Le Stefano Mallia, Cathaoirleach Ghrúpa na bhFostóirí i gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Ag tógáil dúinn ar an taithí atá faighte againn le scór bliain anuas agus ar na seacht mbabhta méadúcháin atá tarlaithe ó cuireadh tús leis an tionscadal Eorpach, b’iomchuí comóradh a dhéanamh, is dócha, ar an méadú ‘ollmhór’ a tharla in 2004 le roinnt fíricí agus figiúirí d’fhonn cur in éadan na ndíospóireachtaí teasaí a bheidh ar siúl agus toghcháin na hEorpa i mí an Mheithimh ag teannadh linn.

De thoradh an chogaidh atá á fhearadh san Úcráin le trí bliana anuas, tá saincheist an mhéadaithe i gcroílár an chláir oibre gheopholaitiúil Eorpaigh anois. An stádas mar thír is iarrthóir a bronnadh gan mhoill ar an Úcráin, ar an Moldóiv, ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin, agus ar an tSeoirsia, sin agus an chaibidlíocht aontachais a tionscnaíodh ar deireadh leis an Macadóin Thuaidh agus leis an Albáin, dul chun cinn dearfach atá iontu ó ba bheartas é an méadú a bhí ina stad le blianta móra fada.

I dtreo nach gcaillfear aon chuid den mhóiminteam nua seo, ba cheart dúinn an cás gnó a ghabhann leis a mhíniú go soiléir sothuigthe.

Ar ndóigh, is prionsabail dhosháraithe iad an daonlathú agus an smacht reachta, rud is fíor freisin i gcás an chur chuige bunaithe ar fhiúntas is dlúthchuid de phróiseas an mhéadaithe, ós amhlaidh nach féidir aon aicearra sa treo sin a ghearradh ná a ghabháil. Ar deireadh thiar thall, ní foláir a chur i luí gaidhte ar an bpobal cad é mar ghnóthachain eacnamaíocha agus rathúnas a bheidh ann don chéad ghlúin eile d’Eorpaigh, is é is dóichí.

Más léiriú ar an todhchaí an t-am atá thart, is féidir linn a rá go cinnte go bhfuil cás gnó le déanamh ar a shon gan bhréag, gan amhras. Tháinig méadú faoi thrí, nach mór, ar an trádáil idir na sean-Bhallstáit agus na Ballstáit nua le linn an phróisis fhoirmiúil réamhaontachais ó 1994 go 2004, agus tháinig méadú faoi chúig uirthi i measc na mBallstát nua féin. Tháinig méadú 4 % ar an meán in aghaidh na bliana ar an AE-15, mar a bhí an uair sin, ó thús an phróisis aontachais go dtí 2008, ó ba é an próiseas aontachais ba chúis le leath an fháis sin, rud a ghin 3 mhilliún post nua idir 2002 agus 2008.

Is léir dúinn ó COVID-19 agus an cogadh san Úcráin nach foláir don Aontas athmhachnamh a dhéanamh ar a athléimneacht eacnamaíoch féin, go háirithe i gcomhthéacs an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh. Tá sé beartaithe le REPowerEU go gcuirfear borradh ceart faoi tháirgeadh fuinnimh in-athnuaite na hEorpa. Leis an nGníomh um an Tionscal Glan-nialasachta agus leis an nGníomh um Amhábhair Chriticiúla, is amhlaidh a dhéanfar 40 % de shlabhraí luacha na n-ábhar glas agus na n-amhábhar a atreorú chuig an Aontas. Tá a ról tábhachtach féin ag na tíortha is iarrthóirí ar aontachas leis an Aontas, go háirithe an Úcráin, rud a chuirfidh breis slándáil eacnamaíoch ar fáil.

A fhad a bhaineann le hacmhainní nádúrtha, tá na cúltaiscí gáis is mó san Eoraip ag an Úcráin, gan an Iorua a chur san áireamh. Is ann freisin a tháirgtear cuid de na cainníochtaí hidreachumhachta is mó san Eoraip agus d’fhéadfadh sí cur lena hacmhainní táirgeachta in éineacht le foinsí eile fuinnimh ghlais, cuir i gcás an ghaoth, an ghrian agus an bhithmhais. Is onnmhaireoir mór miotal í an Úcráin, ina theannta sin, agus tá fosuithe litiam agus tearc-chré ann, rud atá ríthábhachtach do na tionscail ghlasa agus dhigiteacha.

San am céanna, tá tionscal talmhaíochta na hÚcráine ar cheann de na tionscail talmhaíochta is mó ar domhan. Dá ndéanfaí í a chomhtháthú sa mhargadh aonair, chuirfí go mór agus go fada le slándáil bia an Aontais.

Is léir agus is ríléir freisin cad iad na buntáistí do thíortha na mBalcán Thiar a bhaineann le rannpháirtíocht bhreise sa mhargadh aonair. Mar léiriú air sin, tá méadú seasta tagtha ar OTI na Cróite ó tháinig sí isteach san Aontas in 2013, rud a fhágann go bhfuil ioncam níos airde ag saoránaigh na tíre sin, agus meánmhéadú 67 % tagtha ar OTI per capita na tíre (ó EUR 10 440 in 2013 go dtí breis is EUR 17 240).

Is iomaí cor agus casadh a bhuailfidh leis na naoi dtír nua agus a slí á déanamh acu i dtreo na ballraíochta san Aontas Eorpach. Is mar sin a chaithfidh sé a bheith: más mian leis an Aontas a bheith ina chumhacht dhomhanda, ní mór dó a bheith ina chumhacht áitiúil i dtosach báire.