Le Grúpa na nOibrithe in CESE

Is cuid lárnach den chomhtháthú sóisialta iad pá íosta leordhóthanach agus an comhrac i gcoinne bhochtaineacht an lucht oibre agus an neamhionannais. Bíodh sin mar atá, tá roinnt mhaith daoine san Eoraip ag obair faoi dhálaí géara, go háirithe oibrithe neamhbhuana. Siúd is go bhfuil an chómhargáil láidir go leor i roinnt tíortha chun dálaí maithe oibre a áirithiú, ní hamhlaidh an scéal i ngach tír.

Bíonn iarmhairtí tubaisteacha ag baint leis an easpa cosanta sóisialta, go háirithe nuair a bhíonn fadhbanna méadaitheacha eile ann, mar is amhlaidh i láthair na huaire i ngeall ar an ngéarchéim mhillteanach sláinte agus shóisialta atá tagtha chun cinn de dheasca phaindéim COVID-19.

Sa chomhthéacs sin, is é is aidhm don togra ón gCoimisiún le haghaidh Treoir maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach a áirithiú go mbeidh pá cuibhiúil maireachtála ag gach oibrí san Eoraip, go ndéanfar an chómhargáil a neartú agus a mhéadú, agus traidisiúin éagsúla na mBallstát i dtaca leis an idirphlé sóisialta á n-urramú san am céanna. Trí bhíthin pleananna náisiúnta gníomhaíochta, arna gcomhaontú trí phróiseas trípháirteach leis na comhpháirtithe sóisialta, is féidir cóineasú aníos an phá a bhaint amach agus idirdhealú pá de chineál ar bith á gcomhrac, maille leis an mbochtaineacht i measc an lucht oibre.

I bhfianaise a phráinní atá an togra, go háirithe i ngeall ar na deacrachtaí a tháinig as COVID-19, bhí an méid seo a leanas le rá ag an rapóirtéir, Cinzia del Rio: “Ba cheart go bhfaighfeadh gach oibrí pá íosta cothrom agus leordhóthanach, pá a shocraítear de réir an dlí nó trí chómhargáil, chun gur féidir saol cuibhiúil a bheith acu, maille le rochtain ar an gcosaint shóisialta. Ní mór aghaidh a thabhairt go daingean ar an leibhéal Eorpach ar an éagothroime pá, bochtaineacht i measc an lucht oibre atá ag dul i méid agus arb iad daoine óga, mná agus daoine faoi mhíbhuntáiste is mó a bhíonn thíos léi.”

Sa tuairim ó CESE i ndáil leis an treoir atá beartaithe, a glacadh an 25 Márta 2020 ag seisiún iomlánach CESE, aithnítear go bhfuil géarghá le sraith de bhearta den chineál sin, le leordhóthanacht na treorach agus na forais dhlíthiúla lena mbaineann (atá comhthacaithe freisin leis an measúnú dlíthiúil ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh) agus le clásail lena n-áirithítear urraim do neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta. (prp)