Giuseppe Guerini – Geilleagar na nArdán Digiteach: feiniméan atá go mór faoi bhláth agus a thrasnaíonn teorainneacha an Aontais Eorpaigh

Cruthaíonn na hardáin dhigiteacha ‘spás fíorúil’ ina dtarlaíonn idirghníomhú agus malartú ach tá i bhfad níos mó i gceist leis an spás sin ná díreach teagmháil idir taobh an tsoláthair agus taobh an éilimh. Is féidir leis na hardáin sin feidhmiú ar shlite atá ag éirí an-sofaisticiúil chun súil a choinneáil ar oibrithe, soláthróirí agus úsáideoirí agus tionchar a imirt orthu. Mar sin féin, is dul chun cinn tábhachtach iad freisin chun nuálaíocht éachtach a dhéanamh, trína dtairgtear seirbhísí nua do chustaiméirí agus deiseanna nua fostaíochta. Baintear leas as córais phróifílithe agus as úsáid fhorleathan sonraí chun sin a bhaint amach; chuige sin úsáidtear córais intleachta saorga agus algartaim arna gcinneadh ag an té atá i bhfeighil an ardáin.

De réir mar a d’fhorbair na hardáin dhigiteacha, tháinig forbairt freisin ar na cineálacha éagsúla caidrimh fostaíochta a cruthaíodh ar na hardáin sin: féinfhostaíocht, caidreamh fostaíochta neamhleanúnach agus conarthaí fostaíochta sainoiriúnaithe. Sa chomhthéacs sin, is uirlis úsáideach an comharchumann chun an caidreamh fostaíochta a chobhsú. Is féidir leis na hoibrithe ar leo an t-ardán agus a chruthaíonn na halgartaim trína bhfeidhmíonn an t-ardán a bheith i gceannas go díreach ar an gcaidreamh fostaíochta sin.

Cad é an comharchumann ardáin?

Is gnó atá ann a bhfuil cruth comharchumainn air agus a rialaítear go daonlathach, ina mbíonn páirt ag geallsealbhóirí rannpháirteacha agus ina n-eagraítear táirgeadh agus malartú earraí agus seirbhísí trí bhonneagar teicneolaíochta faisnéise agus prótacail a idirghníomhaíonn le gléasanna éagsúla, idir ghléasanna do‑aistrithe agus ghléasanna móibíleacha.

Mar a tharlaíonn i gcás gach comharchumainn, is iad na daoine sin a bhíonn ag brath ar an gcomharchumann ardáin féin, e.g. oibrithe, úsáideoirí agus geallsealbhóirí eile, a bhíonn i gceannas air agus ar leo é. Déantar sin, dar ndóigh, tríd an gcineál conartha a bhíonn ag oibrithe an chomharchumainn a chur san áireamh go cuí, is é sin más fostaithe den chomharchumann iad nó má tá stádas féinfhostaithe acu.

Fágann sin go bhfuil sé tábhachtach foráil a dhéanamh sa straitéis Eorpach maidir leis an aistriú digiteach go mbeadh tionscnaimh ann a thacaíonn le comharchumainn a bhunú chun bainistiú a dhéanamh ar na hardáin dhigiteacha. D’fhágfadh sin go gcuirfí comhúinéireacht na seirbhísí digiteacha, na sonraí agus an bhonneagair teicneolaíochta chun cinn, rud a spreagfadh éagsúlú eacnamaíoch níos mó agus daonlathas eacnamaíoch maidir le heagrú digiteach na hoibre agus na ngnólachtaí freisin. Mar a tugadh le fios sa tuairimó CESE, tá roinnt srianta ann maidir le deimhneacht dhlíthiúil na n-oibrithe agus na dtomhaltóirí agus iad i dteagmháil le chéile ar na hardáin. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach a aithint, ar thaobh amháin, an fheidhm atá leis an idirphlé sóisialta agus, ar an taobh eile, an ról a d’fhéadfadh nó ar cheart d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta a imirt sa chomhthéacs sin.

A bhuí leis an tuairim seo, tá ionchur tráthúil agus stuama á chur ag CESE le hobair an Choimisiúin Eorpaigh maidir le hoibrithe na n-ardán digiteach a rialáil, agus freisin le díospóireacht idirnáisiúnta níos leithne maidir le feiniméan na gcomharchumann ardáin, rud a léiríonn go bhfuil CESE ar an airdeall agus ábalta ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na sochaí sibhialta agus na gcomhpháirtithe sóisialta san Eoraip.