I bhfianaise a gcaiteachais bhliantúil de thuairim is 14% (nó €2 thrilliún) de OTI iomlán an Aontais, is iad na rialtais na tomhaltóirí is mó san Eoraip. Eascraíonn a gcaiteachas go príomha as tairiscintí poiblí chun oibreacha, seirbhísí agus soláthairtí a cheannach ó chuideachtaí.

Rinneadh obair shuntasach le blianta beaga anuas san Aontas chun údaráis phoiblí a spreagadh patrúin tomhaltais níos inbhuanaithe a ghlacadh, ar patrúin iad a théann thar na riachtanais ghearrthéarmacha agus a chuireann tionchair fhadtéarmacha gach ceannacháin san áireamh.

Ó 2017 i leith, tá treoir eisithe ag an gCoimisiún Eorpach i bhfoirm na gcritéar maidir le Soláthar Poiblí Glas lena dtugtar isteach gnéithe an gheilleagair chiorclaigh de réir a chéile d’fhonn lúba ábhair agus fuinnimh i slabhraí soláthair a dhúnadh agus lena laghdaítear an tionchar diúltach ar an gcomhshaol agus cruthú dramhaíola ag an am céanna.

É sin ráite, ní raibh ach tionchar beag ag na bearta sin ós rud é gur comhlíonadh deonach atá i gceist. Creideann CESE gur mithid íoscheanglas éigeantach a thabhairt isteach i leith na gcritéar maidir le Soláthar Poiblí Glas agus borradh láidir a chur faoin ngeilleagar ciorclach trí threoracha maidir le soláthar poiblí agus reachtaíocht a bhaineann le hearnálacha sonracha.

Cuirfidh an soláthar poiblí ciorclach ar a gcumas do lucht riaracháin dul níos faide ná an critéar praghais is ísle tráth an cheannaigh.

“Is minic a mheastar go bhfuil conspóid ag baint leis an soláthar toisc go mbíonn na critéir roghnúcháin do thionscadail thar a bheith aontaobhach i bhfad rómhinic. Ní chuirtear an tionchar saolré nó an méid a bhaintear amach le tionscadal san áireamh”, arsa an tUasal Wyckmans. “Ba cheart droim láimhe a thabhairt leis an smaoineamh gur cheart an praghas is ísle a bheith mar an t-aon critéar leithdháilte agus cur chuige a chuireann 'luach ar airgead' ar fáil a ghlacadh, lena gcuimsítear nuálaíocht, caighdeán na dtáirgí agus seirbhísí, inbhuanaitheacht, glasú agus tionchar sóisialta.”

Tá roinnt teimpléad maidir le costáil saolré forbartha ag an gCoimisiún Eorpach cheana féin agus tá fáil ag soláthróirí orthu saor in aisce chun gur féidir leo iad a sheiceáil i gcomparáid le táirgí agus seirbhísí. Leis na huirlisí sin, is féidir leis na húdaráis phoiblí costais saolré an táirge, na hoibre nó na seirbhíse ó chéim an cheannacháin, na hoibríochta agus na cothabhála go dtí deireadh na saolré a chur san áireamh. Creideann CESE gur cheart na teimpléid sin a uasghrádú ionas go gcuirfear an costas carbóin san áireamh.

Ina theannta sin, creideann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach a áirithiú go mbeidh deis ag fiontair bheaga agus mheánmhéide tairiscintí a chur isteach ar chonarthaí poiblí ciorclacha agus go bhfaighidh siad an cúnamh atá ag teastáil uathu. Tá acmhainneacht ollmhór ag baint leis na fiontair sin ach tá baol ann go gcuirfear i leataobh iad mar gheall ar chastacht an nós imeachta. Ní féidir leo cur le tairiscintí áitiúla agus tairiscintí atá dírithe ar an duine ach amháin má chuirtear an tacaíocht riachtanach ar fáil. (dm)