Ní mór breathnú ar an atógáil tar éis na paindéime mar dheis dúinn chun an Eoraip a atógáil ar bhunchloch nua na rannpháirtíochta daonlathaí. Ag Laethanta na Sochaí Sibhialta 2021 de chuid CESE, tugadh le fios gur bhotún ollmhór a bheadh ann dá bhfágfaí cinniúint agus todhchaí an mhóráin faoin mbeagán.
Bhí Laethanta na Sochaí Sibhialta 2021 de chuid CESE ar siúl an 1-5 Márta faoin teideal “Téarnamh Inbhuanaithe do Thodhchaí Shaoránaigh na hEorpa”, agus lena linn eagraíodh díospóireachtaí idirghníomhacha ar líne thar chúig lá le os cionn 1 400 duine. Bhí daoine i láthair ó thíortha i bhfad i gcéin amhail an Afraic, an Áise agus Meiriceá Thuaidh agus Theas.
Ba léir do na hurlabhraithe gur tháinig rud maith amháin as an bpaindéim. Cé gurbh éigean an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa a chur ar athló, tharraing an phaindéim aird ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta mar chrann taca ag rialtais a raibh sé deacair orthu dul i ngleic le géarchéim thromchúiseach den chineál sin. Theastaigh uathu a fháil amach cén cruthúnas eile a bhí ag teastáil gur chóir páirt a bheith ag an tsochaí shibhialta sna pléití ina ndéanfar cinntí a mbeidh tionchar acu ar thodhchaí na hEorpa?
“Tá áthas orm go measann an Coimisiún go bhfuil tábhacht chomh suntasach sin le rannpháirtíocht na saoránach sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa” a dúirt Uachtarán CESE, Christa Schweng. “Is féidir brath ar an gCoiste chun cur go mór leis na díospóireachtaí trí ról a thabhairt d’oibrithe, d’fhostóirí agus don tsochaí shibhialta eagraithe agus, ós iolraitheoirí agus ambasadóirí iad, is féidir an díospóireacht a thabhairt isteach in eagraíochtaí na gcomhaltaí.”
Ag tabhairt aird ar an ról a bhí ag eagraíochtaí don óige sna ceardlanna, bhí an méid seo a leanas le rá ag Brikena Xhomaqi, comh-chathaoirleach an Ghrúpa Idirchaidrimh a chomheagraigh an t-imeacht, agus clabhsúr á chur aici ar an imeacht: “Iarraim oraibh uilig dlúthpháirtíocht idirghlúine a úsáid mar airgeadra ar mhaithe le téarnamh inbhuanaithe a bhaint amach don Eoraip amach anseo.”
Le conclúidí na n-ocht gceardlann, leagadh amach an bealach chun todhchaí níos fearr a bhaint amach do shaoránaigh na hEorpa agus leagadh béim ar an ngá atá ann na nithe seo a leanas, i measc rudaí eile, a dhéanamh:
- eagraíochtaí idirmheánacha a neartú (eagraíochtaí na sochaí sibhialta, páirtithe, ceardchumainn, etc.), borradh a chur faoin oideachas sibhialta agus digiteach agus tionóil de chuid na saoránach a bhunú le cinntí a dhéanamh;
- eolas a scaipeadh faoin ngeilleagar sóisialta mar shamhail ghnó atá inmharthana ó thaobh an téarnaimh inbhuanaithe de, a bhfuil níos mó ná brabús i gceist léi agus a chuidíonn le dul i ngleic le héagothromaíochtaí agus leis an athrú aeráide, le cistí atá curtha ar leataobh sa Phlean Téarnaimh agus sa tionscnamh 'NextGenerationEU';
- infheistíocht a dhéanamh sa chultúr agus san oideachas le todhchaí níos athléimní agus níos inbhuanaithe a thógáil don Eoraip. Ní leor infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar crua: ní mór an pobal a chur i gcroílár an téarnaimh;
- an rogha maidir le hioncam bunúsach uilíoch agus scéimeanna um ráthaíocht poist mar réiteach indéanta do dhaoine agus don phláinéad a dhípholaitiú agus a fhiosrú ar bhealach níos fearr;
- deis a thabhairt do dhaoine óga ról suntasach a imirt agus a bheith gníomhach ar fud na hEorpa agus a gcuid tuairimí a chur in iúl, ní hamháin i dtaca le saincheisteanna a bhaineann go sonrach leis an aos óg, ach i dtaca le réimsí éagsúla beartais freisin;
- a chinntiú go cuirfidh an Comhaontú Glas ar dhóigh níos éifeachtaí le deireadh a chur leis an mbochtaineacht, an éagóir agus an neamhionannas inscne;
- dlús a chur leis an athchóiriú foirgneamh san Eoraip trí eolas a scaipeadh faoi na dúshláin agus na deiseanna lena ngabhann agus trí eagraíochtaí na sochaí sibhialta, amhail ionadaithe ar uinéirí foirgneamh agus ailtirí, a shlógadh chun spriocanna an Rabharta Athchóirithe a bhaint amach;
- ról lárnach a thabhairt d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta i gcur chun feidhme na bpleananna náisiúnta téarnaimh agus, ar an gcaoi sin, an treocht atá tagtha chun cinn sa tréimhse ullmhúcháin a aisiompú chun go mbeidh ról níos mó acu ina leith. Tá sé riachtanach go dtuigfidh lucht déanta beartas an luach a bhaineann leis an obair dheonach, ní hamháin i dtéarmaí aschur na n-uaireanta a chuirtear isteach, ach freisin mar léiriú ar luachanna Eorpacha agus mar shampla do dhaoine eile de na hathruithe a d'fhéadfaí a dhéanamh d'fhonn an tsochaí atá uainn don Eoraip a thógáil bunaithe ar dhlúthpháirtíocht, cuimsiú agus prionsabail dhaonlathacha.
Foilseofar conclúidí iomlána Laethanta na Sochaí Sibhialta go gairid ar shuíomh gréasáin CESE. (dm)