Dilyana Slavova: is éard a d’fhoghlaim mé de thoradh COVID-19 ná gan na spriocanna atá curtha romham agam a chur ar an méar fhada

De thoradh na paindéime d’éirigh teorainneacha na mBallstát feiceálach athuair, uaireanta fiú tharla sin i gcás teorainneacha laistigh de Bhallstáit áirithe. Seans go gceapfaí, dá bhrí sin, gur lú an scóip a bheadh ann le haghaidh comhar trasnáisiúnta idir na réigiúin agus na cathracha. Ach is é a mhalairt ar fad a tharla i ndáiríre.

Mar sin, cén chaoi ar chuir daoine sa Bhulgáir an t-am síos le linn na dianghlasála? Ó mo thaobhsa de, is duine bríomhar fuinniúil mé agus is aoibhinn liom a bheith amuigh faoin aer, rud a d’fhág gur dheacair liom an t-am a chur thart. Is iomaí srian a cuireadh ar mhuintir na tíre. Bhí orainn fanacht sa bhaile agus ní fhéadfaimis dul amach ach amháin le linn uaireanta oscailte na siopaí riachtanacha chun bia, cógais nó earraí tí a cheannach. B'éigean dúinn an scaradh sóisialta (>1.5 m) a chleachtadh agus sinn ag siúl sna siopaí nó lasmuigh díobh. Bhí sé sách casta mar chóras: aon uair a d’fhág tú cathair Shóifia, bhí ort foirm a líonadh amach inar ghá an chúis a bhí leis an turas a lua chomh maith leis an áit ina raibh tú ag dul. Bhí ort í a thaispeáint do na póilíní arna iarraidh sin ort.

Is é an dea-thoradh a bhí ar an ngéarchéim ná go ndeachaigh spleáchas mhuintir na tíre ar dhreamanna eile i laghad agus gur mhó a mbuíochas agus a mbrath ar bhia áitiúil, ar sholáthraithe áitiúla agus ar shlabhraí soláthair bia gairide. Tá méadú tagtha ar an éileamh ar bhia ó fheirmeacha agus ar bhia a cheannaítear go díreach ó shaothraithe. De thoradh tionscnaimh ar an leibhéal áitiúil tá an gharraíodóireacht agus táirgeadh glasraí agus luibheanna ar scála beag á gcur chun cinn.

Tá margaí oscailte don phobal i gcónaí. Is ionad traidisiúnta iad sin chun bia, síolta, síológa glasraí, torthaí agus glasraí agus bláthanna a dhíol. Trí iad a fhágáil ar oscailt – agus na bearta diana sábháilteachta a urramú – cuidíonn sin dúinn filleadh ar an saol mar a bhí agus ár ngnáthaimh a chaomhnú.

Sna ceantair sléibhe bhí grúpaí áitiúla gníomhaíochta an-ghníomhach freisin. Chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt le linn na paindéime do tháirgeoirí áitiúla bia a saothraíodh sa bhaile, tá na grúpaí sin i mbun teagmhálacha úsáideacha a bhailiú agus a roinnt ar a suíomhanna gréasáin.

Go deimhin, d’fhonn na srianta éagsúla taistil agus teagmhála a urramú, b’éigean dúinn cuid mhaith de na cruinnithe agus de na himeachtaí fisiciúla a bhí beartaithe ag an eagraíocht a bhfuilim i mo bhall de a chur ar ceal, d’ainneoin go bhfágann na cruinnithe agus na himeachtaí fisiciúla sin de ghnáth gur fusa tionscnaimh chomhoibritheacha a bhunú agus torthaí na hoibre sin a scaipeadh. Mar sin féin, níor chuir na srianta sin stop lenár ngníomhaíochtaí – níor chuir ná é! Táimid ag leanúint de bheith ag obair i gcomhar le chéile go héifeachtúil chun réigiúin sléibhe a dhéanamh níos láidre, ní áirím chun iad a dhéanamh níos athléimní ná riamh. I gcásanna áirithe, chuireamar ár bpleananna oibre in oiriúint de réir mar ba ghá agus tá réitigh choiteanna á bhforbairt againn anois chun cabhrú le réigiúin agus cathracha leochaileacha san Aontas Eorpach déileáil níos fearr leis an éigeandáil reatha.

Chuireamar tús le “Giving a hand” [Lámh chúnta a thabhairt], ardán atá dírithe ar an dlúthpháirtíocht a chothú i gceantair thuaithe. Cuireann an t-ardán an dlúthpháirtíocht idir daoine chun cinn agus nascann sé daoine a bhfuil cúnamh de dhíth orthu le hoibrithe deonacha atá toilteanach “lámh chúnta a thabhairt” i ndáiríre. I dtaca leis na gníomhaíochtaí reatha atá ar siúl faoina choimirce, tá siad dírithe ar chúnamh a thabhairt do dhaoine leochaileacha, do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine scothaosta lena gcuid siopadóireachta nó le cúram baile (seachas le cúram pearsanta) agus ar fheighlíocht leanaí a shocrú do thuismitheoirí a mbíonn orthu dul amach ag obair agus nach féidir leo teacht ar réiteach eile dá leanaí.

Tá rath agus rathúnas ar a lán tionscnaimh eile i gceantair thuaithe agus sléibhe, rud a thugann léargas ar an teacht aniar atá le fáil sna pobail seo agus ar mhothú láidir an chúnaimh fhrithpháirtigh atá i réim iontu. Is éard a d’fhoghlaim mé le linn an ama seo, más ea, ná nár chóir dom na spriocanna atá curtha romham agam a chur ar an méar fhada! Nuair a bhíonn saol crua ann is fearr beart a dhéanamh.