipeadh faoi na dúshláin agus na deiseanna lena ngabhann agus trí eagraíochtaí na sochaí sibhialta, amhail ionadaithe ar uinéirí foirgneamh agus ailtirí, a shlógadh chun spriocanna an Rabharta Athchóirithe a bhaint amach;
  • ról lárnach a thabhairt d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta i gcur chun feidhme na bpleananna náisiúnta téarnaimh agus, ar an gcaoi sin, an treocht atá tagtha chun cinn sa tréimhse ullmhúcháin a aisiompú chun go mbeidh ról níos mó acu ina leith. Tá sé riachtanach go dtuigfidh lucht déanta beartas an luach a bhaineann leis an obair dheonach, ní hamháin i dtéarmaí aschur na n-uaireanta a chuirtear isteach, ach freisin mar léiriú ar luachanna Eorpacha agus mar shampla do dhaoine eile de na hathruithe a d'fhéadfaí a dhéanamh d'fhonn an tsochaí atá uainn don Eoraip a thógáil bunaithe ar dhlúthpháirtíocht, cuimsiú agus prionsabail dhaonlathacha.

Foilseofar conclúidí iomlána Laethanta na Sochaí Sibhialta go gairid ar shuíomh gréasáin CESE. (dm)

An Comhshocrú Nua um Imirce agus Tearmann: ag teacht gann i ndlúthpháirtíocht agus ag luí go trom ar stáit na céadiontrála

Tá fáilte curtha ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) roimh an gComhshocrú nua um Imirce agus Tearmann ach thug sé le fios go mbeidh sé deacair na tograí a leagtar amach ann a chur chun feidhme agus nach féidir breathnú orthu mar chéim shoiléir chun tosaigh i dtreo straitéis chomhchoiteann AE maidir le himirce agus tearmann a chruthú más straitéis athléimneach agus réamhbhreathnaitheach atá uainn. In dhá thuairim ina ndéanann sé anailís ar roinnt tograí le haghaidh rialachán lena rialaítear bainistiú tearmainn agus nósanna imeachta tearmainn, chuir CESE in iúl go mb’fhéidir nach mbeadh an comhshocrú nua in ann próiseáil chothrom agus éifeachtúil iarratas ar thearmann a chinntiú.

A mhalairt ar fad, mhéadóidís an t-ualach freagrachta agus míchaoithiúlachta do thíortha na céadiontrála, ós rud é go bhfuil an sásra dlúthpháirtíochta atá beartaithe, sásra atá ceaptha rialú na sreafaí imirce ag teorainneacha a rialú, bunaithe ar chóras teoiriciúil, deonach na dlúthpháirtíochta.

Faoin sásra dlúthpháirtíochta seo, beidh na Ballstáit in ann a bheith rannpháirteach chun daoine atá i staid neamhrialta a athlonnú nó urraíocht a thabhairt chun iad a chur ar ais go dtí a dtír dhúchais. Mar sin féin, ní dhéantar aon tagairt do dhreasachtaí chun tíortha a spreagadh páirt a ghlacadh sa togra, ná critéir shoiléire maidir leis an méid ba cheart do gach tír rannchuidiú leis an sásra sin.

Mar aon le tograí an Chomhshocraithe maidir le réamhscagadh agus rialú ag teorainneacha ar dócha go mbeadh nósanna imeachta casta agus fada ag teorainneacha seachtracha an Aontais ag gabháil leo, d’fhéadfadh sé tarlú, de thoradh an tsásra, go ndéanfaí ionad mór réamhimeachta nó coinneála de thír na céadiontrála, rud a mhéadódh an deis le haghaidh sáruithe ar chearta an duine agus an brú ar na pobail óstacha.

“Tá ríméad orainn go ndéantar prionsabail na dlúthpháirtíochta agus comhroinnt chóir na freagrachta a agairt sna rialacháin atá luaite sa Chomhshocrú, ach tá na hoibleagáidí dlúthpháirtíochta atá ar stáit na céadiontrála díréireach,” a dúirt rapóirtéir na tuairime maidir le bainistiú tearmainn, Dimitris Dimitriadis.

Is cúis imní do Panagiotis Gkofas, rapóirtéir na tuairime maidir le nósanna imeachta tearmainn, go gcuirfeadh na rialacháin atá beartaithe ualach ollmhór ar na Ballstáit i ndeisceart na hEorpa: “An rud a tharlóidh ná go gcuirfear iallach de facto ar na Ballstáit diúltú do go leor iarratas ar thearmann, fiú iad siúd a chomhlíonann na coinníollacha chun tearmann a dheonú, ionas nach dtiocfaidh ardú ar líon na ndaoine atá á gcoinneáil le chéile i ndálaí mídhaonna.”

“Is é an iarmhairt dhosheachanta a bheidh ann go mbeidh na rialacháin neamh-infheidhme agus nach mbainfear amach an toradh a bhí beartaithe dóibh,” a dúirt sé. (ll)

Tá an tsochaí shibhialta réidh chun cabhrú leis an Aontas dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann leis an airgeadas digiteach

Ní mór an t-airgeadas digiteach a rialáil go práinneach agus tá an-dul chun déanta ag an gCoimisiún Eorpach i dtaca leis sin. Is é sin an phríomhtheachtaireacht a chuirtear in iúl sna trí thuairim de chuid CESE a glacadh le linn sheisiún iomlánach mhí Feabhra. Sa seisiún iomlánach sin, léirigh an Coiste a thacaíocht do na tograí is déanaí ón gCoimisiún maidir le hearnáil an airgeadais dhigitigh a rialáil.

Sa tuairim a dhréachtaigh Petru Sorin Dandea agus Jörg Freiherr Frank von Fürstenwerth, tacaíonn an Coiste leis an togra ón gCoimisiún maidir leis an straitéis airgeadais dhigitigh agus cuireann sé i bhfáth nach mór tabhairt faoi na dúshláin atá roimh earnáil airgeadais an Aontais de thoradh na digiteála ceann ar aghaidh. Is iomaí deis iontach a bhaineann leis an digiteáil, ach is iomaí bagairt a bhaineann léi freisin nach féidir neamhaird a thabhairt orthu agus nach mór tabhairt fúthu láithreach.

Tá an tuairim thuasluaite ag teacht leis an gceann a scríobh Giuseppe Guerini ina dtacaíonn CESE le dá thionscnamh de chuid an Choimisiúin: baineann an chéad cheann le margaí i gcriptea‑shócmhainní agus baineann an ceann eile le scéim phíolótach le haghaidh bonneagair mhargaidh bunaithe ar theicneolaíocht mórleabhar dáilte (DLT). Tá géarghá sa réimse sin le bearta chun teicneolaíocht atá ag dul i bhforleithne a rialáil, teicneolaíocht a bhfuil a cur i bhfeidhm praiticiúil ag dul i méid agus atá de shíor ag athrú go gasta.

Ar deireadh, sa tuairim a chuir Antonio García del Riego le chéile, tacaíonn an Coiste leis an togra ón gCoimisiún maidir le hAthléimneacht Dhigiteach Oibríochtúil toisc é a bheith mar aidhm ag an togra sin soiléireacht dhlíthiúil a sholáthar maidir leis na forálacha riosca teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC), castacht rialála a laghdú agus sraith choiteann caighdeán a bhunú chun rioscaí TFC a mhaolú agus chun cur chuige maoirseachta comhchuibhithe a éascú. Féachtar sa togra freisin le deimhneacht dhlíthiúil agus na coimircí riachtanacha a sholáthar do ghnólachtaí airgeadais agus do sholáthraithe TFC. (mp)

Téarnamh an Aontais – tá tábhacht nach beag le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta eagraithe

B’éifeachtúla agus b’éifeachtaí a bheadh Pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta ach eagraíochtaí na sochaí sibhialta a bheith rannpháirteach sa phróiseas ag céim níos luaithe agus ar bhonn níos forleithne. B’in í príomhtheachtaireacht an rúin “Rannpháirtíocht na Sochaí Sibhialta Eagraithe sna Pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta – na nithe a oibríonn agus na nithe nach n-oibríonn”, rún a glacadh ag seisiún iomlánach CESE i mí Feabhra agus a cuireadh i láthair le linn díospóireacht le Christa Schweng, Uachtarán CESE, agus Johannes Hahn, An Coimisinéir Eorpach um Buiséad agus um Riarachán.

Ag trácht di ar an toradh, seo mar a labhair an tUacharán Schweng: “A bhuí leis an rún seo, agus leis an anailís a dhéantar mar chuid de ar réimse leathan gnéithe eacnamaíocha agus sochaíocha, táimid in ann teachtaireacht láidir a sheoladh lena gcuirtear in iúl go soiléir go bhfuil tábhacht nach beag le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta eagraithe. Ní mór pleananna téarnaimh tairbhiúla a bheith ann chun tacú i ndáiríre leis an téarnamh ón ngéarchéim reatha agus aistriú glas agus aistriú digiteach atá cóir agus cothrom a bhaint amach. A luaithe a bheidh na cistí i bhfeidhm, mar dhara céim, is maith is féidir le comhaltaí CESE a mheas an bhfuil an t-airgead á chaitheamh ar bhealach atá éifeachtach agus an féidir leis na gnólachtaí, na hoibrithe, agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta atá i ngátar leas a bhaint as an airgead”.

Ó thaobh an Choimisinéara Hahn de, dúirt sé go raibh rialacha i bhfeidhm, agus go leanfadh an Coimisiún de bheith ag iarraidh ar son rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí sna próisis athchóiriúcháin sin: “Leis an Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, spreagtar comhairliúcháin leathana, idirghníomhaíochtaí láidre agus cumarsáid leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ag gach céim den chur chun feidhme. Ar an gcaoi sin, spreagtar na geallsealbhóirí le seilbh a ghlacadh ar na pleananna, agus, a bhuí leis sin, éascaítear cur chun feidhme rathúil na bpleananna. Go sonrach, ní mór do na Ballstáit a chur in iúl dúinn cén chaoi a léirítear ionchur ionadaithe ón tsochaí shibhialta sna pleananna”.

Ba iad na comhaltaí seo a leanas ó CESE a dhréachtaigh an rún: Gonçalo Lobo Xavier (Grúpa na bhFostóirí), Javier Doz Orrit (Grúpa na nOibrithe) agus Luca Jahier (an grúpa "Éagsúlacht Eoraip"). Rinne an triúr comhaltaí seo obair na 27 dtoscaireacht a chomhordú (tá triúr comhaltaí i ngach toscaireacht). Is é atá i gceist leis an obair sin monatóireacht a dhéanamh ar rannpháirtíocht na sochaí sibhialta eagraithe maidir le dréachtú, cur chun feidhme agus measúnú na bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta. (mp, na)

Tá sé iarrtha ag CESE go mbeadh cánachas níos simplí agus cothrom san Aontas agus níos faide i gcéin

Tacaíonn Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) go ginearálta le tograí reachtacha an Choimisiúin maidir le cánachas níos éifeachtúla agus níos cothroime agus tá sé an-sásta leis an gcaoi a bhfuiltear á gcomhordú ar an leibhéal domhanda.

Sa tuairim uaidh a glacadh ag an tionól iomlánach an 24 Feabhra, tacaíonn CESE go hiomlán leis an bpacáiste ón gCoimisiún Eorpach maidir le cánachas cothrom simplí.

Read more in all languages

Tacaíonn Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) go ginearálta le tograí reachtacha an Choimisiúin maidir le cánachas níos éifeachtúla agus níos cothroime agus tá sé an-sásta leis an gcaoi a bhfuiltear á gcomhordú ar an leibhéal domhanda.

Sa tuairim uaidh a glacadh ag an tionól iomlánach an 24 Feabhra, tacaíonn CESE go hiomlán leis an bpacáiste ón gCoimisiún Eorpach maidir le cánachas cothrom simplí. Dúirt rapóirtéir na tuairime, Krister Andersson, gur cheart na tograí sin a bheith ag teacht leis an bplé domhanda a rinneadh in OECD faoi chuimsiú an Chreata Chuimsithigh maidir le Creimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis. “Tá an méid sin ríthábhachtach chun comhthoil dhomhanda a bhaint amach, agus bearta aontaobhacha á seachaint,” a mhínigh sé.

Tá CESE ag teacht leis an tuairim gur tábhachtaí fós i ndiaidh phaindéim COVID-19 cánachas cothrom agus éifeachtúil a bhaint amach. Sa tuairim uaidh, chuir sé a fhís i láthair maidir le príomhábhair amhail dea-rialachas cánach san Aontas Eorpach, an chalaois chánach agus an imghabháil cánach a chomhrac, ceanglais maidir le tuairisciú cánach, cóireáil CBL maidir le seirbhísí airgeadais agus rialacha cánach agus fostaíochta maidir le hardáin dhigiteacha. I measc tograí eile a chuir CESE i láthair, tá an comhshocrú Eorpach chun an chalaois chánach, an imghabháil agus seachaint cánach agus sciúradh airgid a chomhrac go héifeachtach. (na)

Ba cheart níos mó airde a thabhairt ar shaincheisteanna sóisialta i straitéis eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh do 2021, dar le CESE

Tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) tar éis a sheasamh i leith thosaíochtaí eacnamaíocha an Aontais do 2021 a ghlacadh. Is díol sásaimh dó na céimeanna a glacadh sa straitéis chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le paindéim COVID-19 i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, ach tá díomá air nach dtugann an straitéis a mhol an Coimisiún Eorpach go leor airde ar shaincheisteanna sóisialta. Chomh maith leis sin, tugann CESE rabhadh faoi dheireadh ró-luath a chur de réir a chéile le bearta tacaíochta, agus molann sé rialacha fioscacha nua a bhunú a léireoidh réaltachtaí sóisialta agus eacnamaíocha tar éis na paindéime.

Read more in all languages

Tá CESE tar éis a sheasamh i leith thosaíochtaí eacnamaíocha an Aontais do 2021 a ghlacadh. Is díol sásaimh dó na céimeanna a glacadh sa straitéis chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le paindéim COVID-19 i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, ach tá díomá air nach dtugann an straitéis a mhol an Coimisiún Eorpach go leor airde ar shaincheisteanna sóisialta. Chomh maith leis sin, tugann CESE rabhadh faoi dheireadh ró-luath a chur de réir a chéile le bearta tacaíochta, agus molann sé rialacha fioscacha nua a bhunú a léireoidh réaltachtaí sóisialta agus eacnamaíocha tar éis na paindéime.

Tá díomá ar an gCoiste gur beag aird a thugtar ar shaincheisteanna sóisialta sa straitéis eacnamaíoch atá molta ag an gCoimisiún, straitéis a bhfuil comhlánú déanta uirthi i mbliana le treoir faoi chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta. Ar thaobh amháin, ní fhágfaidh an cur chuige seo go gcuirfear Colún Eorpach na gCeart Sóisialta chun feidhme ar bhealach comhsheasmhach. Ar an taobh eile, cuirfidh sé an t-aistriú cóir i dtreo geilleagar glas agus digiteach i mbaol. Thug CESE le fios nár cheart méadú breise a theacht ar an mbochtaineacht agus ar an eisiamh sóisialta mar thoradh ar an aistriú.

Tá an imní seo le sonrú i gceann de na conclúidí a ghlac CESE an 24 Feabhra ina thuairim maidir le Straitéis Bhliantúil 2021 don Fhás Inbhuanaithe.

Dúirt Krzysztof Balon, rapóirtéir na tuairime, go mbeidh “sé ríthábhachtach a áirithiú go ndáilfear tairbhí an téarnaimh eacnamaíoch ar bhealach cothrom, is é sin ar bhealach a chuideoidh ní hamháin le feabhas a chur ar an gceartas sóisialta ach freisin leis an éileamh a chobhsú mar réamhchoinníoll don téarnamh eacnamaíoch”. (na)

Tá géarghá leis an straitéis Eorpach maidir le hathchóiriú foirgneamh

Tá géarghá leis an straitéis Eorpach Rabharta Athchóirithe don Eoraip. Ní fhéadfaidh an tAontas Eorpach féin ná pobal na hEorpa déanamh d’uireasa na straitéise sin. Sa tuairim a dhréachtaigh Pierre Jean Coulon agus Laurențiu Plosceanu agus a glacadh ag seisiún iomlánach mhí Feabhra, thug CESE le fios go dtacaíonn sé leis an togra maidir le hathchóiriú foirgneamh a d’ullmhaigh an Coimisiún Eorpach ar mhaithe le “glasú na bhfoirgneamh seo againne, cruthú post agus feabhsú na cáilíochta saoil”.

Toisc go mbaineann 40 % den tomhaltas fuinnimh iomlán san Eoraip le tithe agus le foirgnimh eile, tá gá leis an rabharta athchóirithe – tionscnamh atá á chur chun cinn ag an Aontas Eorpach. Tá an straitéis ina cuid de chur chuige iomlánaíoch maidir leis an infheistíocht phoiblí fhadtéarmach, an fhorbairt inbhuanaithe, an chosaint sláinte (lena n-áirítear láimhseáil aispeiste in oibreacha athchóirithe), an t-aistriú glas agus cur chun feidhme éifeachtach Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta maidir le tithíocht inbhuanaithe agus inacmhainne.

Le linn na díospóireachta, dúirt Pierre Jean Coulon: “Rachaidh straitéis an rabharta athchóirithe chun tairbhe don Aontas Eorpach ar thrí shlí éagsúla, mar atá déanfaidh sí leas na haeráide, leas an téarnaimh eacnamaíoch de thoradh na bpost áitiúil a chruthófar agus, ar deireadh, leas an chomhraic i gcoinne na paindéime, i gcoinne na bochtaineachta fuinnimh agus ar son na tithíochta inacmhainne do chách.”

Bhí Laurențiu Plosceanu ar aon fhocal leis agus is é a dúirt seisean mar fhocal scoir: “Ní mór don straitéis seo an tAontas Eorpach a thabhairt níos gaire do na saoránaigh agus do na háiteanna ina gcónaíonn siad, agus go mbeidh tacaíocht an Choiste ag an straitéis agus go mbeidh ionchur an Choiste le sonrú sa straitéis trí na tuairimí agus na tograí uaidh. Is é an chéad chéim sa phróiseas sin feachtas cumarsáide cuí a eagrú faoi na scéimeanna athchóirithe atá i bhfeidhm agus faoin gcaoi le páirt a ghlacadh iontu.” (mp)

Tá sé geallta ag CESE cur go mór le tionscnaimh nua an Choimisiúin

Ráiteas ar Phlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, trédhearcacht pá agus an Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030

Táimid ag súil go mór le bheith ag obair ar thrí mhórthionscnamh de chuid an Choimisiúin Eorpaigh: Teachtaireacht maidir le Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, togra le haghaidh Treoir chun cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann, nó as obair ar comhionann a luach idir fir agus mná, a neartú trí shásraí trédhearcachta pá agus forfheidhmithe pá, agus an Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030.

Nuair a smaoiníonn daoine faoin Eoraip, smaoiníonn siad faoi shochaithe comhionanna, faoi na dálaí oibre is airde caighdeán agus faoi chosaint shóisialta leathan. Tá Eoraip Shóisialta láidir mar bhonn le rathúnas agus folláine ár saoránach agus le geilleagar iomaíoch, athléimneach, glas agus digiteach atá bunaithe ar mheitheal oibre nuálach oilte.
Tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) lántiomanta tacaíocht a thabhairt d’institiúidí agus do Bhallstáit an Aontais san am seo nuair ba chóir do gach duine – cinnteoirí agus gach geallsealbhóir ábhartha – oibriú as lámha a chéile chun go mbeidh an Eoraip in ann teacht ar ais ón bpaindéim agus a bheith níos láidre agus níos athléimní sa todhchaí, leas a bhaint as an aistriú glas agus digiteach agus gan duine ar bith a fhágáil ar lár.
Oibreoidh CESE chun cur go mór le tionscnaimh nua an Choimisiúin, de réir mar a tugadh le fios sa chomhsheasamh ó chomhaltaí CESE, ionadaithe a thagann ó chumainn fostóirí, grúpaí oibrithe agus eagraíochtaí sochaí sibhialta eile i ngach ceann de 27 mBallstát an Aontais. Ullmhóidh CESE rún a bheidh le glacadh ag an seisiún iomlánach i mí Aibreáin agus a bheidh mar ionchur do Chruinniú Mullaigh Sóisialta Porto a bheidh ar siúl i mí na Bealtaine 2021. Dréachtóidh an Coiste freisin tuairimí faoin togra le haghaidh Treoir maidir le Trédhearcacht Pá agus faoin Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas.

Christa Schweng, Uachtarán CESE agus
Laurenţiu Plosceanu, Cathaoirleach ar an Rannóg um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht (SOC)

News from the Groups

Tá an Eoraip breá ábalta a huaillmhianta maidir le hearnáil na tionsclaíochta a bhaint amach

Le Grúpa na bhFostóirí in CESE

Cruinniú de Ghrúpa na bhFostóirí in CESE leis an gCoimisinéir Breton

Is léir ó phaindéim COVID-19 go mbraitheann fíor-athléimneacht ar Mhargadh Aonair lánfheidhmiúil a chinntiú. Ba í sin príomhtheachtaireacht an Choimisinéara um an Margadh Inmheánach, Thierry Breton, a ghlac páirt sa chruinniú urghnách de Ghrúpa na bhFostóirí (1 Márta) chun plé a dhéanamh ar réimse leathan ábhar ó rolladh amach na vacsaíní go dtí Straitéis Tionsclaíochta athbhreithnithe an Aontais agus téarnamh inbhuanaithe na hEorpa.

Dúirt an tUasal Breton gur tharraing paindéim COVID-19 aird ar roinnt riachtanas atá ag an ngeilleagar, mar shampla go bhfuil ar an Eoraip a neamhspleáchas tionsclaíoch a neartú. Ní mór don Eoraip sineirgí straitéiseacha a chruthú a ligfidh dúinn a bheith níos inbhuanaithe ó thaobh na tionsclaíochta de. Ní mór don Straitéis Tionsclaíochta athbhreithnithe cuidiú le gnólachtaí dul chun cinn a dhéanamh, fiú amháin sa tréimhse dheacair seo. Ina theannta sin, tá maoiniú á chur ar fáil leis an ionstraim NextGenerationEU nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe, maoiniú is féidir a úsáid chun Eoraip Thionsclaíoch an lae amárach a thógáil. Tá an dá aistriú ghaolmhara, an athléimneacht agus slabhra luacha fónta ar na réimsí is tábhachtaí ó thaobh atógála de.

I ndeireadh na dála, bhí Grúpa na bhFostóirí in CESE agus an tUasal Breton ar aon fhocal, tríd is tríd, faoi na hábhair a pléadh agus bhí an teanga chéanna in úsáid acu, a bhí dírithe ar ghnó agus ar an ngá atá leis an timpeallacht reachtaíochta oiriúnach a dhaingniú, rud a ligfeadh do chomhlachtaí feidhmiú le cinnteacht, solúbthacht agus slándáil. Creideann Grúpa na bhFostóirí in CESE gurb iad na gnólachtaí agus na fiontair na comhpháirtithe is tábhachtaí sa phróiseas chun ár sochaithe a chur in oiriúint don todhchaí agus gur cheart an deis a thabhairt dóibh ról cuiditheach a imirt.

Is féidir an t-alt iomlán a léamh ag an nasc seo a leanas: http://europa.eu/!PX67QK

Lá Idirnáisiúnta na mBan: An fáth a bhfuil gá leis go fóill

Le Maria Nikolopoulou, comhalta de Ghrúpa na nOibrithe in CESE

An bhfuil ciall leis sa lá atá inniu ann Lá Idirnáisiúnta na mBan a cheiliúradh ar an 8 Márta? Tá os cionn 110 mbliana caite ó mhol Clara Zetkin Lá na nOibrithe Ban a bhunú, agus breis agus 40 bliain ann ó d’fhógair na Náisiúin Aontaithe an Lá Idirnáisiúnta um Chearta na mBan agus um Shíocháin Idirnáisiúnta. Tá forbairt tagtha ar ár sochaithe le céad bliain anuas.

Tá cead vótála ag mná, is féidir leo a bpas féin a bheith acu, staidéar a dhéanamh, is féidir leo a bheith ina bPríomh-Airí, dul chuig an ngealach, is fúthu-san atá sé cé acu an bpósfaidh siad nó an mbeidh páistí acu nó cén uair a dhéanfaidh siad na rudaí sin; tá mná agus fir comhionann os comhair an dlí. Cén gá atá leis mar sin? In ainneoin an chosúlacht a bheith air go bhfuil gach rud i gceart, tá gá leis toisc go bhfuil bacainní bunúsacha sóisialta, cultúrtha agus dlíthiúla fós ann a chuireann cosc ar mhná a gcumas iomlán a bhaint amach.

Is trua nach bhfuil daoine áirithe in ann cumas na mban a aithint agus go séantar orthu rochtain a fháil ar phoist ar leith nó poist ardleibhéil. Is ar an ábhar sin a theastaíonn uainn oibriú as lámha a chéile ar Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 5 na Náisiún Aontaithe maidir le Comhionannas Inscne.

Is díol frustrachais é gur ar mhná go fóill a thiteann tromlach na gcúraimí teaghlaigh agus tí cé go n-oibríonn siad an oiread céanna agus a oibríonn a bpáirtithe. Ba mar gheall air sin a throideamar ar son na Treorach maidir le Cothromaíocht Oibre is Saoil.

Tá sé áiféiseach gur lú a thuilleann mná ná fir as an obair chéanna a dhéanamh. Sin an fáth gur díol sásaimh dúinn Treoir an Aontais Eorpaigh maidir le Trédhearcacht Pá.

Níl sé eiticiúil go bhfuil pá thar a bheith íseal á fháil go fóill ag mná agus go mbíonn siad ag obair faoi dhálaí mídhaonna in ainneoin gur aithníomar le linn phaindéim COVID-19 gur mná (imircigh gan doiciméid go leor acu) a dhéanann cuid de na cúraimí is tábhachtaí amhail glantachán agus aire a thabhairt do dhaoine scothaosta. Sin an fáth a dteastaíonn Treoir an Aontais Eorpaigh maidir le Pá Íosta Leordhóthanach uainn agus nach mór do thíortha Coinbhinsiún EIS C 189 maidir le hoibrithe tí a dhaingniú.

Níl sé inghlactha go n-iarrtar ar roinnt ban praghas “dlúthphearsanta” a íoc d’fhonn ardú céime a bhaint amach ag an obair nó go ndéantar bulaíocht orthu mar go dteastaíonn ó dhaoine eile racht a chur díobh. Sin an fáth gur tábhachtaí ná riamh do thíortha daingniú a dhéanamh ar Choinbhinsiún EIS C 190 maidir le foréigean agus ciapadh ag an obair.

Is scannalach an scéal é go maraítear agus go n-éignítear mná gach uile lá agus go bhfuil daoine ann a thugann leithscéalta ina leith sin agus a thugann le fios go raibh sé tuillte ag an mbean nó go ndearna sí rud éigin leis na heachtraí sin a tharraingt uirthi féin. Sin an fáth nach mór dúinn troid ar son oideachas cuimsitheach maidir le comhionannas agus urramú do na buachaillí agus na cailíní is óige, agus ar son córais bhreithiúnacha sholúbtha agus scéimeanna sóisialta a thacóidh le mná ar íospartaigh foréigin teaghlaigh iad.

Tá sé ríthábhachtach go fóill do mhná feimineacha agus d’fhir fheimineacha seasamh a ghlacadh agus tacú le hathruithe cultúrtha agus beartais agus iad a chur chun cinn chun comhionannas deiseanna a bhaint amach do chách. Go dtí go mbeimid in ann “Lá Idirnáisiúnta an Chomhionannais Inscne” a cheiliúradh, coinnímis orainn le Lá Idirnáisiúnta na mBan a chomóradh.

Staidéar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) maidir le freagairt na sochaí sibhialta ar COVID-19

Leis an nGrúpa “Éagsúlacht Eoraip” in CESE

An 12 Márta, ag cruinniú ardleibhéil faoi “Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta le linn agus i ndiaidh phaindéim COVID-19: na dúshláin agus an todhchaí”,sheol an Grúpa “Éagsúlacht Eoraip” staidéar dar teideal “Freagairt eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar phaindéim COVID-19 agus ar na bearta sriantacha a glacadh dá bharr san Eoraip”

Read more in all languages

Leis an nGrúpa “Éagsúlacht Eoraip” in CESE

An 12 Márta, ag cruinniú ardleibhéil faoi “Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta le linn agus i ndiaidh phaindéim COVID-19: na dúshláin agus an todhchaí”, sheol an Grúpa “Éagsúlacht Eoraip” staidéar dar teideal “Freagairt eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar phaindéim COVID-19 agus ar na bearta sriantacha a glacadh dá bharr san Eoraip”

Choimisiúnaigh CESE an staidéar seo arna iarraidh sin ag an nGrúpa “Éagsúlacht Eoraip”. Tá dhá chuid i gceist leis: ar an gcéad dul síos, tugtar léargas sa staidéar ar thionchar na paindéime ar eagraíochtaí sochaí sibhialta éagsúla agus ar a ngníomhaíochtaí ar fud na hEorpa. Ar an dara dul síos, déanann sé anailís agus taispeánann sé an iliomad tionscnamh ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta chun cabhrú le pobail áitiúla agus le grúpaí leochaileacha dul i ngleic leis an bpaindéim. Úsáideann na húdair modh measctha ina gcomhcheanglaítear taighde deascbhunaithe agus grinnsuirbhé ar líne chun an eolas seo a bhailiú.

Léirítear sa staidéar go bhfuil eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar thús cadhnaíochta maidir leis an bhfreagairt ar phaindéim COVID-19, ag cur seirbhísí riachtanacha ar fáil agus ag cosaint chearta na ndaoine is leochailí sa tsochaí. Ag an am céanna, tarraingíonn sé aird ar na dúshláin mhóra atá os comhair eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ar dúshláin iad a d’fhéadfadh bac nó moill a chur ar an obair a dhéanfaidh siad amach anseo. 

Ar an mbonn seo, leagann na húdair béim ar ábhair thábhachtacha do thodhchaí eagraíochtaí na sochaí sibhialta, amhail easpa maoinithe inbhuanaithe, creata dlí agus acmhainní leordhóthanacha agus tacair scileanna leordhóthanacha. Ní mór machnamh a dhéanamh ar na fadhbanna seo amach anseo agus le cinntí misniúla polaitiúla a ghlacadh chun a chinntiú go ndéanfar cumais na n-eagraíochtaí seo a chaomhnú agus a neartú sa chéim téarnaimh i ndiaidh COVID-19.

Tá an staidéar iomlán agus a achoimre feidhmiúcháin ar fáil ar líne. Tá an foilseachán le fáil freisin le “catalóg dea-chleachtais", bailiúchán de na tionscnaimh iomadúla ó eagraóiochtaí na sochaí sibhialta ar éirigh go maith leo freagairt ar an bpaindéim. A press releaseon the related Diversity Europe Group conference is available on the EESC website.

Soon in the EESC/Cultural events

An 8 Márta: Lá Idirnáisiúnta na mBan

Chun ceiliúradh a dhéanamh ar Lá Idirnáisiúnta na mBan, tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) chun taispeántas a reáchtáil a chuirfear i láthair go fíorúil ó thús go deireadh, dar teideal Gníomhaíochas ar son an Chomhionannas Inscne.

Is é atá i gceist sa taispeántas ná sraith 25 póstaer a thugann léargas dúinn ar an streachailt chun an comhionannas inscne agus cearta na mban a bhaint amach, agus a léiríonn Clár Oibre 2030 agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, go háirithe maidir le SDG 5, a bhaineann le comhionannas inscne a bhaint amach.

Is imeacht é seo atá eagraithe i gcomhpháirt leis an líonra neamhbhrabúsach Women Engage for a Common Future atá dírithe ar phláinéad sláintiúil atá cóir ó thaobh inscne a bheith ann do gach duine.

Ná lig tharat an deis páirt a ghlacadh san imeachtag an nasc seo,áit a mbeidh físeán ó sheoladh beo na himeachta fosta!

Is imeacht cultúrtha é seo, atá eagraithe i gcomhar leis an gCoiste um Chomhionannas Deiseanna agus um Éagsúlacht (COPEC) (ck)

Read more in all languages

Chun ceiliúradh a dhéanamh ar Lá Idirnáisiúnta na mBan, tá CESE chun taispeántais a reáchtáil a chuirfear i láthair go fíorúil ó thús go deireadh, dar teideal Gníomhaíochas ar son an Chomhionannas Inscne.

Is é atá i gceist sa taispeántas ná sraith 25 póstaer a thugann léargas dúinn ar an streachailt chun an comhionannas inscne agus cearta na mban a bhaint amach, agus a léiríonn Clár Oibre 2030 agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, go háirithe maidir le SDG 5 a bhaineann le comhionannas inscne a bhaint amach.

Is imeacht é seo atá eagraithe i gcomhpháirt leis an líonra neamhbhrabúsach Women Engage for a Common Future atá dírithe ar phláinéad sláintiúil atá cóir ó thaobh inscne a bheith ann do gach duine.

Ná lig tharat an deis páirt a ghlacadh san imeachtag an nasc seo,áit a mbeidh físeán ó sheoladh beo na himeachta fosta!

Is imeacht cultúrtha é seo, atá eagraithe i gcomhar leis an gCoiste um Chomhionannas Deiseanna agus um Éagsúlacht (COPEC) (ck)

Taispeántas grianghrafadóireachta comhpháirteach idir an Afraic agus an tAontas Eorpach atá nasctha le hUachtaránacht na Portaingéile ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Tá taispeántas An Afraic i Liospóin ina léirítear tionchar chultúr na hAfraice i Liospóin, á chur i láthair ag Ana Carvalho, ealaíontóir ón bPortaingéil, agus tá Taispeántas Ubuntu, ina gcuirtear chun cinn cómhaireachtáil shíochánta, glacadh le difríochtaí agus dlúthpháirtíocht, á chur i láthair ag José Pereira, atá bunaithe in Cabo Verde.

An 2 Márta, lainseáil CESE an taispeántas grianghrafadóireachta comhpháirteach idir an Afraic agus an tAontas Eorpach ag ócáid fhíorúil a raibh Cillian Lohan, Leas-Uachtarán de chuid CESE a bhfuil cúram na cumarsáide air, Carlos Trindade, Cathaoirleach Choiste Leantach ACC-AE, agus beirt ghrianghrafadóirí, i measc na ndaoine a d’fhreastail uirthi. Lainseáladh an t-imeacht le linn chruinniú Choiste Leantach ACC-AE, comhlacht buan atá ina chuid den Rannóg um Chaidreamh Seachtrach in CESE

Read more in all languages

Tá taispeántas An Afraic i Liospóin ina léirítear tionchar chultúr na hAfraice i Liospóin, á chur i láthair ag Ana Carvalho, ealaíontóir ón bPortaingéil, agus tá Taispeántas Ubuntu, ina gcuirtear chun cinn cómhaireachtáil shíochánta, glacadh le difríochtaí agus dlúthpháirtíocht, á chur i láthair ag José Pereira, ealaíontóir ón Afraic atá bunaithe in Cabo Verde.

An 2 Márta, lainseáil CESE an taispeántas grianghrafadóireachta comhpháirteach idir an Afraic agus an tAontas Eorpach ag ócáid fhíorúil a raibh Cillian Lohan, Leas-Uachtarán de chuid CESE a bhfuil cúram na cumarsáide air, Carlos Trindade, Cathaoirleach Choiste Leantach ACC-AE, agus beirt ghrianghrafadóirí, i measc na ndaoine a d’fhreastail uirthi. Lainseáladh an t-imeacht le linn chruinniú Choiste Leantach ACC-AE, comhlacht buan atá ina chuid den Rannóg um Chaidreamh Seachtrach in CESE

Mar a dúirt an tUasal Trindade, “Toisc go léiríonn an cultúr luachanna coiteanna agus ábhair spéise coiteanna pobail a bhfuil ábhair leasa choitinn aige, is é is aidhm don ghníomhaíocht chultúrtha seo ná aird a dhíriú ar a thábhachtaí atá an cruinniú mullaigh idir an tAontas agus an Afraic, atá ar na bacáin, do CESE, agus an ceangal láidir idir an dá ilchríoch a chur i lár an aonaigh. Is ar an ábhar sin a reáchtálamar an lainseáil ar líne mar chuid dár gcruinniú.”

Beidh an taispeántas grianghrafadóireachta go hiomlán fíorúil agus beidh rochtain air ar líne ón 1 Márta go 31 Márta 2021.

Is féidir féachaint ar an taispeántas ANSEO agus ar mheáin shóisialta CESE. Ná lig tharat an deis! (ck)

Cainteanna á dtabhairt ag CESE ar líne – An dteastaíonn uait aithne a chur orainn?

An raibh a fhios agat go dtugann Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) an deis do ghnáthdhaoine ar fud na hEorpa a dtuairimí a nochtadh faoi fhorbairt na hEorpa?

Is féidir cuairt ar líne a chur in áirithe. Is deis atá sa chuairt ar líne tuiscint a fháil ar na cúiseanna go bhfuil an comhairliúchán, an t-idirphlé agus an comhdhearcadh ina ngnéithe lárnacha dár gcuid oibre ar son na n-eagraíochtaí sibhialta eagraithe (m.sh. fostóirí, ceardchumainn agus grúpaí ar nós cumainn ghairmiúla agus phobail, eagraíochtaí feirmeoirí, cumainn na n-óg, grúpaí ban, tomhaltóirí, feachtasóirí comhshaoil agus a lán lán eile). (cl)

Read more in all languages

An raibh a fhios agat go dtugann Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) an deis do ghnáthdhaoine ar fud na hEorpa a dtuairimí a nochtadh faoi fhorbairt na hEorpa?

Is féidir leat cuairt ar líne a chur in áirithe. Is deis atá sa chuairt ar líne tuiscint a fháil ar na cúiseanna go bhfuil an comhairliúchán, an t-idirphlé agus an comhdhearcadh ina gcodanna lárnacha dár gcuid oibre ar son na n-eagraíochtaí sibhialta eagraithe (m.sh. fostóirí, ceardchumainn agus grúpaí ar nós cumainn ghairmiúla agus phobail, eagraíochtaí feirmeoirí, cumainn na n-óg, grúpaí ban, tomhaltóirí, feachtasóirí comhshaoil agus a lán lán eile). (cl)

Editors

Ewa Haczyk-Plumley (editor-in-chief)
Daniela Marangoni (dm)
 
Contributors to this issue

Amalia Tsoumani (at)
Chloé Lahousse (cl)
Chrysanthi Kokkini (ck)
Daniela Marangoni (dm)
David Gippini Fournier (dgf)
Ewa Haczyk-Plumley (ehp)
Jasmin Kloetzing  (jk)
Katharina Radler (kr)
Laura Lui (ll)
Magdalena Walczak Jarosz (mwj)
Marco Pezzani (mp)
Margarita Gavanas (mg)
Nicola Accardo (na)
Pablo Ribera Paya (prp)
 
Coordination

Agata Berdys (ab)
Katerina Serifi (ks)

Technical support
Bernhard Knoblach (bk)

Address

European Economic and Social Committee
Jacques Delors Building,
99 Rue Belliard,
B-1040 Brussels, Belgium
Tel. (+32 2) 546.94.76
Email: eescinfo@eesc.europa.eu

EESC info is published nine times a year during EESC plenary sessions. EESC info is available in 23 languages
EESC info is not an official record of the EESC’s proceedings; for this, please refer to the Official Journal of the European Union or to the Committee’s other publications.
Reproduction permitted if EESC info is mentioned as the source and a link  is sent to the editor.
 
March 2021
04/2021

Follow us

  • Facebook
  • Twitter
  • LinkedIn
  • Instagram