European Economic
and Social Committee
Dícheall Cuí maidir le hInbhuanaitheacht Chorparáideach: Rómhaorlathas nó uirlis úsáideach?
Le Antje Gerstein, Comhalta de Ghrúpa na bhFostóirí in CESE
An 23 Feabhra, sheol an Coimisiún Eorpach a thogra le haghaidh Treoir i dtaca le Dícheall Cuí maidir le hInbhuanaitheacht Chorparáideach, ina leagtar amach creat éigeantach do chuideachtaí chun drochthionchair chomhshaoil agus chearta an duine a shainaithint agus gníomhú ina leith ar fud a n-eagraíochta féin — agus a slabhra luacha iomlán.
Ar an drochuair, ní dhéanann an togra mar atá sé na spriocanna a bhfuiltear ag dréim leo a bhaint amach. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara gur tharraing Bord an Choimisiúin féin um Ghrinnscrúdú Rialála aird ar lochtanna tromchúiseacha sa mheasúnú tionchair, mar shampla go bhfuil an cur síos ar an bhfadhb doiléir agus gur cheart an tuarascáil a ailíniú níos fearr le tionscnaimh eile.
Ba cheart é a bheith d’aidhm ag na comhreachtóirí imeacht ó fhorálacha nach ndéanann ach oibleagáidí a fhorchur agus cur chuige atá níos dírithe ar phróiseas a roghnú ina ionad sin, bunaithe ar rannpháirtíocht agus ar mhuinín a chothú. Fágann sin gur cheart a bheith ag súil go ndearfadh gnólachtaí a bpróisis díchill chuí maidir le cearta an duine atá ar dhóigh rioscabhunaithe agus go mbeadh siad i gcomhréir leis an tionchar féideartha agus an tionchar iarbhír a bheidh acu.
Ós rud é go mbíonn deimhneacht dhlíthiúil de dhíth ar chuideachtaí agus go mbíonn orthu rioscaí dliteanais a íoslaghdú, tá seans ann go mbraithfidís go bhfuil iallach orthu slabhraí soláthair a ghiorrú agus tarraingt siar ó réigiúin a bhféadfadh fadhbanna a bheith ag baint leo maidir le cearta an duine. D’fhéadfadh impleachtaí tromchúiseacha a bheith aige sin, ós rud é go ndéanfaí damáiste don trádáil dhomhanda agus go gcaillfeadh roinnt mhaith oibrithe i dtíortha i mbéal forbartha agus i dtíortha atá ag teacht chun cinn a bpost.
Sa tuairim ón mBord um Ghrinnscrúdú Rialála agus sa tuairim ó CESE maidir le ‘Rialachas corparáideach inbhuanaithe’ (INT/973), leagtar béim iontu araon ar an ngá atá le comhleanúnachas rialála agus beartais. Is iad Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine agus Treoirlínte ECFE na tagarmharcanna lena leagtar amach go soiléir dualgais agus freagrachtaí na ngníomhaithe uile agus ní mór dúinn cloí leo sin.
Ní mór do Pharlaimint na hEorpa agus do Chomhairle an Aontais Eorpaigh cinntí a dhéanamh: an bhfuil siad ag iarraidh cur chuige cuiditheach a chruthú i leith slabhraí soláthair domhanda inbhuanaithe, cur chuige atá bunaithe ar chomhpháirtíocht, a bheidh slán i bhfad na haimsire, agus atá dírithe ar thorthaí agus ar an bhfíorshaol? An bhfuil siad ag iarraidh a áirithiú go ndéanfar tionscnaimh chomhthreomhara a bhaineann le táirgí a ailíniú ar bhealach níos fearr? Más amhlaidh atá, is fada fós an bóthar atá rompu. Is féidir linn a dhearbhú do na comhreachtóirí go bhfuil fostóirí tiomanta dá gcuid féin a dhéanamh chun toradh rathúil a áirithiú. Baineann an Treoir seo le príomhghnó ár gcomhaltaí. Níl an dara rogha againn ach go mbeidh sé mar is ceart.
Léigh an téacs ina iomláine i nuachtlitir Ghrúpa na bhFostóirí: https://europa.eu/!vYX7Wq