European Economic
and Social Committee
Litir oscailte chomhpháirteach ó Ghrúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta in CESE agus ó Shochaí Shibhialta na hEorpa #EUCivilDialogueNow
PREASEISIÚINT
Ní mór d’institiúidí an Aontais an Conradh ar an Aontas Eorpach a urramú agus idirphlé sibhialta struchtúrtha a chur chun feidhme
An 24 Eanáir, sheol sochaí shibhialta na hEorpa litir oscailte chuig Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, chuig Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, agus chuig Uachtaránacht na Beilge ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Molann sínitheoirí na litreach do na trí phríomhinstitiúid de chuid an Aontais Eorpaigh a bhfuil baint acu le cinnteoireacht an Aontais bearta nithiúla a dhéanamh chun idirphlé oscailte, trédhearcach agus rialta a chur chun feidhme le heagraíochtaí na sochaí sibhialta i ngach réimse beartais, mar a leagtar amach in Airteagal 11 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Is iad Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta de chuid Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) agus Sochaí Shibhialta na hEorpa a thionscain an litir oscailte agus tá moltaí sonracha inti maidir lena cur chun feidhme. Chuir 156 shínitheoir san iomlán ó 26 Bhallstát a dtacaíocht don litir in iúl. I measc na sínitheoirí tá 39 líonra Eorpacha, 85 eagraíocht náisiúnta agus 60 comhalta de chuid Ghrúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta in CESE[1].
In ainneoin na bhforálacha dlíthiúla, tá an t‑idirphlé sibhialta ilroinnte go fóill agus neamhstruchtúrtha ar fud institiúidí an Aontais.
Sin an fáth a bhfuil sínitheoirí na litreach oscailte #EUCivilDialogueNow ag iarraidh ar institiúidí an Aontais an méid seo a leanas a dhéanamh:
- comhaontú idirinstitiúideach maidir leis an idirphlé sibhialta a thionscnamh;
- poist cheannaireachta a chur ar bun laistigh de gach institiúid ionas go mbeadh na daoine sin i gceannas ar an gcaidreamh leis an tsochaí shibhialta;
- comhar níos fearr idir gníomhaithe sibhialta agus sóisialta a spreagadh agus a chur chun cinn;
tógáil ar mholtaí na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa.
Mar chéad chéim, molann na sínitheoirí go n ullmhófaí Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach maidir leis an idirphlé sibhialta a neartú ar leibhéal an Aontais.
Tá na huirlisí uile is gá ag na hinstitiúidí Eorpacha chun dul chun cinn suntasach a dhéanamh maidir lenár dtograí
, arsa Séamus Boland, Uachtarán Ghrúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta in CESE, an lá roimh sheoladh na litreach. Ba cheart do Leas-Uachtarán dul i mbun idirphlé leis an tsochaí shibhialta sa chéad Choimisiún Eorpach eile, agus ba cheart comhordaitheoirí na sochaí sibhialta a cheapadh i ngach ardstiúrthóireacht,
ar seisean.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Gabriella Civico, Uachtarán Shochaí Shibhialta na hEorpa: Ní mór do Rúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus oifigí Pharlaimint na hEorpa agus oifigí an Choimisiúin idirphlé rialta a bhunú ar an leibhéal náisiúnta leis an tsochaí shibhialta. Tá bealaí díreacha de dhíth ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta chun páirt a ghlacadh i bpróiseas ceaptha beartais an Aontais.
Cé go n‑urramaíonn na sínitheoirí sainphribhléidí na gcomhpháirtithe sóisialta san idirphlé sóisialta, tá siad ag iarraidh go mbeadh idirphlé sibhialta struchtúrtha ann chun an próiseas sin a chomhlánú. Is féidir le heagraíochtaí éifeachtacha freagracha na sochaí sibhialta comhoibriú le rialtais agus le heagraíochtaí fostóirí agus oibrithe i roinnt mhaith réimsí beartais. Trí leas a bhaint as an eolas agus an saineolas atá acu, is féidir a áirithiú go mbeidh beartais an Aontais i ngach réimse agus maidir le gach saincheist shocheacnamaíoch níos spriocdhírithe agus níos éifeachtaí,
a mhínigh Séamus Boland.
Mar fhocal scoir, dúirt Gabriella Civico: Is é a bheidh mar thoradh ar an bhfíor-idirphlé sibhialta agus ar an bhfíorchomhar go dtabharfaidh na saoránaigh tacaíocht níos mó do bheartais an Aontais, agus gur fearr a chreidfidh siad i ndlisteanacht na mbeartas sin. Ar an gcaoi sin, áiritheofar go gcuirfear na beartais chun feidhme ar bhonn níos rianúla. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin i ndomhan casta atá ag athrú go tapa agus tá roinnt mhaith dúshlán ann nach mór do na pobail agus don tsochaí aghaidh a thabhairt orthu
.
Léigh an litir oscailte: https://www.eesc.europa.eu/ga/agenda/our-events/events/eu-civil-dialogue-now/open-letter
Cúlra:
Is comhlacht comhairleach é Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) a bunaíodh in 1957 le Conradh na Róimhe. Cabhraíonn sé le Parlaimint na hEorpa, le Comhairle an Aontais Eorpaigh agus leis an gCoimisiún Eorpach. Is é CESE guth na sochaí sibhialta eagraithe san Eoraip. Déanann sé ionadaíocht ar fhostóirí, ar oibrithe agus ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta. Cuidíonn saineolas a 329 bhFeisire le barrfheabhas a chur ar cháilíocht bheartais agus reachtaíocht an Aontais. Tá Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta in CESE comhdhéanta de 106 ionadaí agus gheallsealbhóir ón tsochaí shibhialta, ‘go háirithe sna réimsí eacnamaíocha, cathartha, gairmiúla agus cultúrtha’.
Roghnaítear a chuid comhaltaí ó eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar na réimsí seo a leanas:
- an lucht acadúil (eolaithe nádúrtha, eacnamaithe, socheolaithe, etc.)
- rannpháirtíocht agus cumhachtú na saoránach
- forbairt na sochaí sibhialta
- tomhaltóirí
- comhshaol, oidhreacht agus forbairt inbhuanaithe
- feirmeoireacht, iascach agus pobail chósta, foraoiseacht
- cosaint chearta an duine (saincheisteanna a bhaineann le leanaí, daoine scothaosta, teaghlaigh, comhionannas inscne, grúpaí imeallaithe agus grúpaí faoi mhíbhuntáiste, imircigh agus dídeanaithe, mionlaigh, daoine faoi mhíchumas, mná agus daoine óga)
- saorghairmeacha (dlíodóirí, dochtúirí, innealtóirí, etc.)
- fiontair bheaga agus mheánmhéide agus earnáil na ceardaíochta
- an geilleagar sóisialta (carthanais, comharchumainn, fondúireachtaí, cumainn fhrithpháirteacha agus fiontair shóisialta).
Is é is aidhm fhoriomlán do Ghrúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta an daonlathas rannpháirtíochta a neartú i ndáiríre ar fud an Aontais Eorpaigh agus a chinntiú go léireofar leasanna mhuintir uile na hEorpa i dtuairimí CESE maidir le tograí reachtacha ón Aontas.
Is é is Sochaí Shibhialta na hEorpa ann comhlacht comhordaithe eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar leibhéal an Aontais a bunaíodh i mí Feabhra 2016. Tugtar le chéile ann 22 líonra Eorpacha d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta a bhfuil iarracht á déanamh acu an tionscadal Eorpach a athnuachan bunaithe ar luachanna comhroinnte an chomhionannais, na dlúthpháirtíochta, na cuimsitheachta agus an daonlathais. Is iad seo a leanas a príomhchuspóirí: idirphlé cothrománach agus ingearach a éascú agus a chumasú idir eagraíochtaí sochaí sibhialta na hEorpa agus lucht ceaptha beartas agus cabhrú le dlús a chur le gníomhaíochtaí eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus leis an gcaidreamh atá acu leis na hinstitiúidí.
Is é misean Shochaí Shibhialta na hEorpa rannchuidiú le go n‑aithneofar ar leibhéal an Aontais ról agus luach ríthábhachtach eagraíochtaí na sochaí sibhialta atá neamhspleách agus iolraíoch chun sochaí dhaonlathach atá bunaithe ar chearta bunúsacha a thógáil agus a chothú. Oibríonn Sochaí Shibhialta na hEorpa freisin chun na dálaí a chruthú chun guth láidir agus neamhspleách na sochaí sibhialta a fhorbairt agus chun idirphlé sibhialta éifeachtach, oscailte agus struchtúrtha a fhorbairt ar leibhéal an Aontais, chomh maith le spás sibhialta rathúil agus cumasúcháin a chruthú ar fud an Aontais.
[1] Agus líon na sínitheoirí (156) á ríomh, áirítear Comhaltaí CESE a shínigh an litir thar ceann a n-eagraíochta freisin mar shínitheoirí aonair.
Downloads
-
Preaseisiúint
-
Open Letter and Annex: Detailed list of signatories