An Bhruiséil, 24 Eanáir 2024

A chairde:

A Shoilse, Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh,

A Shoilse, Roberta Metsola, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa,

A Shoilse, Willem van de Voorde, Buanionadaí na Beilge chuig an Aontas Eorpach,

 

Litir oscailte chomhpháirteach ó Ghrúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta in CESE agus ó Shochaí Shibhialta na hEorpa: Ní mór d’Institiúidí Eorpacha an tsochaí a aithint, páirt a thabhairt di agus tacú léi mar chuid d’Idirphlé Sibhialta struchtúrtha

A Ursula von der Leyen, a chara,

A Roberta Metsola, a chara,

A Willem van de Voorde, a chara,

Iarrann sínitheoirí na litreach seo ar na hInstitiúidí Eorpacha fíorbhearta a dhéanamh chun na forálacha sa Chonradh maidir le hidirphlé oscailte, trédhearcach agus rialta leis an tsochaí a chur chun feidhme i ngach réimse beartais. Iarrann na sínitheoirí ar institiúidí an Aontais an méid a leanas a dhéanamh: 1) tús a chur le comhaontú idir-institiúideach maidir le hidirphlé sibhialta, 2) poist cheannaireachta a chruthú i ngach institiúid a bheidh i gceannas ar an gcaidreamh leis an tsochaí shibhialta agus 3) tuilleadh comhair a chur chun cinn idir gníomhaithe sibhialta agus sóisialta.

Mar chuid de na prionsabail a chumhdaítear i gConarthaí an Aontais, in Airteagal 11 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, iarrtar ar institiúidí an Aontais idirphlé oscailte, trédhearcach agus rialta a choinneáil ar bun le comhlachais ionadaíocha agus leis an tsochaí shibhialta. Mar sin féin, in ainneoin na bhforálacha dlíthiúla sin, tá an t-idirphlé sibhialta easnamhach agus neamhstruchtúrtha ar fud institiúidí an Aontais. Is rómhinic a eagraítear an t-idirphlé sibhialta ar bhonn ad hoc amháin agus é éagsúil ó thaobh cainníochta agus cáilíochta de, agus an chainníocht agus an cháilíocht sin ag brath ar an réimse beartais, an Institiúid Eorpach nó ar an mBallstát.

An luach a bhaineann leis an idirphlé sibhialta, cuireadh é in iúl arís don lucht ceaptha beartais nuair a aithníodh é ag Cruinniú Iomlánach na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, ar ar fhreastail duine den phobal i gcoitinne, ionadaithe ó institiúidí agus comhlachtaí comhairleacha an Aontais, ionadaithe tofa ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil agus ionadaithe ar an tsochaí sibhialta eagraithe. Sa tuarascáil chríochnaitheach ón gComhdháil, a eisíodh i mí na Bealtaine 2022, iarraidh go ndéanfaí athchóiriú ar an gcaoi a n-oibríonn an tAontas Eorpach trí na comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta a rannpháirtiú ar bhealach níos fearr. Tathantaíodh go ndéanfaí na struchtúir atá ann faoi láthair a neartú d’fhonn riachtanais agus ionchais shaoránaigh an Aontais a chur san áireamh ar bhealach níos fearr sa phróiseas cinnteoireachta (togra 39 sa chaibidil maidir le daonlathas na hEorpa). Tá na sínitheoirí á meabhrú daoibh togra 36 freisin, ina luaitear gurb é is cuspóir dó rannpháirtíocht na hóige a mhéadú, i measc nithe eile trí chomhar a neartú idir reachtóirí an Aontais agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta chun leas a bhaint as an nasc idir cinnteoirí agus saoránaigh arb ionann iad agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta.

Tathantaíonn sínitheoirí na litreach seo go n-eascródh cur chuige uaillmhianach as na moltaí sin. Tá siad lánchinnte de go mbeidh gá le cur chuige níos struchtúrtha ar leibhéal an Aontais chun an leas iomlán a bhaint as an acmhainneacht a bhaineann le heagraíochtaí na sochaí sibhialta a bheith rannpháirteach i múnlú beartais. [1]

Dá bhrí sin, iarrann siad go comhpháirteach ar na hInstitiúidí Eorpacha an méid a leanas a dhéanamh:

  1. Comhaontú idirinstitiúideach a thionscnamh maidir leis an idirphlé sibhialta[2], d’fhonn struchtúr, rialtacht, trédhearcacht agus cuimsiú a chur leis an idirphlé sibhialta i gceapadh beartas an Aontais agus i gceapadh beartas náisiúnta mar chuid d’Airteagal 11 (1) agus (2)[3] den Chonradh ar an Aontas[4] a chur i bhfeidhm ina n-iomláine.
  1. Laistigh den chreat sin, ba cheart an post ‘Comhordaitheoir na Sochaí Sibhialta’ a bhunú i ngach Ard-Stiúrthóireacht de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, cosúil leis an ról le haghaidh ‘Comhordaitheoirí um Idirphlé Sóisialta’ atá beartaithe. Thairis sin, ba cheart d’institiúidí an Aontais poist cheannaireachta a chur ar bun ionas go mbeadh na daoine sin i gceannas ar an gcaidreamh leis an tsochaí shibhialta. Ba cheart do Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Eorpaigh tabhairt faoin idirphlé leis an tsochaí shibhialta agus ba cheart ról Leas-Uachtarán Pharlaimint na hEorpa atá i gceannas ar an teagmháil leis an tsochaí shibhialta a neartú. Ba cheart d’Ardrúnaíocht na Comhairle agus, ar an leibhéal náisiúnta, do Pharlaimint na hEorpa agus d’Oifigí an Choimisiúin idirphlé rialta a bhunú leis an tsochaí shibhialta. Trí bhealaí díreacha a thabhairt isteach d'eagraíochtaí na sochaí sibhialta chun páirt a ghlacadh i bpróiseas ceaptha beartas an Aontais, is féidir beartais níos spriocdhírithe agus níos éifeachtaí a bheith ann i ngach réimse agus gach saincheist shocheacnamaíoch.
  1. Urramaíonn na sínitheoirí go hiomlán sainphribhléidí na gcomhpháirtithe sóisialta san idirphlé sóisialta, san idirbheartaíocht thrípháirteach agus sa chómhargáil. Ag an am céanna, tá neart eolais agus saineolais ag geallsealbhóirí na sochaí sibhialta ar phobail agus ar shochaithe chomh maith le líonraí fairsinge iontu. Dá bhrí sin, creideann na sínitheoirí gur cheart do ghníomhaithe na sochaí sibhialta a dtuairimí a chur in iúl nuair is iomchuí. I ndeireadh na dála, is féidir le heagraíochtaí na sochaí sibhialta atá éifeachtach agus freagrach comhoibriú le rialtais, le heagraíochtaí fostóirí agus oibrithe chun cearta ag an obair a chur chun cinn, chun cruthú post a spreagadh, chun an t-aistriú éiceolaíoch agus digiteach a chur chun feidhme agus chun cosaint shóisialta a neartú.

Tá na huirlisí uile is gá ar fáil do na hInstitiúidí Eorpacha chun gealltanas a thabhairt agus chun dul chun cinn suntasach a dhéanamh maidir leis na tograí sin roimh na toghcháin Eorpacha in 2024. Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach maidir le hidirphlé sibhialta a neartú ar leibhéal an Aontais agus Togra le haghaidh Moladh maidir le hidirphlé sibhialta a chur chun cinn sna Ballstáit, cosúil leis an tionscnamh maidir leis an idirphlé sóisialta a neartú[5] agus mar obair leantach ar an Tuarascáil Bhliantúil maidir le cur chun feidhme na Cairte um Chearta agus Saoirsí Bunúsacha[6], d’fhéadfadh teachtaireacht agus togra mar sin a bheith ina gcéad chéim sa treo sin. Bheadh sé sin i gcomhréir freisin leis an iarraidh ar Straitéis maidir leis an tSochaí Shibhialta[7].

Tá sínitheoirí na litreach seo ar tinneall chun comhar a dhéanamh leis na hInstitiúidí d’fhonn na príomhbhloic thógála agus na príomhcheanglais a theastaíonn chun na tograí sin a chur i bhfeidhm a shainiú.

Le dea-mhéin,

Líonraí Eorpacha

Eagraíochtaí Náisiúnta

Comhaltaí de Ghrúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta in CESE

Iarscríbhinn: Liosta mionsonraithe de shínitheoirí (i mBéarla)

 

[1]           Bhí an glao ar shínithe le haghaidh na litreach seo ar oscailt idir mí Mheán Fómhair agus mí na Samhna 2023.

[2]           Mar a d’iarr CESE (SOC/672) agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta (cf. Civil Society 2024 EU Elections Manifesto – For better civic space and civil dialogue).

[4]          D’iarr CESE arís agus arís eile go gcuirfí Airteagal 11 CAE, féach: Rún ó CESE Aontaithe ar son an Daonlathais, arna ghlacadh ag seisiún iomlánach CESE i mí an Mhárta 2023; conclúidí agus moltaí ó chomhdháil de chuid Ghrúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta CESE maidir leis An daonlathas Eorpach a threisiú agus á chosaint ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta an 30 Márta 2023, agus tuairimí 2023 SOC/605, SOC/639, agus SOC/672 ó CESE.

[5]           ‘Gníomhaíochtaí nithiúla leagtha amach ag an gCoimisiún chun go mbeidh na comhpháirtithe sóisialta níos rannpháirtí ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais’, https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/ip_23_290

[6]          Tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún Eorpach maidir le cur chun feidhme Chairt an Aontais um Chearta Bunúsacha: Spás sibhialta bisiúil chun na cearta bunúsacha a chumhdach san Eoraip.

[7]          CESE SOC/672 Tuarascáil Chríochnaitheach ó Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa (togra 36 (8.)).

Downloads