Soiléireacht, trédhearcacht airgeadais níos fearr, rialacha dochta maidir le ciapadh agus pionóis níos láidre i gcás neamhchomhlíonadh na rialacha. An 28 Eanáir 2021, vótáil comhaltaí CESE ar son athruithe móra a dhéanamh ar a gCód Iompair. Is é seo an chéad chloch mhíle in athchóiriú an Choiste, athchóiriú a bhfuil ceannaireacht nua CESE ag tabhairt faoi.

Tá roinnt feabhsuithe sna rialacha nua chun cosc éifeachtach a chur ar chiapadh agus chun cásanna mí-iompair a láimhseáil go héifeachtach. Cé gurb é an ciapadh a chosc an tosaíocht is mó, beifear in ann réimse pionós a fhorchur ar chomhalta den Choiste i gcás éagóir dheimhnithe.

I mí Dheireadh Fómhair seo caite, ag tús a hUachtaránachta, gheall Christa Schweng, Uachtarán CESE, go ndéanfadh sí an Cód Iompair a neartú. “Chomhlíonamar an gealltanas sin. Leis an obair mhór atá déanta ag an bPainéal um na Rialacha Nós Imeachta, táimid tar éis tacaíocht fhorleathan a áirithiú don togra seo. Léiríonn sé sin ár dtiomantas do chaighdeáin arda eitice agus do mhodhanna oibre atá nua-aimseartha agus trédhearcach”, a dúirt an tUachtarán Schweng.

I gcás ina líomhnaítear mí-iompar, déanfaidh an Coiste Eitice nua imscrúdú ar an ábhar agus beidh cumhachtaí imscrúdúcháin sainithe go soiléir aige. Beidh comhaltaí agus foireann CESE in ann gearáin a chur faoi bhráid an Choiste Eitice. Má tharlaíonn imscrúdú, déanfar aon sceithirí aitheanta a chosaint agus comhoibreoidh an Coiste go dlúth leis an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF).

Ag brath ar thoradh imscrúdaithe agus ar thromchúis an mhí-iompair, dʼfhéadfaí pionóis áirithe a ghearradh ar chomhaltaí, mar shampla:

  • comhalta a chur as ceann amháin nó níos mó de na hoifigí a shealbhaíonn an comhalta sin sa Choiste
  • deisiú aon damáiste arbh é an comhalta ba chúis leis
  • caillteanas sealadach na liúntas a fhaigheann an comhalta
  • fionraí ar rannpháirt an chomhalta i ngníomhaíochtaí agus i misin uile CESE, nó i gcuid díobh
  • toirmeasc ar ionadaíocht a dhéanamh thar ceann CESE ar aon fhóram náisiúnta, idirinstitiúideach nó idirnáisiúnta
  • cailliúint ar na cearta chun rochtain a fháil ar fhaisnéis rúnda nó ar fhaisnéis rúnaicmithe

Sna casanna is tromchúisí, beifear in ann comhalta a ruaigeadh as CESE.

Leis na rialacha nuashonraithe seo, beidh trédhearcacht airgeadais níos fearr ann, go háirithe ó thaobh aisíocaíocht misean agus gníomhaíochtaí leis na comhaltaí de. Gach bliain, beidh sé d’oibleagáid ar na comhaltaí dearbhú airgeadais a chur isteach a chuirfear ar fáil ar láithreán gréasáin CESE. Déanann an doiciméad soiléiriú freisin ar chásanna ina bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith ann.

Leanann na hathruithe as iarratais agus moltaí Pharlaimint na hEorpa agus as na moltaí ón Ombudsman Eorpach agus ó OLAF.